EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0267

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí

/* COM/2013/0267 final - 2013/0141 (COD) */

52013PC0267

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí /* COM/2013/0267 final - 2013/0141 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Tá sláinte plandaí mar phríomhthoisc i ndáil le talmhaíocht, gairneoireacht agus foraoiseacht inbhuanaithe agus iomaíoch. Teastaíonn síolta agus ábhar iomadaithe sláintiúil chun barra brabúsacha a chruthú agus chun poist, nuáil plandaí agus slándáil bia a chinntiú. Maidir le crainn agus le toir, baineann fíorthábhacht le sláinte plandaí a chosaint d’fhonn foraoisí, tírdhreach agus faichí poiblí agus príobháideacha an Aontais a chaomhnú. Baineann tábhacht chomh maith céanna le sláinte plandaí i ndáil le seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais a chosaint.

Tá lotnaidí ó ilchríocha eile thar a bheith dainséarach. Is gnách nach mbíonn frithsheasmhacht ghéiniteach oiriúnach ag plandaí agus crainn Eorpacha i gcoinne lotnaidí iasachta, plandaí agus crainn nach bhfuil naimhde nádúrtha ar bith acu anseo ach oiread. Nuair a thugtar a leithéid isteach san Eoraip, déanann lotnaidí Eorpacha, iasachta damáiste tromchúiseach eacnamaíoch. Féadfaidh siad léim go speicis óstacha nach raibh tionchar acu orthu roimhe seo, leathadh go gasta ó thír go tír, agus a bheith mar chúis le laghdú fadtréimhseach ar bharra mar aon le costais mhéadaithe ar tháirgeadh agus ar rialú. Is minic go mbaineann na caillteanais thromchúiseacha eacnamaíocha an bonn de bhrabúsacht agus d’iomaíochas na talmhaíochta agus na foraoiseachta. D’fhéadfadh bunú lotnaidí nua a bheith mar bhonn le bannaí trádála ó thríú tíortha a bhunú, rud a dhéanfadh damáiste d'onnmhairí AE. Ní féidir gach lotnaid a rialú trí úsáid a bhaint as lotnaidí agus, áit a bhfuil a leithéid ar fáil, d’fhéadfadh go mbeadh úsáid lotnaidí neamh‑inmhianaithe.

Creat rialála

Tá sé mar aidhm ag an gcreat rialála AE reatha le haghaidh sláinte plandaí talmhaíocht agus foraoiseacht na hEorpa a chosaint trí iontráil agus leathadh orgánach dochrach neamhdhúchasach a chosc. Is í an phríomhuirlis a úsáidtear chuige seo ná Treoir 2000/29/CE ón gComhairle[1], Treoir a bhfuil comhaontuithe idirnáisiúnta trádála sa réimse seo san áireamh inti freisin. Tá réimeas (sláinte plandaí) fíteashláintíochta an AE uathúil sa mhéid is gur réimeas oscailte atá ann: ceadaítear gluaiseachtaí plandaí agus táirgí plandaí isteach chuig agus laistigh den Aontas ar an gcoinníoll go léirítear meas ar shrianta agus ar riachtanais shainiúla (e.g. deimhniú ó réimse saor ó lotnaidí nó cóireáil chuí). Dá ainneoin sin, is ionann an líon ard allmhairí ó ilchríocha eile agus leibhéal ard dóchúlachta go dtarlóidh ráigeanna de lotnaidí iasachta amach anseo.

Tá an réimeas fíor-riachtanach chun sláinte, barainneacht agus iomaíochas earnáil táirgthe plandaí an AE a chosaint mar aon le beartas trádála oscailte an Aontais a chothú. Tá an creat rialála reatha á cháineadh, áfach, de bhrí nach féidir leis stop a chur le hinsní mhéadaithe lotnaidí nua dainséaracha arb é domhandú trádála atá mar bhonn leo. Os a choinne sin, ciallaíonn athrú aeráide go bhfuil na lotnaidí sin ag maireachtáil san Eoraip anois, ach nach raibh roimhe seo, rud a chiallaíonn go bhfuil barra agus éiceachórais níos leochailí do lotnaidí nua. Tá ráigeanna suntasacha de lotnaidí dainséaracha allmhaire-gaolmhar le deich mbliana anuas a raibh tionchar acu ar fhoraoiseacht tar éis cur le feasacht na sochaí agus na bpolaiteoirí ar na costais agus ar na tionchair a eascraíonn as cosaint neamhleor.

Anailís faidhbe

Tá sé léirithe ag meastóireacht ar an réimeas (2010)[2] nach mór an reachtaíocht bhunúsach a leasú ionas go mbeifear in ann dul i ngleic go hiomlán leis na rioscaí méadaithe seo. Baineann na príomhdheacrachtaí aitheanta le béim neamhleor ar chosc i ndáil le hallmhairí méadaithe de thráchtearraí ardriosca, an gá atá le tosaíocht a thabhairt do lotnaidí ag leibhéal AE sa 27 mBallstát, an gá atá le hionstraimí níos fearr chun láithreacht agus leathadh nádúrtha lotnaidí a rialú ar eagla go sroicheann siad críoch an Aontais am éigin, an gá atá leis na hionstraimí a bhaineann le gluaiseachtaí laistigh den AE a nuachóiriú agus a uasghrádú (pasanna plandaí agus criosanna cosanta), agus an gá atá le hacmhainní breise a thuar.

Tá an gá atá le "glasú" an réimis tagtha chun cinn a thuilleadh agus tá níos mó tábhachta anois le cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol nádúrtha. Éilíonn sé seo athruithe ar an loighic idirghabhála, agus i dtéarmaí maoinithe, de chuid an réimis, atá ag gluaiseacht ó dhea-réimeas príobháideach don talmhaíocht go dea-réimeas measctha poiblí/príobháideach don talmhaíocht, foraoiseacht, comhshaol nádúrtha agus tírdhreach.

Ní mór bonn eolaíochta an réimis (taighde, saotharlanna) a threisiú. Tá creimeadh leanúnach tagtha ar ghalaireolaíocht chlasaiceach plandaí agus tacsanomaíocht lotnaidí in ollscoileanna, rud a chiallaíonn go bhfuil an tacaíocht ón saol eolaíochta chun rioscaí ó lotnaidí nua a mheas agus diagnóis mar is cuí a dhéanamh ar na lotnaidí sin sa tsaotharlann i mbaol. Tá dearbhú Staid Éigeandála eisithe maidir leis seo ag an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhuirí um Chosaint Plandaí.

I ndeireadh na dála, ní mór cothromaíocht nua a bhaint amach maidir le roinnt costas agus freagrachta (forbairt comhpháirtíochta) agus tá sé riachtanach chomh maith céanna éifeachtacht a mhéadú agus costais neamhriachtanacha agus ualach riaracháin a laghdú. Tá gá chomh maith céanna leis an réimeas a nuachóiriú i dtéarmaí dreasachtaí le haghaidh géilliúlachta.

Cuspóir an togra

Tá sé mar aidhm leis an athbhreithniú reatha na lochtanna seo a chur ina gceart agus creat rialála stuama, trédhearcach agus inbhuanaithe atá 'oiriúnach don fheidhm' a chur i bhfeidhm. Déanann an Rialachán beartaithe Treoir 2000/29/CE a athchuir agus a aisghairm.

Caidreamh le tograí eile sa phacáiste

Tá an togra mar chuid de phacáiste athbhreithnithe a bhaineann le sláinte plandaí, cáilíocht na n‑ábhar atáirgthe plandaí, sláinte ainmhithe, rialuithe oifigiúla i ndáil le plandaí, ainmhithe, bia agus beatha, agus caiteachais an Aontais i ndáil leis na beartais sin.

Déanann an togra na sineirgí a threisiú le réimeas na n‑ábhar atáirgthe plandaí, agus ag an am céanna tá deireadh á chur le dúbailtí inseachanta agus an t‑ualach neamhriachtanach a eascraíonn as a leithéid sin de dhúbailtí. Cuirtear é seo i gcrích trí na lotnaidí atá á rialú faoi na Treoracha margaíochta d’ábhar iomadaithe síolta agus plandaí faoi láthair a athshuí faoin Rialachán beartaithe sláinte plandaí. Beidh an t‑athshuí sin mar bhonn le solúbthacht a athróidh stádas na lotnaidí forleathana coraintín go lotnaidí cáilíochta, mar atá iarrtha ag oibreoirí gairmiúla agus ag Ballstáit, d’fhonn na n‑acmhainní atá ar fáil d'údaráis fhíteashláintíochta a úsáid do thosaíochtaí dáiríre an Aontais. Idir an dá linn, cinntíonn an togra gur ann fós do na socruithe reatha praiticiúla sna Ballstáit, socruithe a bhaineann le deimhniú ábhar atáirgthe plandaí do lotnaidí cáilíochta. Tríd is tríd, ba chóir go dtreiseodh na hathshocruithe idir réimeas sláinte plandaí an AE agus réimse na n‑ábhar atáirgthe plandaí comhleanúnachas idir an dá réimeas seo (trí úsáid roinnte scéimeanna deimhnithe, lipéid agus cláir) agus, ar an tslí sin, ualach oibreoirí gairmiúla a laghdú. Éileoidh na socruithe nua beartaithe, áfach, comhordú feabhsaithe idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí.

Níl forálacha sa togra seo a bhaineann le rialuithe oifigiúla na n‑údarás inniúil ar ghéilliúlacht oibreoirí gairmiúla le reachtaíocht fíteashláintíochta an Aontais, mar atá luaite i dTreoir 2000/29/CE faoi láthair. Tá na rialuithe sin á gcur go heisiatach anois sa togra i ndáil le rialuithe oifigiúla (ag teacht in áit Rialacháin (CE) 882/2004[3]). Beidh sé seo mar bhonn freisin le comhleanúnachas feabhsaithe leis an gCód Custaim nua agus ceadóidh sé nósanna imeachta simplithe tráth allmhairithe.

Níl forálacha sa togra seo maidir le caiteachais atá incháilithe do ranníocaíocht airgeadais ón Aontas, mar atá sonraithe i dTreoir 2000/29/CE. Tá na forálacha i gceist, dréachtaithe de réir rogha roghnaithe an mheasúnaithe tionchair, san áireamh sa togra dlí atá ag gabháil leis do Rialachán ar chaiteachas bia agus beatha, a bhaineann le bainistíocht chaiteachais an Aontais ata nasctha leis an slabhra bia, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus a bhaineann le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí.

Cuirfidh an togra seo leis an togra a bhaineann le Speicis Choimhthíocha Ionracha atá réamhthuartha faoi Straitéis Bithéagsúlachta an AE.

Tuilleadh tionscnamh

Forlíontach i leith an togra reatha, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún foireann de shaineolaithe fíteashláintíochta a bhunú san Aontas, bunaithe ar an gConradh, d’fhonn cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla le cur i bhfeidhm an Rialacháin beartaithe i gcás fadhbanna casta nó práinneacha ar ábhar imní don Aontas iad.

2.           TORTHAÍ AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Próiseas comhairliúcháin

An 21 Samhain 2008, thug an Chomhairle cuireadh don Choimisiún leanúint le meastóireacht a dhéanamh ar réimeas sláinte plandaí an AE agus machnamh a dhéanamh ar mhodhnuithe a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar an gcreat dlíthiúil reatha agus ar thionchar a leithéid de mhodhnuithe[4]. Chuir an Coimisiún tús le meastóireacht chuimsitheach ar an réimeas ó cuireadh tús leis an margadh inmheánach (1993)[5] agus tugadh an staidéar riachtanach ar conradh do chomhairleoir seachtrach[6].  Ghlac saineolaithe ó Bhallstáit páirt sa Ghrúpa Stiúrtha Idir-Sheirbhíse mar chuid den mheastóireacht. Reáchtáladh comhdháil ar an 23-24 Feabhra 2010 chun páirtithe leasmhara agus BS a chur ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an meastóireacht agus dul i gcomhairle leo maidir leis na roghanna sealadacha a d’fhéadfadh an comhairleoir a fhorbairt amach anseo. Bhí an t‑ionchur a fuarthas mar bhonn leis na roghanna agus moltaí deiridh. Cuireadh tuarascáil na meastóireachta[7] i láthair ag an dara comhdháil a reáchtáladh ar an 28 Meán Fómhair 2010, comhdháil ar fhreastail páirtithe leasmhara, an pobal i gcoitinne, agus ionadaithe ó BS agus tríú tíortha uirthi. Nasctha leis an gcomhdháil seo reáchtáladh comhairliúchán poiblí maidir leis na moltaí a d’eascair ón meastóireacht agus scóip an mheasúnaithe tionchair a rinneadh ina dhiaidh sin.

Le linn a bheith ag ullmhú don mheasúnú tionchair, pléadh na roghanna molta ag an gcomhairleoir seachtrach leis na Ballstáit i gComhairle leis na Príomhoifigigh Sláinte Plandaí (COPHs) i mbabhtaí éagsúla cruinnithe agus, i ndáil le comhleanúnachas le réimeas na nÁbhar Atáirgthe Plandaí (PRM), Cinn Seirbhíse an réimis sin agus an Páirtí Oibre ábhartha. Tionóladh cúig thascfhórsa le saineolaithe Ballstáit agus leis an gCoimisiún chun tuilleadh plé a dhéanamh ar na príomhréimsí athraithe.

Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara (ionadaithe ón gcomhlachas tráchtála agus ENRanna) ó thús an phróisis athbhreithnithe, roimh an mheastóireacht a thionscnamh, i rith an staidéir meastóireachta agus arís nuair a bhí an measúnú tionchair ar bun. Bunaíodh Grúpa Oibre ad‑hoc ar Shláinte Plandaí faoi Ghrúpa Comhairleach an tSlabhra Bia, Sláinte Ainmhithe agus Plandaí. Cuireadh an dul chun i láthair agus rinneadh é a phlé i roinnt cruinnithe a bhí ag an gGrúpa Comhairleach thuasluaite, i nGrúpaí Comhairleacha[8] eile agus i ndiaidh cuireadh a fháil i gcruinnithe COPA-COGECA, EUROPATAT, ESA agus UNION FLEURS. Gné lárnach den staidéar meastóireachta agus den staidéar forlíontach eacnamaíoch tugtha ar conradh do chomhairleoir seachtrach ba ea comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Bhain an comhairliúchán le hathruithe ar réimeas sláinte plandaí an AE mar aon le gnéithe den réimeas atá le haistriú chuig nó ó réimeas na n‑ábhar atáirgthe plandaí agus réimeas an AE ar rialuithe oifigiúla bia agus beatha, sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí.

Chinntigh na comhdhálacha a eagraíodh i rith an phróisis athbhreithnithe go raibh ionchur agus dearcthaí na bpáirtithe leasmhara maidir le moltaí agus le scóip an mheasúnaithe tionchair á gcur san áireamh, ó bhéal ag na comhdhálacha agus trí chomhairliúchán poiblí nasctha. Nascadh comhairliúchán faoi thograí an athraithe theicniúil le cruinniú an Ghrúpa Oibre ar Shláinte Plandaí an 18 Feabhra 2011 agus díríodh ar an mbealadh is fearr chun na hathruithe is mó tionchar a bhrú chun cinn. Lena chois sin, foilsíodh comhairliúcháin ar láithreán gréasáin tiomnaithe[9] Ard‑Stiúrthóireacht SANCO. Seoladh comhairliúchán deiridh ar na roghanna straitéiseacha an 13 Bealtaine 2011.

Bailiú sonraí

Cuireadh tús le sonraí a bhailiú trí mheastóireacht chuimsitheach a rinne comhairleach seachtrach ar an réimeas idir 2009 agus 2010. San áireamh sa  mheastóireacht bhí anailís ex post ar an réimeas don tréimhse 1993-2008, bailiú sonraí eacnamaíocha maidir le costais agus ualach riaracháin d’údaráis inniúla agus do pháirtithe leasmhara ag eascairt as an réimeas, mar aon le ex ante roghanna agus moltaí a fhorbairt don todhchaí. Seachadadh an tuarascáil meastóireachta i mBealtaine 2010.

Thacaigh an dara conradh leis an gcomhairleach leis an bpróiseas inmheánach a bhain leis an IA a fhorbairt. Bhain an conradh seo le staidéar faoi chainníochtú costas agus tairbhí leasuithe ar an réimeas, forlíontach leis na sonraí a bailíodh i rith na meastóireachta. San áireamh sa staidéar bhí modúil a dhéileáil le measúnú ex ante ar thionchar eacnamaíoch na roghanna sainiúla teicniúla ábhartha d'athbhreithniú na reachtaíochta. Bhí scóip na saincheisteanna nach mór déileáil leo faoi réir comhairliúcháin le páirtithe leasmhara. Bunaíodh na modúil ar bhealach a chinntigh go raibh comhiomlánú indéanta i ndáil leis na roghanna ionchasacha beartais trí chéile. I mí Iúil 2011, sheachaid an comhairleach tuarascáil deiridh an staidéir. Áit ar gá, bailíodh faisnéis bhreise ón litríocht, tuarascálacha staidéir agus ceisteanna chun na príomhthionchair a bheadh ag an athrú beartais a mheas. Lena chois sin, rinne seirbhísí an Choimisiúin measúnú ar thionchair chomhshaoil agus shóisialta na roghanna beartais.

Measúnú tionchair

Forbraíodh ceithre rogha chun an réimeas a fhorbairt:

Rogha 1: Gan ach foirm dhlíthiúil agus soiléire an réimis amháin a fheabhsú. Dhéanfaí an reachtaíocht a thiontú ó Threoir go Rialachán, agus í a shimpliú agus a shoiléiriú. Chothófaí an status quo i dtéarmaí substainte.

Rogha 2: Cosc a chur in ord tosaíochta, a nuachóiriú agus a uaschéimniú. Sa bhreis ar Rogha 1, dhéanfaí an t‑ord tosaíochta a fheabhsú trí Iarscríbhinní I agus II reatha na Treorach, ina liostaítear lotnaidí rialaithe de réir gnéithe teicniúla beag beann ar a dtosaíocht don Aontas, a aistriú chuig liostaí bunaithe ar loighic agus tosaíocht idirghabhála. Dhéanfaí córais na bpasanna plandaí agus na gcriosanna cosanta a nuachóiriú (roinnt freagrachta le hoibreoirí gairmiúla) agus a uasghrádú (scóip na bpasanna plandaí, formáid, táillí éigeantacha aisghabhála pasanna plandaí mar atá i gceist cheana féin i ndáil le rialuithe allmhairithe, rialacha maidir le faireachas agus díothú ráige i gcriosanna cosanta). Dhéanfaí an comhleanúnachas idir an PHR agus réimeas na n‑ábhar atáirgthe plandaí a fheabhsú d’fhonn éifeachtacht a mhéadú agus costais a laghdú d'oibreoirí gairmiúla. Dhéanfaí cosc a threisiú trí fhoráil nua a thabhairt isteach i ndáil le hábhair atáirgthe plandaí ardriosca (plandaí le haghaidh plandaithe) nach bhfuil údaraithe le tabhairt isteach san Aontas nó faoi réir sainrialuithe fisiciúla leasaithe go dtí go gcomhlíontar anailís riosca, agus trí dheireadh a chur le díolúintí ar bhagáiste paisinéirí (le bheith faoi réir rialuithe ísealmhinicíochta chun na himpleachtaí costais a laghdú).

Rogha 3: Cosc a chur in ord tosaíochta, a nuachóiriú agus a uaschéimniú agus gníomhaíochtaí i gcoinne ráigeanna a threisiú. Le cois Rogha 2, bhunófaí oibleagáidí chun pleanáil faireachais agus teagmhais a dhéanamh. De réir análaí leis na socruithe sa réimeas sláinte ainmhithe, chuirfí cómhaoiniú AE ar fáil le haghaidh faireachais agus, i gcásanna ar leith, le haghaidh cúitimh airgeadais de chaillteanais dhíreacha na n‑oibreoirí gairmiúla. Dhéanfaí tuilleadh forbartha ar na hionstraimí dlí a bhaineann le díothú agus le srianadh. Chuirfí deireadh le heisiamh na mbeart a bhaineann le leathadh nádúrtha.

Rogha 4: Cosc a chur in ord tosaíochta, a nuachóiriú agus a uaschéimniú agus gníomhaíochtaí i gcoinne ráigeanna a threisiú agus an scóip do phlandaí ionracha a leathnú. Le cois Rogha 3, chumhdódh an réimeas plandaí ionracha, i dtéarmaí forálacha dlí a bhaineann le bearta agus le cómhaoiniú AE. Ní chumhdófaí plandaí ionracha (seachas plandaí seadánacha) i Roghanna 1, 2 agus 3.

Léirigh an measúnú ar thionchair na ceithre roghanna gur sholáthair Rogha 3 an bealach is fearr chun cinn chun na cuspóirí a bhaint amach trí thairbhe a bhaint as an leibhéal costais‑tairbhe is fearr agus an chothromaíocht is fearr ionchur ó Bhallstáit, ó oibreoirí gairmiúla agus ón Aontas. Ba chóir go mbeadh tionchar dearfach suntasach ag Rogha 3 ar bhrabúsacht agus ar fhás eacnamaíoch na n‑earnálacha i gceist; is ionann é freisin agus an léargas is cóngaraí ar thoradh chomhairliúchán na bpáirtithe leasmhara agus BS.

Fuarthas an buiséad AE atá riachtanach chun Rogha 3 a chur i bhfeidhm i dtogra an Choimisiúin don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (MFF) do 2014-2020. Tá na forálacha comhfhreagracha dlí san áireamh sa togra dlí do Chreat an Aontais ar chaiteachais bhia agus bheatha, sláinte ainmhithe agus leas, sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí.

Fiontair bheaga agus mheánmhéide agus micrifhiontair

Éilíonn nádúr an réimis sláinte plandaí nach bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM) díolúine ó oibleagáidí an Rialacháin seo. Is FBM iad formhór na bhfiontar a bhfuil tionchar ag an réimeas orthu agus dhéanfaí cuspóirí an réimis a priori a chur i gcontúirt dá ndéanfaí iad a dhíolúnú. Díolmhaíonn an togra fiontair atá ag díol plandaí agus táirgí plandaí leis an margadh áitiúil amháin ón oibleagáid pasanna plandaí a eisiúint, pasanna nach mbeidh ag teastáil ach an oiread do dhíolacháin do thomhaltóirí neamhghairmiúla. I ndáil le micrifhiontair, beidh socruithe speisialta maidir le haisíoc táillí do rialuithe sláinte plandaí, laistigh de chreat na rialacha Státchabhracha, indéanta faoin Rialachán nua a bhaineann le rialuithe oifigiúla.

Cearta bunúsacha

Léiríonn an Rialachán seo meas ar chearta bunúsacha agus tugann sé aird freisin ar na prionsabail aitheanta go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do Bhallstáit an Chairt a chur i bhfeidhm de réir na gceart agus na bprionsabal sin, curtha i bhfeidhm go cuí ina reachtaíocht náisiúnta. Dá ainneoin sin, cuireann forálacha áirithe den Rialachán seo teorainn le cearta áirithe faoin gCairt, a mhéid is atá riachtanach, áfach, chun leas ginearálta an Aontais a bhfuil tionchar ag an Rialachán seo air a chosaint agus bunbhrí na gceart i mbaol a chaomhnú.

Ní éireoidh le díothú ráigeanna lotnaidí iasachta ach amháin má fhaightear réidh le gach foinse fínithe. Seachas ráigeanna de lotnaidí coraintín ar áitreabh oibreoirí gairmiúla, d'fhéadfadh go dtarlódh ráigeanna ar fhaiche phoiblí nó phríobháideach. Sna cásanna sin, ní mór go n‑áireofaí na plandaí fínithe agus na plandaí a d’fhéadfadh a bheith fínithe san fhaiche phoiblí agus phríobháideach sna bearta díothaithe ionas go n‑éireoidh leo (feidhmeoidh aon phlandaí fínithe atá fágtha mar fhoinse fínithe nua in áiteanna eile). Ciallaíonn sé seo, i gcásanna áirithe, go mbeidh sé riachtanach rochtain a thabhairt d’údaráis inniúla Ballstát ar áitreabh príobháideach le haghaidh rialuithe oifigiúla, agus ina dhiaidh sin go bhféadfadh forchur cóireála nó beart díothaithe nó srianta nó toirmisc áirithe ar úsáid plandaí a bheith i gceist. Is ionann é seo agus teorannú ar Airteagail 7 agus 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha a bhaineann, go seach, le Meas ar Shaol Príobháideach agus Teaghlaigh agus Ceart chun Maoine. Tá an teorannú sin riachtanach chun cuspóir leas ginearálta a chomhlíonadh, leas arb ionann é agus cosaint sláinte plandaí san Aontas. Tá an teorannú seo comhréireach mar nach féidir an cuspóir de leas ginearálta a chomhlíonadh gan a chinntiú go léiríonn gach duine meas ar na bearta fíteashláintíochta (chiallódh staonadh ó phlandaí fínithe i ngairdíní príobháideacha a scriosadh go mbeadh tairbhí na mbeart díothaithe forchurtha ar oibreoirí gairmiúla agus curtha i gcrích ar fhaiche atá faoi úinéireacht phríobháideach á neamhniú). Is iad na Ballstáit a bheidh freagrach as cúiteamh cothrom don chaillteanas a sholáthar do shaoránaigh ábhartha go tráthúil. Is dá réir sin a dhéantar bunbhrí an Chearta chun Maoine a chaomhnú.

Beidh dualgas ar dhuine ar bith a bhfuil eolas aige/aici faoi lotnaid coraintín láithreacht na lotnaide coraintín a chur in iúl do na húdaráis inniúla, i dteannta leis an bhfaisnéis a bhaineann le bunús agus nádúr an ábhair i gceist. Beidh sé seo ábhartha freisin do shaotharlanna agus d'eagraíochtaí taighde a bhfuil lotnaidí á dtabhairt faoi deara acu i samplaí atá á gcur ar fáil dóibh. D’fhéadfadh i gcásanna áirithe gurb ionann é seo agus teorannú ar Airteagal 8 den Chairt, a bhaineann le Ceart chun Sonraí Pearsanta a Chosaint. Tá an teorannú seo riachtanach d’fhonn cuspóir leas an phobail de shláinte plandaí an Aontais a chomhlíonadh, ó tharla nach mór torthaí lotnaidí coraintín a chur ar a súile do na húdaráis inniúla d'fhonn díothú láithreach ráigeanna a chinntiú. Tá an teorannú comhréireach ó tharla go bhfuil sonraí pearsanta faoi réir na forála a mhéid is atá fíor-riachtanach do na húdaráis inniúla d’fhonn ráigeanna a aimsiú agus gníomhú mar is cuí. Is dá réir sin a dhéantar bunbhrí an Chearta chun Sonraí Pearsanta a chaomhnú.

3.           GNÉITHE DLÍTHIÚLA AN TOGRA

Caibidil I: Ábhar, scóip agus sainmhínithe

Ní áirítear i scóip chríche an réimis aon ranna thar lear na mBallstát, de bhrí go mbaineann na ranna seo le réigiúin bhithgheografacha eile an domhain, áit a bhfuil na lotnaidí sin le fáil agus áit a bhfuil cosaint ag teastáil iontu ó chríocha Eorpacha na mBallstát. Ní áirítear i scóip chríche an réimis Cuid den oileánra Macrainéiseach (oileán Mhaidéara agus na hAsóir), arb ionann é agus réigiún bithgheografach forluiteach le réigiún na Meánmhara, Leithinis na hIbéire go háirithe, i dtéarmaí fásra nádúrtha. Tá sé oiriúnach, dá réir sin, an t‑oileánra a chur san áireamh i scóip an réimis. Liostaítear in Iarscríbhinn I críocha na mBallstát atá clúdaithe ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ach, chun críche an Rialacháin seo, déileáiltear leo mar thríú tíortha.

Níl plandaí ionracha ach amháin plandaí seadánacha (ag beathú go fisiciúil ar phlandaí óstacha) san áireamh sa scóip seo, ar aon dul le toradh an mheasúnaithe tionchair.

Soláthraítear sainmhínithe de réir mar is gá.

Caibidil II: Lotnaidí coraintín

I dTreoir 2000/29/CE, tá lotnaidí liostaithe in Iarscríbhinní sainiúla. Ina ionad sin, sonraítear sa togra nádúr coincheapúil na lotnaidí coraintín agus liostaítear iad ina dhiaidh sin i ngníomhartha cur chun feidhme, mar lotnaidí coraintín an Aontais nó mar lotnaidí coraintín na gCriosanna Cosanta. Éilíonn lotnaidí coraintín san Aontas bearta díothaithe i gcríoch uile an Aontais, ach i gcás lotnaidí coraintín na gCriosanna Cosanta níl sé seo amhlaidh ach amháin laistigh de chriosanna cosanta sonraithe áit nach ann do lotnaidí áirithe, ainneoin gurb eol iad a bheith le fáil i gcodanna eile de dhlínse an Aontais. Tugann an togra cumhacht don Choimisiún lotnaidí coraintín áirithe a liostú mar lotnaidí tosaíochta don Aontas, suas go dtí uasmhéid 10 % de lotnaidí coraintín liostaithe an Aontais. Beidh na lotnaidí sin faoi réir leibhéal feabhsaithe oibleagáidí a bhaineann le hullmhacht agus díothú, arna bhforlíonadh ag tacaíocht airgeadais feabhsaithe ón Aontas le haghaidh na ngníomhaíochtaí riachtanacha. Tá na critéir atá mar bhonn le cinneadh a dhéanamh maidir lena bhfuil lotnaid dhochrach cáilithe mar lotnaid coraintín, lotnaid Aontais nó Criosanna Cosanta, nó lotnaid tosaíochta curtha ar fáil in Iarscríbhinn II den Rialachán. Tá sé réamhthuartha go n‑aistreofar lotnaidí atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus II de Threoir 2000/29/CE faoi láthair chuig liostaí oiriúnacha na ngníomhartha cur chun feidhme amach anseo. Ní dhéanfar idirdhealú ar bith níos mó idir lotnaidí atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II de Threoir 2000/29/CE faoi láthair.

Chomh maith leis sin, sonraítear sa chaibidil seo rialacha mionsonraithe maidir le láithreacht lotnaidí coraintín, bearta atá le cur i gcrích chun na lotnaidí seo a dhíothú lena n‑áirítear srian a chur ar réimsí atá faoi réir beart díothaithe, suirbhéanna atá le déanamh maidir le láithreacht lotnaidí dochracha a aimsiú agus pleananna teagmhais agus cláir dhíothaithe a bhunú maidir le ráigeanna lotnaidí tosaíochta.

Cuireann na forálacha sa chaibidil seo ar chumhacht an Choimisiúin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le bearta buana chun lotnaidí coraintín a bhainistiú, lotnaidí atá bunaithe i gcríoch an Aontais. Féadfar glacadh leis na gníomhartha seo freisin ar bhonn sealadach do lotnaidí coraintín neamhliostaithe, agus más gá féadfar úsáid a bhaint as an nós imeachta práinne atá bunaithe faoi Chonradh Liospóin. Is ann do na huirlisí a forbraíodh sa chaibidil seo inniu faoi Threoir 2000/29/CE, ach forbraítear na huirlisí seo go sainráite sa togra. Tá foráil san áireamh a thugann cead do Bhallstáit bearta níos déine a ghlacadh i gcoinne lotnaidí dochracha ná mar atá réamhthuartha i reachtaíocht an Aontais, ar an gcoinníoll nach gcuireann na bearta seo srian ar bhealach ar bith ar shaorghluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus rudaí eile rialaithe ar an margadh inmheánach.

Chomh maith leis sin, san áireamh sa chaibidil seo tá forálacha a bhaineann le criosanna cosanta, a chothaíonn an córas reatha, beag beann ar an modh atreisithe d’fhonn a chinntiú go bhfuil criosanna cosanta bailíochtaithe go teicniúil agus go bhfuil aon ráigeanna de na lotnaidí coraintín sa Chrios Cosanta á ndíothú mar is ceart agus go tráthúil. Mura ndéantar amhlaidh, déanfar an crios cosanta a chúlghairm. Agus na hathruithe seo á gcur san áireamh, beidh córas criosanna cosanta an Aontais á ailíniú le córas an réimse saor ó lotnaidí faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí (IPPC), mar atá iarrtha ag páirtithe leasmhara an réimis agus tríú tíortha.

Caibidil III: Lotnaidí cáilíochta

Inniu tá lotnaidí dochracha nach bhfuil tionchar acu ar úsáid bheartaithe plandaí do phlandú, ach nach gá iad a dhíothú, á rialú faoi na Treoracha margaíochta d’ábhar iomadaithe síolta agus plandaí agus, i bpáirt, in Iarscríbhinn II le Treoir 2000/29/CE. Tá siad ar fad liostaithe sa togra mar lotnaidí cáilíochta an Aontais. Sonraítear ann nádúr coincheapúil a leithéid de lotnaidí agus liostaíonn sé iad ina dhiaidh sin trí ghníomhartha cur chun feidhme. Tá na critéir a bhaineann le cinneadh a dhéanamh maidir lena bhfuil lotnaid cáilithe mar lotnaid cháilíochta an Aontais le fáil in Iarscríbhinn II. Ní bheidh lotnaidí cáilíochta á rialú faoin togra dlí a bhaineann le hÁbhar Atáirgthe Plandaí.

Léiriú scéimreach de na cineálacha éagsúla lotnaidí sa togra, an próiseas cinnteoireachta a bhaineann lena gcáilíocht agus na bearta atá ag teastáil ina gcoinne.

Caibidil IV: Bearta i ndáil le plandaí, táirgí plandaí agus rudaí eile

Tá Iarscríbhinní I dTreoir 2000/29/CE ina liostaítear toirmisc do phlandaí áirithe, táirgí plandaí agus rudaí eile (Iarscríbhinn III), mar aon le riachtanais shainiúla chun iad a thabhairt isteach chuig agus iad a ghluaiseacht ar fud an Aontais a bhunú (Iarscríbhinn IV). Tugann an togra cumhacht don Choimisiún glacadh lena leithéid sin de liostaí trí ghníomhartha cur chun feidhme. Os a choinne sin, baineann na forálacha i gCaibidil IV le rialacha a bhaineann le sainmhíniú beart tríú tíortha comhionann le bearta an Aontais, agus maoluithe a bhaineann leis na toirmisc. Chomh maith leis sin, déileáiltear leis na rialacha faoi seach a bhaineann le gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus rudaí eile isteach chuig agus laistigh de chriosanna cosanta.

Gné nua de réimeas sláinte plandaí an Aontais é Airteagal a thugann cumhacht don Choimisiún glacadh le gníomhartha cur chun feidhme d’fhonn déileáil le rioscaí atá ag eascairt as plandaí áirithe, táirgí plandaí agus rudaí eile ó thríú tíortha áirithe a bhfuil bearta réamhchúramacha ag teastáil ina leith. Éileoidh ábhair phlandaí liostaithe dianscrúdú agus diantástáil níos dlúithe, nó a bheith faoi réir tréimhse coraintín, nó beidh a leithéid faoi réir toirmeasc sealadach a bhaineann lena leithéid a thabhairt isteach san Aontas. Beidh na bearta seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse dhá bhliain, agus féadfar fad a chur leo babhta amháin. I rith an ama sin, forbrófar measúnú riosca iomlán, i ndiaidh cinneadh a dhéanamh an t‑ábhar i gceist a rialú go buan, nó deireadh a chur leis na bearta sealadacha.

Gné nua eile freisin é an t‑Airteagal ina sonraítear na rialacha bunúsacha do stáisiúin choraintín, sa chás go n‑éilítear úsáid na stáisiún sin de réir an Rialacháin nó de réir gníomhartha tánaisteacha faoin Rialachán.

Ní bheidh plandaí rialaithe á dtabhairt isteach san Aontas ag paisinéirí ina mbagáiste faoi réir díolmhaithe níos mó ó na riachtanais agus na toirmisc faoi seach. Tá sé seo riachtanach ó tharla gur aimsíodh gur riosca méadaithe do stádas fíteashláintíochta an Aontais plandaí i mbagáiste paisinéirí agus chomh maith leis sin go bhféadfadh a leithéid rath an réimis a chur ó mhaith.

Gné nua eile freisin é Airteagal a éilíonn go mbeidh onnmhairiú plandaí, táirgí plandaí agus rudaí eile chuig tríú tíortha ag tarlú de réir rialacha an Aontais, nó, má cheadaítear de réir rialacha an tríú tíre i gceist nó má aontaíonn an tríú tír go sainráite ar a leithéid trí chomhaontuithe déthaobhacha nó eile, de réir riachtanais an tríú tíre sin.

Caibidil V: Clárú na n‑oibreoirí gairmiúla agus inrianaitheacht

Éilíonn an togra go mbeadh na hoibreoirí gairmiúla ábhartha cláraithe, ar chlár a éileoidh go mbeidh dualgas ar na hoibreoirí gairmiúla a bheith cláraithe faoin Rialachán beartaithe a bhaineann le hábhar atáirgthe plandaí. Ba chóir go mbeadh sé seo mar bhonn le hualach na n‑oibreoirí gairmiúla a laghdú. Comhlíonfaidh oibreoirí cláraithe riachtanais áirithe maidir le hinrianaitheacht ábhar plandaí atá á rialú acu.

Caibidil VI: Deimhniú plandaí, táirgí plandaí agus rudaí eile

Tá Iarscríbhinn (V) le Treoir 2000/29/CE ina liostaítear na riachtanais a bhaineann le deimhniú plandaí, táirgí plandaí agus rudaí eile tugtha isteach chuig nó ag gluaiseacht laistigh den Aontas. Tugann an togra cumhacht don Choimisiún glacadh lena leithéid sin de liostaí trí ghníomhartha tarmligthe. Chomh maith leis sin, déileáiltear leis na rialacha faoi seach a bhaineann le deimhniú plandaí, táirgí plandaí agus rudaí eile isteach chuig agus laistigh de chriosanna cosanta.

Tá sé á réamhthuar sa togra go n‑éileoidh gach planda atá le plandáil, seachas síolta áirithe, teastas fíteashláintíochta roimh phlanda a thabhairt isteach san Aontas agus pas plandaí chun gluaiseacht laistigh den Aontas a cheadú. Beidh pasanna plandaí ag teastáil le haghaidh gach gluaiseacht idir oibreoirí gairmiúla, ach ní le haghaidh díolachán chuig úsáideoirí deiridh neamhghairmiúla. Déanfar an pas plandaí a shimplí agus a chomhchuibhiú. In ionad uimhir míre, d’fhéadfadh go mbeadh slis, barrachód nó holagram ar phas plandaí chun nasc a chruthú le córais inmheánacha inrianaitheachta oibreoirí gairmiúla.

D’fhéadfadh go n‑éileodh scrúduithe ar phlandaí, táirgí plandaí agus rudaí eile a dteastaíonn pas plandaí uathu go mbainfí úsáid as scéimeanna deimhnithe a bhaineann le lotnaidí coraintín áirithe agus/nó lotnaidí cáilíochta, áit a bhfuil scrúduithe páirce i rith an tséasúir fáis fíor-riachtanach. D’fhéadfaí an fhéidearthacht seo a chruthú dá gcuirfí lotnaidí cáilíochta san áireamh sa Rialachán sláinte plandaí. Sa chás go bhfuil gá le scéimeanna deimhnithe faoin Rialachán sláinte plandaí, foráiltear go mbeidh na scéimeanna deimhnithe sin ag teacht leis na scéimeanna atá cruthaithe faoin Rialachán beartaithe a bhaineann le hábhar atáirgthe plandaí. Ba chóir go gcuirfeadh sé seo bac ar bhunú scéimeanna dúbailte, arb é a bheadh mar thoradh leo ná dúbailt costas d'oibreoirí gairmiúla.

Oibreoir cláraithe atá údaraithe ag na húdaráis inniúla a beidh i mbun pasanna plandaí a eisiúint, nó, ar iarratas uathu féin, is iad na húdaráis inniúla a bheith á n‑eisiúint. Sa chás go n‑éilíonn ábhar plandaí pas plandaí faoin Rialachán sláinte plandaí agus lipéad deimhnithe faoin Rialachán beartaithe a bhaineann le hábhar atáirgthe plandaí, beidh an pas plandaí agus an lipéad deimhnithe le fáil in aon doiciméad amháin. Ba cheart go gcuirfeadh sé seo bac ar chostais dhúbailte d’oibreoirí gairmiúla, sa chás gurb iad na húdaráis inniúla atá freagrach as an eisiúint.

Tá rialacha a bhaineann le húdarú agus maoirseacht oibreoirí gairmiúla a bhfuil pasanna plandaí á n‑eisiúint acu agus scrúdú an ábhair plandaí i gceist réamhthuartha, d’fhonn a chinntiú go bhfuil forálacha uile an Rialacháin á gcomhlíonadh ag an ábhar.

Chomh maith leis sin, tá rialacha a bhaineann le húdarú agus le maoirseacht táirgeoirí ábhar pacáistithe adhmaid a bhfuil marc ar leith luaite acu leis an ábhar sin réamhthuartha, i ndiaidh cóireála de réir an Chaighdeáin Idirnáisiúnta do Bhearta Fíteashláintíochta Uimh. 15 an Rialacháin ar ábhar pacáistithe adhmaid i dtrádáil idirnáisiúnta.

Chun críocha onnmhairithe, tá sé á réamhthuar sa togra go mbunófar teastas réamh‑onnmhairithe, do chásanna ina bhfuil an t‑ábhar plandaí onnmhairithe ó Bhallstát nach ionann é agus an Ballstát bunaidh. Tiocfaidh an teastas réamh‑onnmhairithe in áit an doiciméid treorach neamhfhoirmiúil atá in úsáid faoi láthair agus ar chomhaontaigh na Ballstáit air.

Caibidil VII: Bearta ag tacú le cur chun feidhme an Rialacháin

Tá sé á réamhthuar sa togra go mbunófar córas fógartha leictreonach d’fhógairt agus do thuairisciú.

Caibidil VIII: Forálacha deiridh

Tá sé á réamhthuar sa togra go gcabhróidh Buanchoiste nua ar a mbeidh na Coistí reatha atá ag déileáil leis an slabhra bia, sláinte ainmhithe agus plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí (in ionad an Bhuanchoiste reatha ar Shláinte Plandaí) leis an gCoimisiún.

