EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Margaí mórdhíola leictreachais agus gáis — rialacha maoirseachta AE

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 — sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?

Cuirtear creat ar bun faoin rialachán seo chun faireachán a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh*. Féachtar sa rialachán le drochúsáidí amhail trádáil chos istigh* agus cúbláil mhargaidh* a chosc.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuireann an rialachán le ról na Gníomhaireachta um Chomhar Idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER). Is iad seo a leanas cuid de thascanna ACER:

  • faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trádála sa mhargadh mórdhíola fuinnimh, trí chlár Eorpach de rannpháirtithe sa mhargadh a chur ar bun atá bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear ó na húdaráis náisiúnta;
  • tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach, ina bhféadfadh na rudaí seo a leanas a bheith curtha san áireamh:
    • moltaí faoin gcaoi is féidir rialacha margaidh a chur i bhfeidhm níos fearr chun trédhearcacht agus sláine a fheabhsú;
    • measúnú ar cibé an bhféadfadh íoscheanglais margaidh rialáilte cur le trédhearcacht.

Cúbláil mhargaidh

Trí ACER a chruthú, féachtar leis an rialachán cásanna de chúbláil mhargaidh a chosc, amhail:

  • orduithe bréagacha a dhéanamh;
  • faisnéis bhréagach a scaipeadh;
  • faisnéis bhréagach a thabhairt dóibh siúd a sholáthraíonn measúnuithe praghsanna nó tuarascálacha margaidh, rud a chuireann rannpháirtithe margaidh ar míthreoir, rannpháirtithe a bhfuil a ngníomhartha bunaithe ar fhaisnéis dá leithéid;
  • méid eile, seachas an méid atá ar fáil, a éileamh maidir le cumas giniúna leictreachais*, le cumas tarchurtha* agus le gás nádúrtha. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar leibhéil praghsanna leictreachais agus gáis.

Rannpháirtithe

Ní mór do na rannpháirtithe sa mhargadh:

  • clárú le húdarás rialála náisiúnta (NRA);
  • faisnéis a thabhairt do ACER agus don NRA ionas gur féidir leo faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trádála;
  • faisnéis ón taobh istigh* a nochtadh go poiblí agus go tráthúil, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le cumas agus le húsáid saoráidí agus le táirgeadh, le stóráil, le hídiú agus le tarchur leictreachais, gáis nádúrtha nó gáis nádúrtha leachtaithe (GNL).

Pionóis

Ní mór do thíortha AE pionóis a chur i bhfeidhm sa chás nach gcloítear leis an rialachán seo. Ní mór do na pionóis sin a bheith comhréireach agus na rudaí seo a leanas a léiriú:

  • a thromchúisí atá an rialachán sáraithe;
  • an díobháil atá déanta do na tomhaltóirí;
  • na gnóthachain ó thaobh trádála de as a bheith ag gníomhú bunaithe ar fhaisnéis ón taobh istigh* agus ar chúbláil mhargaidh.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Margaí mórdhíola fuinnimh: margaí ina ndéantar fuinneamh a thrádáil idir miondíoltóirí fuinnimh (amhail cuideachtaí leictreachais), bainc infheistíochta agus mórúsáideoirí fuinnimh (mar shampla gléasraí iarainn).

* Trádáil chos istigh: nuair a dhéanann duine aonair iarracht leas a bhaint as trádáil táirge áirithe bunaithe ar fhaisnéis nach bhfuil curtha ar fáil go poiblí go fóill (faisnéis ón taobh istigh). Bíonn trádálaithe eile faoi mhíbhuntáiste toisc nach mbíonn rochtain acu ar an bhfaisnéis sin.

* Cúbláil mhargaidh: cur isteach d’aon ghnó ar fheidhmiú cóir an mhargaidh, mar shampla comharthaí bréagacha nó míthreoracha a chruthú maidir le soláthar nó le héileamh táirge áirithe, rud a chuireann isteach ar phraghas an táirge sin.

* Cumas giniúna leictreachais: an cumas fuinneamh leictreach a tháirgeadh.

* Cumas tarchurtha: cumas iompair leictreachais an bhonneagair dhaingin, amhail línte cumhachta.

* Faisnéis ón taobh istigh: faisnéis a bhaineann le táirge, nach bhfuil curtha ar fáil go poiblí. Dá gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, d’fhéadfadh sé sin dul i bhfeidhm ar phraghas an táirge.

CÚLRA

An Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Ón 28 Nollaig, 2011 ar aghaidh.

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lgh. 1–16)

Nuashonraithe 26.10.2015

Top