EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0652

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le margaí ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán [EMIR] maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála

/* COIM/2011/0652 leagan deireanach - 2011/0296 (COD) */

52011PC0652




MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

An Treoir a bhaineann le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID) atá i bhfeidhm ó Shamhain 2007 i leith, tá sí ina colún lárnach i lánpháirtiú mhargadh airgeadais an AE. Glacadh í i gcomhréir le próiseas “Lamfalussy”[1], agus is éard atá ann Treoir réime (Treoir 2004/39/CE)[2], Treoir cur chun feidhme (Treoir 2006/73/CE)[3] agus Rialachán cur chun feidhme (Rialachán Uimh. 1287/2006)[4]. Bunaíonn MiFID creat rialála a ligfidh do bhainc agus do ghnólachtaí infheistíochta seirbhísí infheistíochta a sholáthar in ionstraimí airgeadais (amhail bróicéireacht, comhairle, déileáil, bainistíocht punainne, frithghealladh etc.) agus a ligfidh d'oibreoirí margaidh margaí rialáilte a fheidhmiú. Bunaítear leis freisin cumhachtaí agus dualgais na n-údarás inniúil náisiúnta maidir leis na gníomhaíochtaí sin.

Is é cuspóir uileghabhálach na Treorach lánpháirtiú, iomaíochas agus éifeachtúlacht mhargaí airgeadais an AE a chur ar aghaidh. I dtéarmaí sonracha, chuir an treoir deireadh leis an staid ina bhféadfadh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí an trádáil uile in ionstraimí airgeadais ar mhalartáin shonracha agus d'éascaigh sí iomaíocht uile-Eorpach idir malartáin thraidisiúnta agus ionaid mhalartacha. Ina cheann sin thug sí “cead taistil” neartaithe do bhainc agus do ghnólachtaí infheistíochta seirbhísí infheistíochta a sholáthar ar fud an AE faoi réir chomhlíonadh na gceanglas eagraíochtúla agus tuairiscithe araon agus na rialacha cuimsitheacha chun cosaint infheisteoirí a áirithiú.

Is é toradh atá ar an Treoir sin, tar éis í a bheith i bhfeidhm ar feadh trí bliana go leith, iomaíocht níos mó idir ionaid maidir le trádáil ionstraimí airgeadais, agus rogha níos mó ag infheisteoirí i dtéarmaí soláthraithe seirbhíse agus i dtéarmaí na n-ionstraimí airgeadais atá ar fáil, agus chuir an dul chun cinn teicneolaíochta go mór leis sin. Tríd is tríd, tháinig laghdú ar chostais idirbheart agus tháinig méadú ar lánpháirtiú[5].

Tá roinnt fadhbanna tar éis teacht chun cinn, áfach. Ar an gcéad dul síos, tá dúshláin nua tar éis teacht chun cinn mar thoradh ar an méadú iomaíochta. Níor bhain rannpháirtithe uile an mhargaidh tairbhithe cothroma as an iomaíocht mhéadaithe sin agus níor bhain na hinfheisteoirí deiridh, miondíola ná mórdhíola, leas aisti i gcónaí. Tá cúrsaí trádála níos casta chomh maith, go háirithe i dtéarmaí sonraí trádála a bhailiú, mar thoradh ar ilroinnt an mhargaidh atá intuigthe ó iomaíocht. Ar an dara dul síos, tá forbairtí margaidh agus forbairtí teicneolaíochta tar éis dul ar aghaidh níos tapúla ná forálacha éagsúla in MiFID. Tá baol ann go mbainfí an bonn den chomhleas atá i gcothroime iomaíochta trédhearcach idir ionaid trádála agus gnólachtaí infheistíochta. Ar tríú dul síos, tá an ghéarchéim eacnamaíochta tar éis laigí i rialáil ionstraimí seachas scaireanna, a thrádáiltear idir infheisteoirí gairmiúla den chuid is mó, a nochtadh. Ní ghlactar a thuilleadh le toimhdí a bhí ann cheana go gcabhraíonn leibhéal íosta trédhearcachta, formhaoirseachta agus cosanta infheisteoirí le héifeachtúlacht an mhargaidh. Ar deireadh, léiríonn nuálaíocht ghasta agus castacht atá ag dul i méid maidir le hionstraimí airgeadais an tábhacht a bhaineann le hardleibhéil cosanta infheisteoirí atá cothrom le dáta. Cé gur léiríodh go raibh gá leo den chuid is mó le linn na géarchéime airgeadais, mar sin féin léiríonn rialacha cuimsitheacha an MiFID an gá le feabhsuithe atá spriocdhírithe ach uaillmhianach.

Dá bhrí sin, tá an t-athbhreithniú ar an MiFID ina chuid lárnach de na hathchóirithe agus tá sé ceaptha córas airgeadais níos sábháilte, níos fónta, níos trédhearcaí agus níos freagraí a bhunú, córas a bheidh le leas an gheilleagair agus na sochaí ina n-iomláine, i bhfianaise ar ar thit amach le linn na géarchéime airgeadais. Tá sé ceaptha, leis, margadh airgeadais an AE a dhéanamh níos comhtháite, níos éifeachtaí agus níos iomaíche[6]. Is meán bunriachtanach é chun cur le gealltanais G20[7] chun dul i ngleic leis na codanna den chóras airgeadais nach bhfuil á rialáil agus atá níos teimhní, agus feabhas a chur ar eagrú, ar thrédhearcacht agus ar fhormhaoirseacht dheighleoga éagsúla an mhargaidh, go háirithe sna hionstraimí sin a thrádáiltear thar an gcuntar den chuid is mó[8], ag cur leis an togra reachtach maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála[9].

Ina cheann sin, tá gá le feabhsuithe spriocdhírithe chun feabhas a chur ar mhaoirseacht agus ar thrédearcacht margaí díorthach tráchtearraí ionas go bhféadfaidh siad an fheidhm atá acu i dtaca le fálú agus praghas-aimsiú a chomhlíonadh, agus chun oiriúnuithe a dhéanamh i bhfianaise an fhorais atá tagtha ar struchtúr agus teicneolaíocht na margaí, ar mhaithe le cothroime iomaíochta agus margaí éifeachtúla a áirithiú. Ina theannta sin, tá gá le hathruithe sonracha ar an gcreat a chosnaíonn infheisteoirí i bhfianaise cleachtas nua atá tagtha chun cinn. Is gá, freisin, athruithe a dhéanamh chun muinín infheisteoirí a chothú.

Ar deireadh, i gcomhréir le moltaí ghrúpa de Larosière agus conclúidí Chomhairle ECOFIN,[10] tá an AE tiomanta a oiread laghdú is féidir a dhéanamh ar na roghanna atá ar fáil do Bhallstáit i dtreoracha an AE maidir le seirbhísí airgeadais, nuair is iomchuí. Is gné choiteann é sin sna réimsí uile atá faoi réim an athbhreithnithe ar an MiFID agus rannchuideoidh sé le cód cleachtais amháin a bhunú le haghaidh mhargaí airgeadais an AE, le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chothrom iomaíochta i gcomhair na mBallstát agus rannpháirtithe sa mhargadh, le maoirseacht agus forfheidhmiú a fheabhsú, le costais a laghdú do rannpháirtithe sa mhargadh, agus le coinníollacha rochtana agus iomaíochas domhanda thionscal airgeadais an AE a fheabhsú.