Tá sé á réamhthuar sa togra go ndéanfar leasuithe ar an Rialachán a bhaineann le costais bhia agus bheathaithe an Aontais, agus tá sé á réamhthuar chomh maith go nglacfar leis seo roimh an togra dlí reatha. San áireamh sna leasuithe seo tá an fhéidearthacht ann go mbeadh bearta á gcómhaoiniú ag an Aontas do lotnaidí tosaíochta (catagóir lotnaidí cruthaithe sa togra reatha) agus cúiteamh d’oibreoirí do luach tarscaoilte ábhar plandaí atá scriosta mar chuid de na bearta díothaithe a bhaineann le lotnaidí tosaíochta.

Déantar sé Treoir Rialaithe a bhaineann le bainistíocht lotnaidí áirithe coraintín a aisghairm faoin togra (galar fadharcáin prátaí, néimeatóidí cist práta, donnlobhadh prátaí, lobhadh fáinneach prátaí, rolladh duille choróineach agus scála San José) lotnaidí arb eol iad a bheith le fáil san Aontas. Amach anseo glacfar le gníomhartha dá leithéid mar ghníomhartha tánaisteacha faoin Rialachán beartaithe seachas mar ghníomhartha cinnte ar bhonn comhpháirteach. Tiocfaidh gníomhartha tánaisteacha atá san áireamh faoin Rialachán beartaithe nua in áit na dTreoracha ar lotnaidí dochracha prátaí, gan a substaint a athrú. Níl dada le teacht in áit na dTreoracha ar rolladh duille choróineach agus scála San José.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Tá na forálacha agus leithreasuithe airgeadais chun an Rialachán a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2020 á gcur i láthair sa togra dlí do Rialachán a bhaineann le bainistiú caiteachais a bhaineann leis an slabhra bia, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus a bhaineann le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí. Ní thugann an togra reatha le fios go mbeidh aon chaiteachais nach bhfuil le fáil i ráiteas airgeadais an togra dlí don Rialachán sin cheana féin i gceist agus ní éilíonn sé acmhainní daonna breise ach oiread.

2013/0141 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréacht-ghníomh reachtach a chur faoi bhráid na bParlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[10],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[11],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Is i dTreoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánaigh atá dochrach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne leathadh orgánach den sórt sin laistigh den Chomhphobal[12].

(2)       An 21 Samhain 2008, thug an Chomhairle cuireadh don Choimisiún leanúint le meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras sláinte plandaí sin[13].

(3)       I bhfianaise thoradh na meastóireachta sin agus na taithí a fuarthas ó Threoir 2000/29/CE a chur i bhfeidhm, ba cheart Treoir nua a chur in áit na Treorach sin. D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha nua seo a áirithiú, ba cheart Rialachán a bheith sa ghníomh a thiocfaidh in ionad na Treorach sin.

(4)       Baineann fíorthábhacht le sláinte plandaí i ndáil le táirgeadh plandaí, éiceachórais nádúrtha glasa idir poiblí agus príobháideacha, seirbhísí éiceachórais agus bithéagsúlacht san Aontas. Tá sláinte plandaí i mbaol ó speicis atá dochrach do phlandaí agus do tháirgí plandaí, 'lotnaidí' anseo feasta. D’fhonn an baol sin a chomhrac, tá sé riachtanach bearta a ghlacadh a bhaineann le cinneadh a dhéanamh maidir leis na rioscaí fíteashláintíochta atá luaite leis na lotnaidí sin agus na rioscaí sin a laghdú chuig leibhéal inghlactha.

(5)       Tá an gá atá le bearta den sórt sin aitheanta le fada. Bearta den sórt sin a bhí mar bhonn le comhaontuithe idirnáisiúnta agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí (IPPC) an 6 Nollaig 1951 a tugadh i gcrích ag Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe agus a théacs nua athbhreithnithe a faomhadh ag Comhdháil na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta i mí na Samhna 1997 ag an 29ú seisiún. Tá an tAontas páirteach in IPPC.

(6)       Tá an chuma ar an scéal maidir le cinneadh raon feidhme an Rialacháin seo gur den tábhacht é tosca bithgheografacha a chur san áireamh d'fhonn a áirithiú nach leathnaíonn lotnaidí nach bhfuil i gcríoch Eorpach an Aontais chuig an gcríoch sin. Dá thoradh sin, níor cheart críocha neamh-Eorpacha na mBallstát (na réigiúin fhorimeallacha) dá dtagraítear in Airteagal 355(1) CFAE a chur san áireamh i scóip chríochach an Rialacháin seo. Ba cheart na críocha sin a liostú. Sa chás go leasaítear stádas críche den sórt sin nó críche dá dtagraítear in Airteagal 355(2) CFAE de bhun Airteagal 355(6) CFAE, ba cheart an liosta sin a leasú d’fhonn a áirithiú go mbeidh scóip chríochach an Rialacháin seo teoranta don chuid Eorpach de chríoch an Aontais. Ba cheart breathnú ar thagairtí do thríú tíortha mar thagairtí do na críocha atá san áireamh sa liosta sin freisin.

(7)       Is i dTreoir 2000/29/CE a shonraítear na rialacha a bhaineann le rialuithe oifigiúla atá le cur i gcrích ag na húdaráis inniúla maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánaigh atá dochrach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne leathadh orgánach den sórt sin laistigh den Chomhphobal. Faoi láthair is i Rialachán (AE) Uimh …/…. maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigúla eile a dhéantar maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, táirgí cosanta plandaí agus lotnaidicídí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, 1829/2003, 1831/2003, 1/2005, 396/2005, 834/2007, 1099/2009, 1069/2009, 1107/2009, Rialacháin (AE) Uimh. 1151/2012, [….]/2013 [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí], agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE, 2008/120/CE agus 2009/128/CE (an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla)[14] [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla agus, san fhonóta, an tagairt don Iris Oifigiúil] atá rialacha den sórt sin sonraithe agus, dá réir sin, níor cheart iad a áireamh mar chuid den Rialachán seo.

(8)       Ba cheart critéir a leagan amach ionas gur féidir na lotnaidí a shainaithint ar gá bearta rialaithe a ghlacadh ina leith i gcomhair chríoch uile an Aontais. Tagraítear do lotnaidí den sórt sin mar 'lotnaidí coraintín an Aontais'. Chomh maith leis sin, ba cheart critéir a shonrú a bhaineann le sainaithint lotnaidí a bhfuil sé riachtanach bearta rialaithe a ghlacadh ina leith i gcuid amháin nó níos mó den chríoch sin. Tagraítear do lotnaidí den sórt sin mar 'lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta'.

(9)       D’fhonn deis a thabhairt iarrachtaí maidir le rialú lotnaidí coraintín an Aontais díriú ar lotnaidí a bhfuil an tionchar eacnamaíoch, comhshaoil nó sóisialta is déine acu ar chríoch an Aontais trí chéile, ba cheart liosta srianta de lotnaidí den sórt sin, 'lotnaidí tosaíochta' anseo feasta, a bhunú.

(10)     Tá sé oiriúnach díolúintí ó thoirmeasc ar thabhairt isteach agus gluaiseacht lotnaidí coraintín laistigh de chríoch an Aontais ar mhaithe le cuspóirí eolaíochta, trialacha, roghanna cineáil, síolrú agus taispeántais a sholáthar.

(11)     D’fhonn gníomhaíocht éifeachtach agus thráthúil a áirithiú i gcás lotnaid choraintín de chuid an Aontais a bheith ann, ba cheart go mbainfeadh oibleagáidí fógra a thabhairt leis na hoibreoirí gairmiúla, poiblí agus leis na Ballstáit.

(12)     Sa chás go dtugann na hoibleagáidí sin fógra a thabhairt le fios gur cheart sonraí pearsanta daoine nádúrtha nó dlí a nochtadh leis na húdaráis inniúla, d’fhéadfadh gurb ionann é seo agus teorannú ar Airteagal 8 (Cosaint Sonraí Pearsanta) den Chairt um Chearta Bunúsacha. Bheadh an teorannú sin riachtanach agus comhréireach, áfach, d'fhonn an cuspóir maidir le leas an phobail atá ag an Rialachán seo a chur i gcrích.

(13)     Ba cheart go mbeadh oibleagáid ar oibreoir gairmiúil a fhaigheann amach gurb ann do lotnaid choraintín de chuid an Aontais i bplanda, táirge plandaí nó réad eile atá nó a bhí á rialú aige, gach beart is cuí a dhéanamh maidir le díothú na lotnaide sin, aistarraingt nó aisghairm na bplandaí, táirgí plandaí nó réad eile i gceist mar aon leis an údarás inniúil, daoine eile sa slabhra trádála agus an pobal a chur ar an eolas.

(14)     Ba cheart do Bhallstáit na bearta riachtanacha ar fad a dhéanamh chun lotnaidí coraintín an Aontais a dhíothú, nuair a aimsítear ina gcríocha iad. Tá sé oiriúnach bearta a leagan síos ar féidir le Ballstáit a chur i gcrích i gcás den sórt sin agus na prionsabail a mbeidh na bearta bunaithe orthu. Ba cheart go n-áireofaí sna bearta sin réimsí srianta a bhunú, lena n-áirítear crios fínithe agus crios maolánach.

(15)     I gcásanna áirithe, ba cheart do Bhallstáit bearta a fhorchur maidir le díothú lotnaidí coraintín ar phlandaí in áitreabh príobháideach, mar nach n-éireoidh le díothú lotnaidí ach amháin má chuirtear deireadh le gach foinse fínithe. Chuige sin, ba cheart go mbeadh rochtain dlí ag údaráis inniúla Ballstát ar na háitribh sin. D’fhéadfadh gurb ionann sin agus teorannú ar Airteagal 7 (Meas ar Shaol Príobháideach agus Teaghlaigh) agus Airteagal 17 (Ceart chun Maoine) den Chairt um Chearta Bunúsacha. Tá an teorannú sin riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir maidir le leas an phobail atá ag an gcóras a bhaint amach, sa mhéid is go n-áirithíonn Ballstáit gurb ann do chúiteamh cothrom agus tráthúil maidir le caillteanas maoin phríobháideach.

(16)     Tá sé fíorthábhachtach a bhrath go luath go bhfuil lotnaidí i láthair chun díothú tráthúil agus éifeachtach a áirithiú. Dá réir sin, ba cheart do Bhallstáit suirbhéanna a dhéanamh bunaithe ar lotnaidí coraintín an Aontais a bheith sna limistéir sin arb eol nárbh ann do na lotnaidí sin iontu. I bhfianaise líon na lotnaidí coraintín san Aontas agus an méid ama agus na hacmhainní a theastaíonn chun na suirbhéanna sin a dhéanamh, ba cheart do Bhallstáit cláir idirbhliantúla suirbhé a bhunú.

(17)     Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún bearta a ghlacadh sa chás go bhfuil amhras ann nó sa chás go bhfuil sé dearbhaithe go bhfuil lotnaidí coraintín sonracha de chuid an Aontais i láthair, bearta a bhaineann go háirithe lena ndíothú agus lena srianadh, agus réimsí srianta a bhunú, mar aon le suirbhéanna, pleananna teagmhais, cleachtaí ionsamhlúchain agus pleananna díothaithe a bhaineann leis na lotnaidí sin.

(18)     Chun gníomhaíocht ghasta agus éifeachtach i gcoinne lotnaidí nach lotnaidí coraintín de chuid an Aontais iad ach a mheasann Ballstáit go bhféadfaidís na coinníollacha maidir le háireamh ar liosta lotnaidí coraintín an Aontais a chomhlíonadh, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le bearta atá le cur i gcrích ag Ballstáit sa chás go bhfaigheann siad amach gurb ann de lotnaid den sórt sin. Ba cheart forálacha comhchosúla a leagan amach don Choimisiún.

(19)     Faoi réir coinníollacha áirithe, ba cheart go mbeadh cead ag Ballstáit bearta díothaithe níos déine ná na bearta atá sonraithe i reachtaíocht an Aontais a ghlacadh.

(20)     Ba cheart go mbeadh forálacha speisialta ann do lotnaidí tosaíochta, forálacha a bhaineann le faisnéis don phobal, suirbhéanna, pleananna teagmhais, pleananna díothaithe agus bearta a bheith á gcómhaoiniú ag an Aontas.

(21)     Ba cheart lotnaidí coraintín atá i láthair i gcríoch an Aontais ach nach bhfuil i láthair i gcodanna sonracha den chríoch atá ainmnithe mar 'chriosanna cosanta', agus a mbeadh tionchair dhoghlactha eacnamaíocha, shóisialta nó comhshaoil acu dá mbeidís i láthair sna criosanna cosanta sin, a shainaithint agus a liostú go sonrach mar 'lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta'. Ba cheart toirmeasc a chur ar lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta a thabhairt isteach sna criosanna cosanta lena mbaineann, a aistriú laistigh díobh, agus a scaoileadh iontu.

(22)     Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le criosanna cosanta a aithint, a athrú nó a n‑aitheantas a chúlghairm, maidir le hoibleagáidí suirbhé do chriosanna cosanta, agus gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích maidir le lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta atá i láthair sna criosanna cosanta lena mbaineann. Sa chás go bhfaightear amach go bhfuil lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta i láthair laistigh de chrios cosanta áirithe, ba cheart go mbeadh rialacha diana i bhfeidhm maidir le leasú agus le cúlghairm na gcriosanna cosanta sin.

(23)     Ba cheart tagairt do lotnaid, nach lotnaid choraintín de chuid an Aontais é, mar 'lotnaid cháilíochta de chuid an Aontais' sa chás go bhfuil lotnaid á haistriú trí phlandaí sonracha le haghaidh plandú, agus go bhfuil tionchar eacnamaíoch doghlactha ag baint leis an lotnaid a bheith i láthair ar na plandaí le haghaidh plandú sin maidir le húsáid bheartaithe na bplandaí sin agus ba cheart iad a liostú mar lotnaid cháilíochta de chuid an Aontais. D’fhonn teorainn a chur le láithreacht lotnaidí den sórt sin ba cheart toirmeasc a chur ar a dtabhairt isteach nó ar a ngluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais ar na plandaí le haghaidh plandú atá i gceist mura ndéantar foráil dá mhalairt sa liosta sin.

(24)     Tá riosca doghlactha fíteashláintíochta ag baint le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile mar gheall ar an dóchúlacht go bhféadfaidís feidhmiú mar óstach do lotnaid choraintín de chuid an Aontais. Tá bearta maolaithe riosca atá inghlactha ar fáil do chuid de na lotnaidí seo ach níl i gcás cuid eile fós. Ag brath ar bhearta maolaithe riosca atá inghlactha a bheith ar fáil, ba cheart toirmeasc a chur ar a dtabhairt isteach agus ar a n-aistriú laistigh de chríoch an Aontais nó ba cheart iad a bheith faoi réir ceanglas speisialta. Ba cheart go mbeadh na plandaí, táirgí plandaí agus na réada eile sin liostaithe.

(25)     Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ó na toirmisc nó ó na ceanglais speisialta a bhaineann le tabhairt isteach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile i gcríoch an Aontais. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún aitheantas a thabhairt do bhearta áirithe tríú tíortha mar bhearta atá comhionann leis na ceanglais a bhaineann le gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí nó réad eile laistigh de chríoch an Aontais.

(26)     Níor cheart go mbainfeadh na toirmisc nó na ceanglais seo le líon beag plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, seachas plandaí le haghaidh plandú, atá beartaithe do chríocha neamhthráchtála agus neamhghairmiúla ná níor cheart go mbainfidís le tabhairt isteach agus gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chriosanna teorann. Ná níor cheart go mbainfidís le tabhairt isteach agus gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile chun críche eolaíochta, trialacha, roghanna cineáil, síolrú agus taispeántais laistigh de chríoch an Aontais. Ba cheart bearta cosanta iomchuí a leagan amach agus faisnéis a sholáthar do na daoine lena mbaineann.

(27)     Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú ó rialacha an Aontais i ndáil le tabhairt isteach agus gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile atá á n-aistriú laistigh de chríoch an Aontais.

(28)     D’fhéadfadh go mbeadh rioscaí suntasacha maidir le bunú lotnaidí coraintín nach bhfuil aon bhearta glactha ina leith de bhun an Rialacháin seo a bheith i gceist le trádáil idirnáisiúnta plandaí le haghaidh plandúe nach bhfuil ach taithí theoranta fíteashláintíochta ann ina leith. D’fhonn gníomhaíocht ghasta agus éifeachtach i gcoinne rioscaí nua-aitheanta a bhaineann le plandaí le haghaidh plandú nach bhfuil faoi réir ceanglas ná toirmeasc buan, ach a d’fhéadfadh a bheith cáilithe do bhearta buana den sórt sin, ba cheart go mbeadh deis ag an gCoimisiún bearta sealadacha a ghlacadh de réir an phrionsabail réamhchúraim.

(29)     Tá sé riachtanach toirmisc agus ceanglais speisialta a shonrú, cosúil lena bhfuil sonraithe do chríoch an Aontais, maidir le tabhairt isteach agus gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chriosanna cosanta, a bheadh mar bhonn le riosca fíteashláintíochta ag leibhéal doghlactha bunaithe ar an dóchúlacht gur óstaigh a bheadh iontu don lotnaid choraintín a bhaineann leis an gcrios chosanta i gceist.

(30)     Ba cheart ceanglais ghinearálta a ghlacadh maidir le feithiclí agus ábhar pacáistithe plandaí, táirgí plandaí agus réad eile d'fhonn a áirithiú go bhfuil siad saor ó lotnaidí coraintín.

(31)     Ba cheart do Bhallstáit stáisiúin choraintín a ainmniú. Ba cheart ceanglais maidir le hainmniú, oibriú agus maoirseacht na stáisiún coraintín mar aon le scaoileadh plandaí, táirgí plandaí agus réad eile ó na sstáisiúin seo a shonrú. Sa chás go n-áirítear sna ceanglais sin cothabháil liostaí foirne agus cuairteoirí a thugann cuairt ar na stáisiúin, d’fhéadfadh gurb ionann é seo agus teorannú ar Airteagal 8 (Cosaint Sonraí Pearsanta) den Chairt um Chearta Bunúsacha. Bheadh an teorannú sin riachtanach agus comhréireach, áfach, d'fhonn cuspóir leas an phobail an Rialacháin seo a chur i gcrích.

(32)     Sa chás go n-éilítear é bunaithe ar chomhaontú déthaobhach idir an tAontas agus tríú tír, nó trí reachtaíocht tríú tír, ba cheart go mbeadh plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhogtar amach as críoch an Aontais chuig an tríú tír i gceist ag comhlíonadh na rialacha sin.

(33)     Sa chás, i ndáil le plandaí áirithe, táirgí plandaí nó réada eile bogtha amach as críoch an Aontais chuig tríú tíortha, nach bhfuil geidhm ag aon chomhaontú déthaobhach fíteashláintíochta idir an tAontas agus tríú tír ná ag reachtaíocht fíteashláintíochta tríú tír, ba cheart cosaint a thairiscint do thríú tíortha i gcoinne lotnaidí coraintín an Aontais mar gheall ar an nádúr dochrach a bhaineann leo, ach amháin sa chás gurb eol go hoifigiúil lotnaid choraintín de chuid an Aontais a bheith i láthair sa tríú tír i gceist agus nach bhfuil an lotnaid sin faoi rialú oifigiúil, nó sa chás gur féidir a thoimhdiú go réasúnach nach gcomhlíonann an lotnaid choraintín sin de chuid an Aontais na critéir a bhaineann le cáiliú mar lotnaid choraintín sa tríú tír i gceist.

(34)     D’fhonn cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart go mbeadh oibreoirí gairmiúla atá faoi réir oibleagáidí faoin Rialachán seo a chlárú i gcláir atá bunaithe ag na Ballstáit. Ar mhaithe leis an ualach riaracháin a laghdú, ba cheart go mbeadh oibreoirí gairmiúla a thagann laistigh de raon Rialachán (AE) Uimh …/…. ar ……[15] [Oifig na bhFoilseachán le huimhir, teideal agus, i bhfonóta, tagairt IO don Rialachán ar ábhar atáirgthe plandaí a chur isteach] a chur san áireamh sna cláir sin freisin.

(35)     Ba cheart deis a thabhairt d’oibreoirí gairmiúla atá ag feidhmiú ag níos mó ná áitreabh amháin gach ceann de na háitribh sin a chlárú ina n-aonar.

(36)     D’fhonn a éascú foinse fínithe lotnaide coraintín a bhrath, tá sé oiriúnach dualgas a chur ar oibreoirí gairmiúla taifid a choinneáil a bhaineann le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile curtha ar fáil ag oibreoirí gairmiúla dóibh agus curtha ar fáil acu d'oibreoirí gairmiúla eile. I bhfianaise na dtréimhsí folaigh atá ag lotnaidí coraintín áirithe, agus na tréimhse ama a theastaíonn chun foinse an fhínithe a bhrath, ba cheart taifid a choinneáil ar feadh trí bliana.

(37)     Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag oibreoirí gairmiúla d’fhonn a chur ar a gcumas gluaiseachtaí a bplandaí, a dtáirgí plandaí agus réad eile laistigh dá n-áitreabh féin a shainaithint.

(38)     Ba cheart go mbeadh deimhniú fíteashláintíochta ag teastáil chun plandaí, táirgí plandaí nó réada eile áirithe a thabhairt isteach ó thríú tíortha i gcríoch an Aontais, agus i gcriosanna cosanta. Ba cheart go mbeadh na plandaí, táirgí plandaí agus na réada eile sin liostaithe ar mhaithe le soiléire.

(39)     Ba cheart go mbeadh ceanglais IPPC á gcomhlíonadh ag na deimhnithe fíteashláintíochta seo agus ba cheart dóibh a léiriú go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas agus na mbeart atá bunaithe de bhun an Rialacháin seo. D’fhonn inchreidteacht na ndeimhnithe fíteashláintíochta a áirithiú, ba cheart rialacha a bhaineann le coinníollacha a mbailíochta agus a gcealaithe a bhunú.

(40)     Níor cheart gluaiseacht plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réad eile áirithe laistigh de chríoch an Aontais, agus isteach i gcriosanna cosanta agus laistigh díobh a cheadú ach amháin má tá pas plandaí leo, lena léirítear go gcmhlíonann siad na ceanglais agus na bearta atá bunaithe de bhun fhorálacha an Rialacháin seo. Ba cheart go mbeadh na plandaí, na táirgí plandaí agus an réada eile sin liostaithe ar mhaithe le soiléire.

(41)     Níor cheart pasanna plandaí a cheangal i gcás plandaí, táirgí plandaí agus réad eile atá beartaithe d'úsáideoirí deiridh.

(42)     D’fhonn inchreidteacht na bpasanna plandaí a áirithiú, ba cheart rialacha a bhaineann lena n-inneachar a bhunú.

(43)     Go ginearálta,  is é an t‑oibreoir gairmiúil ar cheart dó pasanna plandaí a eisiúint. Sa chás nach bhfuil na hacmhainní ag oibreoirí gairmiúla chun pasanna plandaí a eisiúint, ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ann, ar iarratas uathu, go n-eiseoidh na húdaráis inniúla pasanna plandaí.

(44)     Ba cheart rialacha a shonrú d’eisiúint pasanna plandaí, na scrúduithe a theastaíonn lena n‑eisiúint, údarás agus maoirseacht na n‑oibreoirí gairmiúla a bhfuil na pasanna plandaí á n‑eisiúint acu, oibleagáidí na n‑oibreoirí údaraithe agus aistarraingt an údaraithe sin.

(45)     D’fhonn ualach na n‑oibreoirí údaraithe a laghdú, ba cheart scrúduithe a bhaineann le pasanna plandaí a eisiúint a nascadh leis na scrúduithe a theastaíonn faoi Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán le huimhir an Rialacháin ar dhlí an abhair atáirgthe phlandaí a chur isteach], más iomchuí.

(46)     Ba cheart go mbeadh an t‑eolas cuí maidir le lotnaidí ag oibreoirí údaraithe.

(47)     D’fhéadfadh go mbeadh oibreoirí áirithe ag iarraidh plean bainistíochta riosca fíteashláintíochta a bhunú, ar mhaithe le hardleibhéal inniúlachta agus feasachta maidir le rioscaí fíteashláintíochta a áirithiú agus a léiriú i ndáil le pointí criticiúla dá ngníomhaíochtaí gairmiúla agus d'fhonn socruithe speisialta rialaithe leis na húdaráis inniúla a bhailíochtú. Ba cheart rialacha an Aontais a bhunú i ndáil le hábhar na bpleananna sin.

(48)     Tá sé oiriúnach foráil a dhéanamh d’athsholáthar pasanna plandaí agus deimhnithe fíteashláintíochta.

(49)     I gcásanna a bhaineann le neamhchomhlíonadh le rialacha an Aontais, ba cheart pasanna plandaí a bhaint, a chealú agus, ar mhaithe le hinrianaitheacht, a choinneáil.

(50)     Éilíonn Caighdeán Idirnáisiúnta FAO do Bhearta Fíteashláintíochta Uimh. 15 go mbeidh ábhar pacáistithe adhmaid á mharcáil le marc sonrach, a bheidh á sholáthar ag oibreoirí gairmiúla a bheidh údaraithe agus maoirsithe go cuí. Ba cheart go sonrófaí sa Rialachán seo samhail agus inneachair an mhairc sin agus údarú agus maoirseacht na n‑oibreoirí gairmiúla i gcríoch an Aontais a mbeidh an marc sin á bhronnadh acu.

(51)     Sa chás go n‑éilíonn tríú tír gur cheart plandaí, táirgí plandaí nó réada eile faoi seach a aistriú ó chríoch an Aontais go tríú tír a bhfuil deimhniú fíteashláintíochta aici le haghaidh onnmhairithe nó athonnmhairithe. Maidir le forálacha ábhartha IPPC, ba cheart gurb iad na húdaráis inniúla a d'eiseodh na deimhnithe seo, agus go mbeadh meas á léiriú acu ar inneachar na ndeimhnithe samhla le haghaidh onnmhairithe agus athonnmhairithe mar atá leagtha síos ag IPPC.

(52)     Sa chás go mbogtar planda, táirge planda nó réad eile trí níos mó ná Ballstát amháin sula ndéantar é a onnmhairiú chuig tríú tír, is den tábhachtach é go malartaíonn an Ballstát inar táirgeadh nó inar próiseáladh na plandaí, an táirge plandaí nó réada eile leis an mBallstát atá freagrach as an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairithe a eisiúint. Baineann tábhacht leis an malartú faisnéise seo d'fhonn fianú ar chomhlíonadh le ceanglais na tríú tír a éascú. Dá réir sin, ba cheart 'deimhniú réamhonnmhairithe' comhchuibhithe a bhunú d’fhonn malartú aonfhoirmeach na faisnéise sin a áirithiú.

(53)     Ba cheart don Choimisiún córas leictreonach a bhunú do na fógraí a theastaíonn de réir an Rialacháin seo.

(54)     D’fhonn a áirithiú go bhfuil na heisceachtaí do lotnaidí coraintín an Aontais a úsáidtear chun críche eolaíochta, trialacha, roghanna cineáil, síolrú nó taispeántais in úsáid ar bhealach nach gcruthaíonn riosca fíteashláintíochta do chríoch an Aontais nó aon chuid de, ba cheart go mbeadh an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i ndáil le rialacha a bhaineann le malartú faisnéise idir Ballstáit agus an Coimisiún chomh fada is a bhaineann le tabhairt isteach agus gluaiseacht na lotnaidí i gceist, na measúnuithe agus an t‑údarú faoi seach, agus faireachán ar chomhlíonadh, an ghníomhaíocht i gcás neamhchomhlíonta agus fógra a thabhairt i dtaobh sin.

(55)     D’fhonn a áirithiú gur ann do chóras éifeachtach fógra, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i ndáil le rialacha a bhaineann le hoibleagáidí fógra a thabhairt a bhaineann le láithreacht amhrasta lotnaidí coraintín áirithe an Aontais nach bhfuil deimhnithe go hoifigiúil fós.

(56)     D’fhonn cuntas a dhéanamh de na forbairtí teicniúla agus eolaíochta a bhaineann le suirbhéanna ar láithreacht lotnaidí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na rialacha a bhaineann leis na heilimintí atá le clúdach sna cláir ilbhliantúla suirbhé a leasú nó a fhorlíonadh.

(57)     D’fhonn feidhmiú éifeachtach na gcleachtaí ionsamhalta a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bhaineann le gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na rialacha ina sonraítear minicíochtaí, inneachar, formáid agus forálacha eile a bhaineann le cleachtaí ionsamhalta.

(58)     D’fhonn a áirithiú go bhfuil criosanna cosanta á mbunú agus ag feidhmiú go hiontaofa, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiúin i ndáil le rialacha maidir le suirbhéanna atá le cur i gcrích agus é mar aidhm leo criosanna cosanta a aithint agus a aimsiú an bhfuil na ceanglais faoi seach á gcomhlíonadh ag na criosanna cosanta.

(59)     D’fhonn cur i bhfeidhm comhréireach agus teoranta na ndíolúintí a bhaineann le gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile chuig nó laistigh de chriosanna teorann, ba cheart an chumhacht a bhaineann le gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i ndáil le rialacha a bhaineann le huasmhéid gluaiseachta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a bhaineann le criosanna teorann tríú tíortha agus criosanna teorann Ballstáit agus na nósanna imeachta a bhaineann le húdarú tabhairt isteach agus gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chriosanna teorann an Bhallstáit.

(60)     D’fhonn riosca fíteashláintíochta le linn aistriú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a sheachaint, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le rialacha ina sonraítear inneachar dearbhaithe a bhaineann le haistriú plandaí, táirgí plandaí nó réad eile trí chríoch an Aontais agus é mar aidhm iad a aistriú chuig tríú tír.

(61)     D’fhonn a áirithiú go bhfuil clár oibreoirí gairmiúla comhréireach leis an gcuspóir a bhaineann le riosca fíteashláintíochta a rialú, ba cheart an chumhacht a bhaineann le gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le rialacha ina sonraítear catagóirí, agus coinníollacha chun oibreoirí gairmiúla a dhíolmhú ón oibleagáid clárú ar chlár.

(62)     D’fhonn inchreideacht dheimhnithe fíteashláintíochta na dtríú tíortha nach páirtithe IPPC iad a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na rialacha forlíontacha do na coinníollacha a bhaineann le glacadh le deimhnithe fíteashláintíochta ó na tríú tíortha sin.

(63)     D'fhonn riosca fíteashláintíochta plandaí, táirgí plandaí nó réad eile a mbogtar laistigh de chríoch an Aontais a laghdú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i ndáil leis na rialacha ina sonraítear an figiúr uasta do mhéideanna beaga de phlandaí, de tháirgí plandaí nó de réada eile áirithe atá le díolmhú ó phasanna plandaí.

(64)     D’fhonn iontaofacht scrúduithe plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a chuirtear i gcrích maidir le heisiúint pasanna plandaí a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i ndáil leis na rialacha a bhaineann le scrúdú amhairc, sampláil agus tástáil agus úsáid scéimeanna deimhnithe.

(65)     D’fhonn inchreidteacht pasanna plandaí a fheabhsú, ba cheart an chumhacht a bhaineann le gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i ndáil le rialacha ina sonraítear na ceanglais cháilíochta atá le comhlíonadh ag oibreoirí gairmiúla d’fhonn iad a údarú chun pasanna plandaí a eisiúint.

(66)     D’fhonn scóip agus fónamh an phlean bainistíochta riosca fíteashláintíochta a fheabhsú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i ndáil leis na rialacha a bhfuil sé mar aidhm leo eilimintí atá clúdaithe faoin bplean sin a fhorlíonadh nó a leasú.

(67)     D’fhonn cuntas a dhéanamh d’fhorbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i ndáil le rialacha a bhaineann le fianuithe do thráchtearraí de chineál sonrach, seachas ábhar pacáistithe adhmaid, a d’éileodh fianú sonrach ar chomhlíonadh a chur i bhfeidhm de réir rialacha an Rialacháin seo.

(68)     D’fhonn úsáideacht agus iontaofacht fianuithe oifigiúla agus deimhnithe réamhonnmhairithe a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún maidir le rialacha ina sonraítear inneachar fianuithe oifigiúla, údarú agus maoirseacht oibreoirí gairmiúla a bhfuil na fianuithe sin á n‑eisiúint acu, agus inneachar an deimhnithe réamhonnmhairithe.

(69)     D’fhonn oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíochta, agus d’fhonn oiriúnú do chinneadh ón gComhairle Eorpach de bhun Airteagal 355(6) CFAE, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i ndáil le rialacha atá mar bhonn le hIarscríbhinní an Rialacháin seo a leasú.

(70)     Is den tábhacht é go gcuireann an Coimisiún na comhairliúcháin chuí i gcrích le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal saineolaí. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(71)     D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i ndáil le liosta lotnaidí coraintín an Aontais a bhunú, ba cheart liosta lotnaidí tosaíochta a bhunú, bearta a shonrú i gcoinne lotnaidí  coraintín sonracha de chuid an Aontais, bearta a ghlacadh do thréimhse ama teoranta i ndáil leis na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann le lotnaidí atá cáilithe go sealadach mar lotnaidí coraintín an Aontais, criosanna cosanta a aithint atá aitheanta sa chéad fhomhír d’Airteagal 2(1)(h) de Threoir 2000/29/CE ina mbunaítear liosta de lotnaidí coraintín faoi seach na gcriosanna cosanta, criosanna cosanta a leasú nó a chúlghairm, liosta na gcriosanna cosanta a leasú, lotnaidí cáilíochta an Aontais agus na plandaí plandaithe ábhartha a liostú, na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile a bhfuil toirmeasc le cur ar a dtabhairt isteach, agus ar a ngluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais a liostú, agus na tríú tíortha i gceist, na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile a liostú, agus na ceanglais a bhaineann lena dtabhairt isteach agus gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, sonrú ceanglas comhionann tríú tíortha i ndáil leis na ceanglais ghluaiseachta laistigh de chríoch an Aontais do phlandaí, táirgí plandaí nó réada eile, coinníollacha nó bearta sonracha a shonrú do thabhairt isteach plandaí áirithe, táirgí plandaí agus réad eile chuig criosanna teorann Ballstát, bearta sealadacha a ghlacadh a bhaineann le tabhairt isteach agus gluaiseacht plandaí plandaithe ó thríú tíortha laistigh de chríoch an Aontais, liostú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, a bhfuil toirmeasc le cur ar a dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe agus ar a ngluaiseacht laistigh díobh, ceanglais a liostú do thabhairt isteach, agus gluaiseacht laistigh de, criosanna cosanta áirithe plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, liostú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, agus na tríú tíortha bunaidh nó seolta faoi seach, lena dteastaíonn deimhniú fíteashláintíochta chun iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, liostú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, agus na tríú tíortha bunaidh nó seolta faoi seach, lena dteastaíonn deimhniú fíteashláintíochta dá dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe ó na tríú tíortha sin, liostú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, lena dteastaíonn pas plandaí dá ngluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, liostú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, lena dteastaíonn pas plandaí chun iad a thabhairt isteach i gcriosanna cosanta ar leith, agus formáid an phas plandaí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún. Ba cheart na cumhachtaí seo a fheidhmiú de réir Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 ina sonraítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí rialaithe Ballstát ar chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[16].

(72)     Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun an liosta tosaigh de lotnaidí coraintín an Aontais a ghlacadh ó tharla nár cheart go mbeadh sa liosta tosaigh sin ach, gan aon athrú, na lotnaidí atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn I de Threoir 2000/29/CE agus Roinn I de Pháirt A d’Iarscríbhinn II den Treoir sin, chun ainm eolaíochta lotnaide a leasú, sa chás go bhfuil bunús le leasú den sórt sin bunaithe ar fhorbairt an eolais eolaíochta, chun an liosta tosaigh de chriosanna cosanta agus de lotnaidí coraintín an chreasa cosanta faoi seach a ghlacadh ó tharla nár cheart go mbeadh sa liosta tosaigh sin ach, gan aon athrú, na criosanna cosanta aitheanta de réir na chéad fhomhíre d’Airteagal 2(1)(h) de Threoir 2000/29/CE agus lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta atá liostaithe i gCuid B d’Iarscríbhinn I agus Cuid B d’Iarscríbhinn II de Threoir 2000/29/CE, chun criosanna cosanta a leasú agus a chúlghairm, chun an liosta tosaigh de lotnaidí cáilíochta an Aontais a ghlacadh ó tharla nár cheart go mbeadh sa liosta tosaigh sin ach, gan aon athrú, na lotnaidí atá liostaithe i dTreoracha áirithe maidir le táirgeadh agus margaíocht síolta agus ábhar iomadaithe, chun an liosta tosaigh de na plandaí, de na táirgí plandaí agus de na réada eile a ghlacadh a bhfuil toirmeasc ar a dtabhairt isteach agus ar a ngluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais ó tharla nár cheart go mbeadh sa liosta tosaigh sin ach, gan aon athrú, na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile, agus na toirmisc agus na tríú tíortha i gceist, mar atá sonraithe i bPáirt A d’Iarscríbhinn III de Threoir 2000/29/CE, mar aon lena gcóid Ainmníochta Comhcheangailte(CN), chun an liosta tosaigh de na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile  a ghlacadh a mbeidh a dtabhairt isteach agus a ngluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais faoi réir ceanglas speisialta ó tharla nár cheart go mbeadh sa liosta tosaigh sin ach, gan aon athrú, na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile, agus na ceanglais agus na tríú tíortha i gceist, mar atá sonraithe i gCuid A d’Iarscríbhinn IV de Threoir 2000/29/CE, mar aon lena gcóid Ainmníochta Comhcheangailte (CN), chun an liosta tosaigh de na plandaí, de na táirgí plandaí agus de na réada eile a ghlacadh a mbeidh a dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe faoi réir ceanglas speisialta ó tharla nár cheart go mbeadh sa liosta tosaigh sin ach, gan aon athrú, na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile, agus na toirmisc agus na tríú tíortha i gceist, mar atá sonraithe i gCuid B d’Iarscríbhinn III de Threoir 2000/29/CE, mar aon lena gcóid Ainmníochta Comhcheangailte (CN), hcun an liosta tosaigh de na plandaí, de na táirgí plandaí agus de na réada eile a ghlacadh a mbeidh a dtabhairt isteach chuig, agus a ngluaiseacht laistigh de chriosanna cosanta áirithe faoi réir ceanglas speisialta ó tharla nár cheart go mbeadh sa liosta tosaigh sin ach, gan aon athrú, na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile, agus na ceanglais, mar atá sonraithe i gCuid B d’Iarscríbhinn IV de Threoir 2000/29/CE, mar aon lena gcóid Ainmníochta Comhcheangailte (CN), chun an liosta de na plandaí, de na táirgí plandaí agus de na réada eile, agus de na tríú tíortha bunaidh nó seolta faoi seach, a ghlacadh lena bhfuil deimhniú fíteashláintíochta ag teastáil lena dtabhairt isteach chuig críoch an Aontais, ó tharla nár cheart go mbeadh sa liosta tosaigh sin ach, gan aon athrú, na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile atá liostaithe i bPointe I de Chuid B d’Iarscríbhinn V de Threoir 2000/29/CE, chun an liosta tosaigh de na plandaí, de na táirgí plandaí agus de na réada eile, agus na tríú tíortha bunaidh nó seolta faoi seach, a ghlacadh lena bhfuil deimhniú fíteashláintíochta ag teastáil lena dtabhairt isteach chuig criosanna cosanta, ó tharla nár cheart go mbeadh sa liosta tosaigh sin ach, gan aon athrú, na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile atá liostaithe i bPointe II de Chuid B d’Iarscríbhinn V de Threoir 2000/29/CE, chun an liosta tosaigh de na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile, a ghlacadh lena bhfuil pas plandaí ag teastáil dá ngluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, ó tharla nár cheart go mbeadh sa liosta tosaigh sin ach, gan aon athrú, na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile liostaithe i bPointe I de Chuid A d’Iarscríbhinn V de Threoir 2000/29/CE, agus chun an liosta tosaigh de na plandaí, de na táirgí plandaí agus de na réada eile, a ghlacadh lena bhfuil pas plandaí ag teastáil lena dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe, ó tharla nár cheart go mbeadh sa liosta tosaigh sin ach, gan aon athrú, na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile liostaithe i bPointe II de Chuid A d’Iarscríbhinn V de Threoir 2000/29/CE.

(73)     Sonraítear i dTreoir 74/647/CEE ón gComhairle an 9 Nollaig 1974 ar rialú rolladh duille choróineach[17] agus Treoir 69/466/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1969 ar rialú Scála San José[18] bearta maidir le rialú lotnaidí faoi seach. I ndiaidh theacht i bhfeidhm na dTreoracha seo, d’fhéadfadh go mbeadh na lotnaidí i gceist leata go fairsing ar fud chríoch an Aontais, rud a chiallódh nach mbeadh sé indéanta iad a shrianadh níos mó. Ba cheart na Rialacháin sin a aisghairm dá réir.

(74)     Ba cheart Treoir 69/464/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1969 ar rialú Galar Fadharcáin Prátaí[19], Treoir 93/85/CEE ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 1993 ar rialú Lobhadh Fáinneach Prátaí[20], Treoir 98/57/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 ar rialú Ralstonia solanacearum (Smith) Yabuuchi et al.[21] agus Treoir 2007/33/CE ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 ar rialú néimeatóidí cist práta agus Treoir aisghairme 69/465/CE[22] a aisghairm, de bhrí gur cheart bearta nua a ghlacadh maidir leis na lotnaidí i gceist de réir fhorálacha an Rialacháin seo. I bhfianaise an ama agus na n‑acmhainní a theastaíonn chun na bearta nua sin a ghlacadh, ba cheart na gníomhartha sin a aisghairm faoi 2021.

