EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta Erasmus+ — um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Féachtar le Eramsus+ le:

  • a chur ar chumas daoine óga na scileanna agus an t–eolas a fháil thar lear a chuirfeadh lena n–infhostaitheacht;
  • cáilíocht teagaisc agus sármhaitheas nuálaíochta na n–eagraíochtaí oideachais agus oiliúna a fheabhsú;
  • cur le hiarrachtaí beartais na mBallstát chun a gcórais oideachais agus ghairmoiliúna a nuachóiriú;
  • gné idirnáisiúnta an oideachais agus na hoiliúna a mhéadú trí bhíthin comhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais, gairmoideachais agus gairmoiliúna AE agus na dtíortha comhpháirtíochta;
  • teagasc agus foghlaim teangacha a fheabhsú;
  • tacú le sármhaitheas an teagaisc agus an taighde maidir le lánpháirtíocht na hEorpa i measc scoláirí, mac léinn agus saoránach;
  • tacú le heagraíochtaí a bhfuil lámh beo acu i spórt an phobail (comhlachtaí poiblí agus clubanna go príomha) chun leas a bhaint as cumas an spóirt maidir le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus chun dul i ngleic le bagairtí dópála, cúblála cluichí, ciníochais agus éadulaingthe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cáilitheacht

Is féidir le Ballstáit uile AE, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis, mar aon le tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha ar bhallraíocht AE, páirt a ghlacadh in Erasmus+. Beidh daoine ó thíortha comhpháirtíochta, go háirithe na tíortha arna gcumhdach i mbeartas comharsanachta AE, i dteideal staidéar agus oiliúint a dhéanamh, agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí don ógra chomh maith.

Cur i bhfeidhm agus rannpháirtíocht

Roinntear gníomhaíochtaí faoi Erasmus+ idir ghníomhaíochtaí díláraithe (a bhainistíonn gníomhaireachtaí náisiúnta sna tíortha éagsúla) agus ghníomhaíochtaí láraithe a bhainistíonn an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA) sa Bhruiséil.

Buiséad

Is ionann leithdháileadh iomlán an bhuiséid agus EUR 14.775 billiún don tréimhse 2014-2020.

Miondealú ar an bhuiséad:

  • 77.5% don oideachas agus oiliúint;
  • 10% don ógra;
  • 3.5% do Shaoráid Ráthaíochta Iasachta na Mac Léinn (le haghaidh mac léinn a bhfuil céim dara sraith, amhail Máistir, á déanamh acu);
  • 1.9% do Jean Monnet (teagasc agus taighde maidir le lánpháirtíocht na hEorpa);
  • 1.8% don spórt;
  • 3.4% i bhfoirm deontas oibriúcháin le haghaidh gníomhaireachtaí náisiúnta; agus
  • 1.9% do chaiteachas riaracháin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2014.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 50-73)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1288/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Rialachán (AE) 2018/1475 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos creat dlíthiúil an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 agus Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE (IO L 250, 4.10.2018, lgh. 1-20)

Nuashonraithe 25.06.2014

Top