EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2013/11/AE maidir le réitigh mhalartacha ar dhíospóidí idir trádálaithe agus tomhaltóirí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Cinntítear leis gur féidir le tomhaltóirí AE a ndíospóid chonarthach le trádálaí AE* maidir le táirge nó seirbhís a chur faoi bhráid eintitis um réiteach malartach díospóidí (ADR) — comhlacht aitheanta arb é a ról díospóidí a réiteach trí nósanna imeachta ADR, i.e. gan dul os comhair na cúirte.
  • Leagtar amach ann ceanglais cheangailteacha um cháilíocht d’eintitis agus nósanna imeachta ADR chun gnéithe amhail trédhearcacht, neamhspleáchas, cothroime agus éifeachtúlacht a chinntiú.
  • Cinntítear comhlíontacht na n-údarás náisiúnta inniúil arna n-ainmniú ag tíortha AE.
  • Cuirtear trádálaithe faoi oibleagáid leis tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi ADR nuair atá na trádálaithe tiomanta nó faoi oibleagáid ADR a úsáid agus nuair nach féidir leo díospóid leis an tomhaltóir a réiteach ar bhonn déthaobhach.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do thíortha AE a chinntiú gur féidir gach uile dhíospóid chonarthach a eascraíonn as earraí a dhíol nó as seirbhísí a sholáthar – idir tomhaltóirí agus trádálaithe atá ina gcónaí nó atá bunaithe in AE – a chur faoi bhráid eintitis um réiteach malartach díospóidí. Baineann sé seo le díolacháin agus le seirbhísí ar líne agus as líne araon.
  • Is é cuspóir na reachtaíochta seo feidhmiú ceart mhargadh aonair AE a chinntiú.
  • Le ADR cuirtear ar chumas tomhaltóirí díospóidí a réiteach ar bhealach inacmhainne, simplí agus tapa, mar shampla nuair a dhiúltaíonn trádálaí do tháirge a dheisiú nó d’aisíocaíocht atá ag dul le tomhaltóir a dhéanamh leis nó léi.
  • Bíonn páirtí neodrach amhail idirghabhálaí, ombudsman nó bord um ghearáin páirteach in eintitis ADR, a dhéanann iarrachtaí an díospóid a réiteach trí nós imeachta ADR. Ag brath ar an gcineál nós imeachta ADR a oibríonn eintiteas ADR faoi leith, is féidir leis an bpáirtí neodrach:
    • réiteach a mholadh nó a fhorchur; nó
    • na páirtithe a thabhairt le chéile chun cabhrú leo réiteach a fháil.
  • Ní mór d’eintitis ADR ceanglais cheangailteacha um cháilíocht a chomhlíonadh, rud a ráthaíonn go bhfeidhmeoidh siad ar bhealach éifeachtach, cóir, neamhspleách agus trédhearcach.
  • Ní mór do gach tír AE údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú, a dhéanann maoirseacht náisiúnta ar eintitis ADR agus a chinntíonn go gcomhlíonann siad na ceanglais um cháilíocht. Bunaíonn na húdaráis inniúla liostaí náisiúnta d’eintitis ADR. Ní féidir ach eintitis réitigh díospóidí a chloíonn leis na ceanglais um cháilíocht a chur ar na liostaí sin mar “eintitis ADR”.
  • Ní mór do thrádálaithe atá sásta feidhm a bhaint as an ADR, nó a gcuirtear d’oibleagáid orthu feidhm a bhaint as an ADR, eolas a thabhairt do thomhaltóirí maidir le ADR, ina dtéarmaí agus coinníollacha ginearálta agus ar a láithreáin ghréasáin. Chomh maith leis sin, ní mór dóibh eolas a thabhairt do thomhaltóirí maidir le ADR, i gcás nach féidir díospóid a réiteach go díreach idir an tomhaltóir agus an trádálaí.
  • Ar mhaithe le trédhearcacht, ní mór go gcinnteoidh Ballstáit an AE go mbeidh eolas soiléir intuigthe curtha ar fáil ar láithreáin gréasáin eintitis ADR. Áirítear leis an eolas seo sonraí teagmhála, na cineálacha díospóidí ar féidir le heintitis déileáil leo, mar aon le costais, meánfhad agus éifeacht dhlíthiúil thoradh an nós imeachta ADR. Chomh maith leis sin, ní mór do na heintitis ADR na tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta ina bhfuil faisnéis maidir leis na díospóidí ar ndéileáil siad leo a chur ar fáil go poiblí ar a láithreáin ghréasáin.
  • Ní mór d’eintitis ADR comhoibriú chun díospóidí laistigh de AE a réiteach. Chomh maith leis sin, ní mór dóibh dea-chleachtais a roinnt lena chéile agus le húdaráis náisiúnta maidir le réiteach díospóidí.
  • Baineann an treoir seo le gach uile earnáil den mhargadh, ach amháin na hearnálacha sláinte agus ardoideachais.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 8 Iúil 2013. Bhí sé le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 9 Iúil 2015.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* KEY TERMS

Trádála: duine nó gnó a dhíolann táirge nó seirbhís.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 200/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le ADR tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lgh. 63-79)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (Rialachán maidir le comhar cosanta tomhaltóirí) (IO L 364, 9.12.2004, lgh. 1-11)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2009/22/CEó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, lgh. 30-36) .

Féach an leagan comhdhlúite

Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le gnéithe áirithe na hidirghabhála in ábhair shibhialta agus thráchtála (an Treoir Idirghabhála) (IO L 136, 24.5.2008, lgh. 3-8)

Nuashonraithe 17.10.2016

Top