(75)     Sonraítear i Rialachán (AE) Uimh. …/2013 an ……[23] [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir agus teideal an Rialacháin lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar iomadaithe plandaí, agus san fhonóta, cuir tagairt don Iris Oifigiúil] go bhfuil deontais do bhearta i gcoinne lotnaidí le baint le lotnaidí áirithe liostaithe sna hIarscríbhinní le Treoir 2000/29/CE, agus nach bhfuil lotnaidí áirithe liostaithe sna hIarscríbhinní sin ach go bhfuil siad faoi réir beart sealadach an Aontais atá glactha ina leith. Is é an Rialachán seo a bhunaíonn catagóir na lotnaidí tosaíochta. Tá sé oiriúnach go mbeadh bearta áirithe curtha i gcrích ag na Ballstáit i ndáil le lotnaidí tosaíochta incháilithe do dheontais an Aontais, lena n‑áirítear cúiteamh íoctha le hoibreoirí gairmiúla i ndáil le luach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, faoi réir scriosta de bhun na mbeart díothaithe atá sonraithe sa Rialachán seo. Dá réir sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. XXX/2013 a leasú.

(76)     Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh i ndáil le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, a chomhlíonadh agus, dá réir sin, de bhun a éifeachtachta, castacht, carachtar thrasteorann agus idirnáisiúnta, go bhféadfaí é a bhaint amach níos fearr ag leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, de réir phrionsabal na coimhdeachta mar atá sonraithe in Airteagal 5 de Chonradh an Aontais Eorpaigh. De réir phrionsabal na comhréireachta, mar atá sonraithe san Airteagal sin, ní sháraíonn an Rialachán seo a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(77)     I gcás fiontar beaga agus meánmhéide, ní chruthaíonn an Rialachán seo ualach riaracháin nó tionchar eacnamaíoch díréireach. Faoin Rialachán seo, bunaithe ar chomhairliúchán le páirtithe leasmhara, tá staid speisialta na bhfiontar beaga agus meánmhéide curtha san áireamh áit ar féidir. Níl díolúine uilíoch ionchasach do mhicrifhiontair, arb ionann iad agus formhór na gcuideachtaí, curtha san áireamh, i bhfianaise cuspóir(í) beartas poiblí a bhfuil sé mar aidhm leo sláinte plandaí a chosaint.

(78)     Léiríonn an Rialachán seo meas ar IPPC, an Comhaontú ar Chur i bhFeidhm Beart Sláintíochta agus Fíteashláintíochta (Comhaontú SPS) agus na treoirlínte sonraithe ina leith.

(79)     Léiríonn an Rialachán seo meas ar chearta bunúsacha agus tugann sé aird freisin ar na prionsabail aitheanta go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh mar aon le meas ar shaol príobháideach agus teaghlaigh, an ceart chun maoine, cosaint sonraí pearsanta, saoirse gnó a reáchtáil agus saoirse ealaíne agus eolaíochta. Ba cheart do na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm de réir na gceart agus na bprionsabal sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

1.           Leagann an Rialachán seo síos rialacha chun na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann le speiceas, cineál nó bitíopa ar bith de ghníomhaithe pataigineacha, ainmhithe nó plandaí seadánacha atá díobhálach do phlandaí nó do tháirgí planda (“lotnaidí” anseo feasta) agus bearta chun na rioscaí sin a laghdú go leibhéal inghlactha a chinneadh.

2.           Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart tagairtí do thríú tíortha a léamh mar thagairtí do thríú tíortha agus do na críocha atá liostaithe in Iarscríbhinn I.

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart tagairtí do chríoch an Aontais a léamh mar thagairtí do chríoch an Aontais, lasmuigh de na críocha atá liostaithe in Iarscríbhinn I.

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 98, ag leasú Iarscríbhinn I chun a áirithiú nach bhfuil raon feidhme an Rialacháin seo teoranta don chuid Eorpach de chríoch an Aontais. Mar cheachtar acu seo a leanas a bheidh an leasú sin:

(a) ceann amháin nó níos mó de na críocha dá dtagraítear in Airteagal 355(1) den Chonradh á gcur le hIarscríbhinn I;

(b) ceann amháin nó níos mó de na críocha dá dtagraítear in Airteagal 355(2) den Chonradh á mbaint ó Iarscríbhinn I.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm leis na sainmhínithe seo a leanas:

(1)          ciallaíonn 'plandaí' plandaí beo agus na codanna beo seo a leanas de phlandaí:

(a) síolta, sa ghnáthchiall luibheolaíoch, seachas iad sin nach bhfuil ceaptha le haghaidh plandú;

(b) torthaí, sa ghnáthchiall luibheolaíoch;

(c) glasraí;

(d) tiúbair, cormáin, bleibeanna, riosóim, fréamhacha, fréamhstoic, stólain;

(e) buinneoga, gais, reathairí;

(f) bláthanna gearrtha;

(g) géaga le duilliúr;

(h) crainn ghearrtha ar a bhfuil duilliúr;

(i) duilleoga, duilliúr;

(j) cultúir fíochán planda, lena n‑áirítear cultúir ceall, geirmphlasma, míristéamaí, clóin chiméaracha, agus ábhar micrafhorleata;

(k) pailin bheo;

(l) bachlóga, adhmad bachlóg, gearrthaí, beangáin;

(2)          ciallaíonn ‘táirgí plandaí’ táirgí de bhunús planda nach bhfuil próiseáilte nó nach bhfuil ach ullmhú bunúsach déanta orthu, sa mhéid is nach plandaí iad.

Ach amháin nuair a dhéantar foráil do chás eile, glacfar le hadhmad mar ‘tháirge plandaí’ san aon chás nach bhfuil próiseáil déanta air a dhíothaíonn na rioscaí fíteashláintíochta, agus má chloíonn sé le ceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:

(a) coinníonn sé iomlán nó Cuid dá dhromchla nádúrtha cruinn, ar a bhfuil nó nach bhfuil coirt;

(b) níl a dhromchla nádúrtha cruinn coinnithe aige mar gheall ar shábhadh, gearradh nó scoilteadh;

(c) tá sé i bhfoirm sliseanna, cáithníní, min sáibh, dramhaíl adhmaid, scamhacháin nó fuílleach agus nach bhfuil próiseáil déanta air a chuimsigh úsáid gliú, teasa nó brú nó comhcheangal díobh sin chun millíní, brícíní, sraithadhmad nó clár sliseog a chruthú;

(d) tá sé á úsáid, nó beartaithe le húsáid, mar ábhar pacáistíochta nó ‘dunnage’, bíodh nó ná bíodh sé in úsáid le haghaidh iompar earraí i ndáiríre;

(3)          ciallaíonn ‘plandaí le haghaidh plandú’ plandaí ar féidir leo plandaí iomlána a chruthú agus atá beartaithe lena aghaidh sin, agus atá beartaithe le plandú, nó le hathphlandú, nó le fanacht plandaithe;

(4)          ciallaíonn ‘réada eile’ aon ábhar nó réad eile, seachas plandaí nó táirgí plandaí atá in ann lotnaidí a iompar nó a scaipeadh, lena n‑áirítear ithir nó meán fáis;

(5)          is ionann ‘údarás inniúil’ agus údarás inniúil mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(5) den Rialacháin (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin ar Rialuithe Oifigiúla];

(6)          ciallaíonn ‘luchtóg’ líon aonad tráchtearra aonair is féidir a shainaithint le haghaidh cuspóirí fíteashláintíochta de réir aonchineálacht a chomhdhéanaimh agus a bhunúis, agus é mar chuid de choinsíneacht;

(7)          is ionann ‘oibreoir gairmiúil’ agus duine ar bith, bíodh sé/sí rialaithe ag dlí poiblí nó príobháideach, atá páirteach go gairmiúil i gceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a bhaineann le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile:

(a) plandú;

(b) fás;

(c) táirgeadh;

(d) tabhairt isteach i gcríoch an Aontais, agus gluaisteacht taobh istigh di agus amach uaithi

(e) cur ar fáil ar an margadh;

(8)          is ionann ‘úsáideoir deiridh’ agus duine ar bith atá ag feidhmiú le haghaidh cuspóirí atá taobh amuigh dá thrádáil, gnó nó gairm, agus a fhaigheann plandaí nó táirgí plandaí dá úsáid phearsanta féin;

(9)          is ionann ‘tástáil’ agus scrúdú oifigiúil, seachas scrúdú amhairc, le cinneadh an bhfuil lotnaidí i láthair nó chun lotnaidí a shainaithint;

(10)        is ionann ‘cóireáil’ agus nós imeachta chun lotnaidí a mharú, a dhíghníomhachtú nó a bhaint, nó chun na lotnaidí sin a dhéanamh neamhthorthúil nó iad a laghdú.

Caibidil II Lotnaidí coraintín

Cuid 1 LOTNAIDÍ CORAINTÍN

Airteagal 3 Sainiú lotnaidí coraintín

Déanfar tagairt do lotnaid mar ‘lotnaid choraintín’ maidir le críoch shainithe, má chomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) bunaítear a haitheantas, laistigh de bhrí phointe (1) de Roinn 1 d’ Iarscríbhinn II;

(b) níl sí i láthair sa chríoch sin, de réir bhrí phointe (2)(a) de Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, nó má tá sí ann, nach bhfuil sí dáilte ach ar bhonn teoranta laistigh den chríoch sin, de réir bhrí phointí (2)(b) agus (c) de Roinn 1 d’Iarscríbhinn II;

(c) má tá ar a cumas dul isteach sa chríoch sin, a láithreacht sa chríoch sin a mhéadú amach anseo tar éis dul isteach ann (anseo feasta: 'bunú') agus scaipeadh laistigh den chríoch sin, nó má tá sí ann, na codanna sin ina bhfuil sí dáilte ar bhonn teoranta, i gcomhréir le pointe (3) de Roinn 1 d’Iarscríbhinn II;

(d) go mbeadh tionchar doghlactha eacnamaíoch, ar bhonn comhshaoil nó sóisialta don chríoch sin ag a hiontráil, bunú agus scaipeadh, nó, má tá sí ann, na codanna sin áit ina bhfuil sí dáilte ar bhonn teoranta, de réir bhrí phointe (4) de Roinn 1 d’Iarscríbhinn II; agus

(e) tá bearta féideartha agus éifeachtacha ar fáil chun bac a chur le teacht isteach, bunú nó scaipeadh na lotnaide sin sa chríoch sin, agus a rioscaí agus a tionchair fíteashláintíochta a mhaolú.

Cuid 2 Lotnaidí coraintín an Aontais

Airteagal 4 Sainiú lotnaidí coraintín an Aontais

Déanfar tagairt do lotnaid choraintín mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais más é an críoch shainithe dá dtagraítear i bhfocail thosaigh Airteagal 3 críoch an Aontais agus go bhfuil sí san áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

Airteagal 5 Toirmeasc ar thabhairt isteach agus ar ghluaiseacht lotnaidí coraintín an Aontais

1.           Ní thabharfar lotnaid choraintín de chuid an Aontais isteach, nó ní bhogfar í laistigh de chríoch an Aontais.

Ní ghlacfar gníomh ar bith d’aon ghnó a d’fhéadfadh cur le lotnaid coraintín de chuid an Aontais a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, a bhunú nó a scaipeadh inti.

2.           Bunóidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, liosta lotnaidí a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(b), (c) agus (d) maidir le críoch an Aontais, dá dtagraítear mar ‘liosta lotnaidí coraintín an Aontais’.

Cuimseoidh an liosta sin na lotnaidí atá san áireamh i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2000/29/CE, agus Roinn I de Chuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin.

Marcálfar lotnaidí atá dúchasach in aon chuid de chríoch an Aontais, bídís ann go nádúrtha nó toisc gur tugadh isteach iad ó áit lasmuigh de chríoch an Aontais, sa liosta sin mar lotnaidí ar eol dúinn iad a bheith i gcríoch an Aontais.

Marcálfar lotnaidí nach bhfuil dúchasach i aon chuid de chríoch an Aontais sa liosta sin mar lotnaidí nach eol dúinn a bheith i gcríoch an Aontais.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 99(2).

3.           Cuirfidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm, i gcás go léiríonn measúnú go gcomhlíonann lotnaid nach bhfuil liostaithe sa ghníomh sin na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(b), (c) agus (d) maidir le críoch an Aontais, nó nach gcomhlíonann lotnaid atá liostaithe sa ghníomh sin ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha sin níos mó. Sa chéad chás, cuirfear an lotnaid atá i gceist leis an liosta dá dtagraítear i mír 2, agus sa dara cás, bainfear an lotnaid atá i gceist den liosta sin.

Cuirfidh an Coimisiún an measúnú sin ar fáil do na Ballstáit.

Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme ag leasú an ghnímh chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 i gcomhréir leis an nós imeacht scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 99(3). Beidh an nós imeachta céanna i gceist maidir le haisghairm nó athsholáthar an ghnímh chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2.

4.           Leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, trí ainm eolaíoch lotnaide a leasú, sa chás go bhfuil bonn cirt le leasú den sórt sin de bharr forbairt an eolais eolaíoch.

Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 99(2).

Airteagal 6 Lotnaidí tosaíochta

1.           Is ‘lotnaid tosaíochta’ í lotnaid choraintín de chuid an Aontais má chomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) comhlíonann sí an coinníoll atá leagtha amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) de phointe (2) de Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, maidir le críoch an Aontais;

(b) tá a tionchar féideartha eacnamaíoch, comhshaoil nó sóisialta níos tromchúisí do chríoch an Aontais, mar atá leagtha amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II;

(c) tá sí liostaithe i gcomhréir le mír 2.

2.           Trí ghníomh cur chun feidhme, bunóidh agus leasóidh an Coimisiún liosta de lotnaidí tosaíochta, anseo feasta: 'liosta lotnaidí tosaíochta'.

Sa chás go léiríonn torthaí measúnaithe go gcomhlíonann lotnaid choraintín de chuid an Aontais na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, nó nach gcomhlíonann lotnaid ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha sin a thuilleadh, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhormhír tríd an lotnaid atá i gceist a chur leis an liostasin  nó trí í a bhaint de.

Cuirfidh an Coimisiún an measúnú sin ar fáil do na Ballstáit.

Ní sháróidh líon na lotnaidí tosaíochta 10 % de líon lotnaidí coraintín an Aontais atá liostaithe de bhun Airteagal 5(2) agus (3). I gcás go bhfuil líon na lotnaidí tosaíochta tar éis dul os cionn 10 % de líon lotnaidí coraintín an Aontais atá liostaithe de bhun Airteagal 5(2) agus (3), leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí líon na lotnaidí a athrú ar an liosta sin dá réir, ar bhonn an tionchair fhéideartha, eacnamaíoch, timpeallachta nó shóisialta a bhainfeadh leo, mar atá leagtha amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II.

Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

Ar bhonn cirt práinne cuí ordaitheach a bhainfeadh le riosca tromchúiseach fíteashláintíochta, glacfaidh an Coimisiún le gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme gan mhoill, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 99(4), ina liostaítear lotnaidí coraintín an Aontais mar lotnaidí tosaíochta.

Airteagal 7 Leasú ar Roinn 1 agus Roinn 2 de Iarscríbhinn II

1.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 98 a leasaíonn Roinn 1 d’Iarscríbhinn II ar chritéir chun lotnaidí a shainaithint a cháilíonn mar lotnaid choraintín, maidir le haitheantas na lotnaide, a láithreacht, a cumas iontrála, bunaithe agus scaipthe agus an tionchar féideartha eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, agus forbairtí an eolais theicniúil agus eolaíoch á chur san áireamh.

2.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadhi gcomhréir le hAirteagal 98 a leasaíonn Roinn 2 d’Iarscríbhinn II ar chritéir chun lotnaidí coraintín an Aontais a shainaithint a cháilíonn mar lotnaid tosaíochta, maidir leis an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a d'fhéadfadh a bheith acu, agus forbairtí an eolais theicniúil agus eolaíoch á gcur san áireamh.

Airteagal 8 Lotnaidí coraintín an Aontais á n‑úsáid chun críocha eolaíochta, trialacha, roghanna cineáil, síolrú nó taispeántais

1.           De mhaolú ar Airteagal 5(1), féadfaidh Ballstáit ar iarratas, tabhairt isteach agus gluaiseacht lotnaidí coraintín an Aontais a údarú laistigh dá gcríoch le haghaidh úsáide chun críocha eolaíochta, trialacha, roghanna cineáil, síolrú nó taispeántais, má chomhlíontar na ceanglais seo a leanas ar fad:

(a) ní bhunaíonn nó ní scaipeann tabhairt isteach, gluaiseacht agus úsáid na lotnaide atá i gceist an lotnaid sin laistigh de chríoch an Aontais má chuirtear srianta imleora i bhfeidhm;

(b) tá na háiseanna stórála ina gcoinneofar an lotnaid agus na stáisiúin choraintín, dá dtagraítear in Airteagal 56, áit ina úsáidfear an lotnaid sin ina n‑áiseanna cuí;

(c) tá na cáilíochtaí eolaíocha agus teicniúla atá ag an bpearsanra a bheidh ag déanamh na gníomhaíochta i ndáil leis an lotnaid sin, ina gcáilíochtaí cuí.

2.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú ar riosca bunaithe agus scaipthe na lotnaide atá i gceist, dá dtagraítear i mír 1(a), agus aitheantas, bitheolaíocht agus modhanna scaipthe na lotnaide, an ghníomhaíocht atá beartaithe, an idirghníomhaíocht leis an timpeallacht agus fachtóirí bainteacha eile a bhaineann le riosca na lotnaide sin á gcur san áireamh.

Déanfaidh sé measúnú ar na háiseanna stórála ina gcoinneofar an lotnaid sin, dá dtagraítear i mír 1(b) agus cáilíochtaí eolaíocha agus teicniúla an phearsanra a dhéanfaidh an ghníomhaíocht a bhainfidh leis an lotnaid, dá dtagraítear i mír 1(c).

Ar bhonn an mheasúnaithe seo, údaróidh an t‑údarás inniúil tabhairt isteach na lotnaide i gcríoch an Aontais, nó gluaiseacht na lotnaide laistigh di, má chomhlíontar na ceanglais atá leagtha amach i mír 1.

3.           Má bhronntar údarú, cuimseofar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) coimeádfar an lotnaid in áiseanna stórála a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith cuí agus dá dtagraítear san údarú;

(b) déanfar an ghníomhaíocht a bhainfidh leis an lotnaid i stáisiún coraintín atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 56 ag an údarás inniúil agus dá dtagraítear san údarú;

(c) beidh an ghníomhaíocht a bhainfidh leis an lotnaid déanta ag pearsanra a mheasfaidh an t‑údarás inniúil a bheith cáilithe go cuí go heolaíoch agus go teicniúil, agus dá dtagraítear san údarú;

(d) beidh an t‑údarú in éineacht leis an lotnaid nuair a thugtar isteach í nó nuair a bhogtar laistigh de chríoch an Aontais í.

4.           Beidh an t‑údarú faoi theorainn an mhéid atá imleor le haghaidh na gníomhaíochta atá i gceist agus ní sháróidh sé toilleadh an stáisiúin choraintín ainmnithe.

Cuimseoidh sé na srianta atá riachtanach chun maolú imleor a dhéanamh ar riosca bunaithe agus scaipthe lotnaide coraintín an Aontais atá i gceist.

5.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil faireachán ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3 agus an teorainn/srianta dá dtagraítear i mír 4, agus déanfaidh sé an gníomh riachtanach i gcásanna nach gcloítear leis na coinníollacha, an teorainn, nó na srianta sin. Nuair is cuí, is é an gníomh a bheidh i gceist ná aisghairm an údaraithe dá dtagraítear i mír 1.

6.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 98, ina leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le:

(e) malartú eolais idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le tabhairt isteach na lotnaidí i gceist i gcríoch an Aontais, agus maidir lena ngluaiseacht laistigh di;

(f) an measúnú agus an t‑údarú a dá dtagraítear i mír 2; agus

(g) faireachán ar chomhlíonadh, an gníomh i gcás nach ndéantar é agus fógra faoi sin, dá dtagraítear i mír 5.

Airteagal 9 Fógra um lotnaidí coraintín an Aontais do na húdaráis inniúla

1.           Má thugann duine ar bith faoi deara go bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais i láthair, nó má tá cúis amhrais acu i leith láithreacht den sórt sin, cuirfidh an té sin an t‑údarás inniúil ar an eolas i scríbhinn laistigh de dheich lá féilire.

2.           Má iarrann an t‑údarás inniúil é, soláthróidh an té dá dtagraítear i mír 1 an t‑eolas atá aige/aici maidir leis an láithreacht sin don údarás.

Airteagal 10 Bearta i gcás amhras i leith láithreacht lotnaide coraintín an Aontais

Má tá amhras ar údarás inniúil go bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais i gCuid de chríoch an Bhallstáit atá i gceist, i gcás nach raibh an lotnaid sin ann cheana de réir an eolais atá ar fáil, déanfaidh sé bearta riachtanacha ar bith gan mhoill le deimhniú go hoifigiúil cibé an bhfuil nó nach bhfuil an lotnaid sin ann.

Airteagal 11 Fógra um lotnaidí coraintín an Aontais don Choimisiún agus do na Ballstáit eile

1.           Tabharfaidh Ballstát fógra, tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 97, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile má chomhlíontar ceann amháin de na pointí seo a leanas:

(a) tá diagnóis faighte ag a údarás inniúil ó shaotharlann oifigiúil, dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin ar Rialuithe Oifigiúla], ag deimhniú (anseo feasta: 'deimhnithe go hoifigiúil') go bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais i láthair ina chríoch nach eol a bheith i láthair sa Bhallstát sin;

(b) tá a údarás inniúil tar éis a dheimhniú go hoifigiúil go bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais ina chríoch má aimsítear an lotnaid sin a bheith i gCuid dá chríoch sa chás nach raibh sí ann roimhe sin;

(c) tá a údarás inniúil tar éis a dheimhniú go hoifigiúil go bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais i láthair ina chríoch i gcoinsíneacht plandaí, táirgí plandaí nó réad eile a tugadh isteach, a bhí beartaithe le tabhairt tugtha isteach, nó bogtha laistigh de chríoch an Aontais.

2.           Seolfar na fógraí dá dtagraítear i mír 1 laistigh de thrí lá oibre tar éis dháta an deimhnithe oifigiúil ón údarás inniúil faoi láithreacht lotnaide coraintín an Aontais faoi seach.

3.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 98, ag leagan amach gur chóir go mbainfeadh na hoibleagáidí fógra a thabhairt dá dtagraítear i mír 1 le láithreacht mheasta lotnaidí coraintín an Aontais ar leith nach bhfuil deimhnithe go hoifigiúil go fóill freisin. D’fhéadfadh na gníomhartha tarmligthe sin an teorainn ama ina ndéanfar na fógraí sin a chinneadh freisin.

Airteagal 12 Faisnéis ar lotnaidí coraintín an Aontais á soláthar d’oibreoirí gairmiúla ag údaráis inniúla

Sa chás go gcomhlíontar coinníollacha a bhaineann le ceann amháin de phointí Airteagal 11(1), cinnteoidh an t‑údarás inniúil go mbeidh na hoibreoirí gairmiúla a bhféadfadh tionchar a bheith aige sin ar a bplandaí, a dtáirgí plandaí nó réada eile, go gcuirfear ar an eolas iad gan mhoill go bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais úd i láthair ann.

Airteagal 13 Faisnéis ar lotnaidí tosaíochta á soláthar don phobal ag na húdaráis inniúla

Sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le ceann amháin de phointí Airteagal 11(1)(a) nó (b) maidir le lotnaid tosaíochta, cuirfidh an t‑údarás inniúil an pobal ar an eolas faoi na bearta a ghlac agus atá le glacadh ag an údarás inniúil sin, nuair is infheidhme, ag oibreoirí gairmiúla ar leith nó daoine eile.

Airteagal 14 Fógra na ngar-chontúirtí

1.           Sa chás go bhfuil fianaise ag Ballstát go bhfuil gar-chontúirt ann go dtiocfaidh lotnaid choraintín de chuid an Aontais isteach i gcríoch an Aontais nó i gCuid den chríoch sin nach bhfuil sí i láthair ann go fóill, cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i bhfoirm scríbhinn gan mhoill faoin bhfianaise úd.

2.           Cuirfidh oibreoirí gairmiúla na húdaráis inniúla ar an eolas gan mhoill faoi fhianaise ar bith a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le gar-chontúirt, dá dtagraítear i mír 1 maidir le lotnaidí coraintín an Aontais.

Airteagal 15 Bearta le glacadh gan mhoill ag oibreoirí gairmiúla

1.           Sa chás go n‑aimsíonn oibreoir gairmiúil go bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais i láthair i bplandaí, táirgí plandaí nó réada eile faoina smacht, déanfar na bearta fíteashláintíochta riachtanacha ar an bpointe boise, tar éis an t‑údarás inniúil atá i gceist a chur ar an eolas agus dul i mbun comhairle leo, chun an lotnaid sin a dhíothú ó na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile atá i gceist agus ó áitreabh an oibreora, más infheidhme, agus cosc a chur le scaipeadh na lotnaide sin.

Cuirfidh an t‑oibreoir gairmiúil sin na daoine sa tslabhra trádála óna bhfuarthas na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile ar an eolas gan mhoill, tar éis an t‑údarás inniúil atá i gceist a chur ar an eolas agus dul i mbun comhairle leo ina leith.

Cinnteoidh an t‑údarás inniúil sin go n‑aistarraingeoidh an t‑oibreoir gairmiúil sin, pé más iomchuí, na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile ina bhféadfadh an lotnaid sin a bheith ón margadh.

2.           Sa chás go bhfuil na plandaí, na táirgí plandaí nó réada eile dá dtagraítear i mír 1 tar éis imeacht ó smacht an oibreora ghairmiúil atá i gceist, cuirfidh an t‑oibreoir sin an duine sa tslabhra trádála óna bhfuarthas na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile agus lenar soláthraíodh na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile ar an eolas gan mhoill faoi láithreacht na lotnaide, tar éis an t‑údarás inniúil atá i gceist a chur ar an eolas agus dul i mbun comhairle leo ina leith.

3.           Cinnteoidh an t‑údarás inniúil, mas iomchuí, go n‑aistarraingeoidh an t‑oibreoir gairmiúil atá i gceist na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile ina bhféadfadh an lotnaid a bheith, agus sa chás go bhfuil na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile tar éis an t‑úsáideoir deiridh a shroicheadh cheana, go dtógfar ar ais iad ó na húsáideoirí deiridh sin.

4.           Sa chás go bhfuil mír 1 agus 2 i bhfeidhm, soláthróidh an t‑oibreoir gairmiúil atá i gceist an fhaisnéis go léir atá ábhartha don phobal don údarás inniúil atá i gceist. Cuirfidh an t‑údarás sin an pobal ar an eolas i gcásanna go bhfuil gá le gníomhú maidir leis na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile ina bhféadfadh an lotnaid atá i gceist a bheith.

Airteagal 16 Díothú lotnaidí coraintín an Aontais

1.           Sa chás go bhfuil láithreacht lotnaide coraintín de chuid an Aontais deimhnithe go hoifigiúil, déanfaidh an t‑údarás inniúil gach beart riachtanach chun an lotnaid sin a dhíothú sa limistéar atá i gceist agus cosc a chur lena scaipeadh amach ón limistéar sin (anseo feasta: 'díothú'). Glacfar leis na bearta seo i gcomhréir le hIarscríbhinn IV ar bhearta agus prionsabail le haghaidh bainistíocht rioscaí lotnaidí.

2.           Sa chás go bhféadfadh láithreacht lotnaide coraintín an Aontais atá i gceist a bheith bainteach le gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí nó réad eile, imscrúdóidh an t‑údarás inniúil foinse na láithreachta sin agus an seans go bhfuil an lotnaid chéanna tar éis scaipeadh go plandaí, táirgí plandaí nó réada eile breise trí na gluaiseachtaí sin.

3.           Sa chás go mbaineann na bearta dá dtagraítear i mír 1 le tabhairt isteach, nó gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chríoch an Aontais, cuirfidh an Ballstát atá i gceist na bearta sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile gan mhoill.

4.           Ní bheidh áitribh phríobháideacha saoránach díolmhaithe ó na bearta, dá dtagraítear i mír 1 agus ó na himscrúduithe dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 17 Bunú limistéar srianta

1.           Tar éis an deimhnithe oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(a), bunóidh an t‑údarás inniúil limistéar gan mhoill ina ndéanfar na bearta dá dtagraítear san Airteagal (anseo feasta: 'limistéar srianta').

Cuimseoidh an limistéar srianta crios inmhíolaithe, a bhfuil foráil dó i mír 2, agus crios maolánach, a bhfuil forail dó i mír 3.

2.           Cuimseoidh an crios inmhíolaithe:

(a) gach planda arb eol a bheith inmhíolaithe ag an lotnaid atá i gceist;

(b) gach planda a léiríonn comharthaí nó airíonna a thugann inmhíolú féideartha ag an lotnaid sin le fios;

(c) gach planda eile a d’fhéadfadh a bheith inmhíolaithe ag an lotnaid sin mar gheall ar a soghabháltacht i leith na lotnaide sin agus toisc iad a bheith gar do phlandaí inmhíolaithe, nó foinse choiteann táirgthe, má tá sí ar eolas, ina bhfuil plandaí inmhíolaithe nó plandaí a fhástar uathu.

3.           Beidh an crios maolánach in aice leis an gcrios inmhíolaithe agus beidh sé thart timpeall air.

Beidh a mhéid cuí i bhfianaise riosca na lotnaide atá i gceist a bheith ag scaipeadh amach as an gcrios inmhíolaithe go nádúrtha, nó trí ghníomhaíochtaí daoine sa chrios inmhíolaithe agus thart timpeall air, agus cinnfear é i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn IV ar bhearta agus prionsabail le haghaidh bainistíocht rioscaí lotnaidí.

Ach nuair a mhaolaítear riosca ar bith de scaipeadh na lotnaide amach as an gcrios inmhíolaithe go himleor trí bhacainní nádúrtha nó saorga, ní gá crios maolánach a bhunú.

4.           De mhaolú ó mhír 1, nuair a mheasann an t‑údarás inniúil ar an gcéad amharc gur féidir an lotnaid atá i gceist a dhíothú gan mhoill, i bhfianaise nádúr na lotnaide agus an suíomh ar a bhfuarthas í, d’fhéadfadh an t‑údarás inniúil cinneadh a dhéanamh gan limistéar srianta a bhunú.

Sa chás sin, déanfaidh sé suirbhé le cinneadh cibé an bhfuil nó nach bhfuil tuilleadh plandaí nó táirgí plandaí inmhíolaithe. Ar bhonn an tsuirbhé sin, cinnfidh an t‑údarás inniúil cé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá le limistéar srianta a bhunú. Cuirfidh an t‑údarás inniúil atá i gceist an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi chonclúidí an tsuirbhé sin.

5.           I gcás go bhfuil limistéar srianta le bheith leathnaithe isteach i gcríoch Ballstáit eile i gcomhréir le míreanna 2 agus 3, cuirfidh an Ballstát ina bhfuarthas an lotnaid atá i gceist an Ballstát ina leathnófar an limistéar ar an eolas gan mhoill, ar mhaithe le ligean don Bhallstát sin na gníomhartha cuí a dhéanamh, dá dtagraítear i míreanna 1 go dtí 4.

6.           Faoi 31 Márta gach bliain, cuirfidh Ballstáit an Coimisiún agus Ballstáit eile ar an eolas faoi líon agus suíomh na limistéar srianta a bunaíodh, na lotnaidí atá i gceist agus na bearta faoi seach a rinneadh i rith na bliana roimhe seo.

Airteagal 18 Suirbhéanna agus mionathruithe na limistéar srianta, agus ardú na srianta

1.           Déanfaidh údaráis inniúla suirbhé ar bhonn bliantúil ar gach limistéar srianta maidir le forbairt láithreacht na lotnaide atá i gceist.

Déanfar na suirbhéanna sin i gcomhréir leis na forálacha ar shuirbhéanna mar atá leagtha amach in Airteagal 21(1) agus (2).

2.           Sa chás mar thoradh ar shuirbhé bliantúil go n‑aimsíonn údarás inniúil go bhfuil an lotnaid atá i gceist i láthair sa chrios maolánach, cuirfidh an Ballstát an láithreacht sin in iúl gan mhoill don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, trí chur in iúl gur aimsíodh an lotnaid sa chrios maolánach.

3.           Athróidh na húdaráis inniúla teorainneacha criosanna inmhíolaithe, criosanna maolánacha agus limistéar srianta, mas iomchuí, i bhfianaise thorthaí na suirbhéanna dá dtagraítear i mír 1.

4.           Tá cead ag údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh deireadh a chur leis an limistéar srianta agus deireadh a chur leis na bearta díothaithe faoi seach, fad is nach léiríonn na suirbhéanna dá dtagraítear i mír 1 go bhfuil an lotnaid atá i gceist tar éis a bheith aimsithe sa limistéar srianta sin ar feadh tréimhse atá fada go leor.

5.           Nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh ar na hathruithe dá dtagraítear i mír 3 nó deireadh á chur leis an limistéar srianta dá dtagraítear i mír 4, cuirfidh an t‑údarás inniúil bitheolaíocht na lotnaide agus an veicteora atá i gceist, láithreacht plandaí óstacha, na dálaí éicea-aeráide agus an dóchúlacht gur éirigh leis na bearta díothaithe san áireamh ar a laghad.

Airteagal 19 Tuarascálacha ar bhearta glactha i gcomhréir le hAirteagail 16, 17 agus 18

Ullmhóidh na Ballstáit tuarascáil ar na bearta atá déanta i gcomhréir le hAirteagail 16, 17 agus 18.

Sa chás go ndéanann Ballstáit na bearta seo i gceantar atá in aice leis an teorainn le Ballstát eile, seolfar an tuarascáil sin chuig an dara Ballstát sin.

Seolfar an tuarascáil sin ar iarratas chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile.

Airteagal 20 Leasú ar Iarscríbhinn IV

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 98, ag leasú Roinn 1 d’Iarscríbhinn IV ar bhearta chun rioscaí lotnaidí coraintín a bhainistiú maidir leis na bearta atá ann chun inmhíolú plandaí saothraithe agus fiáine a chosc agus a dhíothú, bearta ar dhíriú ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, bearta a dhíríonn ar chonairí eile le haghaidh lotnaidí coraintín, agus ag leasú Roinn 2 den Iarscríbhinn sin ar phrionsabail le haghaidh bainistíocht rioscaí lotnaidí, maidir le prionsabail le haghaidh bainistíocht rioscaí lotnaidí, agus forbairt an eolais theicniúil agus eolaíoch á cur san áireamh.

Airteagal 21 Suirbhéanna ar lotnaidí coraintín an Aontais agus lotnaidí ag cáiliú ar bhonn sealadach mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais

1.           Déanfaidh Ballstáit suirbhéanna, i rith tréimhsí ama ar leith, ag seiceáil láithreacht aon lotnaide coraintín an Aontais, agus comharthaí nó siomptóim aon lotnaide ag cáiliú ar bhonn sealadach mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais, de bhun Roinn 3 d’Iarscríbhinn II, i ngach limistéar nárbh eol an lotnaid sin a bheith ann.

2.           Cuimseoidh na suirbhéanna sin, ar a laghad, scrúdúcháin amhairc á gcur i gcrích ag an údarás inniúil agus mas iomchuí, bailiú samplaí agus tástálacha. Beidh siad bunaithe ar phrionsabail stuama eolaíocha agus theicniúla agus déanfar iad ag amanna cuí maidir le féidearthacht an lotnaid atá i gceist a bhrath.

Cuirfidh na suirbhéanna sin fianaise eolaíoch agus theicniúil san áireamh, chomh maith le faisnéis chuí eile ar bith, maidir le láithreacht na lotnaidí atá i gceist.

3.           Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún agus do Bhallstáit eile faoi 30 Aibreán gach bliain faoi thorthaí na suirbhéanna dá dtagraítear i mír 1, a cuireadh i gcrích i gcaitheamh na bliana roimhe sin.

Airteagal 22 Cláir suirbhéireachta ilbhliantúla agus bailiú na faisnéise

1.           Bunóidh Ballstáit cláir ilbhliantúla a leagfaidh amach ábhair na suirbhéanna atá le cur i gcrích de bhun Airteagal 21. Déanfaidh na cláir sin foráil le haghaidh bailiú agus taifeadadh na fianaise eolaíche agus teicniúla agus faisnéis eile dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 21(2).

Leagfaidh na cláir sin amach na heilimintí seo a leanas: cuspóir sonrach gach suirbhé, a scóip spásúil agus aimseartha, na lotnaidí, plandaí agus tráchtearraí a bhfuiltear ag díriú orthu, an mhodheolaíocht suirbhéanna agus bainistíocht cháilíochta, lena n‑áirítear cur síos ar na nósanna imeachta le haghaidh scrúdú amhairc, sampláil agus tástáil agus an chúis theicniúil atá leis, uainiú, minicíocht, líon na scrúdúcháin sceidealta amhairc, samplaí agus tástálacha, modh taifeadta na faisnéise a bailithe agus a dtuairisciú.

Beidh na cláir ilbhliantúla ar siúl ar feadh tréimhse cúig go seacht mbliana.

2.           Cuirfidh na Ballstáit a gcláir ilbhliantúla suirbhéanna in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile nuair a bunaítear iad.

3.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 98, ag leasú nó ag cur leis na heilimintí le cumhdach ag na cláir ilbhliantúla suirbhéanna, mar atá leagtha amach i mír 1.

Airteagal 23 Suirbhéanna ar lotnaidí tosaíochta

1.           Maidir le gach lotnaid tosaíochta, déanfaidh na Ballstáit suirbhé ar leith ar bhonn bliantúil, mar atá leagtha amach in Airteagal 21(1). Cuimseoidh na suirbhéanna sin líon mór cuí scrúdúcháin amhairc, samplála agus tástálacha, de réir mar is cuí le haghaidh na lotnaidí ábhartha, ar mhaithe lena mbrath tráthúil a áirithiú go hardleibhéal dóchúlachta.

2.           Déanfaidh na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi 30 Aibreán gach bliain faoi thorthaí na suirbhéanna dá dtagraítear i mír 1, a cuireadh i gcrích i gcaitheamh na bliana roimhe sin.

Airteagal 24 Pleananna teagmhasacha le haghaidh lotnaidí tosaíochta

1.           Déanfaidh gach Ballstát plean ar leith a dhréachtú agus a nuashonrú le haghaidh gach lotnaid thosaíochta atá in ann teacht isteach agus bunú ina chríoch, nó i gCuid de, plean ina mbeidh faisnéis maidir leis na próisis, nósanna imeachta agus prótacail chinnteoireachta a leanfar, agus acmhainní a chuirfear ar fáil, má dheimhnítear láithreacht lotnaide nó má cheaptar go bhfuil sí ann, an ‘plean teagmhasach’ anseo feasta.

2.           Áireoidh an plean teagmhasach na nithe seo a leanas:

(a) róil agus freagrachtaí na gcomhlachtaí a bhaineann le cur i gcrích an phlean, má dheimhnítear nó má cheaptar go bhfuil lotnaid tosaíochta i láthair, an slabhra ceannais agus na nósanna imeachta le haghaidh comhordú gníomhartha glactha ag údaráis inniúla, údaráis phoiblí eile, dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla], comhlachtaí tarmligthe nó daoine nádúrtha atá i gceist, dá dtagraítear in Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin ar Rialuithe Oifigiúla], saotharlanna agus oibreoirí gairmiúla, lena n‑áirítear comhordú le Ballstáit chomharsanachta agus tríú tíortha comharsanachta, mas iomchuí;

(b) teacht na n‑údarás inniúil ar áitribh oibreoirí gairmiúla agus daoine nádúrtha, más gá, saotharlanna, trealamh, pearsanra, saineolas agus acmhainní seachtracha a bhfuil gá leo le haghaidh díothú tapa agus éifeachtach, nó mas iomchuí, srianadh na lotnaide tosaíochta atá i gceist;

(c) bearta atá le déanamh maidir le faisnéis an Choimisiúin, na mBallstát eile, na n‑oibreoirí gairmiúla atá i gceist agus an phobail, maidir le láithreacht na lotnaide tosaíochta atá i gceist agus na bearta a ghlacfar ina coinne, má dheimhnítear nó má cheaptar go hoifigiúil go bhfuil an lotnaid atá i gceist i láthair ;

(d) socruithe le haghaidh taifeadadh torthaí ar láithreacht na lotnaide tosaíocht atá i gceist;

(e) an measúnú atá ar fáil mar atá leagtha amach in Airteagal 6(2) agus aon mheasúnú ar an mBallstát maidir le riosca na lotnaide tosaíochta atá i gceist dá chríoch;

(f) na bearta bainistíochta riosca a chuirfear i bhfeidhm maidir leis an lotnaid tosaíochta atá i gceist, i gcomhréir le Roinn 1 d’Iarscríbhinn IV agus na nósanna imeacht a leanfar;

(g) prionsabail le haghaidh críochadóireacht gheografach na limistéar srianta;

(h) prótacail a dhéanann cur síos ar mhodhanna scrúdúchán amhairc, samplála agus tástála saotharlainne; agus

(i) prionsabail maidir le hoiliúint pearsanra na n‑údarás inniúil.

Más iomchuí, beidh pointí (a) go dtí (i) i bhfoirm lámhleabhair threorach.

3.           I ngiorracht bliana ó dháta chuimsiú na lotnaide atá i gceist sa liosta lotnaidí tosaíochta, bunóidh Ballstáit plean teagmhasach le haghaidh na lotnaide tosaíochta atá i gceist.

Déanfaidh Ballstáit athbhreithniú rialta, agus más iomchuí, nuashonróidh siad a gCuid pleananna teagmhasacha.

4.           Cuirfidh na Ballstáit a gCuid pleananna teagmhasacha in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar iarratas.

Airteagal 25 Cleachtaí ionsamhlúcháin

1.           Déanfaidh na Ballstáit cleachtaí ionsamhlúcháin a bhaineann le cur i bhfeidhm na bpleananna teagmhasacha in eatraimh a bheidh leagtha amach de réir bhitheolaíocht na lotnaide tosaíochta atá i gceist agus an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leis an lotnaid sin.

Déanfar na cleachtaí sin le haird ar na lotnaidí tosaíochta go léir atá i gceist laistigh de thréimhse réasúnta ama.

