EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bunchaighdeáin sábháilteachta a leagadh amach maidir le nochtadh do radaíocht ianúcháin (ó 2018 ar aghaidh)

Leis an dlí seo, bunaítear bunchaighdeáin sábháilteachta maidir le sláinte fostaithe, an phobail i gcoitinne, othar agus daoine eile a chosaint ar na contúirtí a bhaineann le nochtadh do radaíocht ianúcháin.

ACHT

Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos bunchaighdeáin sábháilteachta chun cosaint ar na guaiseacha a bhaineann le nochtadh do radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoir 89/618/Euratom, Treoir 90/641/Euratom, Treoir 96/29/Euratom, Treoir 97/43/Euratom agus Treoir 2003/122/Euratom.

ACHOIMRE

I ngnáthchúrsaí, ní nochtar daoine ach amháin do dháileoga an-ísle de radaíocht ianúcháin nach mbaineann aon éifeachtaí díobhálacha leo atá inbhraite go cliniciúil. San fhádtéarma, áfach, d’fhéadfadh fadhbanna sláinte a bheith ag baint leis na dáileoga seo, go háirithe ailse. Tá gá ann, mar sin, le tairseach aonfhoirmeach cosanta ar fud an Aontais Eorpaigh (AE), agus cead á thabhairt do rialtais bunchaighdeáin sábháilteachta níos airde a leagadh amach más mian leo.

Cuirtear an treoir in ionad cúig phíosa reachtaíochta a bhí ann cheana féin, a raibh neamhréireachtaí iontu, nach raibh an dul chun cinn eolaíochta le feiceáil go hiomlán iontu nó nár cumhdaíodh go hiomlán iontu foinsí radaíochta aiceanta nó cosaint an chomhshaoil. Leagtar amach sa treoir conas sábháilteacht agus slándáil ábhar radaíochta a chinntiú mar aon leis an eolas éigeantach ar gá a sholáthar i gcás nochta éigeandála.

Na caighdeáin atá sa treoir, tá siad bunaithe ar mholtaí an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chosaint Raideolaíoch (ICRP).

Baineann an treoir le gach uile staid phleanáilte, reatha nó éigeandála ina bhfuil baol ann go nochtfar duine éigin do radaíocht ianúcháin. Baineann sí go háirithe le:

  • hábhar radaíochta a mhonarú, a tháirgeadh, a phróiseáil, a láimhseáil, a dhiúscairt, a úsáid, a stóráil, a choimeád, a iompar, a allmhairiú chuig an AE agus a onnmhairiú uaidh.
  • trealamh leictreach a chuireann amach radaíocht ianúcháin a mhonarú agus a fheidhmiú.
  • gníomhaíochtaí daonna lena mbaineann foinsí aiceanta radaíochtaa d’fhéadfadh cur go mór le nochtadh fostaithe nó an phobail, amhail nochtadh foireann spáis do radaíocht chosmach.
  • nochtadh baile do ghás radóin san aer istigh agus nochtadh seachtrach do ghámaradaíocht ó ábhair tógála.
  • staideanna nochta éigeandála a bhainistiú ina mbíonn bearta de dhíth chun an pobal agus oibrithe a chosaint.

Leagtar amach sa reachtaíocht na prionsabail ghinearálta a bhaineann le cosaint ar radaíocht, rud a thugann tábhacht níos mó do shrianta dáileoige maidir le nochtadh ceirde, poiblí agus leighis. Liostaítear in iarscríbhinn raonta na leibhéil thagartha atá molta ag ICRP le haghaidh staideanna nochta reatha agus staideanna rochtana éigeandála. Déantar foráil sainiúil chun fostaithe, printísigh agus mic léinn atá ag iompar clainne nó a bhfuil leanbh cíche acu a chosaint.

Baineannriachtanais shonrachale nochtadh do radaíocht chun críocha leighis. Sa chás seo, ní mór a thaispeáint go rachaidh an radaíocht go leordhóthanach chun sochair shláinte duine éigin agus na sochaí i gcoitinne i gcomórtas leis an díobháil a d’fhéadfadh a bheith ag baint léi don duine. Ní mór eolas a thabhairt d’othair maidir leis na guaiseacha agus na buntáistí sláinte a bhaineann léi agus ní mór an duine a nochtadh do radaíocht leighis faoi fhreagracht chliniciúil liachleachtóra cháilithe.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle

-

-

IO L 13, 17.1.2014., lch. 1

Nuashonrú is déanaí: 07.04.2014

Top