Mar thoradh air sin, tá an togra lena leasaítear an MiFID roinnte ina dhá chuid. Leagann Rialachán amach ceanglais maidir le sonraí trédhearcachta trádála a nochtadh don phobal agus sonraí idirbheart a nochtadh d’údaráis inniúla, deireadh a chur le bacainní ar rochtain neamh-idirdhealaitheach ar shaoráidí imréitigh, trádáil éigeantach díorthach ar ionaid eagraithe, gníomhaíochtaí maoirseachta sonracha maidir le hionstraimí airgeadais agus suíomhanna i ndíorthaigh, agus seirbhísí a bheith á soláthar ag gnólachtaí tríú tíortha gan bhrainse. Leasaítear le Treoir ceanglais shonracha maidir leis na nithe seo a leanas – soláthar seirbhísí infheistíochta, raon feidhme na ndíolúintí ón Treoir reatha, ceanglais eagraíochtúla agus ceanglais iompair i gcás gnólachtaí infheistíochta, ceanglais eagraíochtúla maidir le hionad trádála, an t-údarú agus na hoibleagáidí leanúnacha is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí sonraí, na cumhachtaí atá ar fáil d’údaráis inniúla, smachtbhannaí, agus rialacha is infheidhme maidir le gnólachtaí tríú tíortha a oibríonn trí bhrainse.

TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Is toradh é an tionscnamh seo ar phlé leathan agus ar chomhairliúchán leanúnach leis na príomhpháirtithe leasmhara uile, lena n-áirítear rialtóirí urrús, agus le gach cineál rannpháirtí sa mhargadh, lena n-áirítear eisitheoirí agus infheisteoirí miondíola. Cuirtear san áireamh ann na tuairimí a léiríodh i gcomhairliúchán poiblí ón 8 Nollaig 2010 go dtí an 2 Feabhra 2011[11], agus in éisteacht phoiblí mhór a raibh freastal maith uirthi thar dhá lá ar an 20-21 Meán Fómhair 2010[12], agus ionchur a fuarthas trí chruinnithe fairsinge le raon leathan de ghrúpaí páirtithe leasmhara ó Nollaig 2009 i leith. Ar deireadh, cuirfear san áireamh sa togra na barúlacha agus an anailís atá sna doiciméid agus sa chomhairle theicniúil a d’fhoilsigh Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha (CESR), ar a dtugtar an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí anois (an ESMA)[13].

Ina theannta sin, rinneadh dhá staidéar[14] a choimisiúnú ó shainchomhairleoirí seachtracha d’fhonn an t-athbhreithniú ar an MiFID a ullmhú. Sa chéad cheann, a iarradh ar PriceWaterhouseCoopers an 10 Feabhra 2010 agus a fuarthas an 13 Iúil 2010, díríodh ar shonraí a bhailiú maidir le gníomhaíochtaí margaidh agus saincheisteanna eile a bhaineann leis an MiFID. Sa dara ceann, ó Europe Economics a sainordaíodh an 21 Iúil 2010 tar éis glaoigh oscailte ar thairiscint agus a fuarthas an 23 Meitheamh 2011, díríodh ar anailís costais is tairbhe ar na roghanna beartais éagsúla atá le háireamh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an MiFID.

I gcomhréir lena bheartas "Rialáil Níos Fearr", rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais. Rinneadh roghanna beartas a mheasúnú de réir critéar éagsúil: trédhearcacht oibríochtaí sa mhargadh le haghaidh rialtóirí agus rannpháirtithe sa mhargadh, muinín agus cosaint infheisteoirí, cothrom iomaíochta le haghaidh ionad margaidh agus córas trádála san AE, agus éifeachtúlacht costais, i.e. a mhéid a bhaintear amach na cuspóirí atá á lorg agus a mhéid a éascaítear feidhmiú margaí urrús ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais de agus atá éifeachtach. Ar an iomlán, meastar go nginfear costais chomhlíonta aonuaire idir €512 milliún agus €732 milliún de thoradh an athbhreithnithe ar an MiFID, mar aon le costais leanúnacha idir €312 milliún agus €586 milliún. Is ionann é sin agus iarmhairtí costais aonuaire agus leanúnacha idir 0.10% agus 0.15% agus idir 0.06% agus 0.12% faoi seach de chaiteachas oibriúcháin iomlán earnáil baincéireachta an AE. Tá sé sin i bhfad níos lú na na costais a bhí á bhforchur an tráth a tugadh an MiFID isteach. Measadh go raibh na hiarmhairtí costais aonuaire a bhí i gceist leis an MiFID a thabhairt isteach cothrom le 0.56% (bainc mhiondíola agus bainc thaisce) agus 0.68% (bainc infheistíochta) den chaiteachas oibriúcháin iomlán agus measadh go raibh na costais a bhain le comhlíonadh leanúnach cothrom le 0.11% (bainc mhiondíola agus bainc thaisce) agus 0.17% (bainc infheistíochta) den chaiteachas oibriúcháin iomlán.

EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, airteagal atá ina bhunús dlí ag Rialachán atá ceaptha forálacha aonfhoirmeacha a chruthú atá dírithe ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Cé go mbaineann an Treoir go príomha le rochtain ar ghníomhaíocht eacnamaíoch gnólachtaí agus go bhfuil sí bunaithe ar Airteagal 53 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i ngeall ar an ngá le tacar aonfhoirmeach rialacha maidir leis an gcaoi a ndéantar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin, is gá bunús dlí difriúil a úsáid chun Rialachán a chruthú.

Tá Rialachán riachtanach chun inniúlachtaí díreacha sonracha a thabhairt don ESMA i réimse na hidirghabhála táirge agus i réimse na gcumhachtaí bainistíochta suímh. I réimse na trédhearcachta i dtrádáil agus i réimse an tuairiscithe idirbheart is minic a bhraitheann cur i bhfeidhm rialacha ar thairseacha uimhriúla agus ar chóid aitheantais shonracha. Tharlódh saobhadh ar an margadh agus arbatráiste rialála de dhroim claonadh ar bith ar an leibhéal náisiúnta, agus dá bhrí sin ní fhéadfaí cothrom iomaíochta a fhorbairt. Trí Rialachán a fhorchur áirithítear go mbeidh na ceanglais sin infheidhme go díreach maidir le gnólachtaí infheistíochta agus cuirtear cothrom iomaíochta chun cinn trí Threoir a thrasuíomh agus ceanglais éagsúla náisiúnta a chosc dá bhrí sin.

Léireodh an Rialachán atá beartaithe freisin go leanann gnólachtaí infheistíochta na rialacha céanna i margaí uile an AE den chuid is mó, nós atá bunaithe ar chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a chuirfidh le deimhneacht dhlíthiúil agus a éascóidh go suntasach oibríochtaí gnólachtaí atá gníomhach i ndlínsí éagsúla. Lena chois sin chuirfeadh an Rialachán ar chumas an AE athruithe a chur i bhfeidhm níos tapúla amach anseo, toisc go bhféadfar leasuithe a chur i bhfeidhm beagnach a luaithe a ghlactar leo. Chuirfeadh sé sin ar chumas an AE spriocdhátaí maidir le cur chun feidhme arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a bhaint amach, agus forbairtí suntasacha sa mhargadh a leanúint.

Coimhdeacht agus comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta (Airteagal 5.3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), ní féidir beart a dhéanamh ar leibhéal an AE murar féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach go leormhaith as a stuaim féin agus gurbh fhearr, i ngeall ar scála nó ar éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, iad a bhaint amach ar leibhéal an AE.