2.           Maidir le lotnaidí tosaíochta a d’féadfadh tionchar a bheith ag a láithreacht i mBallstát amháin ar Bhallstáit chomharsanachta, déanfaidh na Ballstáit atá i gceist na cleachtaí ionsamhlúcháin le chéile ar bhonn na bpleananna teagmhasacha faoi seach atá acu.

Má iomchuí cuí, déanfaidh na Ballstáit na cleachtaí ionsamhlúcháin seo le tríú tíortha comharsanachta.

3.           Cuirfidh Ballstáit, tuarascáil ar fáil ar iarratas ar thorthaí gach cleachtadh ionsamhlúcháin don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

4.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 98, ag leagan amach:

(a) minicíochtaí, ábhar agus formáid na gcleachtaí ionsamhlúcháin;

(b) cleachtaí ionsamhlúcháin ag clúdach níos mó ná lotnaid tosaíochta amháin;

(c) comhar idir Bhallstáit, agus comhar na mBallstát le tríú tíortha;

(d) ábhar na dtuarascálacha ar cleachtaí ionsamhlúcháin a ndéantar foráil dóibh i mír 3.

Airteagal 26 pleananna díothaithe le haghaidh lotnaidí tosaíochta

1.           Nuair a dheimhnítear go bhfuil lotnaid tosaíochta i gcríoch Ballstáit go hoifigiúil de bhun Airteagal 11(1)(a), glacfaidh an t‑údarás inniúil plean gan mhoill ina leagfar amach na bearta le haghaidh dhíothú na lotnaide atá i gceist, dá dtagraítear in Airteagail 16, 17 agus 18, agus le sceideal ama le haghaidh cur i bhfeidhm na mbeart sin. Déantar tagairt don phlean sin mar ‘an plean díothaithe’.

Cuimseoidh an plean díothaithe cur síos ar dhearadh agus eagrú na suirbhéanna a dhéanfar agus leagfaidh sé amach líon na scrúdúcháin amhairc a dhéanfar, samplaí a gheofar agus tástálacha saotharlainne a dhéanfar.

2.           Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas ar iarratas faoi na pleananna díothaithe agus faoi thuarascáil bhliantúil ar na bearta a dhéantar i gcomhréir le hAirteagail 16, 17 agus 18 faoi na pleananna díothaithe atá i gceist.

Airteagal 27 Bearta an Aontais le haghaidh lotnaidí coraintín sonracha de chuid an Aontais

1.           Tá cead ag an gCoimisiún bearta a leagan amach trí ghníomhartha cur chun feidhme in aghaidh lotnaidí coraintín sonracha de chuid an Aontais, trí ghníomhartha cur chun feidhme. Cuirfidh na bearta sin ceann amháin nó níos mó de na forálacha seo a leanas i bhfeidhm go sonrach le haghaidh gach ceann de na lotnaidí atá i gceist:

(a) Airteagal 10 i ndáil le bearta i gcás amhras i leith láithreacht lotnaide coraintín an Aontais;

(b) Airteagal 15 i ndáil le bearta le glacadh gan mhoill ag oibreoirí gairmiúla;

(c) Airteagal 16 i ndáil le lotnaidí coraintín an Aontais a dhíothú;

(d) Airteagal 17 i ndáil le limistéir shrianta a bhunú;

(e) Airteagal 18 i ndáil le suirbhéanna, mionathruithe na limistéar srianta agus ardú na sriantaí;

(f) Airteagal 21 i ndáil le suirbhéanna ar lotnaidí coraintín an Aontais agus lotnaidí ag cáiliú go sealadach mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais;

(g) Airteagal 23 i ndáil le suirbhéanna le haghaidh lotnaidí tosaíochta, maidir le líon na scrúduithe amhairc, samplaí agus tástálacha i gcás lotnaidí tosaíochta áirithe;

(h) Airteagal 24 i ndáil le pleananna teagmhasacha le haghaidh lotnaidí tosaíochta;

(i) Airteagal 25 i ndáil le cleachtaí ionsamhlúcháin;

(j) Airteagal 26 i ndáil le pleananna díothaithe le haghaidh lotnaidí tosaíochta.

Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

2.           Sa chás, maidir le limistéar srianta, go bhfuil an Coimisiún den tuairim, i bhfianaise na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 18 nó fianaise eile, nach féidir lotnaid choraintín de chuid an Aontais atá i gceist a dhíothú, d’fhéadfadh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, dá dtagraítear i mír 1, a leagann amach bearta arb an t‑aon chuspóir atá leo ná scaipeadh na lotnaidí sin as na ceantair atá i gceist a chosc. Déantar tagairt do chosc den sórt sin mar ‘shrianadh’.

3.           Sa chás go gceapann an Coimisiún go bhfuil gá leis na bearta coiscthe in áiteanna lasmuigh de na limistéir shrianta chun an chuid de chríoch an Aontais nach bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais ann a chosaint, tá cead ag an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, dá dtagraítear i mír 1, ina leagtar amach bearta den sórt sin.

4.           Déanfar na bearta dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 i gcomhréir le hIarscríbhinn IV ar bhearta agus prionsabail le haghaidh bainistíocht na rioscaí a bhaineann le lotnaidí, agus na rioscaí ar leith a bhaineann le lotnaidí coraintín an Aontais atá i gceist agus an gá atá leis na bearta riachtanacha maolaithe riosca a chur i bhfeidhm ar bhealach chomhchuibhithe san Aontas á gcur san áireamh.

5.           D’fhéadfadh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 foráil a dhéanamh go ndéanfar na bearta a bhíonn déanta ag na Ballstáit a chúlghairm nó a leasú, dá dtagraítear i bpointí (a) go dtí (j) de mhír 1. Go dtí go bhfuil beart glactha ag an gCoimisiún, tá cead ag an mBallstát leanúint de na bearta atá in úsáid aige.

6.           Ar bhonn cirt ordaitheach cuí práinne, ar mhaithe le dul i ngleic le riosca fíteashláintíochta tromchúiseach, glacfaidh an Coimisiún gan mhoill le gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhmithe gan mhoill, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 99(4).

7.           Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún agus Ballstáit eile ar an eolas tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 97, faoi chásanna ar bith de neamhchomhlíonadh ag na hoibreoirí gairmiúla leis na bearta a glacadh de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 28 Bearta na mBallstát i ndáil le lotnaidí nach bhfuil liostaithe mar lotnaidí coraintín an Aontais

1.           Sa chás go bhfuil lotnaid deimhnithe a bheith i gcríoch Ballstáit go hoifigiúil agus nach bhfuil an lotnaid sin san áireamh ar liosta lotnaidí coraintín an Aontais, agus go gcreideann an t‑údarás inniúil atá i gceist go bhféadfadh an lotnaid sin na coinníollacha a chomhlíonadh le bheith san áireamh ar liosta na lotnaidí coraintín, déanfaidh sé measúnú gan mhoill ar cibé an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an lotnaid sin critéir atá le FoRoinn 1 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn II. Má chreideann sé go bhfuil na critéir sin comhlíonta, déanfaidh sé bearta díothaithe gan mhoill i gcomhréir le hIarscríbhinn IV ar bhearta agus prionsabail le haghaidh bainistíocht rioscaí lotnaidí. Beidh Airteagail 16 go dtí 19 i gceist.

Sa chás go gceapann údarás inniúil go bhfuil lotnaid ina chríoch a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh Airteagal 10 i gceist dá réir.

2.           Tar éis na ngníomhartha dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát measúnú ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil an lotnaid atá i gceist ag comhlíonadh na gcritéar maidir le lotnaidí coraintín, i ndail le críoch an Aontais, mar atá leagtha amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II.

3.           Cuirfidh an Ballstát atá i gceist an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi láithreacht na lotnaide sin, an measúnú dá dtagraítear i mír 1, na bearta atá déanta agus an fhianaise atá mar chúis mhaith leis na bearta sin.

Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi thorthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 laistigh de 24 mí ó dheimhniú oifigiúil láithreacht na lotnaide sin.

Seolfar fógraí faoi láithreacht na lotnaide sin tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 97.

Airteagal 29 Bearta an Aontais i ndáil le lotnaidí nach bhfuil liostaithe mar lotnaidí coraintín an Aontais

1.           Má fhaigheann an Coimisiún an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 28(3), nó má tá fianaise eile aige maidir le láithreacht, nó gar-chontúirt de theacht isteach na lotnaide i gcríoch an Aontais, lotnaid nach bhfuil san áireamh ar liosta lotnaidí coraintín an Aontais, agus go measann sé go bhféadfadh an lotnaid sin na coinníollacha a bhaineann le bheith san áireamh ar an liosta sin a chomhlíonadh, déanfaidh sé measúnú gan mhoill ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil an lotnaid sin ag comhlíonadh na critéir a ghabhann le FoRoinn 2 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn II maidir le críoch an Aontais.

Má chreideann sé go bhfuil na critéir sin comhlíonta, glacfaidh sé le bearta ar an bpointe boise, trí na gníomhartha cur chun feidhme, ar feadh achar teoranta ama maidir leis na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leis an lotnaid sin. Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

Cuirfidh na bearta sin ceann amháin nó níos mó de na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 27(1)(a) go dtí (f) i bhfeidhm go sonrach, maidir le gach ceann de na lotnaidí atá i gceist.

2.           Má cheapann an Coimisiún, de bhonn na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 18 agus Airteagal 21, nó fianaise eile, nach féidir an lotnaid atá i gceist a dhíothú i limistéir shrianta áirithe, d’fhéadfadh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara formhír de mhír 1 bearta a leagan amach arb é an t‑aon chuspóir atá leo an lotnaid sin a shrianadh.

3.           Sa chás go gceapann an Coimisiún go bhfuil gá le bearta coisc in áiteanna lasmuigh de na limistéir shrianta chun Cuid de chríoch an Aontais nach bhfuil an lotnaid atá i gceist i láthair ann a chosaint, d’fhéadfadh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 na bearta sin a leagan amach.

4.           Glacfar leis na bearta dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 i gcomhréir le Roinn 1 d’Iarscríbhinn IV ar bhearta chun rioscaí lotnaidí coraintín a bhainistiú agus Roinn 2 den Iarscríbhinn sin ar phrionsabail le haghaidh bainistíocht rioscaí lotnaidí, agus na rioscaí ar leith a bhaineann leis na lotnaidí atá i gceist agus an gá atá leis na bearta riachtanacha maolaithe riosca a chur i bhfeidhm go comhchuibhithe san Aontas á gcur san áireamh.

5.           D’fhéadfadh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 foráil a dhéanamh gur gá na bearta atá glactha ag na Ballstáit de bhun Airteagal 28 a chúlghairm nó a leasú. Go dtí go bhfuil beart glactha ag an gCoimisiún, tá cead ag an mBallstát leanúint de na bearta atá in úsáid aige go dtí sin.

6.           Ar bhonn cirt ordaitheach cuí práinne, glacfaidh an Coimisiún gan mhoill gníomhartha infheidhme cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 99(4), le dul i ngleic le riosca tromchúiseach fíteashláintíochta.

7.           Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún agus Ballstáit eile ar an eolas tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 97, faoi chásanna ar bith de neamhchomhlíonadh ag oibreoirí gairmiúla leis na bearta a glacadh de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 30 Leasú ar Roinn 3 de Iarscríbhinn II

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadhi gcomhréir le hAirteagal 98 ag leasú Roinn 3 d’Iarscríbhinn II ar chritéir ar gá a bheith comhlíonta ag lotnaidí, mar atá foráilte in Airteagail 28 agus 29, maidir leis na critéir a bhaineann le haitheantas na lotnaide, a láithreacht, an dóchúlacht go dtiocfaidh sí isteach, go mbunófar í agus go scaipfidh sí, an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a d'fhéadfadh a bheith aici, agus aird ar fhorbairtí an eolais eolaíoch agus theicniúil san áireamh.

Airteagal 31 Ceanglais níos déine arna nglacadh ag Ballstáit

1.           Féadfaidh Ballstáit bearta níos déine a chur i bhfeidhm laistigh dá gcríocha ná na bearta a nglactar leo de bhun Airteagal 27(1), 2 agus (3) agus Airteagal 29(1), agus (2) agus (3), más cúis mhaith é cuspóir na cosanta fíteashláintíochta agus i gcomhréir le Roinn 2 d’Iarscríbhinn IV maidir le bearta agus prionsabail le haghaidh bainistiú rioscaí lotnaidí.

Ní chuirfidh na bearta sin , ná ní bheidh mar thoradh orthu, aon bhaic nó srianta ar thabhairt isteach ná ar aistriú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chríoch an Aontais, seachas na cinn sin atá curtha i bhfeidhm le forálacha Airteagail 40 go dtí 54 agus forálacha Airteagail 67 go dtí 96.

2.           Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi bhearta atá glactha acu laistigh de raon mhír 1.

Seolfaidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar iarratas chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit eile ar na bearta atá déanta i gcomhréir le mír 1.

Roinn 3 Lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta

Airteagal 32 Aitheantas na gcriosanna cosanta

1.           Nuair atá lotnaid choraintín i láthair i gcríoch an Aontais, ach mura bhfuil sí i láthair sa Bhallstát atá i gceist, agus murar lotnaid choraintín de chuid an Aontais í, féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas an Bhallstáit sin de bhun mhír 4, críoch an Bhallstáit sin a aithint mar chrios cosanta i gcomhréir le mír 3.

Sa chás go bhfuil lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta as láthair ó chuid de chríoch Bhallstáit, beidh an cás céanna i gceist maidir leis an gCuid sin.

Tagraítear do lotnaid choraintín den sórt sin mar ‘lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta'.

2.           Ní thabharfar isteach agus ní bhogfar lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta laistigh den chrios cosanta faoi seach.

Ní dhéanfaidh duine ar bith gníomh d’aon ghnó a chuirfidh le tabhairt isteach, bunú agus scaipeadh lotnaide coraintín na gcriosanna cosanta faoi seach laistigh de chrios cosanta.

3.           Bunóidh an Coimisiún liosta criosanna cosanta agus de lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta faoi seach, trí ghníomh cur chun feidhme. Cuimseoidh an liosta sin na criosanna cosanta a aithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 2(1)(h) de Threoir 2000/29/CE agus na lotnaidí faoi seach, agus iad liostaithe i gCuid B d’Iarscríbhinn I agus Cuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/29/CE. Glacfar leis an ngníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 99(2).

D’fhéadfadh an Coimisiún criosanna breise cosanta a aithint, trí leasú a dhéanamh ar an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nuair a chomhlíontar na coinníollacha a bhfuil foráil déanta dóibh i mír 1. Glacfar leasú den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 99(3). Bainfidh an nós imeachta céanna le cúlghairm nó athsholáthar an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Má tá feidhm ag Airteagal 35, glacfar le gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 99(2).

4.           In éineacht leis an iarratas dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an Ballstát atá i gceist:

(a) cur síos ar theorainneacha an chreasa chosanta atá i gceist, lena n‑áirítear léarscáileanna; agus

(b) torthaí na suirbhéanna a léiríonn nach raibh an lotnaid choraintín atá i gceist sa chríoch atá i gceist i rith na dtrí bliana roimh an iarratas.

Beidh na suirbhéanna sin déanta ag amanna cuí agus beidh an déine chuí i gceist leo maidir leis an bhféidearthacht go mbraithfí láithreacht na lotnaide coraintín atá i gceist. Beidh siad bunaithe ar phrionsabail stuama eolaíocha agus theicniúla.

Beidh an Coimisiún cumhachtaithe le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 98, a leagann síos rialacha mionsonraithe do shuirbhéanna a dhéanfar ar mhaithe le criosanna cosanta a aithint.

Airteagal 33 Oibleagáidí ginearálta i ndáil le criosanna cosanta

1.           Maidir le crios cosanta, beidh na hoibleagáidí atá leagtha amach sna hAirteagail seo a leanas i gceist dá réir maidir le lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta:

(a) Airteagail 9 go dtí 12 maidir le deimhniú, fógra agus faisnéis maidir le láithreacht lotnaidí coraintín an Aontais;

(b) Airteagal 15 maidir le bearta atá le glacadh gan mhoill ag oibreoirí gairmiúla;

(c) Airteagail 16, 17 agus 18 maidir le díothú lotnaidí coraintín an Aontais, bunú agus modhnú limistéar srianta agus suirbhéanna sna limistéir shrianta sin.

2.           Ní ceadmhach planda, táirge planda nó réad eile a bhfuil a bhunús i limistéar srianta a bunaíodh, i gcomhréir le hAirteagal 17, i gcrios cosanta le haghaidh lotnaide coraintín na gcriosanna cosanta atá i gceist, ní ceadmhach é a aistriú laistigh de, nó isteach i gcrios cosanta ar bith a bunaíodh le haghaidh lotnaide coraintín na gcriosanna cosanta sin. Nuair a bhogtar an planda, táirge planda nó réad eile amach as an gcrios cosanta atá i gceist, cuirfear i bpacáiste é agus bogfar é ar bhealach a chiallaíonn nach bhfuil aon riosca go scaipfear lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta faoi seach laistigh den chrios cosanta sin.

3.           Cuirfear na limistéir shrianta a bhunaítear laistigh de chrios cosanta agus na bearta díothaithe a dhéanfar sna limistéir sin de bhun Airteagail 16, 17 agus 18, cuirfear in iúl iad gan mhoill don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

Airteagal 34 Suirbhéanna ar lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta

1.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil suirbhé bliantúil ar gach crios cosanta maidir le láithreacht lotnaide coraintín na gcriosanna cosanta atá i gceist. Déanfar na suirbhéanna sin ag na hamanna cuí agus beidh déine cuí i gceist leo maidir leis an bhféidearthacht go mbraithfí láithreacht lotnaide coraintín na gcriosanna chosanta atá i gceist. Beidh siad bunaithe ar phrionsabail stuama eolaíocha agus theicniúla.

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 98, rud a leagann amach rialacha mionsonraithe le haghaidh na suirbhéanna sin a dhéanfar, le deimhniú go leanann na criosanna cosanta ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 32(1).

2.           Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, faoi 30 Aibreán gach bliain, ar thorthaí na suirbhéanna dá dtagraítear i mír 1, a cuireadh i gcrích i gcaitheamh na bliana roimhe sin.

Airteagal 35 Leasú agus cúlghairm na gcriosanna cosanta

1.           Tá cead ag an gCoimisiún leasú a dhéanamh ar mhéid na gcriosanna cosanta ar iarratas ón mBallstát a bhfuil a chríoch siúd i gceist.

Sa chás go ndéanann an Coimisiún leasú ar an gcrios cosanta, cuirfidh an Ballstát atá i gceist an Coimisiún, na Ballstáit eile, agus trí mheán an idirlín, oibreoirí gairmiúla an leasaithe ar an gcrios cosanta sin ar an eolas, lena n‑áirítear léarscáileanna.

Sa chás go mbaineann an leasú sin le síneadh creasa chosanta, beidh Airteagail 32, 33 agus 34 i gceist.

2.           Ar iarratas ón mBallstát dá dtagraítear i mír 1, cúlghairfidh an Coimisiún aitheantas creasa chosanta nó laghdóidh sé a mhéid.

3.           Cúlghairfidh an Coimisiún aitheantas creasa chosanta i gcás nach bhfuil na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 34 tar éis a bheith déanta i gcomhréir leis an Airteagal sin.

4.           Cúlghairfidh an Coimisiún aitheantas creasa chosanta, i gcás go bhfuarthas go bhfuil an lotnaid choraintín creasa chosanta faoi seach i láthair sa chrios sin agus go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a) níl aon limistéar srianta ainmnithe, i gcomhréir le hAirteagal 33(1), laistigh de thrí mhí ó deimhníodh an lotnaid a bheith ann;

(b) ní raibh rath ar na bearta díothaithe a rinneadh i limistéar srianta de bhun Airteagal 33(1) laistigh de 24 mí tar éis do láithreacht na lotnaide sin a bheith deimhnithe;

(c) léiríonn an t‑eolas atá ar fáil don Choimisiún, maidir le cur i bhfeidhm beart de bhun agus be bhua Airteagal 33(1)(c), go dtí Airteagail 16, 17 agus 18, léiríonn sé freagra neamartach ar láithreacht na lotnaide sin sa chrios cosanta atá i gceist.

Caibidil III Lotnaidí cáilíochta an Aontais

Airteagal 36 Sainiú lotnaidí cáilíochta an Aontais

Déanfar tagairt do lotnaid mar 'lotnaid cháilíochta an Aontais' má chomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas agus má áirítear í sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 37:

(a) bunaítear a haitheantas i gcomhréir le pointe (1) de Roinn 4 d’Iarscríbhinn II;

(b) tá sí i láthair i gcríoch an Aontais;

(c) ní lotnaid choraintín de chuid an Aontais í;

(d) tá sí á haistriú trí phlandaí sonracha le haghaidh plandú, de réir phointe (2) de Roinn 4 d’Iarscríbhinn II;

(e) tá tionchar doghlactha eacnamaíoch ag a láithreacht ar na plandaí le haghaidh plandú sin, i ndáil le húsáid bheartaithe na bplandaí le haghaidh plandú sin, de réir phointe (3) de Roinn 4 d’Iarscríbhinn II;

(f) tá bearta indéanta agus éifeachtacha ar fáil chun a láithreacht ar na plandaí le haghaidh plandú ábhartha a chosc.

Airteagal 37 Toirmeasc ar thabhairt isteach agus ar ghluaiseacht lotnaidí cáilíochta an Aontais ar phlandaí le haghaidh plandú

1.           Ní bheidh lotnaid cháilíochta de chuid an Aontais á tabhairt isteach ná á haistriú laistigh de chríoch an Aontais ar na plandaí le haghaidh plandú trína bhfuil sí á haistriú, mar atá sonraithe sa liosta dá dtagraítear i mír 2.

2.           Bunóidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, liosta ina sonrófar lotnaidí coraintín an Aontais agus na plandaí sonracha le haghaidh plandú, dá dtagraítear in Airteagal 36(d), más iomchuí leis na catagóirí dá dtagraítear i mír 4 agus na tairseacha dá dtagraítear i mír 5.

Áireofar sa liosta lotnaidí, na plandaí le haghaidh plandú faoi seach, mar atá sonraithe sna gníomhartha seo a leanas:

(a)     Roinn II de Chuid A d’Iarscríbhinn II de Threoir 2000/29/CE;

(b)     pointe (3) agus (6) d’Iarscríbhinn I de Threoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le margaíocht síol gránach[24] agus pointe (3) d’Iarscríbhinn II ina leith sin;

(c)     an Iarscríbhinn de Threoir 93/48/CEE ón gComhairle an 23 Meitheamh 1993 ina sonraítear an sceideal ina sonraítear na coinníollacha atá le comhlíonadh ag ábhar iomadaithe plandaí torthaí agus plandaí torthaí a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid do tháirgeadh torthaí, de bhun Threoir 92/34/CEE[25] ón gComhairle;

(d)     an Iarscríbhinn de Threoir 93/49/CEE ón gComhairle an 23 Meitheamh 1993 ina sonraítear an sceideal ina sonraítear na coinníollacha atá le comhlíonadh ag ábhar iomadaithe plandaí ornáideacha agus plandaí ornáideacha de bhun Threoir 91/682/CEE[26] ón gComhairle;

(e)     pointe (b) d’Iarscríbhinn II de Threoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le margaíocht síolta glasraí[27];

(f)      pointe (6) d’Iarscríbhinn I de Threoir 2002/56/CE[28] ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le prátaí síl agus pointe B d’Iarscríbhinn II ina leith sin;

(g)     pointe (4) d’Iarscríbhinn I de Threoir 2002/57/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le margaíocht síolta plandaí ola agus snáithín[29] agus pointe (5) d’Iarscríbhinn II ina leith sin.

Glacfar leis an ngníomh cur chun feidhme sin de réir an nóis imeachta chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 99(2).

3.           Déanfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 a leasú, áit a bhfuil fianaise measúnachta ann go gcomhlíonann lotnaid nach bhfuil liostaithe sa ghníomh sin na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 36, nach gcomhlíonann lotnaid atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme sin ceann nó níos mó de na coinníollacha sin nó sa chás gur gá an liosta sin a leasú, maidir leis na catagóirí dá dtagraítear i mír 4 nó tairseacha dá dtagraítear i mír 5.

Cuirfidh an Coimisiún an measúnú sin ar fáil do na Ballstáit.

4.           Sa chás nach bhfuil Airteagal 36(e) comhlíonta ach i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le dlí an ábhair atáirgthe phlandaí], sonrófar sa liosta dá dtagraítear i mír 1 na catagóirí sin ina sonraítear go mbaineann an toirmeasc atá luaite leis an tabhairt isteach agus leis an ngluaiseacht dá dtagraítear i mír 1 leis na catagóirí sin.

5.           Sa chás nach bhfuil Airteagal 36(e) á chomhlíonadh ach má tá láithreacht na lotnaide i gceist os cionn tairseach éigin, sonrófar sa liosta dá dtagraítear i mír 1 an tairseach sin agus sonrófar ann freisin go mbaineann an toirmeasc atá luaite leis an tabhairt isteach agus leis an ngluaiseacht dá dtagraítear i mír 1 le lotnaidí a bhfuil an tairseach sin sáraithe acu.

Ní leagfar tairseach ach sa chás go gcomhlíontar na pointí seo a leanas:

(a)     is féidir a áirithiú trí bhearta curtha i gcrích ag an oibreoir gairmiúil nach sáraíonn láithreacht lotnaide cáilíochta an Aontais ar na plandaí sin le haghaidh plandú an tairseach sin; agus

(b)     is féidir a fhíorú cibé an bhfuil nó nach bhfuil an tairseach sin sáraithe i luchtóga plandaí seo le haghaidh plandú.

Beidh na prionsabail a bhaineann le bainistíocht an riosca lotnaidí atá sonraithe i Roinn 2 d’Iarscríbhinn IV i bhfeidhm.

6.           I ndáil le leasuithe ar an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, leasuithe atá riachtanach d'fhonn an ghníomh chur chun feidhme a oiriúnú i bhfianaise athruithe ar ainm eolaíochta lotnaide, beidh an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 99(2) i bhfeidhm.

Glacfar le gach leasú eile ar an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 de réir an nóis imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 99(3). Beidh an nós imeachta céanna le haisghairm nó le hathsholáthar an ghnímh chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 38 Leasú ar Roinn 4 d’Iarscríbhinn II

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagal 98 a bhfuil Roinn 4 d’Iarscríbhinn II maidir le critéir chun lotnaidí a shainaithint atá cáilithe mar lotnaid cháilíochta an Aontais, maidir leis na critéir a bhaineann le haitheantas na lotnaide, a hábharthacht, an dóchúlacht go leathfaidh sí, an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a d'fhéadfadh a bheith aici, ag cur forbairtí i réimse an eolais theicniúil agus na heolaíochta san áireamh.

Airteagal 39 Lotnaidí cáilíochta an Aontais á n‑úsáid chun críocha eolaíochta, trialacha, roghanna cineáil, síolrú nó taispeántais

Ní bhaineann an toirmeasc a bhfuil foráil déanta dó in Airteagal 37 le lotnaidí cáilíochta an Aontais a bhfuil láithreacht acu ar na plandaí le haghaidh plandú i gceist, agus atá in úsáid chun críocha eolaíochta, trialacha, roghanna cineáil, síolrú nó taispeántais.

Caibidil IV Bearta i ndáil le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile

Roinn 1 Bearta i ndáil le críoch an Aontais trí chéile

Airteagal 40 Toirmeasc ar thabhairt isteach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile i gcríoch an Aontais

1.           Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, ina mbeidh na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile luaite, mar aon leis na toirmisc agus na tríú tíortha i gceist, mar atá sonraithe i gCuid A d’Iarscríbhinn III de Threoir 2000/29/CE.

Glacfar leis an ngníomh cur chun feidhme sin de réir an nóis imeachta chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 99(2) den Rialachán seo.

Sa liosta atá bunaithe ag an ngníomh cur chun feidhme sin, aithneofar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile bunaithe ar a ról faoi seach de réir an rangaithe san Ainmníocht Chomhcheangailte mar atá sonraithe i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 faoin ainmníocht taraife agus staitistiúil agus faoin Taraif Chustaim Choiteann[30] (‘Cód CN’ anseo ina dhiaidh). 

2.           I gcás planda, táirge plandaí nó réada eile, de bhunadh tríú tír nó arna sheoladh ó thríú tír, a chothaíonn riosca fíteashláintíochta ag leibhéal doghlactha mar gheall ar an dóchúlacht go mbeidh sé ag feidhmiú mar óstach do lotnaid choraintín de chuid an Aontais, agus nach féidir an riosca sin a laghdú chuig leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na bearta sonraithe i bpointe 2 agus 3 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn IV maidir le bearta agus prionsabail chun rioscaí lotnaidí a bhainistiú, leasóidh an Coimisiún, de réir mar is cuí, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, d’fhonn an planda, an táirge planda nó an réad eile sin agus na tríú tíortha i gceist a chur san áireamh ann.

Sa chás nach ionann planda, táirge plandaí nó réad eile san áireamh sa ghníomh cur chun feidhme sin agus riosca fíteashláintíochta ag leibhéal doghlactha, nó sa chás gurb ionann é agus riosca den sórt sin ach gur féidir an riosca sin a laghdú chun leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na bearta sonraithe i bpointe 2 agus 3 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn IV maidir le beart chun rioscaí agus bealaí lotnaidí coraintín a bhainistiú, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme sin de réir mar is cuí.

Déanfar inghlacthacht leibhéal an riosca fíteashláintíochta sin a mheas de réir na bprionsabal atá sonraithe i Roinn 2 d'Iarscríbhinn IV maidir leis na prionsabail a bhaineann le rioscaí lotnaidí den sórt sin a bhainistiú. Más iomchuí, déanfar inghlacthacht an leibhéal sin de riosca fíteashláintíochta a mheas ag féachaint do cheann amháin nó níos mó de na tríú tíortha sonracha sin.

Glacfar leis na leasuithe sin de réir an nóis imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 99(3) den Rialachán seo.

Bunaithe ar fhorais shainordaitheacha chuí d'fhonn déileáil le riosca tromchúiseach fíteashláintíochta, glacfaidh an Coimisiún leis na leasuithe sin trí ghníomhartha cur chun feidhme is infheidhme a ghlacadh gan mhoill, de réir an nóis imeachta dá dtagraítear in Airteagal 99(4).

3.           Ní thabharfar planda, táirge plandaí nó réad eile liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear dó i mír 1 isteach i gcríoch an Aontais ón tríú tír, a bhfuil tionchar ag an liostú sin uirthi.

4.           Cuirfidh Ballstáit in iúl, tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 97, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile cá bhfuil plandaí, táirgí plandaí agus réada eile tugtha isteach i gcríoch an Aontais de shárú ar mhír 3.

Cuirfear an tríú tír ónar tugadh na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile isteach i gcríoch an Aontais ar an eolas.

Airteagal 41 Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile faoi réir ceanglas speisialta agus coibhéiseach

1.           Glacfaidh an Coimisiún le gníomh cur chun feidhme, ina n‑áireofar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile, agus na ceanglais agus, más iomchuí, na tríú tíortha i gceist, mar atá sonraithe i gCuid A d’Iarscríbhinn IV de Threoir 2000/29/CE.

Glacfar leis an ngníomh cur chun feidhme sin de réir an nóis imeachta chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 99(2) den Rialachán seo.

Sa liosta sin atá bunaithe ag an ngníomh cur chun feidhme sin, beidh na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile á sainaithint bunaithe ar a gcód CN faoi seach.

2.           I gcás planda, táirge planda nó réad eile a chothaíonn riosca fíteashláintíochta ag leibhéal doghlactha mar gheall ar an dóchúlacht go mbeidh sé ag feidhmiú mar óstach do lotnaid choraintín de chuid an Aontais, agus gur féidir an riosca sin a laghdú chuig leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na bearta sonraithe i bpointe 2 agus 3 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn IV maidir le bearta agus prionsabail chun rioscaí lotnaidí a bhainistiú, leasóidh an Coimisiún, de réir mar is cuí, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, d’fhonn an planda, táirge planda nó réad eile agus na bearta atá le cur i bhfeidhm a chur san áireamh. Tagraítear do na bearta seo agus na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, dá dtagraítear anseo feasta mar 'ceanglais speisialta’.

D’fhéadfadh gurb ionann na bearta sin agus ceanglais shonracha a glacadh de réir Airteagal 42(1), d’fhonn plandaí, táirgí plandaí nó réada eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais arb ionann iad agus ceanglais speisialta a bhaineann le gluaiseacht na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó na réad eile laistigh de chríoch an Aontais (anseo feasta: ‘ceanglais choibhéiseacha’).

Sa chás nach ionann planda, táirge planda nó réad eile san áireamh sa ghníomh cur chun feidhme sin agus riosca fíteashláintíochta ag leibhéal doghlactha, nó sa chás gurb ionann é agus riosca den sórt sin sin ach gur féidir an riosca sin a laghdú chun leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na ceanglais speisialta, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme.

Déanfar inghlacthacht leibhéal an riosca fíteashláintíochta sin a mheas, agus glacfar leis na bearta chun an riosca sin a laghdú chuig leibhéal inghlactha, de réir na bprionsabal atá sonraithe i Roinn 2 d'Iarscríbhinn IV maidir leis na prionsabail a bhaineann le rioscaí lotnaidí den sórt sin a bhainistiú. Más iomchuí, déanfar inghlacthacht an leibhéil sin de riosca fíteashláintíochta a mheas, agus glacfar leis na bearta sin, ag féachaint do cheann amháin nó níos mó de na tríú tíortha sonracha sin.

Glacfar leis na leasuithe sin de réir an nóis imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 99(3) den Rialachán seo.

Bunaithe ar fhorais shainordaitheacha chuí d'fhonn déileáil le riosca tromchúiseach fíteashláintíochta, glacfaidh an Coimisiún leis na leasuithe sin trí ghníomhartha infheidhme cur chun feidhme a ghlacadh gan mhoill, de réir an nóis imeachta dá dtagraítear in Airteagal 99(4).

3.           Ní féidir planda, táirge planda nó réad eile liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear dó i mír 1 a thabhairt isteach chuig nó a aistriú laistigh de chríoch an Aontais ach amháin má tá na ceanglais speisialta, nó na ceanglais choibhéiseacha á gcomhlíonadh.

4.           Cuirfidh Ballstáit in iúl, tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 97, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile cá bhfuil plandaí, táirgí plandaí nó réada eile tugtha isteach i, nó bogtha laistigh de chríoch an Aontais de shárú ar mhír 3.

Más iomchuí, cuirfear an tríú tír ónar tugadh na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile isteach i gcríoch an Aontais ar an eolas.

Airteagal 42 Leagan amach na gceanglas coibhéiseach

1.           Sonrófar ceanglais choibhéiseacha, dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 41(2), trí ghníomh cur chun feidhme, ar iarratas ó thríú tír ar leith, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)     cinntíonn an tríú tír i gceist, trí chur i bhfeidhm beart sonraithe amháin nó níos mó faoina rialú oifigiúil, leibhéal de chosaint fíteashláintíochta atá comhionann leis na ceanglais speisialta a glacadh de bhun Airteagal 41(1) agus (2) i ndáil le gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chríoch an Aontais;

(b)     tugann an tríú tír i gceist léiriú oibiachtúil don Choimisiún go gcomhlíonann na bearta sonraithe dá dtagraítear i bpointe (a) an leibhéal cosanta fíteashláintíochta dá dtagraítear sa phointe sin.

2.           Más iomchuí, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú, sa tríú tír i gceist, agus de réir Airteagal 119 de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin ar Rialuithe Oifigiúla], cibé an bhfuil nó nach bhfuil pointí (a) agus (b) comhlíonta.

3.           Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 de réir an nóis imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

Airteagal 43 Faisnéis le soláthar do thaistealaithe, do chliaint na seirbhísí poist agus do chliaint an idirlín

4.           Soláthróidh Ballstáit agus oibreoirí idirnáisiúnta iompair faisnéis do phaisinéirí maidir leis na toirmisc, sonraithe de bhun Airteagal 40(3), na ceanglais, sonraithe de bhun Airteagail 41(1) agus 42(2), agus na díolúintí, sonraithe de bhun Airteagal 70(2), maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais.

Soláthrófar an fhaisnéis sin i bhfoirm póstaer nó bróisiúr, a sholáthrófar, nuair is cuí, ar an idirlíon.

Sa chás go bhfuil an fhaisnéis sin á cur ar fáil do phaisinéirí ag calafoirt agus ag aerfoirt, is i bhfoirm póstaer a bheidh sí á soláthar.

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, ina sonrófar na póstaeir agus na bróisiúir seo. Glacfar leis an ngníomh cur chun feidhme sin de réir an nóis imeachta chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 99(2) den Rialachán seo.

5.           Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 trí na seirbhísí poist, agus soláthróidh na hoibreoirí gairmiúla a bhfuil baint acu le díolachán trí chianchonarthaí, faisnéis dá gcliaint tríd an idirlíon.

6.           Gach bliain soláthróidh Ballstáit tuarascáil don Choimisiún ina mbeidh achoimre den fhaisnéis curtha ar fáil de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 44 Eisceacht ó thoirmisc agus ceanglais do chriosanna teorann

1.           De mhaolú ar Airteagail 40(3) agus 41(3), féadfaidh Ballstáit plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais a údarú, sa chás go gcomhlíonann na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile na coinníollacha seo a leanas:

(a)     tá siad á bhfás agus á dtáirgeadh i réimsí tríú tíortha atá cóngarach lena dteorainn le Ballstáit (anseo feasta: ‘criosanna teorann tríú tír’);

(b)     go bhfuil siad á dtabhairt isteach i réimsí Ballstát díreach trasna na teorann sin (anseo feasta: ‘criosanna teorann Ballstáit’);

(c)     tá siad le próiseáil i gcriosanna teorann na mBallstát faoi seach ar shlí a chiallaíonn nach ann don riosca fíteashláintíochta a thuilleadh;

(d)     ní bhaineann riosca leo i ndáil le leathadh lotnaidí coraintín a bhaineann le gluaiseachtaí laistigh den chrios teorann.

Ní bheidh na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile ach ag gluaiseacht isteach chuig agus laistigh de chriosanna teorann an Bhallstáit, agus faoi rialú oifigiúil an údaráis inniúil.

2.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, de réir Airteagal 98, ina sonraítear an méid seo a leanas:

(a)     uasleithead criosanna teorann tríú tír agus criosanna teorann Ballstáit, de réir mar is cuí do phlandaí sonracha, táirgí plandaí agus réada eile ina n‑aonar;

(b)     uasmhéid gluaiseachta plandaí, táirgí plandaí agus réada eile i gceist laistigh de chriosanna teorann tríú tír agus criosanna teorann Ballstáit; agus

(c)     na nósanna imeachta a bhaineann le húdarú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt isteach agus a aistriú laistigh de chriosanna teorann an Bhallstáit.

Cinnteoidh leithead na gcriosanna seo nach ionann tabhairt isteach agus gluaiseacht na bplandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chríoch an Aontais agus rioscaí fíteashláintíochta do chríoch an Aontais nó páirteanna den Aontas.

3.           Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, na coinníollacha nó bearta sonrachaa bhaineann le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach chuig criosanna teorann Ballstáit a shonrú, mar aon le tríú tíortha sonracha, atá faoi réir an Airteagail seo.

Glacfar leis na gníomhartha sin de réir Roinn 1 d’Iarscríbhinn IV ar bhearta chun rioscaí lotnaidí coraintín a bhainistiú agus Roinn 2 den Iarscríbhinn sin maidir le prionsabail do bhainistiú rioscaí lotnaidí, agus forbairtí eolaíochta agus teicniúla á gcur san áireamh.

Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, agus déanfar iad a aisghairm nó a athsholáthar, de réir an nóis imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

4.           Cuirfidh Ballstáit in iúl, tríd an gcóras leictreonach fógra dá dtagraítear in Airteagal 97, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile cá bhfuil plandaí, táirgí plandaí agus réada eile tugtha isteach nó bogtha laistigh de na criosanna teorann dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 de shárú ar na míreanna seo.

Chomh maith leis sin, cuirfear an tríú tír ónar tugadh na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile isteach sa chrios teorann ar an eolas.

Airteagal 45 Eisceacht ó thoirmisc agus ceanglais d’iompar fíteashláintíochta

1.           De mhaolú ar Airteagail 40(3) agus 41(3), féadfaidh Ballstáit plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach, mar aon lena n‑aistriú trí chríoch an Aontais a údarú, chuig tríú tír (‘iompar fíteashláintíochta’ anseo feasta), sa chás go gcomhlíonann na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile na coinníollacha seo a leanas:

(a)     tá dearbhú sínithe an oibreora ghairmiúil atá i mbun na bplandaí, na dtáirgí plandaí agus na réad eile leo, dearbhú ina sonraítear go bhfuil na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile faoi réir iompair fíteashláintíochta;

(b)     tá siad pacáistithe agus á n‑aistriú ar shlí nach bhfuil aon riosca ann go mbeidh lotnaidí coraintín Aontais á leathadh acu i rith a dtabhairt isteach agus a n‑iompar trí chríoch an Aontais;

(c)     tá siad á dtabhairt isteach, agus á n‑iompar, gan mhoill, trí chríoch an Aontais faoi rialú oifigiúil na n‑údarás inniúil i gceist.

Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit a dtugtar na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile isteach, nó den chéad uair a mbogtar laistigh iad, i gcríoch an Aontais údaráis inniúla na mBallstát eile a bhfuil na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile le haistriú roimh iad a aistriú amach as críoch an Aontais ar an eolas.

2.           Áit a sonraítear sna gníomhartha glactha de bhun Airteagal 27(1) agus (2) agus Airteagal 29(1) agus (2), beidh feidhm leis an Airteagal sin dá réir sin.

3.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún, de réir Airteagal 98, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina sonraítear inneachar an dearbhaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1.

4.           Féadfaidh an Coimisiún, trí na gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí formáide a ghlacadh don dearbhú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1. Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin de réir an nóis imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

5.           Cuirfidh Ballstáit in iúl, tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 97, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile cá bhfuil plandaí, táirgí plandaí agus réada eile tugtha isteach nó bogtha laistigh de na criosanna teorann dá dtagraítear i mír 1 de shárú ar na míreanna seo.