Tá an chuid is mó de na saincheisteanna a chumhdaítear san athbhreithniú cumhdaithe cheana féin i gcreat dlíthiúil reatha an MiFID. Sa bhreis air sin, is margaí trasteorann iad margaí airgeadais agus tá ag tréisiú ar an tréith sin iontu i rith an ama. Na coinníollacha a bhaineann le hiomaíocht gnólachtaí agus oibreoirí sa chomhthéacs sin, is cuma cé acu a bhaineann siad le rialacha maidir le trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála, cosaint infheisteoirí nó rioscaí a bheith á measúnú agus á rialú ag rannpháirtithe sa mhargadh, ní mór dóibh a bheith ina gcomhchoinníollacha thar theorainneacha agus tá siad uile i gcroílár an MiFID inniu. Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal Eorpach anois chun an creat rialála atá leagtha síos ag an MiFID a nuashonrú agus a mhodhnú, d’fhonn forbairtí i margaí airgeadais ón tráth a cuireadh chun feidhme é a chur san áireamh. Dhéanfaí na feabhsuithe ar lánpháirtiú agus ar éifeachtúlacht seirbhísí agus margaí airgeadais san Eoraip de thoradh na treorach a neartú ar an gcaoi sin le coigeartuithe iomchuí lena áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an chreata rialála stóinsithe don mhargadh aonair. Toisc an lánpháirtithe sin, ní bheadh idirghabháil náisiúnta ar leithlis chomh héifeachtúil agus dhéanfaí na margaí a ilroinnt dá bharr, agus tharlódh arbatráiste rialála agus saobhadh ar iomaíocht mar thoradh air sin. Mar shampla, dhéanfaí margaí a ilroinnt, chuirfí leachtacht agus éifeachtúlacht i gcontúirt agus tharlódh arbatráiste rialaitheach díobhálach mar thoradh ar leibhéil éagsúla trédhearcachta margaidh nó cosanta infheisteoirí ar fud na mBallstát.

Ba cheart go mbeadh príomhról ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (an ESMA) i gcur chun feidhme na dtograí dlí nua. Ceann de na haidhmeanna a bhaineann le cruthú an Údaráis Eorpaigh is ea feidhmiú an mhargaidh aonair a fheabhsú tuilleadh i dtaca leis na margaí urrús de; tá gá le rialacha nua ar leibhéal an Aontais chun na cumhachtaí iomchuí uile a thabhairt don ESMA.

Cuirtear prionsabal na comhréireachta san áireamh go hiomlán sa togra, sa mhéid is go bhfuil sé leordhóthanach chun a chuspóirí a bhaint amach agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun é sin a dhéanamh. Tá sé comhoiriúnach le prionsabal na comhréireachta, agus an chothromaíocht cheart idir leas an phobail atá i gceist agus éifeachtúlacht costais an bhirt á cur san áireamh. Rinneadh calabrú cúramach ar na ceanglais a fhorchuirtear ar na páirtithe éagsúla. Go háirithe, tugadh aird ar leith ar an ngá atá le cothromaíocht idir chosaint infheisteoirí, éifeachtúlacht na margaí agus na costais ar an tionscal agus na ceanglais sin á leagan síos. Mar shampla, maidir leis na rialacha nua faoi thrédhearcacht a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm maidir le margaí díorthach agus bannaí, tacaítear san athbhreithniú le córas a bheadh calabraithe go cúramach ina gcuirfear san áireamh sainiúlacht gach aicme sócmhainne agus b’fhéidir gach cineál díorthach.

Comhlíonadh Airteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An 23 Meán Fómhair 2009, ghlac an Coimisiún tograí le haghaidh Rialachán lenar bunaíodh an ÚBE, an EIOPA agus an ESMA. I dtaca leis sin is mian leis an gCoimisiún a thabhairt chun cuimhne na Ráitis maidir le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a rinne sé ag glacadh na Rialachán lenar bunaíodh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus a thug an méid seo a leanas le fios: “Maidir leis an bpróiseas chun glacadh le caighdeáin rialála, leagann an Coimisiún béim ar nádúr uathúil earnáil na seirbhísí airgeadais, rud a thagann as struchtúr Lamfalussy agus rud ar tugadh aitheantas sainráite dó i nDearbhú 39 i gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, tá mórthuairim ag an gCoimisiún go mb'fhéidir go bhfuil na srianta ar a ról agus é ag glacadh gníomhartha tarmligthe agus beart cur chun feidhme, go bhfuil siad gan a bheith ag teacht le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh”.

Míniú mionsonraithe ar an togra

Ginearálta – cothroime iomaíochta

Tá sé ar cheann d’aidhmeanna lárnacha an togra a áirithiú go ndéanfar an trádáil eagraithe uile ar ionaid trádála rialáilte: margaí rialáilte, saoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna) agus saoráidí trádála eagraithe (OTFanna). Beidh feidhm ag ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála chomhionanna maidir leis na hionaid sin go léir. Ar an dóigh chéanna, tá na ceanglais i dtéarmaí gnéithe eagrúcháin agus faireachais ar an margadh is infheidhme maidir leis na trí ionad beagnach comhionann. Dá bhrí sin, áiritheofar cothrom iomaíochta i gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí atá comhchosúil ó thaobh feidhme de ag tabhairt leasanna trádála tríú páirtithe le chéile. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara áfach go ndéanfaí calabrú ar na ceanglais trédhearcachta i gcás cineálacha éagsúla ionstraimí, go háirithe gnáthscaireanna, bannaí agus díorthaigh, agus i gcás cineálacha éagsúla trádála, go háirithe córais faoi thionchar luachana agus leabhar ordaithe.

Tá oibreoir an ardáin neodrach sna trí ionad uile. Tá cur i gcrích neamhroghnach idirbheart ina thréith de mhargaí rialáilte agus de shaoráidí trádála iltaobhacha. Fágann sé sin go ndéanfar idirbhearta de réir rialacha réamhchinntithe. Téann siad in iomaíocht freisin chun rochtain ar bhallraíocht fhorleathan a thairiscint ar an gcoinníoll go gcomhlíontar tacar trédhearcach critéar.

Os a choinne sin, tá rogha éigin ag oibreoir OTF maidir leis an gcaoi ina ndéanfar idirbheart. Dá bhrí sin, tá an t-oibreoir faoi réir ag oibleagáidí infheisteoirí a chosaint, ag rialacha iompair agus ag ceanglais maidir leis an gcur i gcrích is fearr i leith na gcliant atá ag úsáid an ardáin. Dá bhrí sin, cé go gcaithfidh na rialacha maidir le modheolaíocht um fheidhmiú OTF agus rochtain air a bheith trédhearcach soiléir, cuireann siad ar chumas an oibreora seirbhís a fheidhmiú do chliaint atá difriúil go cáilíochtúil, mura bhfuil sé difriúil ó thaobh feidhme, ó na seirbhísí a chomhlíonann margaí rialáilte agus MTFanna dá gcomhaltaí agus do rannpháirtithe. Mar sin féin, lena áirithiú nach féidir neodracht oibreoir an OTF maidir le hidirbheart ar bith arna dhéanamh ná na dleachtanna atá dlite do chliaint a thugtar le chéile ar an gcaoi sin a chur i gcontúirt toisc gur féidir brabús a dhéanamh ar a gcostas, is gá cosc a chur ar oibreoir an OTF trádáil i gcoinne a chaipitil dhílsithe féin.

Ar deireadh, féadfaidh trádáil eagraithe tarlú freisin trí inmheánú córasach. Féadfaidh inmheánaitheoir córasach (SI) idirbhearta cliant a dhéanamh i gcoinne a chaipitil dhílsithe féin. Ní féidir le SI leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtí a thabhairt le chéile ar an mbealach céanna ó thaobh feidhme le margadh rialáilte, MTF ná OTF áfach, agus dá bhrí sin ní ionad trádála é. Bheadh feidhm ag rialacha maidir leis an gcur i gcrích is fearr agus ag rialacha eile iompair, agus bheadh sé soiléir don chliant nuair a bheidh sé ag trádáil le gnólacht infheistíochta agus nuair a bheidh sé ag trádáil i gcoinne tríú páirtithe. Baineann ceanglais shonracha maidir le trédhearcacht réamhthrádála agus rochtain le SIanna. Arís, déanfar calabrú ar na ceanglais trédhearcachta le haghaidh cineálacha éagsúla ionstraimí, go háirithe gnáthscaireanna, bannaí agus díorthaigh agus cuirfear i bhfeidhm iad faoi thairseacha sonracha. Dá bhrí sin, meastar gur trádáil thar an gcuntar é aon trádáil féinchuntais a dhéanann gnólachtaí infheistíochta le cliaint, lena n-áirítear gnólachtaí infheistíochta eile. Gníomhaíocht trádála thar an gcuntar nach gcomhlíonfaidh an sainmhíniú ar ghníomhaíocht SI, a dhéanfar níos cuimsithí trí bhíthin leasuithe ar reachtaíocht cur chun feidhme, ní foláir di a bheith neamhchórasach agus mírialta.

Na rialacha trédhearcachta a leathnú chun ionstraimí cothromais agus léirithe leasanna inghníomhaithe a chumhdach (Teideal II, Caibidil 1 – Airteagal 3 go hAirteagal 6)

Is é an phríomhréasúnaíocht is bun le trédhearcacht rochtain a sholáthar d’infheisteoirí ar fhaisnéis faoi dheiseanna trádála reatha, chun socrú praghsanna a éascú agus le cabhrú le gnólachtaí an feidhmiú is fearr a sholáthar dá gcliaint. Bunaíodh leis an MiFID rialacha trédhearcachta, réamhthrádála agus iarthrádála araon, a bhaineann le scaireanna a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte, lena n-áirítear nuair a thrádáiltear na scaireanna sin ar MTF nó thar an gcuntar.

Ar an gcéad dul síos, leis na forálacha atá beartaithe leathnófar na rialacha trédhearcachta is infheidhme ag na scaireanna sin maidir le hionstraimí cothromais, amhail admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail arna n-eisiúint ag cuideachtaí. Tá na hionstraimí sin cosúil le scaireanna agus dá bhrí sin ba cheart an réimeas trédhearcachta céanna a chur i bhfeidhm ina leith. Cumhdófar léirithe leasanna inghníomhaithe trí na ceanglais trédhearcachta a leathnú freisin. Ar an gcaoi sin ní bheifear in ann léirithe leasa a úsáid chun faisnéis a sholáthar do ghrúpa rannpháirtithe sa mhargadh agus rannpháirtithe eile á n-eisiamh.

Comhsheasmhacht mhéadaithe i gcur i bhfeidhm tarscaoiltí maidir le trédhearcacht réamhthrádála le haghaidh margaí cothromais (Airteagal 4)

Tá sé d'aidhm ag na forálacha atá beartaithe cur i bhfeidhm na dtarscaoiltí trédhearcachta réamhthrádála a dhéanamh níos comhsheasmhaí agus níos comhtháite. Tá na cúiseanna leis na tarscaoiltí sin a chur i bhfeidhm maidir leis an oibleagáid luachana agus orduithe reatha a fhoilsiú i bhfíor-am fós bailí; tá cóir speisialta ag dul do na hoibríochtaí mórscála mar shampla, chun tionchar rómhór ar an margadh nuair a dhéantar iad a sheachaint. Ní mór feabhas a chur ar an gcalabrú, ar an ábhar iarbhír agus ar an gcur i bhfeidhm comhsheasmhach áfach. Dá bhrí sin, cuirfear oibleagáid ar na húdaráis inniúla leis na forálacha atá beartaithe an ESMA a chur ar an eolas faoi úsáid tarscaoiltí ina margaí agus eiseoidh an ESMA tuairim faoi chomhoiriúnacht an tarscaoilte leis na ceanglais a bhunaítear leis an Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe ionchasacha.

Na rialacha trédhearcachta a leathnú chun bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus díorthaigh a chumhdach (Teideal II, Caibidil 2 – Airteagal 7 go hAirteagal 10)

Déantar prionsabail na rialacha trédhearcachta nach raibh infheidhme ach maidir le margaí gnáthscaireanna go dtí seo a leathnú chun bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltas astaíochtaí agus díorthaigh a chumhdach. Tá call leis an leathnú sin toisc nach meastar i gcónaí gur leor leibhéal reatha trédhearcachta na dtáirgí sin, ar táirgí iad a dhéantar a thrádáil thar an gcuntar den chuid is mó.

Leagtar amach ceanglais nua sna forálacha maidir le trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála araon i leith na gceithre ghrúpa sin d’ionstraimí. Beidh na ceanglais trédhearcachta comhionann ar fud na dtrí ionad trádála, an Margadh Rialáilte, MTF agus OTF, ach déanfar iad a chalabrú de réir na n-ionstraimí atá á dtrádáil. Déanfar tarscaoiltí a shainiú i ngníomhartha tarmligthe.

I gcás margaí rialáilte, beidh réim ag na ceanglais trédhearcachta maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltas astaíochtaí agus díorthaigh a ligtear isteach chun a dtrádála. I gcás MTFanna agus OTFanna, beidh réim acu maidir le bannaí agus táirgí airgeadais struchtúraithe ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte nó ar foilsíodh réamheolaire ina leith agus maidir le lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh a thrádáiltear ar MTFanna agus ar OTFanna.

Maidir leis na ceanglais trédhearcachta réamhthrádála, féadfaidh údaráis inniúla úsáid a bhaint as tarscaoileadh maidir le cineál sonrach ionstraimí atá bunaithe ar shamhail mhargaidh, ar leachtacht nó ar chritéir ábhartha eile. Beidh siad in ann sraith tarscaoiltí éagsúla a chur i bhfeidhm chun roinnt idirbheart a dhíolmhú ó na ceanglais trédhearcachta chomh maith. Sa dá chás, mar is amhlaidh i gcás gnáthscaireanna, beidh ar na húdaráis inniúla fógra a thabhairt don ESMA maidir le húsáid bheartaithe na tarscaoilte agus tabharfaidh an ESMA tuairim faoi chomhoiriúnacht an tarscaoilte leis na ceanglais dhlíthiúla. Déanfar formáid agus leibhéal sonraí na faisnéise réamhthrádála atá le soláthar, chomh maith leis an eisceacht agus na tarscaoiltí i leith na gceanglas sin, a shainiú i ngníomhartha tarmligthe.