Cuirfear an tríú tír ónar tugadh na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile isteach i gcríoch an Aontais ar an eolas.

Airteagal 46 Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile á n‑úsáid chun críocha eolaíochta, trialacha, roghanna cineáil, síolrú agus taispeántais

1.           De mhaolú ar Airteagail 40(3) agus 41(3), féadfaidh Ballstáit, ar iarratas, a údarú a thabhairt isteach agus a aistriú ina gcríoch plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a úsáidtear chun críocha eolaíochta, trialacha, roghanna cineáil, síolrú agus taispeántais, má tá gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a)     níl láithreacht plandaí, táirgí plandaí nó réad eile i gceist mar bhonn le riosca doghlactha de leathadh lotnaid choraintín de chuid an Aontais má tá srianta oiriúnacha á bhforchur;

(b)     tá na háiseanna stórála ina bhfuil na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile le coinneáil agus na stáisiúin choraintín, dá dtagraítear in Airteagal 56, oiriúnach;

(c)     tá cáilíochtaí eolaíochta agus teicniúla an phearsanra a bhfuil an ghníomhaíocht a bhaineann leis na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile á gcur i gcrích acu oiriúnach.

2.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil an riosca a bhaineann le leathadh lotnaidí coraintín an Aontais trí phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mheas, dá dtagraítear i mír 1(a), agus aitheantas, bitheolaíocht agus modhanna scaipthe lotnaidí coraintín an Aontais, an ghníomhaíocht a dhéanfar, idirghníomhaíocht leis an gcomhshaol agus fachtóirí ábhartha eile a bhaineann leis an riosca atá ag eascairt ó na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile sin.

Déanfar measúnú ar na háiseanna stórála ina mbeidh na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile á gcoinneáil, mar a dtagraítear dó i mír 1(b), agus cáilíochtaí eolaíochta agus teicniúla an phearsanra a bheidh an ghníomhaíocht a bhaineann leis na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile a déanamh acu, mar a bhfuil tagairt déanta dó i mír 1(c).

Ar bhonn na measúnuithe sin, déanfaidh an t‑údarás inniúil tabhairt isteach nó aistriú na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó na réad eile laistigh de chríoch an Aontais a údarú má tá na ceanglais atá sonraithe i mír 1 comhlíonta.

3.           Sa chás go dtugtar údarú, beidh na coinníollacha seo ar fad san áireamh ann:

(a)     tá na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile i gceist le coinneáil in áiseanna stórála a measann na húdaráis inniúla a bheith oiriúnach agus dá dtagraítear san údarú;

(b)     tá an ghníomhaíocht a bhaineann leis na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile le cur i gcrích i stáisiún coraintín atá ainmnithe ag an údarás inniúil de réir Airteagal 56 agus dá dtagraítear san údarú;

(c)     tá an ghníomhaíocht a bhaineann leis na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile le cur i gcrích ag pearsanra a measann an t‑údarás inniúil a gcáilíochtaí eolaíochta agus teicniúla a bheith oiriúnach agus dá dtagraítear san údarú;

(d)     ní mór go mbeadh an t‑údarú i dteannta na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó na réad eile nuair a bhíonn siad á dtabhairt isteach isteach i gcríoch an Aontais nó á n-aistriú laistigh di.

4.           Beidh an t‑údarú teoranta don mhéid atá oiriúnach don ghníomhaíocht i gceist agus ní shárófar acmhainn an stáisiúin choraintín ainmnithe.

Áireofar ann na srianta atá oiriúnach chun an riosca leata a bhaineann le lotnaidí coraintín an Aontais i gceist a mhaolú.

5.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil faireachán ar chomhlíonadh leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3 agus an teorannú agus na srianta dá dtagraítear i mír 4 agus déanfar cibé gníomh is cuí ar fhaitíos nach gcomhlíontar na coinníollacha, an teorannú nó na srianta sin.

6.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 98, ag leagan amach rialacha mionsonraithe i ndáil le:

(a)     malartú faisnéise idir Ballstáit agus an Coimisiún maidir le tabhairt isteach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile i gcríoch an Aontais agus maidir lena n‑aistriú laistigh di;

(b)     na measúnuithe agus an t‑údarú dá dtagraítear i mír 2; agus

(c)     faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh, an ghníomhaíocht i gcás neamhchomhlíonta agus fógra a thabhairt faoi sin, dá dtagraítear i mír 5.

7.           Cuirfidh Ballstáit in iúl, tríd an gcóras leictreonach fógra dá dtagraítear in Airteagal 97, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile cá bhfuil plandaí, táirgí plandaí agus réada eile tugtha isteach nó bogtha laistigh de chríoch an Aontais de shárú ar mhíreanna 1 go 4.

Más iomchuí, áireofar sna fógraí seo na bearta atá glactha ag na Ballstáit maidir leis na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile i gceist, agus cibé ar ceadaíodh nó nár ceadaíodh tabhairt isteach nó gluaiseacht na bplandaí, táirgí plandaí nó réad eile laistigh de chríoch an Aontais i ndiaidh cur chun feidhme na mbeart sin.

Más iomchuí, cuirfear an tríú tír ónar tugadh na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile isteach i gcríoch an Aontais ar an eolas.

Soláthróidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún gach bliain ina ndéanfar achoimre den fhaisnéis ábhartha maidir leis na húdaraithe bronnta de bhun mhír 1 agus torthaí an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 5.

Airteagal 47 Bearta sealadacha i ndáil le plandaí le haghaidh plandú

1.           Féadfaidh an Coimisiún bearta sealadacha a ghlacadh, trí na gníomhartha cur chun feidhme, maidir le plandaí le haghaidh plandú ó thríú tíortha a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus a aistriú laistigh di, sa chás go bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a)     níl mórán taithí fíteashláintíochta ann maidir le trádáil plandaí le haghaidh plandú i gceist, bunaithe in nó seolta ón tríú tír i gceist;

(b)     níl measúnú déanta ar na rioscaí fíteashláintíochta atá ann do chríoch an Aontais i ndáil leis na plandaí le haghaidh plandú sin ó ón tríú tír lena mbaineann;

(c)     tá an chuma ar an scéal go mbainfidh rioscaí fíteashláintíochta leis na plandaí le haghaidh plandú nach bhfuil nasctha le, nó nach féidir a nascadh le, lotnaidí coraintín an Aontais atá liostaithe de bhun Airteagal 5(2) agus (3) nó lotnaidí a bhfuil glactha le bearta ina leith de bhun Airteagal 29.

Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, agus déanfar iad a aisghairm nó a athsholáthar, de réir an nóis imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

2.           Glacfar leis na bearta sealadacha dá dtagraítear i mír 1 de réir Iarscríbhinn III ar na heilimintí chun plandaí le haghaidh plandú a shainaithint a chruthaíonn rioscaí fíteashláintíochta do chríoch an Aontais agus Roinn 2 d’Iarscríbhinn IV maidir le prionsabail a bhaineann le bainistíocht rioscaí na lotnaidí sin.

Déanfaidh na bearta sin foráil do cheann amháin acu seo a leanas, mar a bheidh riachtanach bunaithe ar an gcás i gceist:

(a)     diansampláil, ag pointe tabhairt isteach, gach luchtóg plandaí le haghaidh plandú atá á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus tástáil samplaí;

(b)     sa chás nach féidir neamhláithreacht riosca fíteashláintíochta a áirithiú trí dhiansampláil agus diantástáil agus na plandaí le haghaidh plandú i gceist á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais, teastaíonn tréimhse choraintín chun neamhláithreacht an riosca fíteashláintíochta sna plandaí sin le haghaidh plandú a fhíorú;

(c)     sa chás nach féidir neamhláithreacht riosca fíteashláintíochta a áirithiú trí dhiansampláil agus diantástáil agus na plandaí le haghaidh plandú i gceist á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus tréimhse choraintín, beidh toirmeasc ar thabhairt isteach na bplandaí le haghaidh plandú i gcríoch an Aontais.

3.           Beidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm ar feadh uasthréimhse dhá bhliain. Féadfar cur leis an tréimhse seo uair amháin ar feadh uasmhéid dhá bhliain.

4.           Bunaithe ar fhorais shainordaitheacha chuí d'fhonn déileáil le riosca tromchúiseach fíteashláintíochta, glacfaidh an Coimisiún leis na leasuithe sin trí ghníomhartha infheidhme cur chun feidhme a ghlacadh gan mhoill, de réir an nóis imeachta dá dtagraítear in Airteagal 99(4).

5.           De mhaolú ar na bearta a glacadh de bhun mhír 1, bainfidh feidhm le hAirteagal 46 i ndáil le plandaí le haghaidh plandú , atá á n‑úsáid chun críocha eolaíochta, trialacha, rogha cineáil, síolrú agus taispeántais, a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus a aistriú laistigh di.

6.           Cuirfidh Ballstáit in iúl don Choimisiún agus do Bhallstáit eile cá bhfuil planda, táirge planda nó réad eile faoi réir na mbeart dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b) de mhír 2.

Cuirfidh Ballstáit in iúl don Choimisiún agus do Bhallstáit eile, i ndiaidh cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) de mhír 2, go bhfuil lotnaid aimsithe ar dócha a bheidh mar bhonn le rioscaí fíteashláintíochta nua.

Cuirfidh Ballstáit in iúl, tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 97, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile cár diúltaíodh do thabhairt isteach planda, táirge planda nó réada eile i gcríoch an Aontais, nó áit ar cuireadh toirmeasc ar a ghluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, de bhrí gur mheas an Ballstát i gceist gur sáraíodh an toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2. Más iomchuí, áireofar sna fógraí seo na bearta glactha ag na Ballstáit maidir leis na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile i gceist de bhun Airteagal 64(3) de Rialachán (AE) Uimh. …/… [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin ar Rialuithe Oifigiúla].

Más iomchuí, ba cheart an tríú tír ónar seoladh na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile lena dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais a chur ar an eolas.

Airteagal 48 Leasú ar Iarscríbhinn III

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagal 98, ag leasú Iarscríbhinn III maidir le heilimintí chun plandaí le haghaidh plandú a bhfuil rioscaí fíteashláintíochta do chríoch an Aontais ag baint leo, maidir le tréithe agus bun na bplandaí le haghaidh plandú sin, chun forbairtí an eolais theicniúil agus eolaíochta a oiriúnú.

Roinn 2 Bearta i ndáil le criosanna cosanta

Airteagal 49 Toirmeasc ar thabhairt isteach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile i gcriosanna cosanta

1.           Glacfaidh an Coimisiún le gníomh cur chun feidhme, ina n‑áireofar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile, agus na toirmisc agus na criosanna cosanta i gceist, mar atá sonraithe i gCuid B d’Iarscríbhinn III de Threoir 2000/29/CE.

Glacfar leis an ngníomh cur chun feidhme sin de réir an nóis imeachta chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 99(2) den Rialachán seo.

Sa liosta atá bunaithe ag an ngníomh cur chun feidhme sin, aithneofar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile bunaithe ar a gcód CN faoi seach.

2.           I gcás planda, táirge planda nó réada eile, a thagann ó lasmuigh den chrios cosanta i gceist, a chothaíonn riosca fíteashláintíochta ag leibhéal doghlactha mar gheall ar an dóchúlacht go mbeidh sé ag feidhmiú mar óstach do lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta, agus nach féidir an riosca sin a laghdú chuig leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na bearta sonraithe i bpointe 2 agus 3 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn IV maidir le bearta chun rioscaí agus conairí lotnaidí coraintín a bhainistiú, leasóidh an Coimisiún, de réir mar is cuí, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, d’fhonn an planda, táirge planda nó réad eile agus na criosanna cosanta i gceist a chur san áireamh ann.

Sa chás nach ionann planda, táirge planda nó réad eile san áireamh sa ghníomh cur chun feidhme sin agus riosca fíteashláintíochta ag leibhéal doghlactha, nó sa chás gurb ionann é agus riosca den sórt sin ach gur féidir an riosca sin a laghdú chun leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na bearta sonraithe i bpointe 2 agus 3 de Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV na mbeart chun rioscaí agus conairí lotnaidí coraintín a bhainistiú, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme.

Glacfar leis na leasuithe sin de réir an nóis imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 99(3) den Rialachán seo.

Déanfar inghlacthacht leibhéal an riosca fíteashláintíochta sin a mheas de réir na bprionsabal atá sonraithe i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II maidir leis na prionsabail a bhaineann le rioscaí lotnaidí den sórt sin a bhainistiú.

3.           Ní thabharfar planda, táirge planda nó réad eile liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear dó i mír 1 isteach i gcrios cosanta faoi seach ón tríú tír, nó réimse de chríoch an Aontais i gceist.

4.           Bunaithe ar fhorais shainordaitheacha chuí práinne d'fhonn déileáil le riosca tromchúiseach fíteashláintíochta, glacfaidh an Coimisiún leis na gníomhartha infheidhme cur chun feidhme gan mhoill de réir an nóis imeachta dá dtagraítear in Airteagal 99(4).

5.           Cuirfidh Ballstáit in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 97, aon chásanna inar tugadh plandaí, táirgí planda nó réadaí eile isteach sa chrios cosanta i gceist nó inar aistríodh laistigh di iad, de shárú ar na toirmisc a glacadh de bhun an Airteagail seo.

Más infheidhme, tabharfar fógra freisin don tríú tír ónar tugadh na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile isteach i gcríoch an Aontais.

Airteagal 50 Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile faoi réir ceanglas speisialta le haghaidh criosanna cosanta

1.           Glacfaidh an Coimisiún le gníomh cur chun feidhme, ina n‑áireofar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile, na criosanna cosanta faoi seach agus na ceanglais, mar atá sonraithe i gCuid B d’Iarscríbhinn IV de Threoir 2000/29/CE.

Glacfar leis an ngníomh cur chun feidhme sin de réir an nóis imeachta chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 99(2) den Rialachán seo.

Sa liosta atá bunaithe ag an ngníomh cur chun feidhme sin, aithneofar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile bunaithe ar a gcód CN faoi seach.

2.           I gcás planda, táirge planda nó réad eile, a thagann ó lasmuigh den chrios cosanta i gceist, a chothaíonn riosca fíteashláintíochta ag leibhéal doghlactha don chrios cosanta sin mar gheall ar an dóchúlacht go mbeidh sé ag feidhmiú mar óstach do lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta, agus nach féidir an riosca sin a laghdú chuig leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na bearta sonraithe i bpointe 2 agus 3 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn IV maidir le bearta chun rioscaí agus conairí lotnaidí coraintín a bhainistiú, leasóidh an Coimisiún, de réir mar is cuí, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, d’fhonn an planda, táirge planda nó réad eile agus na bearta atá le cur i bhfeidhm ina leith. Tagraítear do na bearta seo agus na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, dá dtagraítear anseo feasta mar 'ceanglais speisialta do chriosanna cosanta’.

Sa chás nach ionann planda, táirge planda nó réad eile san áireamh sa ghníomh cur chun feidhme sin agus riosca fíteashláintíochta ag leibhéal doghlactha don chrios cosanta i gceist, nó sa chás gurb ionann é agus riosca den sórt sin ach nach féidir an riosca sin a laghdú chun leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na ceanglais speisialta do chriosanna cosanta, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme.

Glacfar leis na leasuithe sin de réir an nóis imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 99(3) den Rialachán seo.

Déanfar inghlacthacht leibhéal an riosca fíteashláintíochta sin a mheas, agus glacfar leis na bearta chun an riosca sin a laghdú chuig leibhéal inghlactha, de réir na bprionsabal atá sonraithe i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II maidir leis na prionsabail a bhaineann le rioscaí lotnaidí a bhainistiú.

Bunaithe ar fhorais shainordaitheacha chuí práinne d'fhonn déileáil le riosca tromchúiseach fíteashláintíochta, glacfaidh an Coimisiún leis na gníomhartha infheidhme cur chun feidhme gan mhoill de réir an nóis imeachta dá dtagraítear in Airteagal 99(4).

3.           Ní féidir planda, táirge planda nó réad eile liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear dó i mír 1 a thabhairt isteach chuig nó a aistriú laistigh den chrios cosanta faoi seach ach amháin má tá na ceanglais speisialta do chriosanna cosanta á gcomhlíonadh.

4.           Cuirfidh Ballstáit in iúl, tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 97, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile cár tugadh plandaí, táirgí planda nó réada eile isteach nó cár aistríodh plandaí laistigh den chrios cosanta i gceist, de shárú ar na bearta a glacadh de bhun an Airteagail seo.

Más infheidhme, cuirfear an tríú tír ónar tugadh na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile isteach i gcríoch an Aontais ar an eolas.

Airteagal 51 Faisnéis le soláthar do thaistealaithe, do chliaint na seirbhísí poist agus do chliaint an idirlín i ndáil le criosanna cosanta

Bainfidh feidhm le hAirteagal 43 a bhaineann le faisnéis atá le soláthar do thaistealaithe, do chliaint na seirbhísí poist agus do chliaint an idirlín maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach ó thríú tíortha chuig na criosanna cosanta.

Airteagal 52 Eisceacht ó thoirmisc agus ceanglais do chriosanna teorann i ndáil le criosanna cosanta

Bainfidh feidhm le hAirteagal 44 a bhaineann leis na heisceachtaí ó thoirmisc agus ó cheanglais do chriosanna teorann i ndáil leis na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile liostaithe de bhun Airteagal 49(1) agus (2) agus Airteagal 50(1) agus (2) i ndáil leis na criosanna cosanta a bhfuil teorainn acu le criosanna teorann tríú tír.

Airteagal 53 Eisceacht ó thoirmisc agus ceanglais d’iompar fíteashláintíochta i ndáil le criosanna cosanta

Bainfidh feidhm le hAirteagal 45 a bhaineann leis na eisceachtaí ó thoirmisc agus ó cheanglais d’iompar fíteashláintíochta i ndáil leis na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile liostaithe de bhun Airteagal 49(1) agus (2) agus Airteagal 50(1) agus (2) i ndáil le hiompar fíteashláintíochta trí chriosanna cosanta.

Airteagal 54 Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a úsáidtear chun críocha eolaíochta, trialacha, roghanna cineáil, síolrú agus taispeántais i ndáil le criosanna cosanta

De mhaolú ar na toirmisc agus ar na ceanglais dá bhforáiltear dóibh in Airteagail 49(3) agus 50(3), bainfidh feidhm le hAirteagal 46 i ndáil leis na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile liostaithe de bhun Airteagal 49(1) agus (2) agus Airteagal 50(1) agus (2) i ndáil le tabhairt isteach agus gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chriosanna cosanta atá á n‑úsáid chun críocha eolaíochta, trialacha, rogha cineáil, síolrú agus taispeántais.

Roinn 3 Bearta eile a bhaineann le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile

Airteagal 55 Ceanglais ghinearálta maidir le pacáistiú agus feithiclí

1.           Beidh ábhar pacáistithe a úsáidfear do phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile, dá dtagraítear sna gníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagail 27(1) agus (2), 29(1) agus (2), 40(1), 41(1) agus (2), 47(1), 49(1) agus 50(1) agus gluaiseacht isteach chuig nó laistigh de chríoch an Aontais, saor ó lotnaidí coraintín an Aontais.

Beidh an réad ceannann céanna i gceist le feithiclí a mbeidh plandaí, táirgí plandaí agus réada eile den sórt sin á n‑iompar iontu.

2.           Clúdófar san ábhar pacáistithe dá dtagraítear i mír 1, seachas ábhar pacáistithe adhmaid, na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile i gceist ar bhealach a chiallaíonn, le linn a ngluaiseachta isteach chuig nó laistigh de chríoch an Aontais, nach bhfuil aon riosca ann go mbeidh lotnaidí coraintín an Aontais á leathadh.

Clúdófar nó cuirfear críoch leis na feithiclí dá dtagraítear i mír 1, de réir mar is cuí, ar bhealach a chiallaíonn, le linn a ngluaiseachta isteach chuig nó laistigh de chríoch an Aontais, nach bhfuil aon riosca ann go mbeidh lotnaidí coraintín an Aontais á leathadh.

3.           Bainfidh feidhm le míreanna 1 agus 2 i gcriosanna cosanta i ndáil le lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta faoi seach.

Airteagal 56 Ainmniú stáisiún coraintín

1.           Ainmneoidh Ballstáit stáisiúin choraintín ina gcríoch do phlandaí, táirgí plandaí, agus réada agus lotnaidí eile, nó údaróidh siad úsáid a bhaint as stáisiúin choraintín ainmnithe i mBallstáit eile, ar choinníoll go bhfuil na ceanglais atá sonraithe i mír 2 á gcomhlíonadh ag na stáisiúin sin.

Féadfaidh an t‑údarás inniúil, lena chois sin, ar iarratas, áis a ainmniú mar stáisiún coraintín ar choinníoll go gcomhlíonann sé na ceanglais atá sonraithe i mír 2.

2.           Beidh na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh ag stáisiúin choraintín:

(a)     soláthraíonn siad leithlisiú fisiceach na bplandaí, táirgí plandaí agus réad eile atá le coinneáil i gcoraintín agus cinntíonn siad nach féidir rochtain a fháil orthu nó iad a thógáil as na stáisiúin sin gan toiliú a fháil ón údarás inniúil;

(b)     sa chás go mbaineann na gníomhaíochtaí a dhéantar sna stáisiúin choraintín le plandaí, táirgí plandaí nó réada eile, go bhfuil coinníollacha oiriúnacha fáis nó goir a thacaíonn le forbairt na bplandaí, táirgí plandaí agus réad eile a bhaineann le comharthaí agus siomptóim lotnaidí coraintín á soláthar acu;

(c)     tá dromchlaí déanta d’ábhar mín agus neamh‑thréscaoilteach acu a éascaíonn glanadh agus díshalú éifeachtach;

(d)     tá dromchlaí orthu atá frithsheasmhach do mheath agus d'ionsaí ó fheithidí agus ó artrapóid eile;

(e)     tá córais uiscithe, séarachais agus aeraithe acu a chuireann aistriú nó éalú lotnaidí coraintín as an áireamh;

(f)      tá córais acu le haghaidh steiriliú, díshalú agus scriosadh plandaí, táirgí plandaí agus réad, dramhaíola agus trealaimh atá fínithe sula dtógtar as na stáisiúin iad;

(g)     soláthraíonn siad éadach cosantach agus clúdach bróg;

(h)     tá córais acu, más iomchuí, do dhíshalú pearsanra agus cuairteoirí agus iad ag fágáil an stáisiúin;

(i)      sainiú ar thascanna na stáisiún sin, agus na coinníollacha faoina mbeidh na tascanna sin á gcomhlíonadh, má tá sin ar fáil;

(j)      líon suntasach pearsanra leis an gcáilíocht, oiliúint agus taithí chuí.

Cuirfidh na Ballstáit liosta de na stáisiúin choraintín ainmnithe ina gcríoch féin ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar iarratas.

Airteagal 57 Feidhmiú stáisiúin choraintín

1.           Déanfaidh an duine atá freagrach as an stáisiún coraintín faireachán ar an stáisiún sin agus fíorchóngar an stáisiúin sin d’fhonn a fháil amach an bhfuil lotnaidí coraintín i láthair.

Sa chás go bhfuil lotnaid i láthair, déanfaidh an duine atá freagrach as an stáisiún coraintín an ghníomhaíocht iomchuí. Cuirfidh an sé in iúl don údarás inniúil go bhfuil lotnaid i láthair agus go ndearnadh gníomhaíocht.

2.           Cinnteoidh an duine atá freagrach as an stáisiún coraintín go gcaitheann pearsanra agus cuairteoirí éadach cosantach agus clúdach bróg agus, más iomchuí, beidh siad faoi réir a ndíshalaithe ag fágáil an stáisiúin sin.

3.           Coinneoidh an duine atá freagrach as an stáisiún coraintín taifid maidir leis na pointí seo a leanas:

(a)     na pearsanra fostaithe;

(b)     na cuairteoirí a bhfuil rochtain acu ar an stáisiún;

(c)     na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile a théann isteach chuig an stáisiún agus a fhágann é;

(d)     áit tionscnaimh na bplandaí, na táirgí plandaí agus na réad eile sin;

(e)     breathnóireachtaí a bhaineann le lotnaidí a bheith i láthair na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile sin.

Coimeádfar na taifid sin ar feadh tréimhse trí bliana.

Airteagal 58 Maoirsiú na stáisiún coraintín agus cúlghairm an ainmnithe

1.           Eagróidh an t‑údarás inniúil iniúchtaí nó tástálacha ar na stáisiúin choraintín, uair sa bhliain, ar a laghad, d’fhonn a fhíorú an bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 56(2) agus Airteagal 57 á gcomhlíonadh ag na stáisiúin sin.

2.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil an t‑ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 56(1) a chúlghairm gan mhoill sna cásanna seo:

(a)     go ndealraíonn sé, i ndiaidh iniúchta nó tástála,  nach gcomhlíonann an stáisiún coraintín na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 56(2) nó Airteagal 57;

(b)     nach ndéanann an duine atá freagrach as an stáisiúncoraintín gníomhaíocht cheartaitheach oiriúnach agus thráthúil.

Airteagal 59 Scaoileadh plandaí, táirgí plandaí agus réad eile asstáisiún coraintín

1.           Ní fhágfaidh plandaí, táirgí plandaí agus réada eile na stáisiúincoraintín, ach i ndiaidh údaraithe a fháil ó na húdaráis inniúla, má tá sé dearbhaithe go bhfuil siad saor ó lotnaidí coraintín an Aontais, nó, más infheidhme, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta.

2.           Féadfaidh údaráis inniúla aistriú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile as na stáisiúincoraintín chuig stáisiúin choraintín eile nó chuig láithreacha eile a údarú má ghlactar bearta d’fhonn a áirithiú nach leathfar aon lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, nó, más infheidhme, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta, sa limistéar i gceist.

Airteagal 60 Gluaiseacht lasmuigh de chríoch an Aontais

1.           Sa chás go bhfuil gluaiseacht planda, táirge planda nó réada eile lasmuigh den Aontas á rialú ag comhaontú fíteashláintíochta le tríú tír, cloífidh an ghluaiseacht sin leis an gcomhaontú sin.

2.           Sa chás nach bhfuil gluaiseacht planda, táirge planda nó réada eile lasmuigh den Aontas á rialú ag comhaontú fíteashláintíochta le tríú tír, tarlóidh an ghluaiseacht sin de réir rialacha fíteashláintíochta na tríú tír a bhfuil an planda, an táirge planda nó an réad eile le haistriú ann.

3.           Sa chás nach bhfuil gluaiseacht planda, táirge planda nó réada eile lasmuigh den Aontas á rialú ag comhaontú fíteashláintíochta le tríú tír nó ag rialacha fíteashláintíochta na tríú tír a bhfuil an planda, táirge planda nó réad eile le haistriú ann, bainfidh feidhm leis na ceanglais a bhaineann le gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chríoch an Aontais, mar atá sonraithe sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 41(1) agus (2).

Ní bheidh na coinníollacha sin i bhfeidhm, áfach, sa chás go mbaineann siad le lotnaid nach bhfuil ceachtar de na coinníollacha seo a leanas á comhlíonadh aici:

(a)     aithníonn an tríú tír sin láithreacht a bheith ag an lotnaid úd ina críoch siúd agus níl sí faoi rialú oifigiúil;

(b)     is féidir a thoimhdiú go réasúnach nach gcáilíonn sí mar lotnaid choraintín i ndáil le críoch na tríú tír sin.

Caibidil V Clárú na n‑oibreoirí gairmiúla agus inrianaitheacht

Airteagal 61 Clár oifigiúil na n‑oibreoirí gairmiúla

1.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil clár a choinneáil agus a nuashonrú ar a mbeidh na hoibreoirí gairmiúla atá i mbun na ngníomhaíochtaí a dhéanamh, liostaithe sa dara fomhír, i gcríoch an Bhallstáit i gceist, agus atá clúdaithe ag ceann de na pointí seo a leanas:

(a)     is oibreoirí gairmiúla iad a bhfuil baint ag a ngníomhaíochtaí le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile atá clúdaithe i ngníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear dó in Airteagail 27(1), (2) nó (3), 29(1), (2) nó (3), 40(1), 41(1) nó (2), 47(1), 49(1) nó 50(1), nó atá faoi réir fhorálacha Airteagail 43(1) nó (2), 44(1), 45(1), 51, 52 nó 53;

(b)     is oibreoirí gairmiúla iad laistigh de bhrí Airteagal 3(6) de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le dlí an ábhair atáirgthe phlandaí].

Beidh feidhm leis an mír seo i ndáil leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)     plandú;

(b)     fás;

(c)     táirgeadh;

(d)     tabhairt isteach i gcríoch an Aontais;

(e)     gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais;

(f)      gluaiseacht lasmuigh de chríoch an Aontais;

(g)     táirgeadh agus/nó soláthar ar an margadh laistigh de bhrí Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le dlí an ábhair atáirgthe phlandaí];

(h)     díolachán trí mheán chianchonarthaí.

'An clár' a thabharfar ar an gclár sin. Tagrófar d’oibreoirí gairmiúla atá cláraithe de bhun phointe (a) agus (b) den chéad fhomhír mar 'oibreoirí cláraithe'.

2.           Féadfaidh oibreoir gairmiúil a bheith cláraithe i gclár údarás inniúil níos mó ná babhta amháin, ar choinníoll go bhfuil gach clárú nasctha le háitreabh difriúil, trádstórais chomhchoiteanna agus ionaid seolta dá dtagraítear in Airteagal 62(2)(d). I ndáil le gach clárú sin, beidh feidhm le nós imeachta Airteagal 62.

3.           Ní bhainfidh mír 1 le hoibreoir gairmiúil atá clúdaithe ag ceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:

(a)     soláthraíonn sé líon beag plandaí, táirgí plandaí agus réad eile d’úsáideoirí deiridh, trí mhodhanna eile seachas díolachán trí chianchonarthaí go heisiatach, mar atá ábhartha do na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile i gceist;

(b)     tá a ghníomhaíocht ghairmiúil maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réadaí eile teoranta do phlandaí, táirgí plandaí nó réada eile a iompar d’oibreoir gairmiúil eile;

(c)     baineann a ghníomhaíocht ghairmiúil go heisiatach le hiompar réad den uile chineál ag baint úsáide as ábhar pacáistithe adhmaid.

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, de réir Airteagal 98, ina sonrófar ceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:

(a)     tuilleadh catagóirí d’oibreoirí gairmiúla atá le díolúnú ó chur i bhfeidhm mhír 1, áit arb ionann an clárú sin agus ualach díréireach riaracháin i gcomparáid le riosca fíteashláintíochta a ngníomhaíochtaí gairmiúla;

(b)     ceanglais áirithe do chlárú catagóirí áirithe d’oibreoirí gairmiúla;

(c)     an figiúr uasta do cainníochtaí beaga de phlandaí, de tháirgí plandaí nó de réada eile ar leith dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír.

Airteagal 62 Nós imeachta clárúcháin

1.           Soláthróidh oibreoirí gairmiúla atá ag teacht laistigh de scóip phointí (a) nó (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 61(1) iarratas do na húdaráis inniúla le cur san áireamh sa chlár.

2.           Beidh na heilimintí seo a leanas san áireamh san iarratas sin:

(a)     ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an oibreora ghairmiúil;

(b)     ráiteas maidir le rún an oibreora ghairmiúil gach ceann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 61(1) a bhaineann le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a chleachtadh;

(c)     ráiteas maidir le rún an oibreora ghairmiúil gach ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur i gcrích:

(i)      pasanna plandaí a eisiúint do phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile, de bhun Airteagal 79(1);

(ii)      marc a chur ar ábhar pacáistithe adhmaid, dá dtagraítear in Airteagal 91(1);

(iii)     aon fhianú eile, dá dtagraítear in Airteagal 93(1) a eisiúint;

(iv)     lipéid oifigiúla a eisiúint d’ábhar atáirgthe plandaí, de bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin ar ábhar atáirgthe plandaí];

(d)     seoladh an áitribh, trádstóras comhchoiteann agus ionaid seolta úsáidte ag an oibreoir gairmiúil sa Bhallstát i gceist chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 61(1) a chur i gcrích chun críche an chláraithe;

(e)     genera agus speiceas na bplandaí agus na dtáirgí plandaí, agus, más iomchuí, nádúr na réad eile, a bhfuil tionchar ag gníomhaíochtaí an oibreora ghairmiúil orthu.

3.           Cláróidh na húdaráis inniúla oibreoir gairmiúil sa chás go bhfuil eilimintí de mhír 2 san áireamh san iarratas cláraithe.

4.           Soláthróidh oibreoirí gairmiúla cláraithe, más iomchuí, iarratas chun na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (d) agus (e) de mhír 2, agus na ráitis dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 2.

5.           Sa chás gur léir don údarás inniúil nach bhfuil na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 61(1) á gcur i gcrích ag an oibreoir rialaithe níos mó, nó go bhfuil iarratas soláthartha ag an oibreoir gairmiúil nach bhfuil ceanglais mhír 2 á gcomhlíonadh aige a thuilleadh, iarrfaidh sé ar an oibreoir na ceanglais seo a chomhlíonadh gan mhoill nó laistigh de thréimhse ama sonraithe.

Sa chás nach gcomhlíonann an t‑oibreoir cláraithe na ceanglais sin laistigh den tréimhse ama sonraithe ag an údarás inniúil, déanfaidh an t‑údarás inniúil sin clárú an oibreora sin a chúlghairm.

Airteagal 63 Ábhar an chláir

Beidh na heilimintí atá sonraithe i bpointí (a), (b), (d) agus (e) d’Airteagal 62(2) mar aon leis na heilimintí seo a leanas le fáil sa chlár:

(a)          an uimhir chlárúcháin oifigiúil;

(b)          an cód dhá litir léirithe i bhfoirm ISO 3166-1-alpha-2[31] don Bhallstát ina bhfuil an t‑oibreoir gairmiúil cláraithe;

(c)          comhartha an bhfuil údarú faighte ag an oibreoir gairmiúil do gach ceann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 62(2).

Airteagal 64 Infhaighteacht um fhaisnéis na gclár oifigiúil

1.           Soláthróidh an Ballstát a bhfuil an clár á choimeád aige, ar iarratas, an fhaisnéis atá ann do na Ballstáit eile nó don Choimisiún.

2.           Soláthróidh an Ballstát a bhfuil an clár á choimeád aige, ar iarratas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 63, ach amháin pointí (d) agus (e) d’Airteagal 62(2), d’oibreoir gairmiúil ar bith.

Airteagal 65 Inrianaitheacht

1.           Coinneoidh oibreoir gairmiúil a bhfuil plandaí, táirgí plandaí nó réada eile á soláthar dó atá faoi réir toirmeasc, ceanglas nó coinníollacha de bhun Airteagail 40(1), 41(1) agus (2), 44(1) agus (3), 45(1), 46(1) agus (3), 47(1), 49(1) agus (2), 50(1) agus (2), 52, 53 agus 54 taifead le haghaidh gach planda, táirge planda nó réada eile soláthartha, ag cur ar chumas an oibreora sin na hoibreoirí gairmiúla a bhfuil an t‑ábhar cuí á sholáthar acu a shainaithint.

2.           Coinneoidh oibreoir gairmiúil a bhfuil plandaí, táirgí plandaí nó réada eile á soláthar aige atá faoi réir toirmeasc, ceanglas nó coinníollacha de bhun Airteagail 40(1), 41(1) agus (2), 44(1) agus (3), 45(1), 46(1) agus (3), 47(1), 49(1) agus (2), 50(1) agus (2), 52, 53 agus 54 taifead le haghaidh gach planda, táirge planda nó réada eile soláthartha, ag cur ar chumas an oibreora sin na hoibreoirí gairmiúla lenar soláthraíodh an t‑ábhar cuí a shainaithint.

3.           Coinneoidh oibreoirí gairmiúla na taifid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar feadh trí bliana ón dáta ar soláthraíodh nó ar sholáthair siad an planda, táirge planda nó réad eile i gceist.

4.           Arna iarraidh, cuirfidh siad an fhaisnéis atá sna taifid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 in iúl do na húdaráis inniúla.

Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 4 maidir leis na hoibreoirí gairmiúla dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 61(3).

Airteagal 66 Gluaiseachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh d’áitreabh an oibreora gairmiúil

1.           Beidh córais agus nósanna imeachta inrianaitheachta i bhfeidhm ag na hoibreoirí gairmiúla ionas gur féidir leo gluaiseachtaí a bplandaí, a dtáirgí plandaí agus réad eile laistigh dá n‑áitreabh féin a shainaithint.

Ní bheidh féin ag an gcéad fhomhír maidir leis na hoibreoirí gairmiúla dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 61(3).

2.           Cuirfear an fhaisnéis, a aithníonn na córais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, maidir le gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de na háitribh sin ar fáil don údarás inniúil ar iarratas.

Caibidil VI Deimhniú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile

Roinn 1 Deimhnithe fíteashláintíochta riachtanach do thabhairt isteach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile i gcríoch an Aontais

Airteagal 67 Deimhniú fíteashláintíochta do thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

1.           Is éard a bheidh i ndeimhniú fíteashláintíochta do thabhairt isteach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile i gcríoch an Aontais, ná doiciméad eisithe ag tríú tír, a bhfuil coinníollacha Airteagal 71 á gcomhlíonadh aici, a bhfuil an t‑inneachar sonraithe i gCuid A d’Iarscríbhinn V, nó, más infheidhme, Cuid B d’Iarscríbhinn V, agus a dheimhníonn go bhfuil na ceanglais seo a leanas á gcomhlíonadh ag an bplanda, táirge planda nó réad eile i gceist:

(a) tá sé saor ó lotnaidí coraintín an Aontais;

(b) tá forálacha Airteagal 37(1) maidir le láithreacht lotnaidí cáilíochta an Aontais do phlandaí le haghaidh plandú á gcomhlíonadh;

(c) tá na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 41(1) agus (2) á gcomhlíonadh;

(d) más infheidhme, tá na rialacha a glacadh de réir na bhforálacha glactha de bhun Airteagal 27(1) agus (2) agus Airteagal 29(1) á gcomhlíonadh.

2.           Más infheidhme, sonrófar sa deimhniú fíteashláintíochta faoin gceannteideal 'Dearbhú Breise', agus de réir na ngníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagail 41(1) agus (2) agus 50(1) agus (2), cibé ceanglas sonrachatá á chomhlíonadh, sa chás gur féidir rogha a dhéanamh idir roghanna éagsúla. San áireamh sa tsonraíocht seo beidh tagairt don rogha ábhartha a ndéantar foráil di sna gníomhartha sin.

3.           Más infheidhme, sonrófar sa deimhniú fíteashláintíochta go bhfuil na bearta fíteashláintíochta atá aitheanta mar bhearta coibhéiseacha á gcomhlíonadh ag na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile i gceist, de bhun Airteagal 42, i ndáil le ceanglais an ghnímh chur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 41(2).

4.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, de réir Airteagal 98, ina leasófar Páirteanna A agus B d’Iarscríbhinn V chun iad a chur in oiriúint do na forbairtí eolaíochta agus teicniúla agus d'fhorbairt caighdeán idirnáisiúnta.

Airteagal 68 Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta riachtanach ina leith

1.           Bunóidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, liosta de na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile, agus na tríú tíortha bunaidh nó seolta a bhaineann leo, lena dteastaíonn deimhniú fíteashláintíochta chun iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais.

Áireoidh an liosta sin:

(a) na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile liostaithe i bPointe I de Chuid B d’Iarscríbhinn V le Treoir 2000/29/CE;

(b) plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil ceanglais glactha ina leith de bhun Airteagail 27(1) agus 29(1) a bhaineann lena dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais;

(c) síolta liostaithe de bhun Airteagal 37(2);

(d) plandaí, táirgí plandaí agus réada eile liostaithe de bhun Airteagal 41(1) agus (2).

Ní bheidh feidhm le pointí (a) go (d), áfach, sa chás go n‑éilíonn an gníomh glactha de bhun Airteagal 27(1), 29(1) nó 41(1) agus (2) fianaise ar chomhlíonadh i bhfoirm marc oifigiúil, dá dtagraítear in Airteagal 91(1), nó fianú oifigiúil eile, dá dtagraítear in Airteagal 93(1).

Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 99(2).

2.           Leasóidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, sna cásanna seo a leanas:

(a) sa chás nach gcomhlíonann planda, táirge plandaí nó réad eile, liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme sin, mír 1(b), (c) nó (d);

(b) sa chás go gcomhlíonann planda, táirge planda nó réad eile, nach bhfuil liostaithe sa ghníomh sin, mír 1(b), (c) nó (d).

Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 99(2).

3.           Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, de réir na bprionsabal atá sonraithe i Roinn 2 d’Iarscríbhinn IV, a leasú, sa chás go bhfuil riosca ann go bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais ar phlanda, táirge planda nó réad eile, nach bhfuil liostaithe sa ghníomh sin, nó sa chás, maidir le planda, táirge planda nó réad eile atá liostaithe sa ghníomh sin, nach ann don riosca sin níos mó.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

4.           De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, ní theastóidh aon deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh plandaí, táirgí plandaí nó réad eile atá faoi réir Airteagail 44, 45, 46 agus 70.

Airteagal 69 Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta riachtanach dá dtabhairt isteach i gcrios cosanta

1.           Bunóidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, liosta de na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile, agus na tríú tíortha bunaidh nó seolta a bhaineann leo, lena dteastaíonn deimhniú fíteashláintíochta, le cois na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 68 (1), (2) agus (3), chun iad a thabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe ó na tríú tíortha sin.

Áireoidh an liosta sin:

(a) na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile liostaithe i bPointe II de Chuid B d’Iarscríbhinn V de Threoir 2000/29/CE;

(b) plandaí, táirgí plandaí agus réada eile liostaithe de bhun Airteagal 50(1) nó (2).