Maidir le trédhearcachta iarthrádála, socraítear sna forálacha atá beartaithe an chaoi a bhféadfaí foilsiú a chur siar i gcásanna áirithe, ag brath ar mhéid nó ar chineál na n-idirbheart. Faoi mar atá i gcás na réamhthrádála, socrófar raon feidhme na faisnéise chomh maith leis na coinníollacha a bhaineann le foilsiú a chur siar trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

Comhdhlúthú sonraí méadaithe agus níos éifeachtúla (Teideal II, Caibidil 3 – Airteagal 11, Airteagal 12)

Tá réimse na sonraí margaidh i dtéarmaí cáilíochta, formáide, costais agus cumais chomhdhlúthaithe fíorthábhachtach chun prionsabal uileghabhálach an MiFID maidir le trédhearcacht, iomaíocht agus cosaint infheisteoirí a chothú. Sa réimse sin, tugtar roinnt athruithe bunúsacha isteach trí bhíthin na bhforálacha atá beartaithe sa Rialachán agus sa Treoir.

Sa Rialachán, rannchuideoidh siad chun costas na sonraí a laghdú trí iarraidh ar ionaid trádála, is é sin margaí rialáilte, MTFanna nó OTFanna, faisnéis iarthrádála a chur ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis an t-idirbheart a dhéanamh, sonraí réamhthrádála agus sonraí iarthrádála a thairiscint ar leithligh, agus tríd an deis a chur ar fáil don Choimisiún soiléiriú a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe ar an méid atá i gceist le bonn réasúnta tráchtála.

Ceanglaítear ar ghnólachtaí infheistíochta leis an Rialachán seo trádálacha arna ndéanamh lasmuigh d’ionaid trádála a phoibliú trí Shocruithe Faofa maidir le Foilsiú a rialófar sa Treoir. Ba cheart go gcuirfí feabhas suntasach ar cháilíocht na sonraí thar an gcuntar leis sin agus go n-éascófaí a gcomhdhlúthú dá réir sin.

Trédhearcacht le haghaidh gnólachtaí infheistíochta atá ag trádáil thar an gcuntar lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha (Teideal III – Airteagal 13 go hAirteagal 20)

D’fhonn cothroime iomaíochta a chothú, tacú le praghas-aimsiú ar fud an mhargaidh, agus infheisteoirí miondíola a chosaint, tá rialacha trédhearcachta sonracha beartaithe le haghaidh gnólachtaí infheistíochta atá ag feidhmiú mar inmheánaitheoir córasach. Beidh feidhm ag na rialacha trédhearcachta reatha maidir le hinmheánaitheoirí córasacha maidir le scaireanna agus le hionstraimí cothromais, fad is a thabharfaí forálacha nua isteach do bhannaí, do tháirgí airgeadais struchtúraithe a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar foilsíodh réamheolaire ina leith, do lamháltais astaíochtaí agus do dhíorthaigh atá incháilithe d’imréiteach nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a thrádáiltear ar MTF nó ar OTF. Ina theannta sin, i gcás scaireanna agus ionstraimí cothromais, tugtar íosmhéid luachana isteach, agus tá luachana dhá threo riachtanach. Tá rialacha trédhearcachta iarthrádála beartaithe atá comhionann leis na cinn is infheidhme maidir le trádálacha ar ionad, rialacha a bheadh infheidhme maidir leis na scaireanna uile, lena n-áirítear ionstraimí cothromais, agus maidir le bannaí agus táirgí airgeadais struchtúraithe ar foilsíodh réamheolaire ina leith, maidir le lamháltais astaíochtaí agus maidir le díorthaigh a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a thrádáiltear ar MTF nó ar OTF, agus maidir le díorthaigh atá incháilithe d’imréiteach nó a thuairiscítear do stór trádála.

Tuairisciú idirbheart (Teideal IV – Airteagal 21 go hAirteagal 23)

Cuireann tuairisciú idirbheart faoin MiFID ar chumas maoirseoirí faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta agus comhlíonadh an MiFID a áirithiú agus faireachán a dhéanamh i gcomhair drochúsáide faoin Treoir um Dhrochúsáid Mhargaidh (MAD). Tá tuairisciú idirbheart úsáideach freisin chun faireachán ginearálta a dhéanamh ar an margadh. Cuirfear feabhas ar cháilíocht an tuairiscithe idirbheart i roinnt gnéithe trí bhíthin na bhforálacha atá á gcur ar aghaidh.

Ní mór na hidirbhearta go léir in ionstraimí airgeadais a thuairisciú d’údaráis inniúla, cé is moite d’idirbhearta in ionstraimí airgeadais nach dtrádáiltear ar bhealach eagraithe agus nach bhfuil so-ghabhálach i leith drochúsáide margaidh agus nach féidir úsáid a bhaint astu chun críocha drochúsáide. Beidh rochtain iomlán ag údaráis inniúla ar thaifid ag gach céim de phróiseas déanta an ordaithe, ón gcinneadh tosaigh chun trádáil a dhéanamh, go dtí go gcuirtear i gcrích é.

Ar an gcéad dul síos, cuireann na leasuithe oibleagáid nua ar mhargaí rialáilte, ar MTFanna agus ar OTFanna chun sonraí na n-orduithe a stóráil ar bhealach a mbeidh rochtain ag maoirseoirí orthu ar feadh 5 bliana ar a laghad. Cuirfidh sé sin ar chumas na n-údarás inniúil faireachán a dhéanamh i gcomhair iarrachtaí ar dhrochúsáid mhargaidh chomh maith le mí-ionramháil an leabhair orduithe. Ní mór an fhaisnéis uile atá riachtanach le haghaidh na n-idirbheart tuairiscithe, go háirithe sainaithint an chliaint agus na ndaoine atá freagrach as an idirbheart a dhéanamh, mar shampla na trádálaithe, nó algartaim ríomhaire, a bheith san áireamh san fhaisnéis a stórálfar.

Ar an dara dul síos, déanfar raon feidhme an tuairiscithe idirbheart a bhí teoranta go hionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte go dtí seo, lena n-áirítear idirbhearta in ionstraim den sórt sin a dhéantar lasmuigh den mhargadh, a leathnú go suntasach agus ar an gcaoi sin cuirfear é ar chomhréim le raon feidhme na rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh. Is iad seo a leanas na hionstraimí nach mbeidh faoi réir an cheanglais sin - (i) na hionstraimí nach ligtear isteach chun a dtrádála nó nach dtrádáiltear ar MTF nó ar OTF, (ii) na hionstraimí nach mbraitheann a luach ar luach ionstraime airgeadais a ligtear isteach chun a trádála nó a thrádáiltear ar MTF nó ar OTF, (iii) ionstraimí nach féidir tionchar a bheith ag a dtrádáil ar ionstraim a ligtear isteach í chun a trádála nó a thrádáiltear ar MTF nó ar OFT.

Ar an tríú dul síos, trí bhíthin na bhforálacha, cuirfear feabhas ar cháilíocht an tuairiscithe, ar thaobh amháin, trí fhoráil a dhéanamh chun gur féidir na cliaint a ndearna an gnólacht infheistíochta an t-idirbheart ar a son agus na daoine atá freagrach as an idirbheart a dhéanamh a shainaithint níos fearr, agus ar an taobh eile, trí iarraidh ar mhargaí rialáilte, ar MTFanna agus ar OTFanna tuairisciú a dhéanamh ar mhionsonraí idirbheart a dhéanann gnólachtaí nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí ginearálta maidir le tuairisciú. Ina theannta sin, i dtéarmaí cáilíochta, ceanglóidh na forálacha atá beartaithe go ndéanfar an tuairisciú trí bhíthin meicníochtaí tuairiscithe arna bhfaomhadh, de bhun na Treorach, ag údaráis inniúla.