Ní bheidh feidhm le pointí (a) agus (b), áfach, sa chás go n‑éilíonn an gníomh a glacadh de bhun Airteagal 50(1) nó (2) fianaise ar chomhlíonadh i bhfoirm marc oifigiúil, dá dtagraítear in Airteagal 91(1), nó fianú oifigiúil eile, dá dtagraítear in Airteagal 93(1).

Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 99(2).

2.           Leasóidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, sna cásanna seo a leanas:

(a) sa chás nach gcomhlíonann planda, táirge planda nó réad eile, liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme sin, mír 1(b);

(b) sa chás go gcomhlíonann planda, táirge planda nó réad eile, nach bhfuil liostaithe sa ghníomh sin, mír 1(b).

Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 99(2).

3.           Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, de réir na bprionsabal atá sonraithe i Roinn 2 d’Iarscríbhinn IV, a leasú, sa chás go bhfuil riosca ann go bhfuil lotnaid choraintín de chuid na gcriosanna cosanta faoi seach ar phlanda, táirge planda nó réad eile, nach bhfuil liostaithe sa ghníomh sin, nó sa chás, maidir le planda, táirge planda nó réad eile atá liostaithe sa ghníomh sin, nach ann don riosca sin níos mó.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

4.           De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, ní theastóidh deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh plandaí, táirgí plandaí nó réad eile atá faoi réir Airteagail 52, 53, 54 agus 70.

Airteagal 70 Eisceachtaí i ndáil le bagáiste taistealaithe, cliaint na seirbhísí poist agus cliaint an idirlín

1.           D’fhéadfaí líon beag plandaí, táirgí plandaí nó réad áirithe eile ó thríú tír a dhíolúnú ón gceanglas a bhaineann le deimhniú fíteashláintíochta mar atá sonraithe in Airteagal 68(1) agus Airteagal 69(1), má tá na coinníollacha seo a leanas ar fad á gcomhlíonadh acu:

(a) tá siad á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais mar chuid de bhagáiste pearsanta taistealaithe, mar choinsíneachtaí seolta, i ndiaidh díolachán trí chianchonarthaí, chuig úsáideoirí deiridh (anseo feasta: ‘cliaint an idirlín’), nó mar lastais seachadta chuig úsáideoirí deiridh trí na seirbhísí poist;

(b) níl siad le húsáid chun críocha gairmiúla nó tráchtála;

(c) tá siad liostaithe de bhun mhír 2.

Ní bhainfidh an díolúine sin i ndáil le plandaí le haghaidh plandú, seachas síolta.

2.           Liostóidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile dá dtagraítear i mír 1 agus na tríú tíortha i gceist, agus sonróidh sé uasmhéid, de réir mar is cuí, na bplandaí, táirgí plandaí, agus réad eile i gceist a bheidh faoi réir díolúine na míre sin agus, más iomchuí, ceann amháin nó níos mó de na bearta bainistithe riosca atá leagtha amach i Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV.

Déanfar cinneadh maidir leis an liostú sin agus sonrú na híosmhéide i gceist agus, mas iomchuí, maidir leis na bearta bainistithe riosca, bunaithe ar an riosca fíteashláintíochta atá ag eascairt as líon beag na bplandaí, táirgí plandaí agus réad eile, de réir na gcritéar atá sonraithe i Roinn 2 d'Iarscríbhinn IV.

Glacfar leis an ngníomh cur chun feidhme sin de réir an nóis imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 99(3) den Rialachán seo.

Airteagal 71 Coinníollacha le comhlíonadh ag deimhniú fíteashláintíochta

1.           Ní ghlacfaidh an t‑údarás inniúil ach le deimhniú fíteashláintíochta atá le plandaí, táirgí plandaí nó réada eile atá le tabhairt isteach ó thríú tír, má tá Cuid A d'Iarscríbhinn V á comhlíonadh ag an deimhniú sin. Sa chás go bhfuil na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile le tabhairt isteach ó thríú tír nach de bhunadh na tíre sin iad, ní ghlacfaidh an t‑údarás inniúil ach le deimhniú fíteashláintíochta a bhfuil Cuid B d’Iarscríbhinn V á gcomhlíonadh acu.

Ní ghlacfaidh sé leis an deimhniú fíteashláintíochta sin sa chás nach bhfuil an dearbhú breise dá dtagraítear in Airteagal 67(2), más infheidhme, i láthair agus i gceart, agus sa chás nach ann don ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 67(3), más infheidhme.

2.           Ní ghlacfaidh an t‑údarás inniúil ach le deimhniú fíteashláintíochta má tá na ceanglais seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a) tá sé eisithe i gceann amháin, ar a laghad, de theangacha oifigiúla an Aontais;

(b) tá sé dírithe ar an Aontas agus ar cheann de Bhallstáit an Aontais;

(c) níor eisíodh é níos mó ná 14 lá roimh an dáta a d'fhág na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile a chumhdaíonn sé an tríú tír inar eisíodh é.

3.           I gcás tríú tír atá páirteach san IPPC (an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí), ní ghlacfaidh an t‑údarás inniúil ach leis na deimhnithe fíteashláintíochta eisithe ag eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí na tríú tír sin nó, faoina fhreagracht/freagracht, ag oifigeach poiblí a bhfuil na cáilíochtaí teicniúla aige/aici agus atá údaraithe go cuí ag an eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí sin.

4.           I gcás tríú tír nach bhfuil páirteach san IPPC, ní ghlacfaidh an t‑údarás inniúil ach leis na deimhnithe fíteashláintíochta eisithe ag na húdaráis sin atá inniúil de réir rialacha náisiúnta na tríú tír sin agus curtha in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún na fógraí faighte in iúl do na Ballstáit agus do na hoibreoirí, tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 97, de bhun phointe (a) d’Airteagal 131 de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla].

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, de bhun Airteagal 98, ina mbeidh na coinníollacha forlíontacha glactha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, d’fhonn iontaofacht na ndeimhnithe sin a áirithiú.

5.           Ní ghlacfar le deimhnithe leictreonacha fíteashláintíochta ach amháin nuair a sholáthraítear é trí, nó i bhfoirm malartú leictreonach, leis an gcóras ríomhairithe bainistíochta faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 130 de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla].

Airteagal 72 Neamhbhailíochtú deimhnithe fíteashláintíochta

1.           Sa chás go bhfuil deimhniú fíteashláintíochta eisithe de réir Airteagal 67(1), (2) agus (3), agus go gcinneann an t‑údarás inniúil i gceist nach bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 71 á gcomhlíonadh, beidh sé mar bhonn le neamhbhailíochtú an deimhnithe fíteashláintíochta agus a áirithiú nach mbeidh a deimhniú den sórt sin luaite leis na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile i gceist níos mó. Sa chás sin, agus i ndáil leis na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile i gceist, glacfaidh an t‑údarás inniúil le ceann de na bearta atá sonraithe in Airteagal 64(3) de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin ar Rialuithe Oifigiúla].

2.           Cuirfidh Ballstáit in iúl, tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 97, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile na cásanna sin ina ndearnadh deimhniú fíteashláintíochta a neamhbhailíochtú de bhun mhír 1.

Cuirfear an tríú tír a d’eisigh an deimhniú fíteashláintíochta sin ar an eolas freisin.

Roinn 2 Pasanna plandaí riachtanach le haghaidh gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chríoch an Aontais

Airteagal 73 Pasanna plandaí

Lipéad oifigiúil le haghaidh aistriú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chríoch an Aontais a bheidh sa phas plandaí agus, más infheidhme, isteach i gcriosanna cosanta agus laistigh díobh, arb ionann é agus deimhniú ar chomhlíonadh na gceanglas uile atá leagtha amach in Airteagal 80 agus, le haghaidh aistriú isteach i gcriosanna cosanta, Airteagal 81, agus go bhfuil an t‑inneachar agus an fhormáid sonraithe in Airteagal 78.

Airteagal 74 Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil pas plandaí riachtanach ina leith le haghaidh gluaiseachta laistigh de chríoch an Aontais

1.           Bunóidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, liosta de na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile, a bhfuil pas plandaí ag teastáil dá ngluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais.

Áireoidh an liosta sin:

(a) plandaí le haghaidh plandú uile, seachas síolta;

(b) na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile liosta i bpointe (I) de Chuid (A) d’Iarscríbhinn V le Treoir 2000/29/CE;

(c) plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil ceanglais glactha ina leith de bhun Airteagal 27(1), (2) nó (3) nó 29(1), (2) nó (3) a bhaineann lena ngluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais;

(d) síolta liostaithe de bhun Airteagal 37(2);

(e) plandaí, táirgí plandaí agus réada eile liostaithe de bhun Airteagal 41(1) agus (2).

Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 99(2).

2.           Leasóidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, sna cásanna seo a leanas:

(a) sa chás go gcomhlíonann planda, táirge plandaí nó réad eile, nach bhfuil liostaithe sa ghníomh sin, míreanna 1(c), (d) nó (e);

(b) sa chás nach gcomhlíonann planda, táirge plandaí nó réad eile, atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme sin, míreanna 1(c), (d) nó (e);

Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

3.           Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, de réir na bprionsabal atá sonraithe i Roinn 2 d’Iarscríbhinn IV, a leasú, sa chás go bhfuil riosca ann go bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais ar phlanda, táirge planda nó réad eile, nach bhfuil liostaithe sa ghníomh sin, nó sa chás, maidir le planda, táirge planda nó réad eile atá liostaithe sa ghníomh sin, nach ann don riosca sin níos mó.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

4.           De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, ní theastóidh pas plandaí le haghaidh plandaí, táirgí plandaí nó réad eile atá faoi réir Airteagail 44, 45, 46 agus 70.

Airteagal 75 Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil pas plandaí ina cheangal ina leith le haghaidh lena dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta agus lena n-aistriú laistigh díobh

1.           Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, liosta de na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile, a bhfuil pas plandaí ag teastáil dá dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe a bhunú.

Áireoidh an liosta sin:

(a) na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile liostaithe i bpointe (II) de Chuid A d’Iarscríbhinn V le Treoir 2000/29/CE;

(b) plandaí, táirgí plandaí agus réada eile liostaithe de bhun Airteagal 50(2).

Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 99(2).

2.           Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, a leasú sna cásanna seo a leanas:

(a) sa chás go gcomhlíonann planda, táirge planda nó réad eile, nach bhfuil liostaithe sa ghníomh sin, mír 1(b);

(b) sa chás nach gcomhlíonann planda, táirge planda nó réad eile, atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme mír 1(a) nó (b).

Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 99(2).

3.           Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, agus de réir na bprionsabal atá sonraithe i Roinn 2 d’Iarscríbhinn IV, a leasú, sa chás go bhfuil riosca ann go bhfuil lotnaid choraintín de chuid na gcriosanna cosanta faoi seach ar phlanda, táirge planda nó réad eile, nó sa chás, maidir le planda, táirge planda nó réad eile atá liostaithe sa ghníomh sin, nach ann don riosca sin níos mó.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

4.           De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, ní theastóidh pas plandaí le haghaidh plandaí, táirgí plandaí nó réad eile atá faoi réir Airteagail 52, 53, 54 agus 70.

Airteagal 76 Díolúine d’úsáideoirí deiridh

Ní theastóidh pas plandaí le haghaidh gluaiseacht líon beag, de réir mar is cuí do na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile i gceist, plandaí, táirgí plandaí agus réad eile chuig úsáideoir deiridh.

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, de bhun Airteagal 98, ina mbeidh an figiúr uasta do líon beag plandaí, táirgí plandaí nó réad eile sonraithe.

Airteagal 77 Eisceachtaí le haghaidh aistrithe laistigh d’áitreabh oibreora ghairmiúil agus idir a áitribh

Ní theastóidh pas plandaí le haghaidh aistriú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile idir áitribh an oibreora ghairmiúil chéanna ná laisitgh díobh.

Airteagal 78 Ábhar agus formáid an phas plandaí

1.           Lipéad ar leith a bheidh sa phas plandaí, a bheidh priontáilte ar aon substráit oiriúnach, ar choinníoll go gcoinnítear an pas plandaí amach ó aon fhaisnéis nó lipéad a d’fhéadfadh a bheith luaite ar an tsubstráit sin chomh maith céanna.

Beidh an pas plandaí soléite agus doscriosta.

2.           Beidh na heilimintí atá sonraithe i gCuid A d’Iarscríbhinn VI san áireamh sa phas plandaí le haghaidh gluaiseachta laistigh de chríoch an Aontais.

Beidh na heilimintí atá sonraithe i gCuid B d’Iarscríbhinn VI san áireamh sa phas plandaí le haghaidh tabhairt isteach agus gluaiseachta laistigh de chrios cosanta.

3.           I gcás plandaí le haghaidh plandú a atá táirgthe, nó curtha ar fáil ar an margadh, de réir bhrí Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le dlí an ábhair atáirgthe phlandaí], mar ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe  de réir bhrí Airteagal 10 den Rialachán sin, soláthrófar an pas plandaí, i bhfoirm ar leith, ar an lipéad oifigiúil táirgthe de réir Airteagal 22 den Rialachán nó, más infheidhme, ar an máistirdheimhniú arna eisiúint de réir Airteagal 122(1) den Rialachán sin.

Sa chás go bhfuil feidhm leis an mír seo, áireofar na heilimintí atá sonraithe i gCuid C d’Iarscríbhinn VI sa phas plandaí le haghaidh gluaiseachta laistigh de chríoch an Aontais.

Sa chás go bhfuil feidhm ag an mír seo, áireofar na heilimintí atá sonraithe i gCuid D d’Iarscríbhinn VI sa phas plandaí le haghaidh tabhairt isteach agus aistriú laistigh de chrios cosanta.

4.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, de réir Airteagal 98, ina leasófar Codanna A, B, C agus D d’Iarscríbhinn VI, chun na heilimintí sin a chur in oiriúint, más infheidhme, do na forbairtí eolaíochta agus teicniúla.

5.           I ngiorracht bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, glacfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí formáide an phas plandaí le haghaidh gluaiseachta laistigh de chríoch an Aontais agus an pas plandaí do thabhairt isteach agus le haghaidh gluaiseachta laistigh de chrios cosanta, maidir leis na pasanna plandaí dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír de mhír 2 agus sa dara agus sa tríú fomhír de mhír 3. Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin de réir an nóis imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

Sa chás go n‑éilíonn nádúr plandaí, táirgí plandaí nó réad eile ar leith, féadfar sonraíochtaí sonracha méid a shonrú dóibh.

Airteagal 79 Eisiúint ó oibreoirí údaraithe gairmiúla agus údaráis inniúla

1.           Oibreoirí cláraithe a eiseoidh pasanna plandaí, údaraithe de réir Airteagal 84, ag na húdaráis inniúla chun pasanna plandaí a eisiúint, 'oibreoirí údaraithe' anseo feasta, faoi mhaoirseacht na n‑údarás inniúil.

Eiseoidh oibreoirí údaraithe pasanna plandaí do na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile a bhfuil siad freagrach astu.

2.           Féadfaidh na húdaráis inniúla pasanna plandaí a eisiúint, áfach, sa chás go n‑iarrann oibreoir cláraithe sin.

3.           Ní eiseoidh oibreoirí údaraithe ach pasanna plandaí sna háitribh, trádstórais chomhchoiteanna agus ionaid seolta dá dtagraítear in Airteagal 62(2)(d).

Airteagal 80 Ceanglais shubstainteacha do phas plandaí le haghaidh gluaiseachta laistigh de chríoch an Aontais

Eiseofar pas plandaí le haghaidh gluaiseacht planda, táirge planda nó réada eile laistigh de chríoch an Aontais sa chás go bhfuil na ceanglais seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a) tá sé saor ó lotnaidí coraintín an Aontais;

(b) tá forálacha Airteagal 37(1) maidir le láithreacht lotnaidí cáilíochta an Aontais do phlandaí le haghaidh plandú á gcomhlíonadh;

(c) tá na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 41(1) agus (2) á gcomhlíonadh;

(d) más infheidhme, tá na rialacha glactha de réir na bhforálacha glactha de bhun Airteagal 27(1) agus (2) agus Airteagal 29(1) agus (2) á gcomhlíonadh; agus

(e) más infheidhme, tá na bearta glactha ag na húdaráis inniúla do dhíothú lotnaidí coraintín an Aontais de bhun Airteagal 16(1) agus díothú lotnaidí atá cáilithe go sealadach mar lotnaidí coraintín an Aontais de bhun Airteagal 28(1) á gcomhlíonadh.

Airteagal 81 Ceanglais shubstainteacha do phas plandaí le haghaidh aistriú chuig crios cosanta agus laistigh di

1.           Eiseofar pas plandaí chun planda, táirge planda nó réad eile  a thabhairt isteach i gcrios cosanta nó a aistriú laistigh di sa chás go bhfuil ceanglais uile Airteagal 80 á gcomhlíonadh, agus na ceanglais seo a leanas chomh maith céanna:

(a) tá sé saor ón lotnaid choraintín de chuid na gcriosanna cosanta faoi seach; agus

(b) tá na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 50(1) agus (2) á gcomhlíonadh.

2.           Sa chás go bhfuil feidhm ag Airteagal 33(2), ní eiseofar an pas plandaí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 82 Scrúduithe le haghaidh pasanna plandaí

1.           Ní fhéadfar ach pas plandaí a eisiúint do phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil léiriú faighte i ndiaidh scrúdaithe mhionchúisigh a dhéanamh de réir mhír 2, 3, agus 4 go bhfuil ceanglais Airteagal 80, agus, más infheidhme, Airteagal 81 á gcomhlíonadh acu.

Féadfar plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a scrúdú ar bhonn aonair nó trí shamplaí ionadaíocha. San áireamh sa scrúdú seo freisin beidh an t‑ábhar pacáistithe do na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile i gceist.

2.           Is é an t‑oibreoir údaraithe a dhéanfaidh an scrúdú, nó, más infheidhme de réir Airteagal 79(2), na húdaráis inniúla.

3.           Comhlíonfaidh an scrúdú na coinníollacha seo a leanas:

(a) déanfar an scrúdú go minic, ag amanna oiriúnacha agus cuirfear na rioscaí i gceist san áireamh;

(b) déanfar an scrúdú san áitreabh, sna trádstórais chomhchoiteanna agus sna hionaid seolta dá dtagraítear in Airteagal 62(2)(d); agus

(c) déanfar scrúdú amhairc agus, i gcás amhrais maidir le láithreacht lotnaide coraintín de chuid an Aontais nó, i gcás crios cosanta, lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta i gceist, trí shampláil agus tástáil.

Déanfar an scrúdú sin gan dochar d'aon cheanglais shonracha scrúdaithe nó do bhearta a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 27(1), (2) nó (3), 29(1), (2) nó (3), 41(1) agus (2), agus 50(1) agus (2).

4.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, de réir Airteagal 98, ina sonrófar na bearta mionsonraithe a bhaineann le scrúdú amhairc, sampláil agus tástáil, agus minicíocht agus uainiú na scrúduithe, dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3, i ndáil le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile sonracha, bunaithe ar na rioscaí fíteashláintíochta ar leith a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo. Bainfidh na scrúduithe, más iomchuí, le plandaí áirithe le haghaidh plandú a bhaineann leis na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. .../... (Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le hábhar atáirgthe plandaí a tháirgeadh agus a chur ar fáil ar an margadh), agus, más iomchuí, déanfar i gcomhair aon eiliminte, más iomchuí, atá leagtha amach i gCuid D d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin iad.

Sa chás go nglacann an Coimisiún le gníomh tarmligthe den sórt sin do phlandaí sonracha le haghaidh plandú, agus go bhfuil na plandaí sin faoi réir scéimeanna deimhnithe de bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le hábhar atáirgthe plandaí a tháirgeadh agus a chur ar fáil ar an margadh], áireofar na scrúduithe faoi seach i scéim deimhnithe amháin.

Agus na gníomhartha tarmligthe seo á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún an t‑eolas agus na forbairtí teicniúla agus eolaíochta san áireamh.

Airteagal 83 Ag ceangal na bpasanna plandaí

Is iad na hoibreoirí inniúla a bheidh freagrach as na pasanna plandaí a cheangal, nó, más infheidhme faoi Airteagal 79(2), na húdaráis inniúla, le gach luchtóg plandaí, táirgí plandaí nó réad eile i gceist sula ndéantar iad a aistriú laistigh de chríoch an Aontais de bhun Airteagal 74 nó isteach i gcrios cosanta de bhun Airteagal 75. Sa chás go bhfuil a plandaí, táirgí plandaí nó réada eile den sórt sin á n-áistriú i bpacáiste, beart nó coimeádán, beidh an pas plandaí i gceangal leis an bpacáiste, beart nó coimeádán sin.

Airteagal 84 Údarú na n‑oibreoirí gairmiúla le pasanna plandaí a eisiúint

1.           Tabharfaidh an t‑údarás inniúil údarú d’oibreoir gairmiúil pasanna plandaí a eisiúint ('an t‑údarú pasanna plandaí a eisiúint' anseo feasta) sa chás go bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh ag oibreoir gairmiúil:

(a) tá an t‑eolas cuí aige leis na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 82 a bhaineann le lotnaidí coraintín, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta agus lotnaidí cáilíochta an Aontais a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar na plandaí, táirgí plandaí agus réada i gceist a chur i gcrích, agus i ndáil le comharthaí láithreachta na lotnaidí sin agus na siomptóim a bhfuil siad mar bhonn leo, an modh chun láithreacht agus leathadh na lotnaidí sin a chosc, mar aon leis na modhanna chun iad a dhíothú;

(b) tá córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm d’fhonn cur ar a chumas na hoibleagáidí a bhaineann le hinrianaitheacht de bhun Airteagal 65 agus 66 a chomhlíonadh.

2.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, de réir Airteagal 98, ina sonrófar na ceanglais cháilíochta atá le comhlíonadh ag na hoibreoirí gairmiúla d’fhonn cur ar a gcumas na coinníollacha atá sonraithe i mír 1(a) a chomhlíonadh.

Airteagal 85 Oibleagáidí na n‑oibreoirí údaraithe

1.           Sa chás go bhfuil sé beartaithe ag oibreoir údaraithe pas plandaí a eisiúint, aithneoidh sé agus déanfaidh sé faireachán ar phointí an phróisis táirgeachta, agus na pointí a bhaineann le gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile an oibreora sin, atá criticiúil i ndáil leis na rialacha glactha de bhun Airteagal 27(1), (2) agus (3), Airteagal 29(1), (2) agus (3), Airteagal 37(1), Airteagal 41(3), Airteagal 80 agus Airteagal 82, agus, más infheidhme, Airteagal 33(2), Airteagal 50(3) agus Airteagal 81 a chomhlíonadh.

Coinneoidh sé taifid maidir le sainaithint agus faireachán na bpointí seo.

2.           Soláthróidh an t‑oibreoir údaraithe dá dtagraítear i mír 1 oiliúint chuí dá phearsanra a bhfuil baint acu leis na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 82, d’fhonn a áirithiú go bhfuil an t‑eolas cuí ag an bpearsanra sin chun na scrúduithe sin a dhéanamh.

Airteagal 86 Pleananna bainistíochta riosca fíteashláintíochta

1.           Féadfaidh an t‑údarás inniúil, mar is cuí, pleananna bainistíochta riosca fíteashláintíochta oibreoirí údaraithe a fhaomhadh, ina sonraítear na bearta curtha i bhfeidhm ag na hoibreoirí sin d'fhonn na n‑oibleagáidí atá sonraithe in Airteagal 85(1) a chomhlíonadh.

2.           Clúdóidh an plean bainistíochta riosca fíteashláintíochta, i bhfoirm lámhleabhar treorach más iomchuí, na nithe seo a leanas, ar a laghad:

(a) an fhaisnéis a theastaíonn faoi Airteagal 62(2) a bhaineann le clárú an oibreora údaraithe;

(b) an fhaisnéis a theastaíonn faoi Airteagal 65(3) agus 66(1) a bhaineann le hinrianaitheacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile;

(c) cur síos ar phróisis táirgeachta an oibreora údaraithe agus a ghníomhaíochtaí a bhaineann le gluaiseacht agus díolachán plandaí, táirgí plandaí agus réad eile;

(d) anailís ar na pointí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 85(1) agus na bearta curtha i gcrích ag an oibreoir údaraithe chun na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leis na pointí criticiúla sin a mhaolú;

(e) na nósanna imeachta i bhfeidhm agus na gníomhaíochtaí réamhthuartha i gcás amhrais nó aimsiú lotnaidí coraintín, an t-amhras sin nó an t-aimsiú sin a thaifeadadh mar aon leis na gníomhaíochtaí curtha i gcrích a thaifeadadh;

(f) róil agus freagrachtaí an phearsanra a bhfuil baint acu leis na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1), na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 82(1), agus eisiúint pasanna plandaí de bhun Airteagal 79(1), Airteagal 88(1) agus (2) agus Airteagal 89;

(g) an oiliúint arna soláthar don phearsanra dá dtagraítear i bpointe (f).

3.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, de réir Airteagal 98, a bheidh mar bhonn leis na heilimintí dá dtagraítear i mír 2 a leasú.

Airteagal 87 Aistarraingt údaraithe

1.           Sa chás gur léir don údarás inniúil nach bhfuil Airteagal 82(1), (2), (3) nó (4) nó Airteagal 84(1) á chomhlíonadh ag oibreoir údaraithe, nó nach bhfuil Airteagal 80, nó Airteagal 81 más infheidhme, á chomhlíonadh ag planda, táirge planda nó réad eile, a bhfuil pas plandaí eisithe ag an oibreoir gairmiúil ina leith, déanfaidh an t‑údarás sin cibé beart is cuí d'fhonn a áirithiú nach leantar leis an neamhchomhlíonadh leis na forálacha sin.

2.           Sa chás go bhfuil bearta curtha i gcrích ag an údarás inniúil de réir mhír 1, seachas aistarraingt an údaraithe pasanna plandaí a eisiúint, agus sa chás go leantar le neamhchomhlíonadh, aistarraingeoidh an t‑údarás sin an t‑údarú sin gan mhoill.

Airteagal 88 Pas plandaí a athsholáthar

1.           Féadfaidh oibreoir údaraithe a bhfuil luchtóg plandaí, táirgí plandaí nó réad eile faighte aige, a bhfuil pas plandaí eisithe ina leith, nó an t‑údarás inniúil atá ag gníomhú ar iarratas oibreoir gairmiúil, pas plandaí nua a eisiúint don luchtóg sin, ag teacht in ionad an phas plandaí a eisíodh i ndáil leis na luchtóg sin ar dtús, ar an gcoinníoll go bhfuil coinníollacha mhír 3 á gcomhlíonadh.

2.           Sa chás go bhfuil luchtóg plandaí, táirgí plandaí nó réad eile, a bhfuil pas plandaí eisithe ina leith, roinnte in dhá luchtóg nó níos mó, féadfaidh an t‑oibreoir údaraithe atá freagrach as na luchtóga nua seo, nó an t‑údarás inniúil ag gníomhú ar iarratas oibreoir gairmiúil, pas plandaí a eisiúint do gach luchtóg nua a eascraíonn as an deighilt, ar an gcoinníoll go bhfuil na coinníollacha atá sonraithe i mír 3 á gcomhlíonadh. Tiocfaidh na pasanna plandaí sin in ionad an phas plandaí a eisíodh don chéad luchtóg.

Sa chás go bhfuil dhá luchtóg, a bhfuil pas plandaí eisithe le haghaidh gach ceann acu, nasctha i luchtóg amháin, eiseoidh an t‑oibreoir údaraithe atá freagrach as an luchtóg nua sin, nó an t‑údarás inniúil atá ag feidhmiú ar iarratas oibreoir gairmiúil, pas plandaí don luchtóg sin. Tiocfaidh an pas plandaí sin in ionad an phas plandaí a eisíodh do na luchtóga tosaigh, ar an gcoinníoll go bhfuil na coinníollacha luaite i mír 3 á gcomhlíonadh.

3.           Ní féidir pas plandaí, mar a bhforáiltear dó i míreanna 1 agus 2, a eisiúint ach amháin má tá na coinníollacha seo a leanas a gcomhlíonadh:

(a) tá aitheantas na bplandaí, táirgí plandaí nó réad eile i gceist ráthaithe; agus

(b) tá na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 80 agus 81 á gcomhlíonadh ag na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile.

4.           Sa chás go n‑eisítear pas plandaí de bhun mhíreanna 1 nó 2, ní bheidh gá leis an scrúdú dá dtagraítear in Airteagal 82(1).

5.           I ndiaidh pas plandaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a athsholáthar, coinneoidh an t‑oibreoir údaraithe an pas plandaí athsholáthartha ar feadh trí bliana.

Sa chás go bhfuil pas plandaí eisithe ag an údarás inniúil chun pas plandaí a athsholáthar, coinneoidh an t‑oibreoir gairmiúil, ar  eisíodh ar iarraidh uaidh é, an pas plandaí atá athsholáthraithe ar feadh trí bliana.

Airteagal 89 Pasanna plandaí a bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta á n‑athsholáthar acu

1.           De mhaolú ar Airteagal 82, áit a dtugtar planda, táirge planda nó réad eile, isteach i gcríoch an Aontais ó thríú tír, a éilíonn pas plandaí le haghaidh gluaiseachta laistigh de chríoch an Aontais de bhun na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 74(1) agus (1), eiseofar pas den sórt sin sa chás go bhfuil na seiceálacha eisithe de bhun Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. …/….[Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin ar Rialuithe Oifigiúla] a bhaineann le tabhairt isteach an phlanda, táirge plandaí nó réada eile faoi seach curtha i gcrích go sásúil.

2.           I ndiaidh pas plandaí dá dtagraítear i mír 1 a eisiúint, coinneoidh an t‑oibreoir údaraithe, más infheidhme, a bhfuil an pas plandaí sin á eisiúint aige, an deimhniú fíteashláintíochta ar feadh trí bliana.

Sa chás go bhfuil feidhm le pointe (c) d’Airteagal 95(2), déanfar an deimhniú fíteashláintíochta sin a athsholáthar le cóip deimhnithe dá chuid.

Airteagal 90 Oibleagáid chun an pas plandaí a bhaint

1.           Bainfidh an t‑oibreoir gairmiúil a bhfuil luchtóg plandaí, táirgí plandaí nó réad eile á rialú aige, an pas plandaí ón luchtóg sin, sa chás gur léir dó nach bhfuil aon cheann de na ceanglais atá sonraithe in Airteagail 78 go 82, 84 nó 85 á gcomhlíonadh.

Déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil an pas plandaí sin a neamhbhailíochtú trí líne thrasnánach dhearg infheicthe agus dhoscriosta a tharraingt os a chionn.

2.           Sa chás go dteipeann ar an oibreoir gairmiúil mír 1 a chomhlíonadh, bainfidh na húdaráis inniúla an pas plandaí ón luchtóg i gceist agus déanfar an pas plandaí sin a neamhbhailíochtú trí líne thrasnánach dhearg infheicthe agus dhoscriosta a tharraingt os a chionn.

3.           Sa chás go bhfuil feidhm le míreanna 1 agus 2, coinneoidh an t‑oibreoir gairmiúil i gceist an pas plandaí neamhbhailíochtaithe ar feadh trí bliana.

4.           Sa chás go bhfuil feidhm le míreanna 1 agus 2, cuirfidh an t‑oibreoir gairmiúil i gceist an t‑oibreoir údaraithe nó an t‑údarás inniúil, a d'eisigh an pas plandaí neamhbhailíochtaithe, ar an eolas.

5.           Cuirfidh Ballstáit in iúl, tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 97, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile nuair a dhéantar pas plandaí a bhaint agus a neamhbhailíochtú de bhun mhír 2.

Roinn 3 Fianuithe eile

Airteagal 91 Marcáil an ábhair phacáistíochta adhmaid

1.           Beidh na heilimintí arna leagan amach in Iarscríbhinn VII san áireamh sa mharc lena bhfianaítear go ndearnadh ábhar pacáistíochta adhmaid a chóireáil i gcoinne lotnaidí coraintín an Aontais agus lotnaidí coraintín creasa faoi chosaint, i gcomhréir le modh arna bhunú de bhun Airteagal 27(1) nó (2), Airteagal 29(1) nó (2), Airteagal 41(1) nó (2) nó Airteagal 50(1) nó (2).

2.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 98, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ag leasú Iarscríbhinn VII chun an marc sin a chur in oiriúint d'fhorbairt caighdeán idirnáisiúnta.

3.           Ní féidir ach le hoibreoir gairmiúil atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 92 an marc a chur i bhfeidhm.

4.           Glacfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí formáide an mhairc dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

Airteagal 92 Údarú agus maoirsiú na n‑oibreoirí gairmiúla ag cur marc ar ábhair phacáistíochta adhmaid i gcríoch an Aontais

1.           Tabharfar údarú d'oibreoir cláraithe an marc dá dtagraítear in Airteagal 91(3) a chur i bhfeidhm ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

(a) tá an t‑eolas riachtanach aige chun cóireáil riachtanach an ábhair phacáistíochta adhmaid a dhéanamh de bhun na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 91(1);

(b) feidhmíonn sé áiseanna iomchuí chun an chóireáil sin a dhéanamh (anseo feasta: 'áiseanna cóireála').

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 98, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ag leasú na gceanglas i ndáil le húdarú, nuair is cuí i bhfianaise forbairt an eolais eolaíoch agus theicniúil.

Bronnfaidh an t‑údarás inniúil an t‑údarú ar iarratas.

2.           De mhaolú ar mhír 1, féadfar an t‑údarú dá dtagraítear sa mhír sin a dheonú, maidir le hábhar pacáistíochta adhmaid a mharcáil atá déanta go hiomlán as adhmad cóireáilte, sa chás go gcomhlíonann an t‑oibreoir cláraithe na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) úsáideann sé, go heisiach, adhmad ó shaoráidí cóireála arna bhfeidhmiú ag oibreoir cláraithe ata údaraithe de bhun mhír 1;

(b) cinntíonn sé gur féidir an t‑adhmad a úsáidtear chun na críche sin a rianú siar go dtí na saoráidí cóireála sin;

(c) nuair is infheidhme de bhun Airteagail 27(1) agus (2), 29(1) agus (2), 41(1) agus (2) agus 50(1) agus (2), baineann sé úsáid eisiatach as an adhmad dá dtagraítear i bpointe (a) a ghabhann pas plandaí ina theannta.

3.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil maoirseacht ar na hoibreoirí gairmiúla arna n‑údarú de bhun mhír 1, lena dheimhniú agus lena áirithiú go ndéanann siad ábhar pacáistíochta adhmaid a chóireáil agus a mharcáil i gcomhréir le hAirteagal 91(1) agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha arna leagan amach i míreanna 1 agus 2.

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 98, lena bhforlíontar na ceanglais arna leagan amach sa mhír seo maidir le maoirseacht ar oibreoirí gairmiúla arna déanamh ag an údarás inniúil.

4.           Sa chás go dtagann sé chun feasa an údaráis inniúil nach bhfuil na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 1, 2 nó 3 á gcomhlíonadh ag oibreoir gairmiúil, ní mór don údarás sin na ceanglais is gá a ghlacadh gan mhoill lena áirithiú nach leantar leis an neamhchomhlíonadh sin.

Sa chás go bhfuil an t‑údarás inniúil tar éis na bearta sin a ghlacadh, seachas tarraingt siar an údaraithe dá dtagraítear i mír 1, agus go bhfuil an neamhchomhlíonadh fós ar siúl, déanfaidh an t‑údarás sin an t‑údarú dá dtagraítear i mír 1 a aistarraingt gan mhoill.

Airteagal 93 Fianuithe seachas marc an ábhair phacáistíochta adhmaid

1.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 98, lena leagtar amach na heilimintí a bheidh san áireamh i bhfianuithe oifigiúla, le haghaidh plandaí, táirgí plandaí nó réad eile go sonrach, seachas ábhar pacáistíochta adhmaid, atá riachtanach de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta is infheidhme mar chruthúnas ar chur chun feidhme na mbeart arna nglacadh de bhun Airteagal 27(1) nó (2), Airteagal 29(1) nó (2), Airteagal 41(1) nó (2) nó Airteagal 50(1) nó (2).

2.           D'fhéadfadh ceanglais a bheith leagtha amach sna gníomhartha tarmligthe sin chomh maith maidir le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) údarú oibreoirí gairmiúla maidir le heisiúint na bhfianuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1;

(b) an mhaoirseacht a dhéanann an t‑údarás inniúil ar na hoibreoirí gairmiúla atá údaraithe de bhun phointe (a);

(c) aistarraingt an údaraithe sin dá dtagraítear i bpointe (a).

3.           Glacfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí formáide na bhfianuithe dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

Roinn 4 Onnmhairiú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile ó chríoch an Aontais

Airteagal 94 Deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairithe

1.           Sa chás go bhfuil deimhniú fíteashláintíochta riachtanach chun planda, táirge planda nó réad eile a onnmhairiú ó chríoch an Aontais go dtí tríú tír, de réir rialacha na tríú tír sin (anseo feasta: 'deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairithe'), eiseoidh an t‑údarás inniúil an deimhniú sin, ar iarratas ón oibreoir gairmiúil a bhfuil an planda, an táirge planda nó an réad eile atá le honnmhairiú faoina rialú.

2.           Eiseofar an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairithe ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil imleor chun comhlíonadh ceanglais na tríú tír lena mbaineann a dheimhniú. D'fhéadfadh an fhaisnéis sin teacht, de réir mar is cuí, ó cheann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas:

(a) pas planda, dá dtagraítear in Airteagal 73, ag gabháil in éineacht leis an bplanda, an táirge planda nó an réad eile lena mbaineann;

(b) marc an ábhair phacáistíochta adhmaid dá dtagraítear in Airteagal 91(1), nó an fianú dá dtagraítear in Airteagal 93(1);

(c) an fhaisnéis atá san áireamh sa deimhniú réamhonnmhairithe dá dtagraítear in Airteagal 96;

(d) faisnéis oifigiúil ar áireamh sa deimhniú fíteashláintíochta de réir mar a thagraítear dó in Airteagal 67, sa chás gur tugadh an planda, na táirgí planda nó an réad eile isteach i gcríoch an Aontais ó thríú tír;

(e) iniúchtaí oifigiúla, sampláil agus tástáil ar an bplanda, an táirge planda nó an réad eile lena mbaineann.

3.           Beidh na heilimintí arna leagan amach i gCuid A d'Iarscríbhinn VIII san áireamh sa deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairithe.

4.           Beidh sé de chumhacht ag an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 98, lena leasaítear Cuid A d'Iarscríbhinn VIII chun í a chur in oiriúint d'fhorbairtí eolaíochta agus teicniúla agus d'fhorbairt caighdeán idirnáisiúnta.

5.           Glacfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí formáide an deimhnithe fíteashláintíochta dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

6.           Ní bheidh deimhnithe fíteashláintíochta leictreonaí le haghaidh onnmhairithe bailí ach amháin nuair a sholáthrófar iad tríd an gcóras bainistíochta faisnéise ríomhairithe, nó i malartú leictreonach leis, dá dtagraítear in Airteagal 130 de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin ar Rialuithe Oifigiúla].

Airteagal 95 Deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairithe

1.           Sa chás go dtagann planda, táirge planda nó réad eile ó thríú tír agus gur tugadh isteach i gcríoch an Aontais é ón tríú tír sin nó ó thríú tír eile, féadfar deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairithe a eisiúint in ionad an deimhnithe fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairithe.

Eiseoidh an t‑údarás inniúil an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairithe, ar iarratas ón oibreoir gairmiúil a bhfuil an planda, an táirge planda nó an réad eile atá le honnmhairiú faoina rialú.

2.           Eiseofar an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairithe ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) níor fásadh, níor táirgeadh ná níor próiseáladh an planda, an táirge planda nó an réad eile atá i gceist sa Bhallstát óna n‑onnmhairítear é chuig an tríú tír lena mbaineann;

(b) níor nochtadh an planda, an táirge planda ná an réad eile atá i gceist do riosca fínithe le lotnaidí coraintín ar bith, arna liostú sin dó ag an tríú tír sprice, le linn stórála sa Bhallstát óna n‑onnmhaireofar é chuig an tríú tír sin;

(c) sa chás go bhfuil sé ar fáil, ní mór don deimhniú fíteashláintíochta a ghabhann leis an bplanda, táirge planda nó réad eile lena mbaineann ón tríú tír thionscnaimh, nó cóip deimhnithe de sin, a bheith ceangailte leis an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairithe.

3.           Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 94(2), maidir leis an bhfaisnéis leordhóthanach chun comhlíonadh riachtanais na tríú tír lena mbaineann a dheimhniú, dá réir sin.

4.           Beidh na heilimintí arna leagan amach i gCuid B d'Iarscríbhinn VIII san áireamh sa deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairithe.

5.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 98, lena leasaítear Cuid B d'Iarscríbhinn VIII chun í a chur in oiriúint d'fhorbairtí eolaíochta agus teicniúla agus d'fhorbairt caighdeán idirnáisiúnta.

6.           Glacfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí formáide an deimhnithe fíteashláintíochta dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

7.           Ní bheidh deimhnithe fíteashláintíochta leictreonaí le haghaidh athonnmhairithe bailí ach amháin nuair a sholáthrófar iad tríd an gcóras bainistíochta faisnéise ríomhairithe, nó i malartú leictreonach leis, dá dtagraítear in Airteagal 130 de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin ar Rialuithe Oifigiúla].

Airteagal 96 Deimhnithe réamhonnmhairithe

1.           Déanfaidh an Ballstát óna ndéanfar na plandaí, táirgí planda agus réada eile dá dtagraítear in Airteagal 94(1) a onnmhairiú agus an Ballstát ina ndearnadh na plandaí, táirgí planda nó réadaí eile a fhás, a tháirgeadh nó a phróiseáil, faisnéis a mhalartú de réir mar is gá chun an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairithe a eisiúint gan mhoill.

2.           Déanfar an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 1 i bhfoirm doiciméid chomhchuibhithe ('deimhniú réamhonnmhairithe' anseo feasta), ina bhfianaíonn an Ballstát ina ndearnadh na plandaí, táirgí planda agus réada eile a fhás, a tháirgeadh nó a phróiseáil go gcomhlíonann na plandaí, táirgí planda nó réada eile sin ceanglais fíteashláintíochta shonracha maidir le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) nach bhfuil lotnaidí áirithe sna plandaí, sna táirgí planda nó sna réada eile lena mbaineann;

(b) tionscnamh na bplandaí, na dtáirgí planda nó na réad eile lena mbaineann;

(c) na nósanna imeachta fíteashláintíochta is infheidhme maidir le táirgeadh nó próiseáil plandaí, táirgí planda nó réad eile lena mbaineann.

3.           Eiseoidh an Ballstát inar fásadh, inar táirgeadh nó inar próiseáladh na plandaí, na táirgí planda nó na réada eile an deimhniú réamhonnmhairithe, arna iarraidh sin ón oibreoir gairmiúil, fad is bheidh na plandaí, táirgí planda nó réada eile sin ar áitreabh an oibreora gairmiúil lena mbaineann.

4.           Ní mór an deimhniú réamhonnmhairithe a bheith in éineacht leis na plandaí, na táirgí planda agus na réada eile lena mbaineann le linn dóibh a bheith á n-aistriú laistigh de chríoch an Aontais, mura ndéanann na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis atá ann a mhalartú ar bhealach leictreonach.

5.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 98, ag leagan amach ábhar an deimhnithe réamhonnmhairithe.

6.           Déanfaidh an Coimisiún sonraíochtaí formáide an deimhnithe réamhonnmhairithe a ghlacadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 99(3).

Caibidil VII Bearta tacaíochta an Choimisiúin

Airteagal 97 Bunú córais fógra leictreonach

1.           Bunóidh an Coimisiún córas leictreonach le haghaidh chur isteach fógraí ag Ballstáit.

Beidh an córas sin nasctha agus comhoiriúnach leis an gcóras bainistíochta faisnéise ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 130(1) de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin ar Rialuithe Oifigiúla].

2.           Sa chás go mbaineann an fógra le lotnaid a bheith ar phlandaí, táirgí planda nó réada eile arna dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais, arna gcur i láthair go hoifigiúil lena dtabhairt isteach inti, nó arna n-aistriú laistigh di, beidh tagairt do na plandaí, na táirgí planda nó na réada lena mbaineann, don chineál neamh‑chomhlíonta agus do na bearta arna nglacadh san áireamh san fhógra dá dtagraítear i mír 1.

Sa chás go mbaineann an fógra le lotnaid a bheith i láthair i gcríoch Ballstáit, seachas ar phlanda, ar tháirge planda nó ar réad eile arna thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, arna chur i láthair go hoifigiúil lena thabhairt isteach inti, nó arna aistriú laistigh di, beidh tagairt do na plandaí, na táirgí planda nó na réada lena mbaineann, ainm na lotnaide, suíomh agus comhordanáidí GPS na háite ina bhfuarthas í, agus na bearta arna nglacadh san áireamh san fhógra dá dtagraítear i mír 1.

Caibidil VIII Forálacha deiridh

Airteagal 98 Feidhmiú an tarmligin

1.           Bronntar an chumhacht i ndáil le gníomhartha tarmligthe a ghlactha ar an gCoimisiún faoi réir na gcoinníollacha leagtha síos san Airteagal seo.

2.           Bronnfar an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 1(2), 7(1) agus (2), 8(6), 11(3), 20, 22(3), 25(4), 30, 32(4), 34(1), 38, 44(2), 45(3), 46(6), 48, 61(3), 67(4), 71(4), 76, 78(4), 82(4), 84(2), 86(3), 91(2), 92(1) agus (3), 93(1), 94(4), 95(5) agus 96(5) ar an gCoimisiún ar feadh tréimhse neamhchinnte ó thráth theacht chun feidhme an Rialacháin seo.

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 1(2), 7(1) agus (2), 8(6), 11(3), 20, 22(3), 25(4), 30, 32(4), 34(1), 38, 44(2), 45(3), 46(6), 48, 61(3), 67(4), 71(4), 76, 78(4), 82(4), 84(2), 86(3), 91(2), 92(1) agus (3), 93(1), 94(4), 95(5) agus 96(5) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú ansin. Ní chuirfidh sé isteach ar bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.           A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún é sin in iúl go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.           Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 1(2), 7(1) agus (2), 8(6), 11(3), 20, 22(3), 25(4), 30, 32(4), 34(1), 38, 44(2), 45(3), 46(6), 48, 61(3), 67(4), 71(4), 76, 78(4), 82(4), 84(2), 86(3), 91(2), 92(1) agus (3), 93(1), 94(4), 95(5) agus 96(5) i bhfeidhm sa chás nach gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina leith laistigh de thréimhse dhá mhí ó tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin acht sin nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina leith. Déanfar an tréimhse sin a leathnú le dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 99 Nós imeachta coiste

1.           Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is é a bheidh sa choiste sin ná coiste de réir bhrí Rialacháin (AE) Uimh. 182/2011.

2.           Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil de réir nós imeachta scríofa, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó i gcás ina n‑iarrfaidh tromlach simplí de bhaill an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama chun an tuairim a sholáthar.

3.           Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil de réir nós imeachta scríofa, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó i gcás ina n‑iarrfaidh tromlach simplí de bhaill an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama chun an tuairim a sholáthar.

4.           Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 dá chuid freisin.

Airteagal 100 Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoi …… [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach le bhur dtoil dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó faoi aon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh.

Airteagal 101 Aisghairmeacha

1.           Aisghairtear Treoir 2000/29/CE.

Aisghairtear na gníomhartha seo a leanas freisin:

(a) Treoir 69/464/CEE;

(b) Treoir 69/466/CEE;

(c) Treoir 74/647/CEE;

(d) Treoir 93/85/CEE;

(e) Treoir 98/57/CE;

(f) Treoir 2007/33/CE.

2.           Glacfar le tagairtí do na gníomhartha aisghairthe sin mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá leagtha amach in Iarscríbhinn IX leis seo.

Airteagal 102 Leasú an Rialacháin (AE) […]/2013 [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí]

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. [.…]/2013 [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí] mar seo a leanas:

(1)          In Airteagal 1, tagann an méid seo a leanas in áit phointe (e):

'(e)    maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí;'

(2)          In Airteagal 17(1), tagann na nithe seo a leanas in áit pointí (a), (b) agus (c):

'(a)    bearta chun lotnaid a dhíothú ó limistéar foirgthe, arna nglacadh ag na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 16(1), 27(1) nó 29(1) de Rialachán (AE) Uimh. […]/[…] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [maidir le bearta coisctheacha i gcoinne lotnaidí plandaí]*;

(b)     bearta chun lotnaid tosaíochta a shrianadh, arna liostú de bhun Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. […]/[…]*, ar glacadh bearta srianta de chuid an Aontais ina coinne de bhun Airteagal 27(2) nó Airteagal 29(2) den Rialachán sin, i limistéar foirgthe nach féidir an lotnaid tosaíochta sin a dhíothú uaidh, sa chás go bhfuil na bearta sin riachtanach chun críoch an Aontais a chosaint i gcoinne leathadh breise na lotnaide tosaíochta sin. Bainfidh na bearta sin le díothú na lotnaide sin ón gcrios maolánach mórthimpeall an limistéir fhoirgthe sa chás go mbraitear an lotnaid sa chrios maolánach sin;

(c)     bearta coiscthe arna nglacadh i gcoinne leathadh lotnaide tosaíochta, arna liostú de bhun Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. […]/[…]*, ar glacadh bearta de chuid an Aontais ina coinne de bhun Airteagal 27(3) nó Airteagal 29(3) den Rialachán sin, sa chás go bhfuil na bearta sin riachtanach chun críoch an Aontais a chosaint i gcoinne leathadh breise na lotnaide tosaíochta sin.

*          IO L …, ……., Lch. …' [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an fonóta seo, lena dtagraítear don Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. [.…]/2013 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí]

(3)          Leasaítear Airteagal 18 sa chaoi seo a leanas:

(a) Sa chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

'(a)     baineann siad le lotnaidí coraintín an Aontais nach bhfaightear i gcríoch an Aontais, arna liostú de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. […]/[…]*;

(b)     baineann siad le lotnaidí tosaíochta arna liostú de bhun Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. […]/[…]*;

(c)     baineann siad le lotnaidí, nach bhfuil liostaithe mar lotnaidí coraintín an Aontais, arna gcumhdach ag beart arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) Uimh. […]/[…]*.

*          IO L …, ……., Lch. …' [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an fonóta seo, lena dtagraítear don Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. [.…]/2013 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí]

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara míre:

'Le haghaidh beart lena gcomhlíontar an coinníoll arna leagan síos i bpointe (c) den chéad mhír, ní chumhdóidh an deontas costais arna dtabhú tar éis dul in éag an bhirt arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) Uimh. […]/[…]*.

*          IO L …, ……., Lch. …' [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an fonóta seo, lena dtagraítear don Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. [.…]/2013 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí]

(4)          Leasaítear mír 1 d'Airteagal 19 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear pointe (ca) isteach mar seo a leanas tar éis phointe (c):

'(ca)   na costais arna dtabhú ag Ballstáit le haghaidh chúiteamh na n‑oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 2(7)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) […]/[…]* maidir le luach na bplandaí, na dtáirgí planda nó na réad eile a scriosadh faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán sin, maidir le lotnaidí tosaíochta, arna liostú de bhun Airteagal 6(2) den Rialachán sin;'

*          IO L …, ……., Lch. …' [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an fonóta seo, lena dtagraítear don Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. [.…]/2013 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí]

(b) Tagann an méid seo a leanas in áit pointe (d):

'(d)    i gcásanna eisceachtúla agus a bhfuil údar cuí leo, ag cur san áireamh bhreisluach na mbeart don Aontas, na costais arna dtabhú trí bhearta eile a ghlacadh seachas na cinn dá dtagraítear i bpointí (a) go (ca), ar choinníoll go bhfuil na bearta sin leagtha amach sa chinneadh deontais dá dtagraítear in Airteagal 35(3).'

(c) Cuirtear isteach an dara fomhír seo a leanas:

'Chun críocha phointe (ca) den chéad fhomhír, ní bheidh an cúiteamh níos mó ná luach margaidh na bplandaí, na dtáirgí planda nó na réad eile díreach sular scriosadh iad agus bainfear an luach tarrthála, más ann dó, ón gcúiteamh.'

(5)          Leasaítear Airteagal 20 sa chaoi seo a leanas:

(a) Sa chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointí (a) agus (b):

'(a)     baineann siad le lotnaidí coraintín san Aontas nach eol a bheith i gcríoch an Aontais, liostaithe de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. […]/[…]*;

(b)     baineann siad le lotnaidí tosaíochta de bhun Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) […]/[…]*;

(c)     baineann siad le lotnaidí nach bhfuil liostaithe mar lotnaidí coraintín san Aontas atá cumhdaithe ag beart arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) Uimh. […]/[…]*.

*          IO L …, ……., Lch. …' [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an fonóta seo, lena dtagraítear don Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. [.…]/2013 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí]

(b) Tagann an méid seo a leanas in áit na tríú míre:

'I gcás beart a chomhlíonann an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (c) den chéad mhír, ní chumhdóidh an deonú costais arna dtabhú tar éis don bheart arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) Uimh. […]/[…]* dul in éag.

*          IO L …, ……., Lch. …' [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an fonóta seo, lena dtagraítear don Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. [.…]/2013 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí]

Airteagal 103 Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme

1.           Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta 36 mí tar éis a theacht i bhfeidhm].

2.           Beidh feidhm ag Airteagal 97(2) ón dáta a mbunaítear na córais dá dtagraítear in Airteagal 97(1).

3.           Aisghairfear an 31 Nollaig 2021 na gníomhartha dá dtagraítear i bointí (a), (d), (e) agus (f) d'Airteagal 101(1). I gcás ina bhfuil coimhlint idir forálacha na ngníomhartha sin agus forálacha an Rialacháin seo, beidh tosaíocht ag forálacha an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Críocha lena léifear, chun críche an Rialacháin seo, tagairtí do thríú tíortha mar thagairtí do thríú tíortha agus do na críocha sin, agus lena léifear tagairtí do chríoch an Aontais mar thagairtí do chríoch an Aontais d'uireasa na gcríoch sin, dá dtagraítear in Airteagal 1(2)

Na críocha de chuid:

1.           Guadalúip

2.           Guáin na Fraince

3.           Martinique

4.           La Réunion

5.           Saint‑Martin

6.           Mayotte

7.           Ceuta

8.           Melilla

9.           Na hOileáin Chanáracha

IARSCRÍBHINN II

Na critéir maidir le hincháilitheacht lotnaidí de réir an bhaoil atá iontu do chríoch an Aontais

Roinn 1 Critéir maidir le haitheantas lotnaidí a cháilíonn mar lotnaid choraintín, dá dtagraítear in Airteagail 3, 7(1) agus 28(2)

(1) Aitheantas na lotnaide

Déanfar aitheantas tacsanomaíoch na lotnaide a shainiú go soiléir nó, mar mhalairt air sin, taispeánfar gur tháirg an lotnaid comharthaí sóirt comhsheasmhacha agus go raibh sí in‑tarchurtha.

Déanfar aitheantas tacsanomaíoch na lotnaide a shainiú ar leibhéal speiceas nó, mar mhalairt air sin, ar leibhéal tacsanomaíoch níos airde nó níos ísle, i gcás ina bhfuil an leibhéal tacsanomaíoch sin oiriúnach ar bhonn eolaíoch bunaithe ar chomh nimhneach leis, a raon óstaigh nó caidrimh veicteoireacha.

(2) Láithreacht na lotnaide sa chríoch atá i gceist

Beidh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas i gceist:

(a) ní eol go bhfuil an lotnaid i láthair sa chríoch atá i gceist;

(b) ní eol go bhfuil an lotnaid i láthair sa chríoch atá i gceist, cé is moite de chuid theoranta de;

(c) ní eol go bhfuil an lotnaid i láthair sa chríoch atá i gceist, cé is moite de láithreachtaí ganna, mírialta, iargúlta agus ainmhinice ann.

Sa chás go bhfuil feidhm ag pointí (b) nó (c), measfar go bhfuil an lotnaid á dáileadh ar bhonn teoranta.

(3) Cumas iontrála, bunaithe agus leata na lotnaide sa chríoch atá i gceist

(a)     Cumas iontrála

Measfar go mbeidh an lotnaid in ann dul isteach sa chríoch atá i gceist, nó, má tá sí i láthair, isteach i gCuid den chríoch sin ina ndáiltear í ar bhonn teoranta (anseo feasta: 'limistéar i mbaol'), trí leathadh nádúrtha, nó má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i)      go bhfuil sí bainteach, maidir le plandaí, táirgí plandaí nó réada eile a bhogtar isteach sa chríoch atá i gceist, leis na plandaí sin, táirgí plandaí agus réada eile sa chríoch ina bhfuil a mbunús acu nó ónar aistríodh iad isteach sa chríoch atá i gceist;

(ii)      go maireann sí le linn iompair nó stórála;

(iii)     gur féidir í a aistriú chuig planda óstaigh, táirge planda nó réad eile sa chríoch atá i gceist.

(b)     Cumas bunaithe

Measfar go mbeidh an lotnaid in ann leanúint dá láithreacht don todhchaí seo romhainn (anseo feasta: 'bunú') sa chríoch atá i gceist, nó, má tá sí i láthair, an chuid sin den chríoch sin ina ndáiltear í ar bhonn teoranta, má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i)      go bhfuil óstaigh na lotnaide agus, nuair is ábhartha, veicteoirí chun an lotnaid a tharchur ar fáil;

(ii)      go bhfuil na tosca cinntitheacha comhshaoil fabhrach don lotnaid atá i gceist agus, nuair is infheidhme, a veicteoir, ag cur ar a cumas tréimhse brú aeráide a sheasamh agus a saolré a chur i gcrích;

(iii)     go bhfuil na cleachtais saothraithe agus bearta rialaithe atá i bhfeidhm sa chríoch sin fabhrach;

(iv)     go dtacaíonn modhanna marthana, straitéis atáirgthe, oiriúnacht ghéiniteach na lotnaide agus a híosmhéid inmharthana daonra lena bunú.

(c)     Cumas leata

Measfar go mbeidh an lotnaid in ann leathadh críochach a dhéanamh sa chríoch atá i gceist, nó, má tá sí i láthair, sa chuid sin den chríoch sin ina ndáiltear í ar bhonn teoranta, má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(i)      go bhfuil an comhshaol oiriúnach le haghaidh leathadh nádúrtha na lotnaide;

(ii)      nach leor na bacainní maidir le leathadh nádúrtha na lotnaide;

(iii)     go gceadaítear gluaiseacht na lotnaide le tráchtearraí nó tíolacais;

(iv)     go bhfuil óstaigh agus, nuair is ábhartha, veicteoirí na lotnaide i láthair;

(v)     nach bhfuil naimhdí agus coimhlinteoirí nádúrtha na lotnaide i láthair nó nach bhfuil siad in ann an lotnaid a shochtadh go leordhóthanach.

(4) Tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil féideartha

Maidir le hiontráil, bunú agus leathadh na lotnaide sa chríoch atá i gceist, nó, má tá sí i láthair ann, an chuid den chríoch sin ina ndáiltear í ar bhonn teoranta, beidh tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus/nó chomhshaoil do-ghlactha aige don chríoch sin, nó don chuid den chríoch sin ina ndáiltear í ar bhonn teoranta, maidir le ceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:

(a) caillteanais barr i dtéarmaí barr agus cáilíochta;

(b) costais na mbeart rialaithe;

(c) costais athphlandaithe agus na caillteanais i ngeall ar an ngá barra malartacha a fhás;

(d) iarmhairtí ar chleachtais táirgeachta reatha;

(e) iarmhairtí ar chrainn sráide, ar pháirceanna agus ar fhaichí poiblí agus príobháideacha;

(f) iarmhairtí ar phlandaí dúchasacha, ar bhithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais;

(g) iarmhairtí ar bhunú, ar leathadh agus an tionchar a bhíonn ag lotnaidí eile, i ngeall ar chumas na lotnaide atá i gceist a bheith mar veicteoir do lotnaidí eile;

(h) athruithe ar chostais an táirgeora nó éilimh ionchuir, lena n‑áirítear costais rialaithe agus costais díothaithe agus srianta;

(i) iarmhairtí ar bhrabúis an táirgeora mar gheall ar athruithe i gcostais táirgthe, barra nó ar leibhéil praghsanna;

(j) athruithe ar éileamh an tomhaltóra sa bhaile nó thar lear ar tháirge a d'eascair ó athruithe cáilíochta;

(k) iarmhairtí ar mhargaí baile agus onnmhairithe agus na praghsanna a íocadh, lena n‑áirítear iarmhairtí ar rochtain an mhargaidh onnmhairithe agus an dóchúlacht go leagfaidh comhpháirtithe trádála srianta fíteashláintíochta síos;

(l) na hacmhainní a theastaíonn le haghaidh taighde agus comhairle bhreise;

(m) iarmhairtí comhshaoil agus iarmhairtí míchuibhiúla eile na mbeart rialaithe;

(n) iarmhairtí ar Natura 2000 nó ar limistéir eile faoi chosaint;

(o) athruithe ar phróisis éiceolaíochta agus ar struchtúr, ar chobhsaíocht nó ar phróisis éiceachórais, lena n‑áirítear iarmhairtí breise ar speicis phlandaí, creimeadh, athruithe sa mhaoschlár, guaiseacha dóiteáin, timthriall cothaitheach;

(p) costais aisirithe comhshaoil;

(q) iarmhairtí ar shlándáil bia;

(r) iarmhairtí ar fhostaíocht;

(s) iarmhairtí ar cháilíocht uisce, ar chaitheamh aimsire, ar thurasóireacht, ar innilt ainmhithe, ar shealgaireacht, ar iascaireacht.

Maidir le pointí (a) go (g), cuirfear san áireamh iarmhairtí díreacha ar óstaigh sa limistéar i mbaol. Déanfar measúnú ar na hiarmhairtí sin ag cur san áireamh raon na speiceas óstaigh, agus ar bhonn na gcineálacha, ar mhéid agus ar mhinicíocht an damáiste a fhulaingíonn na speicis óstaigh sin.

Maidir le pointí (h) go (s), cuirfear san áireamh iarmhairtí indíreacha laistigh agus lasmuigh den limistéar i mbaol.

Roinn 2 Critéir maidir le haitheantas lotnaidí coraintín an Aontais ag cáiliú mar lotnaid tosaíochta, dá dtagraítear in Airteagail 6(1) agus 7(2)

Measfar go mbeidh ag lotnaid choraintín de chuid an Aontais an iarmhairt eacnamaíoch, shóisialta nó chomhshaoil is tromchúisí don chríoch Aontais, má chomhlíonann a hiontráil, a bunú agus a leathadh ceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:

(a)          Tionchair eacnamaíocha: go bhfuil sé de chumas ag an lotnaid caillteanais ollmhóra a chur faoi deara i dtéarmaí na n‑iarmhairtí díreacha agus indíreacha dá dtagraítear i bpointe (4) de Roinn I i gcás barr a bhfuil luach táirgeachta iomlán bliantúil acu de EUR 1 bhilliún do chríoch an Aontais.

(b)          Tionchair shóisialta: go bhfuil sé de chumas ag an lotnaid ceann amháin nó níos mó de na hiarmhairtí seo a leanas a chur faoi deara:

(i)      laghdú mór fostaíochta i dtalmhaíocht, gairneoireacht na hearnála foraoiseachta lena mbaineann;

(ii)     na rioscaí atá ann do shlándáil bia nó sábháilteacht bia;

(iii)     go n‑imíonn príomhspeicis crann a fhásann nó a chuirtear i gcríoch an Aontais nó go ndéantar damáiste buan ar scála mór dóibh.

(c)          Tionchair chomhshaoil: go bhfuil sé de chumas ag an lotnaid ceann amháin nó níos mó de na hiarmhairtí seo a leanas a chur faoi deara:

(i)      iarmhairtí ar speicis agus ar ghnáthóga atá liostaithe faoi fhorálacha Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú[32] agus Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú[33];

(ii)     méaduithe ollmhóra agus buana ar úsáid táirgí cosanta plandaí ar na barra lena mbaineann.

Roinn 3 Critéir chun réamh‑mheasúnú a dhéanamh chun lotnaidí a shainaithint a cháilíonn go sealadach mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais lena n‑éilítear bearta sealadacha dá dtagraítear in Airteagail 21(1), 28(1), 29(1) agus 30

FoRoinn 1 Critéir chun réamh‑mheasúnú a dhéanamh chun lotnaidí a shainaithint a cháilíonn go sealadach mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais lena n‑éilítear bearta sealadacha dá dtagraítear in Airteagal 28(1)

(1) Aitheantas na lotnaide

Comhlíonfaidh an lotnaid na critéir arna sainiú i bpointe (1) de Roinn 1.

(2) Láithreacht na lotnaide i gcríoch an Bhallstáit

Ní eol go raibh an lotnaid i láthair i gcríoch Ballstáit roimhe seo. Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Bhallstát sin, ní eol ach an oiread go raibh an lotnaid i láthair i gcríoch Aontais, nó go meastar go gcomhlíonann sí na coinníollacha atá leagtha amach i bpointí (b) nó (c) de phointe (2) de Roinn 1 maidir le críoch an Aontais.

(3) An dóchúlacht go mbunófar agus go ndéanfar an lotnaid a leathadh i gcríoch an Aontais, nó ar chuid shonrach (chodanna sonracha) de chríoch an Aontais nach bhfuil sí i láthair

Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Bhallstát, comhlíonann an lotnaid na critéir atá sainithe i bpointí (3)(b) agus (c) de Roinn 1 maidir lena críoch agus, a mhéad is féidir leis an mBallstát é sin a mheas, maidir le críoch an Aontais.

(4) Tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a d'fhéadfadh a bheith ag an lotnaid

Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Bhallstát, go bhfuil tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus/nó chomhshaoil dho-ghlactha ag an lotnaid maidir lena críoch agus, a mhéad is féidir don Bhallstát é sin a mheas, críoch an Aontais, i gcás go mbunófaí agus go ndéanfaí í a leathadh sa chríoch sin, de réir mar atá baint aici le ceann amháin nó roinnt de na limistéir atá sainithe i bpointe (4) de Roinn 1.

 Cuimseofar leis na tionchair sin ceann amháin ar a laghad nó níos mó de na hiarmhairtí atá liostaithe faoi phointe (4)(a) go (g) de Roinn 1.

FoRoinn 2 Critéir chun réamh‑mheasúnú a dhéanamh chun lotnaidí a shainaithint a cháilíonn go sealadach mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais lena n‑éilítear bearta sealadacha dá dtagraítear in Airteagal 29(1)

(1) Aitheantas na lotnaide

Comhlíonfaidh an lotnaid na critéir arna sainiú i bpointe (1) de Roinn 1.

(2) Láithreacht na lotnaide i gcríoch an Aontais

Ní eol go raibh an lotnaid i láthair i gcríoch Aontais roimhe seo, nó go meastar go gcomhlíonann sí na coinníollacha atá leagtha amach i bpointí (b) nó (c) de phointe (2) de Roinn 1 maidir le críoch an Aontais.

(3) An dóchúlacht go mbunófar agus go ndéanfar an lotnaid a leathadh i gcríoch an Aontais, nó ar chuid(codanna) shonrach(sonracha) de chríoch an Aontais nach bhfuil sí i láthair

Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Aontas, comhlíonann an lotnaid na critéir atá sainithe i bpointí (3)(b) agus (c) de Roinn 1 maidir le críoch an Aontais.

(4) Tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a d'fhéadfadh a bheith ag an lotnaid

Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Aontas, go bhfuil tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus/nó chomhshaoil dho-ghlactha ag an lotnaid maidir le críoch Aontais, i gcás go mbunófaí agus go ndéanfaí í a leathadh sa chríoch sin, de réir mar atá baint aici le ceann amháin nó roinnt de na limistéir atá sainithe i bpointe (4) de Roinn 1.

Cuimseofar leis na tionchair sin ceann amháin ar a laghad nó níos mó de na hiarmhairtí atá liostaithe faoi phointe (4)(a) go (g) de Roinn 1.

Roinn 4 Critéir maidir le haitheantas lotnaidí a cháilíonn mar lotnaid cháilíochta an Aontais, dá dtagraítear in Airteagail 36 agus 38

(1) Aitheantas na lotnaide

Comhlíonfaidh an lotnaid na critéir arna sainiú i bpointe (1) de Roinn 1.

(2) Dóchúlacht leata i gcríoch Aontais na lotnaide

Measfar go leathfaidh an lotnaid go príomha trí phlandaí sonracha le haghaidh plandú, seachas trí leathadh nádúrtha nó trí ghluaiseacht na dtáirgí plandaí nó réad eile.

Cuimseofar na heilimintí seo a leanas sa mheasúnú sin, de réir mar is cuí:

(a) líon shaolréanna na lotnaide ar na hóstaigh lena mbaineann;

(b) bitheolaíocht, eipidéimeolaíocht agus marthanacht na lotnaide;

(c) bealaí nádúrtha, daonna-cuidithe féideartha nó bealaí eile chun an lotnaid a tharchur chuig an óstach lena mbaineann agus éifeachtúlacht an bhealaigh sin, lena n‑áirítear meicníochtaí scaipthe agus ráta scaipthe;

(d) fíniú agus tarchur tánaisteach na lotnaide ón óstach lena mbaineann chuig plandaí eile agus a mhalairt go cruinn;

(e) tosca aeráideolaíochta;

(f) cleachtais chultúrtha roimh gabháil agus ina dhiaidh sin;

(g) cineálacha ithreach;

(h) soghabháltacht an óstaigh lena mbaineann agus céimeanna ábhartha na bplandaí óstaigh;

(i) láithreacht veicteoirí don lotnaid;

(j) láithreacht naimhdí agus coimhlinteoirí nádúrtha na lotnaidí;

(k) láithreacht óstaigh eile atá soghabhálach i leith na lotnaide;

(l) leitheadúlacht na lotnaide i gcríoch an Aontais;

(m) úsáid bheartaithe na bplandaí.

(3) An tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a d'fhéadfadh a bheith ag an lotnaid

Beidh tionchar eacnamaíoch doghlactha ag fíniú na bplandaí le plandú dá dtagraítear i bpointe (2) ar úsáid bheartaithe na bplandaí sin maidir le ceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:

(a) caillteanais barr i dtéarmaí barr agus cáilíochta;

(b) costais bhreise na mbeart rialaithe;

(c) costais bhreise gabhála agus grádaithe;

(d) costais athphlandaithe;

(e) caillteanais i ngeall ar an ngá barra malartacha a fhás;

(f) iarmhairtí ar chleachtais táirgeachta reatha;

(g) iarmhairtí ar phlandaí óstaigh eile ag an ionad táirgthe;

(h) iarmhairtí ar bhunú, ar leathadh agus an tionchar a bhíonn ag lotnaidí eile, i ngeall ar chumas na lotnaide atá i gceist a bheith mar veicteoir do na lotnaidí eile sin;

(i) iarmhairtí ar chostais an táirgeora nó éilimh ionchuir, lena n‑áirítear costais rialaithe agus costais díothaithe agus srianta;

(j) iarmhairtí ar bhrabúis an táirgeora mar gheall ar athruithe i gcostais táirgthe, barra nó ar leibhéil praghsanna;

(k) athruithe ar éileamh an tomhaltóra sa bhaile nó thar lear ar tháirge a d'eascair ó athruithe cáilíochta;

(l) iarmhairtí ar mhargaí baile agus onnmhairithe agus ar na praghsanna a íocadh;

(m) iarmhairtí ar fhostaíocht.

Maidir le pointí (a) go (h), cuirfear san áireamh iarmhairtí díreacha ar óstaigh sa limistéar i mbaol. Déanfar measúnú ar na hiarmhairtí sin bunaithe ar chineálacha, ar mhéid agus ar mhinicíocht an damáiste faoi seach.

Maidir le pointí (i) go (m), cuirfear san áireamh iarmhairtí indíreacha laistigh agus lasmuigh den limistéar i mbaol.

IARSCRÍBHINN III

Eilimintí d'fhonn plandaí le haghaidh plandú a shainaithint lena mbaineann baol fíteashláintíochta do chríoch an Aontais, dá dtagraítear in Airteagail 47(2) agus 48

Measfar gur dóigh go mbeidh baol fíteashláintíochta do chríoch an Aontais ag baint le plandaí le haghaidh plandú ó thríú tíortha, dá dtagraítear in Airteagal 47(1), i gcás go gcomhlíonann na plandaí sin le haghaidh plandú trí cinn de na coinníollacha seo a leanas ar a laghad, ina n‑áirítear ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a thugtar i bpointí (1)(a), (b) agus (c):

(1) Saintréithe na bplandaí le haghaidh plandú

(a) Is le géineas plandaí nó fine iad a mbíonn lotnaidí le fáil orthu de ghnáth atá rialaithe mar lotnaidí coraintín i gcríoch an Aontais nó i dtríú tíortha.

(b) Is le géineas plandaí nó fine iad ar eol go mbíonn lotnaidí polafagacha, nó lotnaidí monafagacha le fáil orthu de ghnáth ar eol go mbíonn tionchar ollmhór acu ar speicis phlandaí a fhástar i gcríoch an Aontais a bhfuil tábhacht ollmhór eacnamaíoch, shóisialta nó chomhshaoil acu do chríoch an Aontais.

(c) Is le géineas plandaí nó fine iad ar a mbíonn lotnaidí de ghnáth ach nach dtugann siad aon chomharthaí agus comharthaí sóirt maidir leis na lotnaidí sin, nó a bhfuil tréimhse folaigh de thrí mhí ar a laghad acu chun na comharthaí nó na comharthaí sóirt sin a léiriú, rud a thugann le fios gur dóigh nach dtugtar faoi deara na lotnaidí seo ar na plandaí sin le haghaidh plandú le linn rialuithe oifigiúla nuair a thugtar isteach i gcríoch an Aontais iad, gan dul in iontaoibh samplála agus tástála nó cur isteach ar nósanna imeachta coraintín.

(d) Fástar lasmuigh iad sna tríú tíortha tionscnaimh.

(e) Ní dhéantar cóireáil orthu le táirgí cosanta plandaí ginearálta sula seoltar iad nó le linn iad a sheoladh.

(f) Ní bhíonn siad faoi réir rialuithe onnmhairithe oifigiúla agus deimhniú sa tríú tír thionscnaimh.

(g) Ní dhéantar iad a sheoladh i gcomhéadain nó i bpacáistíocht dúnta, nó fiú amháin nuair a sheoltar iad ar an gcaoi sin, mar gheall ar a méid ní féidir na lastais a oscailt in áitreabh dúnta chun críocha rialuithe oifigiúla nuair a thugtar isteach i gcríoch an Aontais iad.

(2) Bunús na bplandaí le haghaidh plandú

(a) Tá a mbunús i dtríú tír, nó bogtar as iad, tríú tír a fhaigheann fógraí go minic maidir le hidircheapadh lotnaidí coraintín nach bhfuil liostaithe de bhun Airteagal 5(2).

(b) Tá a mbunús i dtríú tír, nó bogtar as tríú tír iad nach bhfuil ina ball den IPPC.

IARSCRÍBHINN IV

Bearta agus prionsabail chun an baol a bhaineann le lotnaidí a bhainistiú

Roinn 1 Bearta chun an baol a bhaineann le lotnaidí coraintín a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 16(1), 20, 24(2), 27(4), 28(1), 29(4), 40(2), 41(2), 44(3), 49(2) agus 50(2)

Cuimseofar le bainistiú an bhaoil a bhaineann le lotnaidí coraintín ceann amháin nó níos mó, mar is iomchuí, de na bearta seo a leanas:

(1) Bearta lena ndírítear ar chosc agus ar dhíothú fhíniú plandaí saothraithe agus plandaí fiáine

(a) Srianta maidir le haitheantas, cineál, bunús, sinsearacht, bunáitíocht agus stair táirgthe plandaí saothraithe.

(b) Srianta maidir le cur, baint agus úsáid plandaí.

(c) Srianta maidir le húsáid táirgí plandaí, áitreabh, talamh, uisce, ithir, meáin fáis, saoráidí, innealra, trealamh agus réada eile.

(d) Faireachas, iniúchadh súl, sampláil agus tástáil saotharlainne ar phlandaí, táirgí plandaí, áitreabh, talamh, uisce, ithir, meáin fáis, saoráidí, innealra, trealamh agus réada eile maidir le láithreacht lotnaidí coraintín.

(e) Faireachas maidir le miondealú nó athrú ar éifeachtacht speiceas plandaí frithsheasmhach nó cineál planda a bhaineann le hathrú i ndéanamh na lotnaide coraintín nó a bitíopa, pataitíopa, cine nó grúpa nimhneach.

(f) Cóireáil fhisiciúil, cheimiceach agus bhitheolaíoch ar phlandaí, táirgí plandaí, áitreabh, talamh, uisce, ithir, meáin fáis, saoráidí, innealra, trealamh agus réada eile, fínithe nó a d'fhéadfaí a fhíniú le lotnaidí coraintín.

(g) Scrios plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, fínithe nó a d'fhéadfaí a fhíniú le lotnaidí coraintín nó chun críocha coiscthe.

(h) Faisnéis, taifeadadh sonraí, cumarsáid agus oibleagáidí tuairiscithe.

Chun críocha phointe (b), féadfar ceanglais a áireamh leis na bearta sin maidir le speicis phlandaí agus cineálacha plandaí a thástáil ó thaobh a bhfrithsheasmhacht leis an lotnaid coraintín lena mbaineann agus liostú na speiceas plandaí agus na gcineálacha plandaí a mheastar a bheith frithsheasmhach in aghaidh na lotnaide coraintín lena mbaineann.

Chun críocha phointe (f), féadfar ceanglais maidir leo seo a leanas a áireamh leis na bearta sin:

(i) clárú, údarú agus maoirseacht oifigiúil na n‑oibreoirí gairmiúla a chuireann i bhfeidhm an chóireáil atá i gceist;

(j) deimhniú fíteashláintíochta, pas plandaí, lipéad nó fianú oifigiúil eile a eisiúint le haghaidh na bplandaí cóireáilte, táirgí plandaí nó réad eile agus an marc dá dtagraítear in Airteagal 91(1) a chur orthu tar éis na cóireála atá i gceist a chur i bhfeidhm.

(2) Bearta lena ndírítear ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile

(a) Srianta maidir le haitheantas, cineál, bunús, bunáitíocht, sinsearacht, modh táirgthe, stair táirgthe agus inrianaitheacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile.

(b) Srianta maidir le tabhairt isteach, gluaiseacht, úsáid, láimhseáil, próiseáil, pacáistíocht, stóráil, dáileadh agus ceann scríbe plandaí, táirgí plandaí agus réad eile.

(c) Faireachas, iniúchadh súl, sampláil agus tástáil saotharlainne ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile maidir le láithreacht lotnaidí coraintín, lena n‑áirítear trí chur trí nósanna imeachta coraintín.

(d) Cóireáil fhisiciúil, cheimiceach agus bhitheolaíoch agus, nuair is iomchuí, scrios plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, fínithe nó a d'fhéadfaí a fhíniú le lotnaidí coraintín.

(e) Faisnéis, taifeadadh sonraí, cumarsáid agus oibleagáidí tuairiscithe.

Chun críocha phointí (a) go (d), d'fhéadfaí ceanglais maidir leo seo a leanas a áireamh leis na bearta:

(a) deimhniú fíteashláintíochta, pas plandaí, lipéad nó fianú oifigiúil eile a eisiúint, lena n‑áirítear an marc dá dtagraítear in Airteagal 91(1) a chur orthu chun comhlíonadh leis na forálacha dá dtagraítear i bpointe (a) go (d) a fhianú;

(b) clárú, údarú agus maoirseacht oifigiúil na n‑oibreoirí gairmiúla a chuireann i bhfeidhm an chóireáil dá dtagraítear i bpointe (d).

(3) Bearta ina ndírítear ar bhealaí le haghaidh lotnaidí coraintín, seachas coinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí nó réad eile

(a) Srianta ar thabhairt isteach agus ar ghluaiseacht lotnaidí coraintín mar thráchtearra.

(b) Faireachas, iniúchadh súl, sampláil agus tástáil saotharlainne agus nuair is iomchuí tráchtearraí lotnaidí coraintín a scriosadh.

(c) Srianta ar phlandaí, táirgí plandaí agus ar réada eile arna n‑iompar ag taistealaithe.

(d) Faireachas, iniúchadh súl, sampláil agus tástáil saotharlainne agus nuair is iomchuí cóireáil nó scrios plandaí, táirgí plandaí agus réad eile arna n‑iompar ag taistealaithe.

(e) Srianta ar fheithiclí, ar phacáistíocht agus ar réada eile a úsáidtear chun tráchtearraí a iompar.

(f) Faireachas, iniúchadh súl, sampláil agus tástáil saotharlainne agus nuair is iomchuí cóireáil nó scrios feithiclí, pacáistíocht agus réada eile a úsáidtear chun tráchtearraí a iompar.

(g) Faisnéis, taifeadadh sonraí, cumarsáid agus oibleagáidí tuairiscithe.

Roinn 2 Prionsabail chun bainistiú a dhéanamh ar an mbaol a bhaineann le lotnaidí dá dtagraítear in Airteagail 16(1), 17(2), 27(4), 28(1), 29(4), 31(1), 37(5), 44(3), 47(2), 68(3), 69(3), 70(2), 74(3) agus 75(3)

Beidh urraim ag bainistíocht an bhaoil a bhaineann le lotnaidí coraintín an Aontais, le lotnaidí coraintín i gcriosanna cosanta agus le lotnaidí cáilíochta an Aontais do na prionsabail seo a leanas:

(1)          Riachtanas

Ní chuirfear bearta chun an baol atá le lotnaid a bhainistiú i bhfeidhm ach amháin i gcás ina bhfuil bearta den sórt sin riachtanach chun tabhairt isteach, bunú agus leathadh na lotnaide a chosc.

(2)          Comhréireacht

Beidh bearta a ghlacfar chun an baol atá le lotnaid a bhainistiú comhsheasmhach leis an mbaol a bhaineann leis an lotnaid lena mbaineann agus le leibhéal na cosanta atá de dhíth.

(3)          Tionchar íosta

Beidh bearta arna nglacadh chun an baol atá le lotnaid a bhainistiú ar na bearta is lú a bhfuil srian ag baint leo agus a mbíonn an bac is lú ar ghluaiseacht idirnáisiúnta daoine, tráchtearraí agus tíolacas dá mbarr.

(4)          Neamh‑idirdhealú

Ní chuirfear bearta arna nglacadh chun an baol atá le lotnaid a bhainistiú i bhfeidhm ar bhealach lena gcuimseofar modh treallach nó idirdhealú gan bonn cirt nó srian faoi cheilt, go háirithe maidir le trádáil idirnáisiúnta. Ní bheidh siad aon bhlas níos déine do thríú tíortha ná bearta arna gcur i bhfeidhm ar an lotnaid chéanna dá mbeadh sí laistigh de chríoch an Aontais, má tá tríú tíortha in ann a léiriú go bhfuil an stádas fíteashláintíochta céanna acu agus go gcuireann siad bearta fíteashláintíochta mar an gcéanna nó coibhéiseacha i bhfeidhm.

(5)          Bonn cirt teicniúil

Tabharfar bonn cirt teicniúil maidir le bearta arna nglacadh chun an baol atá le lotnaid a bhainistiú ar bhonn na gconclúidí arna mbaint amach trí anailís riosca iomchuí a úsáid nó, nuair is infheidhme, iniúchadh agus meastóireacht inchomparáide eile ar fhaisnéis eolaíoch atá ar fáil. Ba cheart go léireofaí sna bearta sin, agus, nuair is iomchuí, go modhnófaí iad nó go mbainfí iad chun anailís riosca nó faisnéis eolaíoch nua nó cothrom le dáta a chur san áireamh.

(6)          Féidearthacht

Ba cheart go mbeadh bearta arna nglacadh chun an baol atá le lotnaid a bhainistiú ar dhóigh lena gceadófaí gur dóichí go mbainfí amach cuspóir na mbeart sin.