I dtreo is go mbeifí in ann an cliant agus na daoine atá freagrach as an idirbheart a shainaithint sna tuairiscí idirbhirt agus san fhaisnéis faoi orduithe atá á stóráil, lena n-áirítear algartaim ríomhaire, ní mór do ghnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis sin a sholáthar agus ordú á chur chuig gnólacht eile acu. Beidh sé de rogha acu freisin ordú a thuairisciú amhail is dá mba idirbheart é i gcás nach dteastaíonn uathu an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh go dtí gnólachtaí eile.

Ar an gceathrú dul síos, chun críocha costais agus éifeachtúlachta, ba cheart tuairisciú dúbailte ar thrádáil faoin MiFID agus na ceanglais tuairiscithe do stórtha trádála a beartaíodh le déanaí (EMIR) a sheachaint. Dá bhrí sin, ceanglaítear ar stórtha trádála tuairiscí a tharchur chuig na húdaráis inniúla.

Ar deireadh, má tharlaíonn sé nach leor na hathruithe chun forbhreathnú iomlán agus cruinn ar ghníomhaíocht trádála agus ar shuíomhanna aonair a bhaint amach, sonraítear i gclásal athbhreithnithe go bhféadfaidh an Coimisiún bearta a thabhairt isteach 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin lena gceanglófaí go gcuirfí tuairisciú na ngnólachtaí infheistíochta díreach ar aghaidh chuig córas arna cheapadh ag an ESMA.

Trádáil Díorthach (Teideal V - Airteagal 24 go hAirteagal 27)

Mar chuid de na hiarrachtaí suntasacha atá ar siúl chun cobhsaíocht, trédhearcacht agus formhaoirseacht margaí díorthach thar an gcuntar a fheabhsú, d’aontaigh an G20 gur cheart trádáil i ndíorthaigh chaighdeánaithe thar an gcuntar a aistriú go malartáin nó ardáin trádála leictreonaí nuair is iomchuí.

Ar aon dul leis na ceanglais atá beartaithe ag an gCoimisiún cheana féin (EMIR) chun imréiteach lárnach díorthach thar an gcuntar a mhéadú, ceanglóidh na forálacha atá beartaithe sa Rialachán seo nach ndéanfar trádáil i ndíorthaigh atá forbartha go cuí ach amháin ar ardáin incháilithe, is é sin margaí rialáilte, MTFanna nó OTFanna. Déanfar an oibleagáid sin a fhorchur ar chontrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais araon a sháraíonn an tairseach imréitigh san EMIR. Fágann na forálacha faoin gCoimisiún agus faoin ESMA é trí chaighdeáin theicniúla liosta na ndíorthach atá incháilithe don oibleagáid sin a shainiú, agus aird á tabhairt ar leachtacht na n-ionstraimí sonracha.

Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar imréiteach (Teideal VI, Airteagal 29 go hAirteagal 30)

De bhreis ar na ceanglais i dTreoir 2004/39/CE lena gcuirtear cosc ar Bhallstáit srianadh míchuí a chur ar rochtain ar bhonneagar iarthrádála amhail socruithe i dtaobh socraíochta agus i dtaobh contrapháirtí lárnaigh, tá sé riachtanach deireadh a chur le bacainní tráchtála éagsúla eile leis an Rialachán seo, bacainní a fhéadfar a úsáid chun iomaíocht a chosc agus ionstraimí airgeadais á n-imréiteach. D’fhéadfadh bacainní teacht chun cinn mura soláthraíonn contrapháirtithe lárnacha seirbhísí imréitigh d’ionaid trádála áirithe, mura soláthraíonn ionaid trádála sruthanna sonraí do lucht imréitigh nua féideartha nó mura soláthraítear faisnéis faoi thagarmharcanna nó faoi innéacsanna do lucht imréitigh nó d’ionaid trádála.

Déanfaidh na forálacha atá beartaithe cleachtais idirdhealaitheacha a thoirmeasc agus cuirfear cosc ar bhacainní a a d’fhéadfadh iomaíocht a chosc maidir le himréiteach ionstraimí airgeadais. Mar thoradh air sin, méadófar iomaíocht maidir le hionstraimí airgeadais a imréiteach d’fhonn costais infheistíochta agus iasachtaíochta a laghdú, neamhéifeachtúlachtaí a dhíchur agus nuálaíocht a chothú i margaí Eorpacha.

Maoirseacht a dhéanamh ar tháirgí agus ar shuíomhanna (Teideal VII, Airteagal 20 go hAirteagal 30)

De bhun chonclúidí na Comhairle maidir le maoirseacht airgeadais an AE a neartú (10 Meitheamh 2009), comhaontaíodh go forleathan gur gá éifeachtacht na maoirseachta agus an fhorfheidhmithe a mhéadú agus gur gá cumhachtaí nua sonracha a thabhairt d’údaráis inniúla i bhfianaise na géarchéime, go háirithe i dtéarmaí a bheith in ann na táirgí agus na seirbhísí atá á dtairiscint a scrúdú.

Ar an gcéad dul síos, déanfaidh na forálacha atá beartaithe an mhaoirseacht ar tháirgí agus ar sheirbhísí a mhéadú go mór trí chur ar chumas údaráis inniúla toirmisc bhuana a chur ar tháirgí airgeadais nó ar ghníomhaíochtaí nó ar chleachtais agus comhordú á dhéanamh ag an ESMA ar thaobh amháin, agus a chur ar chumas an ESMA toirmeasc sealadach a chur ar tháirgí, ar chleachtais agus ar sheirbhísí ar an taobh eile. D’fhéadfadh cosc nó srianadh ar mhargú nó ar dhíol ionstraimí airgeadais nó ar chleachtas áirithe nó ar dhaoine atá ag gabháil do ghníomhaíocht shonrach a bheith i gceist leis an toirmeasc sin. Leagtar amach coinníollacha sonracha sna forálacha maidir le gníomhachtú an dá thoirmeasc sin, a thagann i gceist go háirithe nuair a bhíonn imní ann maidir le cosaint infheisteoirí nó maidir le feidhmiú ordúil margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais a bheith i mbaol.

Ar an dara dul síos, mar chomhlánú ar na cumhachtaí atá beartaithe sa Treoir athbhreithnithe a chuireann ar chumas na n-údarás inniúil suíomhanna a bhainistiú lena n-áirítear teorainneacha suímh a bhunú, leis na forálacha atá beartaithe sa Rialachán, tugtar isteach ról don ESMA chun comhordú a dhéanamh ar na bearta arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta. Tugtar leis cumhachtaí sonracha don ESMA freisin chun suíomhanna a bhainistiú nó a theorannú do rannpháirtithe sa mhargadh. Socraítear coinníollacha beachta sna forálacha atá beartaithe le go dtarlóidh sé sin go háirithe nuair atá feidhmiú ordúil na margaí nó socruithe seachadta tráchtearraí fisiceacha, nó cobhsaíocht chórais airgeadais an Aontais i mbaol.