IARSCRÍBHINN V

Ábhar na ndeimhnithe fíteashláintíochta do thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

Cuid A Deimhnithe fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairithe dá dtagraítear in Airteagal 71(1)

___________________________________________________________________________

Deimhniú Fíteashláintíochta Samplach

                                                                                               Uimh._______________________

Eagraíocht um Chosaint Plandaí de chuid_______________________________________

CHUIG: Eagraíocht(aí) um Chosaint Plandaí de chuid_______________________________

I. Cur Síos ar an gCoinsíneacht

Ainm agus seoladh an onnmhaireora:__________________________________________

Ainm agus seoladh dearbhaithe an choinsíní:______________________________________

Líon na bpacáistí agus cur síos ina leith:_________________________________________

Marcanna suaitheantais:___________________________________________________

Láthair thionscnaimh:_____________________________________________________

Modh iompair dearbhaithe:_________________________________________________

Pointe Iontrála dearbhaithe:________________________________________________

Ainm an táirge agus cainníocht dhearbhaithe:_____________________________________

Ainm luibheolaíoch na bplandaí:___________________________________________________

Deimhnítear leis seo go ndearnadh cigireacht agus/nó tástáil ar na plandaí, táirgí plandaí nó ar réada rialaithe eile a bhfuil cur síos orthu anseo de réir na nósanna imeachtaí oifigiúla cuí agus go meastar iad a bheith saor ó na lotnaidí coraintín arna sonrú ag an bpáirtí conarthach allmhairithe agus gur chloígh siad le ceanglais fíteashláintíochta reatha an pháirtí chonarthaigh allmhairithe, lena n‑áirítear na ceanglais le haghaidh lotnaidí rialaithe nach bhfuil i gcoraintín.

Meastar go bhfuil siar saor a bheag nó a mhór ó lotnaidí eile.*

II. Dearbhú Breise

[Cuir isteach téacs anseo]

III. Cóireáil Dífhínithe agus/nó Dífhabhtaithe

Dáta ________ Cóireáil ___________ Ceimiceán (comhábhar gníomhach)________________

Fad agus teocht________________________________________________________

Tiúchan______________________________________________________________

Breis faisnéise_________________________________________________________

___________________________________________________________________________

                                                         Láthair eisithe____________________________________

(Stampa na hEagraíochta) ________ Ainm an oifigigh údaraithe___________________________

                                                         Dáta______________________________________

                                                                                                                    (Síniú)

___________________________________________________________________________

Ní cheanglófar aon dliteanas airgeadais maidir leis an deimhniú seo ar ____________ (ainm na hEagraíochta um Chosaint Plandaí) ná ar aon duine dá hoifigigh nó ionadaithe.*

* Foráil roghnach

Cuid B Deimhnithe fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairithe dá dtagraítear in Airteagal 71(1)

___________________________________________________________________________

Deimhniú Fíteashláintíochta Samplach le haghaidh Athonnmhairithe

                                                                                               Uimh._______________________

Eagraíocht um Chosaint Plandaí de chuid _______________________ (páirtí conarthach an athonnmhairithe)

CHUIG: Eagraíocht(aí) um Chosaint Plandaí an ________________ (pháirtí(ithe) conarthach an allmhairithe)

I. Cur Síos ar an gCoinsíneacht

Ainm agus seoladh an onnmhaireora:__________________________________________

Ainm agus seoladh dearbhaithe an choinsíní:______________________________________

Líon na bpacáistí agus cur síos ina leith:______________________________________________

Marcanna suaitheantais:___________________________________________________

Láthair thionscnaimh:_____________________________________________________

Modh iompair dearbhaithe:_________________________________________________

Pointe Iontrála dearbhaithe:________________________________________________

Ainm an táirge agus cainníocht dearbhaithe:______________________________________

Ainm luibheolaíoch na bplandaí:___________________________________________________

Deimhnítear leis seo go ndearnadh na plandaí, na táirgí plandaí nó réada rialaithe eile a bhfuil tuairisc orthu thuas ________________ a allmhairiú isteach go (páirtí conarthach an ath‑onnmhairithe) ________________ ó_________________ (páirtí conarthach tionscnaimh) arna gcumhdach ag Deimhniú Fíteashláintíochta Uimh. __________________,

*bunaidh || ¨ || *fíor-chóip deimhnithe || ¨

a ghabhann leis an deimhniú seo; go bhfuil siad

*pacáilte || ¨ || *athphacáilte || ¨

i gcoimeádáin

*bhunaidh || ¨ || *nua || ¨

atá bunaithe ar an

*mbundeimhniú fíteashláintíochta || ¨

agus

*iniúchadh breise || ¨

meastar go bhfuil siad ag cloí le ceanglais fíteashláintíochta reatha an pháirtí chonarthaigh allmhairithe, agus nach raibh le linn stórála i ______________ (páirtí conarthach le haghaidh athonnmhairithe), an choinsíneacht faoi réir an bhaoil a bhaineann le fíniú nó fabhtú.

*Cuir tic sna || ¨ || boscaí cuí

II. Dearbhú Breise

[Cuir isteach téacs anseo]

III. Cóireáil Dífhínithe agus/nó Dífhabhtaithe

Dáta ________ Cóireáil ___________ Ceimiceán (comhábhar gníomhach)__________________

Fad agus teocht________________________________________________________

Tiúchan______________________________________________________________

Breis faisnéise_________________________________________________________

___________________________________________________________________________

                                                         Láthair eisithe________________________________

(Stampa na hEagraíochta) _______   Ainm an oifigigh údaraithe___________________________

                                                         Dáta___________________________________________

                                                                                                                    (Síniú)

___________________________________________________________________________

Ní cheanglófar aon dliteanas airgeadais maidir leis an deimhniú seo ar ____________ (ainm na hEagraíochta um Chosaint Plandaí) ná ar aon duine dá hoifigigh nó ionadaithe.*

* Foráil roghnach

IARSCRÍBHINN VI

Pasanna plandaí

Cuid A Pasanna plandaí maidir le haghaidh gluaiseachta laistigh de chríoch an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 78(2)

(1)          Beidh na heilimintí seo a leanas sa phas plandaí le haghaidh gluaiseachta laistigh de chríoch an Aontais:

(a) sa chúinne ar thaobh na láimhe clé ar barr, na focail 'Pas Plandaí';

(b) sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar barr, bratach an Aontais Eorpaigh;

(c) an litir 'A.', á leanúint ag ainm luibheolaíoch na speiceas plandaí nó an tacsón lena mbaineann, i gcás plandaí agus táirgí plandaí, nó, nuair is iomchuí, ainm an réada lena mbaineann;

(d) an litir 'B.', á leanúint ina dhiaidh sin ag an gcód dhá-litir, dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 63, don Bhallstát ina bhfuil an t‑oibreoir gairmiúil a d'eisigh an pas plandaí cláraithe, fleiscín agus uimhir chláraithe an oibreora ghairmiúil lena mbaineann;

(e) an litir 'C.', á leanúint ag uimhir míre an phlanda, an táirge planda nó an réada eile lena mbaineann;

(f) an litir 'D.', á leanúint ar bhonn roghnach ag ainm na tríú tír tionscnaimh nó an cód dhá-litir, dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 63, don Bhallstát tionscnaimh.

(2)          Féadfar tagairt do bharrachód inrianaitheachta uathúil, holagram, slis nó iompróir sonraí eile, atá le feiceáil ar an mír a ionadú leis an uimhir míre dá dtagraítear i bpointe 1(e).

Cuid B Pasanna plandaí le haghaidh gluaiseacht isteach i agus laistigh de chriosanna cosanta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 78(2)

(1)          Beidh na heilimintí seo a leanas sa phas plandaí le haghaidh gluaiseachta isteach i agus laistigh de chriosanna cosanta:

(a) sa chúinne ar thaobh na láimhe clé ar barr, na focail 'Pas Plandaí  ─ ZP';

(b) díreach faoi na focail sin, ainm(neacha) eolaíoch lotnaid(í) choraintín na gcriosanna cosanta lena mbaineann;

(c) sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar barr, bratach an Aontais Eorpaigh;

(d) an litir 'A.', á leanúint ag ainm luibheolaíoch na speiceas plandaí nó an tacsón lena mbaineann, i gcás plandaí agus táirgí plandaí, nó, nuair is iomchuí, ainm an réada lena mbaineann;

(e) an litir 'B.', á leanúint ina dhiaidh sin ag an gcód dhá-litir, dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 63, don Bhallstát ina bhfuil an t‑oibreoir gairmiúil a d'eisigh an pas plandaí cláraithe, fleiscín agus uimhir chláraithe an oibreora ghairmiúil lena mbaineann;

(f) an litir 'C.', á leanúint ag uimhir míre an phlanda, an táirge planda nó an réada eile lena mbaineann;

(g) an litir 'D.', á leanúint ar bhonn roghnach ag ainm na tríú tír tionscnaimh nó an cód dhá-litir, dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 63, don Bhallstát tionscnaimh.

(2)          Féadfar tagairt do bharrachód inrianaitheachta uathúil, holagram, slis nó iompróir sonraí eile, atá le feiceáil ar an mír a ionadú leis an uimhir míre dá dtagraítear i bpointe 1(f).

Cuid C Pasanna plandaí le haghaidh aistriú laistigh de chríoch an Aontais, i dteannta le lipéad deimnithe, dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 78(3)

(1)          An pas plandaí le haghaidh aistriú laistigh de chríoch an Aontais, i dteannta le comhlipéad leis an lipéad oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le dlí an ábhair atáirgthe phlandaí], nó beidh na heilimintí seo a leanas sa mháistirdeimhniú dá dtagraítear in Airteagal 122 den Rialachán sin:

(a) sa chúinne ar thaobh na láimhe clé ar barr an chomhlipéid, na focail 'Pas Plandaí';

(b) sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar barr an chomhlipéid, bratach an Aontais Eorpaigh.

Beidh an pas plandaí socraithe sa chomhlipéad díreach os cionn, agus beidh sé ar aon leithead leis an lipéad oifigiúil sin, nó nuair is iomchuí, leis an máistir-deimhniú sin.

I gcás nach bhfuil pointe (c), (d), (e) nó (f) dá dtagraítear i bpointe (1) de Chuid A sa lipéad oifigiúil sin nó, nuair is infheidhme, sa mháistirdheimhniú sin, cuirfear an pointe sin ar fáil sa phas plandaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

(2)          Beidh feidhm le pointe (2) de Chuid A dá réir sin.

Cuid D Pasanna plandaí le haghaidh gluaiseachta isteach i agus laistigh de chriosanna cosanta, i dteannta le lipéad deimhnithe, dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 78(3)

(1)          An pas plandaí le haghaidh aistriú isteach i gcriosanna cosanta agus laistigh díobh, i dteannta le comhlipéad leis an lipéad oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. …/…. [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach  uimhir an Rialacháin maidir le dlí an ábhair atáirgthe phlandaí], nó beidh na heilimintí seo a leanas sa mháistirdheimhniú dá dtagraítear in Airteagal 122 den Rialachán:

(a) ra chúinne ar thaobh na láimhe clé ar barr an chomhlipéid, na focail 'Pas Plandaí ─ ZP';

(b) díreach faoi na focail sin, ainm(neacha) eolaíoch lotnaid(í) choraintín na gcriosanna cosanta lena mbaineann;

(c) sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar barr an chomhlipéid, bratach an Aontais Eorpaigh.

Beidh an pas plandaí socraithe sa chomhlipéad díreach os cionn, agus beidh sé ar aon leithead leis an lipéad oifigiúil sin, nó nuair is iomchuí, leis an máistir-deimhniú sin.

I gcás nach bhfuil pointe (d), (e), (f) nó (g) dá dtagraítear i bpointe (1) de Chuid B sa lipéad oifigiúil sin nó, nuair is infheidhme, sa mháistir-deimhniú sin, cuirfear an pointe sin ar fáil sa phas plandaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

(2)          Beidh feidhm le Pointe (2) de Chuid B de réir mar is cuí.

IARSCRÍBHINN VII

Marc an ábhair phacáistíochta adhmaid dá dtagraítear in Airteagal 91(1)

Beidh na heilimintí seo a leanas sa mharc a chuirfear ar ábhar pacáistíochta adhmaid de bhun Airteagal 91(1):

(a)          ar thaobh na láimhe clé de, lógó an IPPC;

(b)          ar thaobh na láimhe deise de, ina dhiaidh sin an cód dhá-litir, dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 63, don Bhallstát ina bhfuil an t‑oibreoir gairmiúil a chuir an marc sin i bhfeidhm cláraithe, fleiscín, uimhir chláraithe an oibreora gairmiúil lena mbaineann, agus na litreacha 'HT'.

Ní bheidh aon fhaisnéis eile laistigh d'imeall an mhairc.

Ní bheidh an marc lámhscríofa.

IARSCRÍBHINN VIII

Inneachar na ndeimhnithe fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairithe agus athonnmhairithe dá dtagraítear in Airteagail 94(3) agus 95(4)

Cuid A Deimhnithe fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairithe dá dtagraítear in Airteagal 94(3)

(1)          Beidh na heilimintí seo a leanas sa deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh gluaiseachta amach as críoch an Aontais, chun críche onnmhairithe chuig tríú tír:

(a) na focail 'Deimhniú fíteashláintíochta', á leanúint ina dhiaidh sin ag:

(i)      na litreacha 'AE';

(ii)      an cód dhá-litir, dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 63, don Bhallstát ina bhfuil an t‑oibreoir gairmiúil atá ag iarraidh an deimhniú fíteashláintíochta a eisiúint le haghaidh onnmhairithe cláraithe;

(iii)     tulslais;

(iv)     cód aitheantais uathúil maidir leis an deimhniú, ina bhfuil uimhreacha nó meascán litreacha agus uimhreacha, na litreacha ag léiriú, nuair is infheidhme, cúige agus dúiche an Bhallstáit ina n‑eisítear an deimhniú;

(b) na focail 'Ainm agus seoladh an onnmhaireora', á leanúint ag ainm agus seoladh an oibreora cláraithe ag iarraidh go n‑eiseofaí an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairithe;

(c) na focail 'Ainm agus seoladh dearbhaithe an choinsíní', á leanúint ag ainm agus seoladh dearbhaithe an choinsíní;

(d) na focail "Eagraíocht um chosaint plandaí de chuid", á leanúint ag ainm an Bhallstáit ina n‑eisíonn an eagraíocht um chosaint plandaí an deimhniú, agus ina dhiaidh sin arís na focail 'chuig an eagraíocht(aí) um chosaint plandaí de chuid', agus ansin ainm nó, de réir mar is infheidhme, ainmneacha, na tíre nó, de réir mar is infheidhme, na dtíortha ceann scríbe;

(e) na focail 'Láthair thionscnaimh', á leanúint ag láthair thionscnaimh na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó réad eile san áireamh sa choinsíneacht a bhfuil an deimhniú eisithe ina leith;

(f) na focail "Modhanna tíolacais dearbhaithe", á leanúint ag modhanna tíolacais dearbhaithe na coinsíneachta sin;

(g) na focail "Pointe Iontrála dearbhaithe", á leanúint ag an bPointe Iontrála dearbhaithe isteach i dtír cheann scríbe na coinsíneachta sin;

(h) na focail "Marcanna suaitheantais: líon agus tuairisc ar na pacáistí; ainm an táirge, ainm luibheolaíochta na bplandaí", á leanúint ag líon agus cineál na bpacáistí san áireamh sa choinsíneacht;

(i) na focail "Cainníocht dhearbhaithe", á leanúint ag cainníocht na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó réad eile atá san áireamh sa choinsíneacht sin, arna shloinneadh trí líon nó meáchan;

(j) na focail 'Deimhnítear leis seo go ndearnadh iniúchadh agus/nó tástáil ar na plandaí, táirgí plandaí nó ar réada rialaithe eile a bhfuil cur síos orthu anseo de réir na nósanna imeachtaí oifigiúla cuí agus go meastar iad a bheith saor ó na lotnaidí coraintín arna sonrú ag an bpáirtí conarthach allmhairithe agus gur chloígh siad le ceanglais fíteashláintíochta reatha an pháirtí chonarthaigh allmhairithe, lena n‑áirítear na ceanglais le haghaidh lotnaidí rialaithe nach bhfuil i gcoraintín. Meastar go bhfuil siar saor a bheag nó a mhór ó lotnaidí eile.';

(k) na focail "Dearbhú breise", á leanúint ag an dearbhú breise dá dtagraítear in Airteagal 67(2) agus an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 67(3) agus, ar bhonn roghnach, aon fhaisnéis fíteashláintíochta a bhaineann leis an gcoinsíneacht. Mura bhfuil dóthain spáis ann chun an dearbhú breise a chur isteach ina iomláine, leanfar leis an téacs ar chúl na foirme;

(l) na focail 'Cóireáil dífhínithe agus/nó dífhabhtaithe';

(m) an focal "Cóireáil", á leanúint ag an gcóireáil a cuireadh i bhfeidhm ar an gcoinsíneacht sin;

(n) na focail "Ceimiceach (comhábhar gníomhach)", á leanúint ag comhábhar gníomhach an cheimiceáin a úsáidtear le haghaidh na cóireála dá dtagraítear i bpointe (m);

(o) na focail "Fad agus teocht", á leanúint ag fad agus, nuair is cuí, teocht na cóireála sin;

(p) an focal "Tiúchan", á leanúint ag tiúchan an cheimiceáin sin a sroicheadh le linn na cóireála sin;

(q) an focal "Dáta", á leanúint ag an dáta ar cuireadh an chóireáil sin i bhfeidhm;

(r) an focal "Breis faisnéise", a leanúint ag aon fhaisnéis bhreise is mian leis an údarás inniúil a áireamh sa deimhniú;

(s) na focail 'Láthair eisithe', á leanúint ag láthair eisithe an deimhnithe fíteashláintíochta;

(t) an focal 'Dáta', á leanúint ag dáta eisiúna an deimhnithe fíteashláintíochta;

(u) na focail 'Ainm agus síniú an oifigigh údaraithe', á leanúint ag ainm agus síniú an oifigigh a d'eisigh agus a shínigh an deimhniú fíteashláintíochta;

(v) na focail 'Stampa na heagraíochta', á leanúint ag stampa oifigiúil an údaráis inniúil atá ag eisiúint an deimhnithe fíteashláintíochta.

(2)          Beidh séala cabhartha an údaráis inniúil a shíneoidh an deimhniú ar an bpáipéar a úsáidfear.

Cuid B Deimhnithe fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairithe dá dtagraítear in Airteagal 95(4)

(1)          Beidh na heilimintí seo a leanas sa deimhniú fíteashláintíochta lehaghaidh gluaiseachta amach as críoch an Aontais, chun críche athonnmhairithe chuig tríú tír:

(a) na focail 'Deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh ath‑onnmhairithe', á leanúint ina dhiaidh sin ag:

(i)      na litreacha 'AE';

(ii)      an cód dhá-litir, dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 63, don Bhallstát ina bhfuil an t‑oibreoir gairmiúil atá ag iarraidh an deimhniú fíteashláintíochta a eisiúint le haghaidh athonnmhairithe cláraithe;

(iii)     tulslais;

(iv)     cód aitheantais uathúil maidir leis an deimhniú, ina bhfuil uimhreacha nó meascán litreacha agus uimhreacha, na litreacha ag léiriú, nuair is infheidhme, cúige agus dúiche an Bhallstáit ina n‑eisítear an deimhniú;

(b) na focail 'Ainm agus seoladh an onnmhaireora', á leanúint ag ainm agus seoladh an oibreora cláraithe ag iarraidh go n‑eiseofaí an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairithe;

(c) na focail 'Ainm agus seoladh dearbhaithe an choinsíní', á leanúint ag ainm agus seoladh dearbhaithe an choinsíní;

(d) na focail "Eagraíocht um chosaint plandaí de chuid", á leanúint ag ainm an Bhallstáit ina n‑eisíonn an eagraíocht um chosaint plandaí an deimhniú, agus ina dhiaidh sin arís na focail 'chuig an eagraíocht(aí) um chosaint plandaí de chuid', á leanúint ag ainm nó, de réir mar is infheidhme, ainmneacha, na tíre nó, de réir mar is infheidhme, na dtíortha ceann scríbe;

(e) na focail 'Láthair thionscnaimh', á leanúint ag láthair thionscnaimh na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó réad eile san áireamh sa choinsíneacht a bhfuil an deimhniú eisithe ina leith;

(f) na focail "Modhanna tíolacais dearbhaithe", á leanúint ag modhanna tíolacais dearbhaithe na coinsíneachta sin;

(g) na focail "Pointe Iontrála dearbhaithe", á leanúint ag Pointe Iontrála dearbhaithe isteach i dtír cheann scríbe na coinsíneachta sin;

(h) na focail "Marcanna suaitheantais: líon agus tuairisc ar na pacáistí; ainm an táirge, ainm luibheolaíochta na bplandaí", á leanúint ag líon agus cineál na bpacáistí san áireamh sa choinsíneacht;

(i) na focail "Cainníocht dhearbhaithe", á leanúint ag cainníocht na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó réad eile atá san áireamh sa choinsíneacht sin, arna shloinneadh trí líon nó meáchan;

(j) an téacs seo a leanas:

'Deimhnítear leis seo

– go ndearnadh na plandaí nó na táirgí plandaí thuas a allmhairiú isteach go …….……… (tír an ath‑onnmhairithe) ó ………………. (tír thionscnaimh) arna gcumhdach ag deimhniú fíteashláintíochta Uimh. ……………….

¨ || *cóip bhunaidh || ¨ || *fíor-chóip deimhnithe atá ceangailte leis an deimhniú seo,

– go bhfuil siad

¨ || *pacáilte || ¨ || *athphacáilte

i gcoimeádáin

¨ || *bhunaidh || ¨ || *nua

– atá bunaithe ar an

¨ || *mbundeimhniú fíteashláintíochta

agus

¨ || *iniúchadh breise,

go meastar go gcloíonn siad le rialachán fíteashláintíochta reatha na tíre allmhairithe, agus

– nach raibh an choinsíneacht le linn stórála i ……………… (tír athonnmhairithe) faoi réir an bhaoil a bhaineann le fíniú nó le hionfhabhtú.

*        Cuir tic sna bhosca cuí',

ina gcuirfear isteach téacs na faisnéise riachtanaí agus ina gcuirfear tic sna boscaí cuí;

(k) na focail "Dearbhú breise", á leanúint ag an dearbhú breise dá dtagraítear in Airteagal 67(2) agus an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 67(3) agus, ar bhonn roghnach, aon fhaisnéis fíteashláintíochta a bhaineann leis an gcoinsíneacht. Mura bhfuil dóthain spáis ann chun an dearbhú breise a chur isteach ina iomláine, leanfar leis an téacs ar chúl na foirme;

(l) na focail 'Cóireáil dífhínithe agus/nó dífhabhtaithe';

(m) an focal "Cóireáil", á leanúint ag an gcóireáil a cuireadh i bhfeidhm ar an gcoinsíneacht sin;

(n) na focail "Ceimiceach (comhábhar gníomhach)", á leanúint ag comhábhar gníomhach an cheimiceáin a úsáidtear le haghaidh na cóireála dá dtagraítear i bpointe (m);

(o) na focail "Fad agus teocht", á leanúint ag fad agus, nuair is cuí, teocht na cóireála sin;

(p) an focal "Tiúchan", á leanúint ag tiúchan an cheimiceáin sin a sroicheadh le linn na cóireála sin;

(q) an focal "Dáta", á leanúint ag an dáta ar cuireadh an chóireáil sin i bhfeidhm;

(r) an focal "Breis faisnéise", á leanúint ag aon fhaisnéis bhreise is mian leis an údarás inniúil a áireamh sa deimhniú;

(s) na focail 'Láthair eisithe', á leanúint ag láthair eisithe an deimhnithe fíteashláintíochta;

(t) an focal 'Dáta', á leanúint ag dáta eisiúna an deimhnithe fíteashláintíochta;

(u) na focail 'Ainm agus síniú an oifigigh údaraithe', á leanúint ag ainm agus síniú an oifigigh a d'eisigh agus a shínigh an deimhniú fíteashláintíochta;

(v) na focail 'Stampa na heagraíochta', á leanúint ag stampa oifigiúil an údaráis inniúil atá ag eisiúint an deimhnithe fíteashláintíochta.

(2)          Beidh séala cabhartha an údaráis inniúil a shíneoidh an deimhniú ar an bpáipéar a úsáidfear.

IARSCRÍBHINN IX

Tábla comhghaoil

Treoir 69/464/CEE ón gComhairle || An Rialachán seo || Rialachán (AE) Uimh. .../.... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le  Rialuithe Oifigiúla]

Airteagal 1 || Airteagal 27(1) || ─

Airteagal 2 || Airteagal 27(1)(d) || ─

Airteagail 3, 4 agus 5 || Airteagal 27(1)(c) || ─

Airteagal 6 || Airteagal 27(1)(e) || ─

Airteagal 7 || ─ || ─

Airteagal 8 || Airteagal 8 || ─

Airteagal 9 || Airteagal 31(1) || ─

Airteagail 10 agus 11 || Airteagal 27(1)(c) || ─

Airteagail 12 agus 13 || ─ || ─

Treoir 93/85/CEE ón gComhairle || An Rialachán seo || Rialachán (AE) Uimh. .../.... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla]

Airteagal 1 || Airteagal 27(1) || ─

Airteagal 2 || Airteagal 27(1)(f) || ─

Airteagal 3 || Airteagal 9 || ─

Airteagail 4 go 8 || Airteagal 27(1)(a), (b) agus (c) || ─

Airteagal 9 || ─ || ─

Airteagal 10 || Airteagal 8 || ─

Airteagal 11 || Airteagal 31(1) || ─

Airteagal 12 || Airteagal 27(1) || ─

Airteagail 13 go 15 || ─ || ─

Iarscríbhinní I go V || Airteagal 27(1) || ─

Treoir 98/57/CE ón gComhairle || An Rialachán seo || Rialachán (AE) Uimh. .../.... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla]

Airteagal 1 || Airteagal 27(1) || ─

Airteagal 2 || Airteagal 27(1)(f) || ─

Airteagal 3 || Airteagal 9 || ─

Airteagail 4 go 7 || Airteagal 27(1)(a), (b) agus (c) || ─

Airteagal 8 || ─ || ─

Airteagal 9 || Airteagal 8 || ─

Airteagal 10 || Airteagal 31(1) || ─

Airteagal 11 || Airteagal 27(1) || ─

Airteagail 12 go 14 || ─ || ─

Iarscríbhinní I go VII || Airteagal 27(1) || ─

Treoir 2007/33/CE ón gComhairle || An Rialachán seo || Rialachán (AE) Uimh. .../.... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla]

Airteagal 1 || Airteagal 27(1) || ─

Airteagail 2 agus 3 || Airteagal 27(1) agus (2) || ─

Airteagail 4 go 8 || Airteagal 27(1)(f) || ─

Airteagail 9 go 13 || Airteagal 27(1) agus (2) || ─

Airteagal 14 || Airteagal 8 || ─

Airteagal 15 || Airteagal 31(1) || ─

Airteagal 16 || Airteagal 27(1) || ─

Airteagal 17 || Airteagal 99 || ─

Airteagail 18 go 20 || ─ || ─

Iarscríbhinní I go IV || Airteagal 27(1) || ─

Treoir 2000/29/CE ón gComhairle || An Rialachán seo || Rialachán (AE) Uimh. .../.... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla]

Airteagal 1(1), (2) agus (3) || Airteagal 1 || ─

Airteagal 1(4) || ─ || Airteagal 3

Airteagal 1(5) agus (6) || ─ || ─

Airteagal 2(1)(a) || Airteagal 2(1) || ─

Airteagal 2(1)(b) || Airteagal 2(2) || ─

Airteagal 2(1)(c) || ─ || ─

Airteagal 2(1)(d) || Airteagal 2(3) || ─

Airteagal 2(1)(e) || Airteagal 1(1) || ─

Airteagal 2(1)(f) || Airteagal 73 || ─

Airteagal 2(1)(g) || ─ || Airteagail 3, 25 agus 36

Airteagal 2(1)(h) || Airteagail 32 go 35 || ─

Airteagal 2(1)(i), an chéad fhomhír || Airteagal 71 || Airteagal 4

Airteagal 2(1)(i), an dara fomhír || ─ || Airteagail 4 agus 19

Airteagal 2(1)(i), an tríú fomhír || ─ || Airteagal 129

Airteagal 2(1)(j) || ─ || Airteagal 2(28)

Airteagal 2(1)(k) || ─ || Airteagal 3

Airteagal 2(1)(1) || ─ || Airteagal 3

Airteagal 2(1)(m) || ─ || Airteagal 3

Airteagal 2(1)(n) || ─ || Airteagal 3

Airteagal 2(1)(o) || Airteagal 2(6) || ─

Airteagal 2(1)(p) || ─ || Airteagal 2(26)

Airteagal 2(1)(q) || ─ || ─

Airteagal 2(1)(r) || ─ || Airteagal 2(48)

Airteagal 2(2) || Airteagal 2(2), an dara fomhír || ─

Airteagal 3(1) || Airteagal 5(1) || ─

Airteagal 3(2) agus (3) || Airteagail 5(1), 37(1) agus 41(3) || ─

Airteagal 3(4) || ─ || ─

Airteagal 3(5) || Airteagal 32(2) agus 50(3) || ─

Airteagal 3(6) || Airteagail 5(2) agus 32(3) || ─

Airteagal 3(7) || Airteagail 5(3), 27(1) agus 37(1) || ─

Airteagail 3(8) agus (9) || Airteagail 8, 46 agus 54 || ─

Airteagal 4(1) || Airteagal 40(1) || ─

Airteagal 4(2) || Airteagal 49(1) || ─

Airteagal 4(3) || ─ || ─

Airteagal 4(4) || ─ || ─

Airteagal 4(5) || Airteagail 8, 46 agus 54 || ─

Airteagal 4(6) || Airteagal 44 || ─

Airteagal 5(1) || Airteagal 40(3) || ─

Airteagal 5(2) || Airteagal 49(3) || ─

Airteagal 5(3) || Airteagail 40(2) agus 49(2) || ─

Airteagal 5(4) || Airteagail 51 agus 70 || ─

Airteagal 5(5) || Airteagail 8, 46 agus 54 || ─

Airteagal 5(6) || Airteagal 44 || ─

Airteagal 6(1) go (4) || Airteagal 82(1), (2) agus (3) || ─

Airteagal 6(5), an chéad fhomhíreanna agus an dara fomhír || Airteagal 82(1), (2) agus (3) || ─

Airteagal 6(5), an tríú fomhír || Airteagail 61 agus 64 || ─

Airteagal 6(5), an ceathrú fomhír || Airteagal 10 || ─

Airteagal 6(5), an cúigiú fomhír || Airteagal 76 || ─

Airteagal 6(6) || Airteagail 61 agus 65 || ─

Airteagal 6(7) || Airteagal 76 || ─

Airteagal 6(8), an chéad fhleasc || ─ || ─

Airteagal 6(8), an dara fleasc || Airteagal 53 || ─

Airteagal 6(8), an tríú fleasc || Airteagal 82(4) || ─

Airteagal 6(8), an ceathrú fleasc || Airteagail 62, 65 agus 85 || ─

Airteagal 6(8), an cúigiú fleasc || ─ || ─

Airteagal 6(8), an séú fleasc || Airteagal 76 || ─

Airteagal 6(9) || Airteagal 62 || ─

Airteagal 10(1) || Airteagail 78(3), 80, 81 agus 82 || ─

Airteagal 10(2) || Airteagail 74, 75 agus 76 || ─

Airteagal 10(3) || Airteagal 88 || ─

Airteagal 10(4) || Airteagal 82(4) || ─

Airteagal 11(1) || Airteagal 82(1) || ─

Airteagal 11(2) || ─ || ─

Airteagal 11(3) ||  ─ || Airteagal 19(d)

Airteagal 11(4) || Airteagal 87 || ─

Airteagal 11(5) || Airteagal 87 || ─

Airteagal 12(1) || ─ || Airteagail 43, 134, 135 agus 136

Airteagal 12(2) || Airteagail 65(3), 88(5) agus 90(2) || Airteagal 4(1)(g) agus (h)

Airteagal 12(3) || ─ || Airteagal 115

Airteagal 12(4) || Airteagail 41(4) agus 90(1) agus (5) || Airteagail 19(d), 103, 130, 134, 135 agus 136

Airteagal 13(1) agus (2) || Airteagal 71(5) || Airteagail 45 agus 89(1)(f)

Airteagal 13(3) agus (4) || ─ || ─

Airteagal 13a(1) || ─ || Airteagal 47

Airteagal 13a(2) || ─ || Airteagal 52

Airteagal 13a(3) || Airteagal 71 || ─

Airteagal 13a(4) || Airteagal 71 || ─

Airteagal 13a(5) || ─ || Airteagail 50 agus 52

Airteagal 13b(1) || ─ || Airteagal 63

Airteagal 13b(2) || ─ || Airteagal 49

Airteagal 13b(3) || ─ || Airteagal 46

Airteagal 13b(4) || ─ || Airteagal 46

Airteagal 13b(5) || ─ || Airteagal 46

Airteagal 13b(6) || ─ || ─

Airteagal 13c(1)(a) || ─ || Airteagal 55

Airteagal 13c(1)(b) || Airteagal 61 || ─

Airteagal 13c(1)(c) || ─ || Airteagal 54, 55 agus 56

Airteagal 13c(2)(a) || ─ || Airteagal 47

Airteagal 13c(2)(b) || ─ || Airteagal 51

Airteagal 13c(2)(c) || ─ || Airteagal 51

Airteagal 13c(2)(d) || ─ || Airteagal 51

Airteagal 13c(2)(e) || ─ || Airteagal 49, 50 agus 51

Airteagal 13c(2)(f) || ─ || Airteagal 47

Airteagal 13c(3) || ─ || Airteagail 55 agus 130

Airteagal 13c(4) || ─ || Airteagail 55, 58 agus 62

Airteagal 13c(5) || ─ || ─

Airteagal 13c(6) || Airteagal 89 || ─

Airteagal 13c(7) || Airteagal 72 || Airteagail 134, 135 agus 136

Airteagal 13c(8) || Airteagail 40(4), 41(4), 49(5), 50(4) agus 97 || Airteagal 130

Airteagal 13d(1) || ─ || Airteagail 77 agus 78

Airteagal 13d(2) || ─ || Airteagal 79

Airteagal 13d(3) || ─ || Airteagail 79 agus 83

Airteagal 13d(4) || ─ || Airteagal 80

Airteagal 13d(5) || ─ || Airteagail 78 agus 79

Airteagal 13d(6) || ─ || ─

Airteagal 13d(7) || ─ || ─

Airteagal 13e || Airteagail 94 agus 95 || ─

Airteagal 14 || Airteagail 5(3) agus (4), 32(3), 37(2) agus (3), 40(2), 41(2), 49(2), 50(2), 68(2) agus (3), 69(2) agus (3), 74(2) agus (3) agus 75(2) agus (3) || ─

Airteagal 15(1) || Airteagal 41(2), an chéad fhomhír || ─

Airteagal 15(2) || Airteagal 41(2), an dara  fomhír || ─

Airteagal 15(3) || Airteagal 67(3) || ─

Airteagal 15(4) || ─ || ─

Airteagal 16(1) || Airteagal 10(1) agus (2) agus Airteagal 16 || ─

Airteagal 16(2), an chéad fhomhír || Airteagal 28 || ─

Airteagal 16(2), an dara  fomhír || Airteagal 14(1) || ─

Airteagal 16(2), an tríú  fomhír || Airteagal 14(1) || ─

Airteagal 16(2), an ceathrú  fomhír || ─ || ─

Airteagal 16(3) || Airteagal 29 || ─

Airteagal 16(4) || Airteagail 27(1), 29(1) agus 47(1) || ─

Airteagal 16(5) || Airteagail 27(6), 29(6) agus 47(4) || ─

Airteagal 18 || Airteagal 99 || ─

Airteagal 20 || ─ || ─

Airteagal 21(1) || ─ || Airteagal 115(1) agus (2)

Airteagal 21(2) || ─ || Airteagal 115(4)

Airteagal 21(3) || ─ || Airteagal 115(1) agus (3)

Airteagal 21(4) || ─ || Airteagal 115(1) agus (3)

Airteagal 21(5) || ─ || Airteagail 117 agus 118

Airteagal 21(6) || Airteagal 97 || Airteagal 130

Airteagal 21(7) || ─ || ─

Airteagal 21(8) || ─ || ─

Airteagal 22 || ─ || ─

Airteagal 23(1) || ─ || ─

Airteagal 23(2) || ─ || ─

Airteagal 23(3) || Airteagal 102 || ─

Airteagal 23(4) || ─ || ─

Airteagal 23(5), an chéad fhomhír || ─ || ─

Airteagal 23(5), an dara fomhír || ─ || ─

Airteagal 23(5), an tríú fomhír || ─ || ─

Airteagal 23(5), an ceathrú fomhír || ─ || ─

Airteagal 23(5),  an cúigiú fomhír || ─ || ─

Airteagal 23(6), an chéad fhomhír || ─ || ─

Airteagal 23(6), an dara fomhír || ─ || ─

Airteagal 23(6), an tríú fomhír || ─ || ─

Airteagal 23(6), an ceathrú fomhír || ─ || ─

Airteagal 23(7) || ─ || ─

Airteagal 23(8) || ─ || ─

Airteagal 23(9) || ─ || ─

Airteagal 23(10) || ─ || ─

Airteagal 24(1) || ─ || ─

Airteagal 24(2) || ─ || ─

Airteagal 24(3) || ─ || ─

Airteagal 25 || ─ || ─

Airteagal 26 || ─ || ─

Airteagal 27 || ─ || Airteagal 87(2)

Airteagal 27a || ─ || Airteagail 107 go 110

Airteagal 28 || ─ || ─

Airteagal 29 || ─ || ─

Iarscríbhinn I, Cuid A, Roinn I || Airteagal 5(2) || ─

Iarscríbhinn I, Cuid A, Roinn II || Airteagal 5(2) || ─

Iarscríbhinn I, Cuid B || Airteagal 32(3) || ─

Iarscríbhinn II, Cuid A, Roinn I || Airteagal 5(2) || ─

Iarscríbhinn II, Cuid A, Roinn II || Airteagal 37(2) || ─

Iarscríbhinn II, Cuid B || Airteagal 32(3) || ─

Iarscríbhinn III, Cuid A || Airteagal 40(1) || ─

Iarscríbhinn III, Cuid B || Airteagal 49(1) || ─

Iarscríbhinn IV, Cuid A || Airteagal 41(1) || ─

Iarscríbhinn IV, Cuid B || Airteagal 50(1) || ─

Iarscríbhinn V, Cuid A, Pointe I || Airteagal 74(1) || ─

Iarscríbhinn V, Cuid A, Pointe II || Airteagal 75(1) || ─

Iarscríbhinn V, Cuid B, Pointe I || Airteagal 68(1) || ─

Iarscríbhinn V, Cuid B, Pointe II || Airteagal 69(1) || ─

Iarscríbhinn VI || ─ || ─

Iarscríbhinn VII || Iarscríbhinn VIII || ─

Iarscríbhinn VIII || ─ || ─

Iarscríbhinn VIIIa || ─ || ─

Iarscríbhinn IX || ─ || ─

[1]               IO L 169, 10.7.2000, Lch. 1.

[2]               http://ec.europa.eu/food/plant/plant_health_biosafety/rules/index_en.htm

[3]               IO L 191, 28.5.2004, Lch. 1.

[4]               Comhairle an Aontais Eorpaigh, 2906ú Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais / Buiséad, 21 Samhain 2008. Conclúidí na Comhairle maidir le hAthbhreithniú ar Réimeas Sláinte Plandaí an AE. Doiciméad uimh. 104228.

[5]               Ag cur meastóireacht a rinneadh roimhe seo ar ghnéithe airgeadais den réimeas, a rinneadh in 2008, san áireamh.

[6]               Cuibhreanas Meastóireachta an tSlabhra Bia (FCEC), ar a raibh Civic Consulting, Agra CEAS Consulting (ceannaire tionscadail), Van Dijk Management Consultants agus Arcadia International.

[7]               http://ec.europa.eu/food/plant/plant_health_biosafety/rules/index_en.htm

[8]               Grúpaí Comhairleach Síolta, Grúpa Comhairleach Cadáis, Grúpa Comhairleach Bláthshaothraithe agus Speiceas Ornáideach, Grúpa Comhairleach Citris, Grúpaí Comhairleach Prátaí.

[9]               http://ec.europa.eu/food/plant/plant_health_biosafety/rules/index_en.htm

[10]             IO C , , Lch. .

[11]             IO C , , Lch. .

[12]             IO L 169, 10.7.2000, Lch. 1.

[13]             Comhairle an Aontais Eorpaigh, 2906ú Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais / Buiséad, 21 Samhain 2008. Conclúidí na Comhairle maidir le hAthbhreithniú ar Chóras Sláinte Plandaí an AE. Doiciméad Uimh. 104228.

[14]             IO L …, ……, Lch. …

[15]             IO L …, ……, Lch. …

[16]             IO L 55, 28.2.2011, Lch. 13.

[17]             IO L 352, 28.12.1974, Lch. 41-42.

[18]             IO L 323, 24.12.1969, Lch. 5-6.

[19]             IO L 323, 24.12.1969, Lch. 1-2.

[20]             IO L 259, 18.10.1993, Lch. 1-25.

[21]             IO L 235, 21.8.1998, Lch. 1-39.

[22]             IO L 156, 16.6.2007, Lch. 12-22.

[23]             IO L …, ……….., Lch. ….

[24]             IO L 125, 11.7.1966, Lch. 2309.

[25]             IO L 250, 7.10.1993, Lch. 1.

[26]             IO L 250, 7.10.1993, Lch. 9.

[27]             IO L 193, 20.7.2002, Lch. 33.

[28]             IO L 193, 20.7.2002, Lch. 60..

[29]             IO L 193, 20.7.2002, Lch. 74.

[30]             IO L 256, 7.9.1987, lch.1.

[31]             ISO 3166-1:2006, Cóid chun ainmneacha tíortha agus a bhforannáin a léiriú – Cuid 1: Cóid tíre. Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán, an Ghinéiv.

[32]             IO L 206, 22.7.1992, Lch. 7.

[33]             IO L 20, 26.1.2010, Lch. 7.

Top