Lamháltais astaíochtaí (Airteagal 1)

Murab ionann agus trádáil i ndíorthaigh, níl spotmhargaí tánaisteacha i lamháltais astaíochtaí an AE rialaithe den chuid is mó. Tá réimse cleachtas calaoiseach tar éis tarlú i spotmhargaí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do mhuinín daoine as an scéim trádála astaíochtaí (STA) arna bunú leis an Treoir maidir le STA an AE[15]. I gcomhthreo le bearta faoi chuimsiú na Treorach maidir le STA an AE chun an córas i ndáil le clárlanna lamháltais astaíochtaí an AE a neartú agus chun coinníollacha a neartú a bhaineann le cuntas a oscailt chun lamháltais astaíochtaí an AE a thrádáil, chinnteodh an togra go mbeadh margadh iomlán lamháltais astaíochtaí an AE faoi réir rialú an mhargaidh airgeadais. Bheadh na spotmhargaí agus na margaí díorthach araon faoi mhaoirseoir amháin. Bheadh feidhm ag an MiFID agus ag Treoir 2003/6/CE maidir le drochúsáid mhargaidh, agus sa chaoi sin d’uasghrádófaí slándáil an mhargaidh go cuimsitheach gan cur isteach ar chuspóir na slándála sin arb éard atá ann i gcónaí astuithe a laghdú. Thairis sin, áiritheoidh sé sin comhchuibheas maidir leis na rialacha a bhfuil feidhm acu cheana féin maidir le díorthaigh lamháltais astaíochtaí an AE agus beidh slándáil níos fearr ann toisc go mbeidh ról níos mó ag bainc agus ag gnólachtaí infheistíochta, eintitis a bhfuil sé d’oibleagáid orthu faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht trádála i gcomhair calaoise, drochúsáide nó sciúrtha airgid, maidir le grinnfhiosrúchán spot-trádálaithe ionchasacha.

Seirbhísí infheistíochta a bheith á soláthar ag gnólachtaí tríú tíortha gan bhrainse (Teideal VIII - Airteagal 36 go hAirteagal 39)

Cruthaíonn an togra creat comhchuibhithe le rochtain ar mhargaí an AE a thabhairt do ghnólachtaí agus d’oibreoirí margaidh atá bunaithe i dtríú tíortha d’fhonn an ceann is fearr a fháil ar an ilroinnt atá ann faoi láthair i réimeanna náisiúnta tríú tíortha agus d’fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú do gach uile gníomhaí seirbhísí airgeadais i gcríoch an AE. Tugann an togra isteach córas atá bunaithe ar réamh-mheasúnú ag an gCoimisiún ar chomhionannas dlínsí tríú tíortha. Bheadh gnólachtaí tríú tíortha ó thríú tíortha a bhfuil cinneadh comhionannais glactha ina leith in ann a iarraidh seirbhísí a sholáthar san Aontas. Bheadh sé riachtanach brainse a bhunú chun seirbhísí a sholáthar do chliaint mhiondíola; ba cheart go mbeadh an gnólacht tríú tír údaraithe sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus bheadh an brainse faoi réir cheanglais an AE i réimsí áirithe (ceanglais eagraíochtúla, rialacha iompair, coinbhleachtaí leasa, trédhearcacht, agus eile). Ní bheadh sé riachtanach brainse a bhunú chun seirbhísí a sholáthar do chontrapháirtithe incháilithe; d'fhéadfadh gnólachtaí tríú tíortha iad a sholáthar faoi réir a gcláraithe ag an ESMA. Bheidís á maoirsiú ina dtír féin. Bheadh sé riachtanach comhaontú iomchuí comhair a dhéanamh idir na maoirseoirí i dtríú tíortha agus údaráis inniúla náisiúnta agus an ESMA.

IMPLEACHT BHUISÉADACH

Baineann impleachtaí buiséadacha sonracha an togra leis an gcúram a leithdháiltear ar an ESMA de réir mar atá sonraithe sna ráitis airgeadais reachtacha a ghabhann leis an togra seo. Déantar impleachtaí buiséadacha sonracha don Choimisiún a mheasúnú sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra seo.

Tá impleachtaí ag an togra seo do bhuiséad an Chomhphobail.

2011/0296 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le margaí ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán [EMIR] maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[16],

Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Tá an ghéarchéim airgeadais tar éis laigí i dtrédhearcacht margaí airgeadais a nochtadh. Dá bhrí sin, tá neartú trédhearcachta ar cheann de na comhphrionsabail chun an córas airgeadais a neartú de réir mar a dhaingnigh dearbhú G20 i Londain an 2 Aibreán 2009. D’fhonn an trédhearcacht a neartú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh ionstraimí airgeadais a fheabhsú, ba cheart creat nua a chur ar bun lena mbunaítear ceanglais aonfhoirmeacha maidir le trédhearcacht idirbheart i margaí le haghaidh ionstraimí airgeadais. Ba cheart rialacha cuimsitheacha maidir le raon leathan d’ionstraimí airgeadais a bhunú trí bhíthin an chreata. Ba cheart go gcomhlánódh sé na ceanglais maidir le trédhearcacht orduithe agus idirbheart i leith scaireanna a bunaíodh le Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004.

2. D’iarr an Grúpa Ardleibhéil um Maoirseacht Airgeadais san AE, ar a bhfuil Jacques de Larosière ina chathaoirleach, ar an Aontas tacar rialachán airgeadais níos comhchuibhithe a fhorbairt. I gcomhthéacs an chreata maoirseachta Eorpaigh don todhchaí, leag an Chomhairle Eorpach an 18 agus an 19 Meitheamh 2009 béim chomh maith ar an ngá le cód cleachtais Eorpach amháin a bhunú a bheadh infheidhme maidir le gach institiúid airgeadais sa Mhargadh Aonair .

3. Mar thoradh air sin, ba cheart go mbeadh dhá ionstraim dhlíthiúla éagsúla sa reachtaíocht nua, is é sin le rá, Treoir agus an Rialachán seo. Ba cheart go gcruthódh an dá ionstraim dlí sin le chéile an creat dlí a rialóidh na ceanglais is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta, margaí rialáilte agus soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a léamh in éineacht leis an Treoir. Toisc gur gá tacar aonair rialacha a bhunú le haghaidh gach institiúide i leith ceanglas áirithe, toisc gur gá arbatráiste rialála a sheachaint agus ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus castacht rialála a laghdú do rannpháirtithe margaidh, tá údar le bunús dlí a úsáid a fhágfaidh go bhféadfar Rialachán a ghlacadh. D’fhonn deireadh a chur leis na baic ar thrádáil atá fós ann agus le mórshaobhadh ar an iomaíocht de thoradh dlíthe náisiúnta dibhéirseacha agus ionas nach dtiocfaidh na nithe sin chun cinn an athuair, is gá Rialachán a ghlacadh lena mbunófar rialacha aonfhoirmeacha is infheidhme i ngach mBallstát. Is éard is aidhm leis an ionstraim dlí seo atá infheidhme go díreach tionchar cinntitheach a imirt ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus ba cheart, dá bhrí sin, é a bhunú ar fhorálacha Airteagal 114 den CFAE, arna léiriú i gcomhréir le chásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

4. Bunaíodh rialacha le Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le trádáil i scaireanna a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a dhéanamh trédhearcach roimh iad a thrádáil agus ina dhiaidh agus maidir le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a thuairisciú d’údaráis inniúla; ní mór an treoir a athmhúnlú d’fhonn forbairtí i margaí airgeadais a léiriú go hiomchuí agus chun aghaidh a thabhairt ar laigí agus chun bealaí éalaithe a bhí neamhchosanta inter alia i ngéarchéim an mhargaidh airgeadais a dhúnadh.

5. Is gá na forálacha maidir le ceanglais trédhearcachta rialála agus trádála bheith i bhfoirm dlí is infheidhme go díreach a chuirfear i bhfeidhm maidir le gach gnólacht infheistíochta, agus ba cheart go leanfaidís rialacha aonfhoirmeacha i margaí uile an Aontais, chun foráil a dhéanamh maidir le creat rialála amháin a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, chun muinín as trédhearcacht margaí ar fud an Aontais a neartú, chun castacht rialála agus costais chomhlíonta gnólachtaí a laghdú, go háirithe i gcás institiúidí airgeadais a fheidhmíonn ar bhonn trasteorann, agus chun rannchuidiú le deireadh a chur le saobhadh ar an iomaíocht. Is é an bealach is fearr chun na spriocanna rialála sin a bhaint amach Rialachán a fhorchur lena n-áirithítear infheidhmeacht dhíreach agus lena gcuirtear cosc ar cheanglais éagsúla náisiúnta mar thoradh ar Threoir a thrasuí.

6. Ní mór na coincheapa 'margadh rialáilte' agus 'MTF' a shainmhíniú agus a ailíniú go dlúth le chéile d'fhonn a léiriú go seasann siad don fheidhmiúlacht trádála eagraithe chéanna. Ba cheart córais dhéthaobhacha a eisiamh ó na sainmhínithe i gcás ina dtéann gnólacht infheistíochta i mbun gach trádála ar bhonn féinchuntais, fiú amháin agus é ina chontrapháirtí saor ó riosca idir an ceannaitheoir agus an díoltóir. Cuimsíonn an téarma 'córas' gach margadh arb é atá ann tacar rialacha agus ardáin trádála, mar aon leo sin a fheidhmíonn ar bhonn tacar rialaithe, agus ar a bhonn sin amháin. Níl aon oibleagáid ar mhargaí rialáilte ná ar MFTanna córas 'teicniúil' a oibriú chun orduithe a mheaitseáil. Aon mhargadh nach bhfuil ann ach tacar rialacha a rialaíonn gnéithe a bhaineann le ballraíocht, ionstraimí a ligean isteach chun trádála, trádáil idir baill, tuairisciú, agus, nuair is infheidhme, oibleagáidí trédhearcachta, is margadh rialáilte nó MTF é de réir bhrí na Treorach seo agus aon idirbheart a thugtar i gcrích faoi na rialacha sin, meastar go dtugtar i gcrích iad faoi chórais margaidh rialáilte nó faoi MTF. Tá ciall leathan le baint as an téarma 'leasanna ceannaigh agus díola' agus cuimsíonn sé orduithe, luachana, agus léirithe leasanna. An ceanglas na leasanna a chomhshnaidhmeadh sa chóras trí bhíthin rialacha neamhroghnacha arna leagan síos ag oibreoir an chórais, ciallaíonn sin go gcomhshnaidhmtear iad faoi rialacha an chórais nó trí bhíthin phrótacail nó nósanna imeachta inmheánacha an chórais (lena n-áirítear nósanna imeachta atá leabaithe i mbogearraí an ríomhaire). Ciallaíonn an téarma 'rialacha neamhroghnacha' rialacha nach dtugann aon rogha don ghnólacht infheistíochta a oibríonn MTF maidir leis an gcaoi a n-idirghníomhaíonn na leasanna. Ceanglaíonn na sainmhínithe go gcomhshnaidhmfear leasanna ar shlí go dtiocfaidh conradh astu, rud a chiallóidh go ndéanfar an cur i gcrích faoi rialacha an chórais nó trí bhíthin phrótacail nó nósanna imeachta inmheánacha an chórais.

7. D'fhonn margaí na hEorpa a dhéanamh níos trédhearcaí agus a áirithiú gurb ionann na coinníollacha iomaíochta do gach ionad a thairgeann seirbhísí trádála, is gá catagóir nua de shaoráid trádála eagraithe (OFT) a thabhairt isteach. Tá sainmhíniú leathan déanta ar an gcatagóir seo sa chaoi is gur dócha go bhféadfar, san am i láthair agus amach anseo, gach cineál cur i gcrích agus socrú trádála a chuimsiú nach bhfreagraíonn d'fheidhmiúlachtaí ná sonraíochtaí rialála ionad atá ann cheana. Ní mór, i ngeall air sin, ceanglais iomchuí eagraíochtúla agus rialacha iomchuí maidir le trédhearcacht a chur i bhfeidhm a thacaíonn le praghas-aimsiú éifeachtúil. Áirítear sa chatagóir nua córais mheaitseála orduithe, is é sin le rá córais mheaitseála leictreonacha inmheánacha a oibríonn gnólacht infheistíochta agus a chuireann orduithe cliant i gcrích agus iad á meaitseáil le horduithe eile cliant. Áirítear inti freisin córais atá in ann díorthaigh a thrádáil atá incháilithe d'imréiteach agus atá leachtach a ndóthain. Ní áireofar sa tsaoráid córais nach ndéantar aon chur i gcrích ná socrú trádála fírinneach iontu, amhail cláir fógraí a úsáidtear chun leasanna ceannaigh agus díola a fhógairt, eintitis eile a chomhiomlánaíonn nó a chomhthiomsaíonn leasanna féideartha ceannaigh agus díola, ná seirbhísí deimhniúcháin iarthrádála.

8. Beidh an chatagóir nua seo saoráide trádála eagraithe ina chomhlánú ar na cineálacha ionad trádála atá ann cheana. Cur i gcrích idirbheart a bheith neamhroghnach is ea príomhthréith margaí rialáilte agus saoráidí iltaobhacha trádála, ach os a choinne sin ba cheart rogha éigin a bheith ag oibreoirí saoráidí trádála eagraithe maidir leis an gcaoi a gcuirtear idirbhearta i gcrích. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha iompair agus ag oibleagáidí a bhaineann leis an gcur i gcrích is fearr agus le láimhseáil orduithe cliant maidir leis na hidirbhearta a thugtar i gcrích in OTF a oibríonn gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh. Mar sin féin, ó tharla gur fíorardán trádála atá in OTF, ba cheart oibreoir an ardáin a bheith neodrach. Ar an ábhar sin níor cheart cead a bheith ag oibreoir OTF aon idirbheart a chur i gcrích san OTF idir iliomad leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtí, lena n-áirítear orduithe cliant arna dtabhairt le chéile sa chóras i gcoinne a chaipitil dhílsithe féin. Fágann sé sin nach féidir leo bheith ina n-inmheánaitheoir córasach san OTF a oibríonn siad ach oiread.

9. Ba cheart an trádáil eagraithe go léir a dhéanamh ar ionaid rialáilte agus ba cheart go mbeadh sí iomlán trédhearcach, roimh an trádáil agus ina diaidh. Dá bhrí sin, caithfidh feidhm a bheith ag ceanglais trédhearcachta maidir le gach cineál ionaid trádála, agus maidir leis na hionstraimí airgeadais uile a thrádáiltear orthu.

10. Admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe, ionstraimí airgeadais dá samhail agus scaireanna seachas na cinn a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, trádáiltear iad den chuid is mó ar an mbealach céanna is a thrádáiltear scaireanna a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus comhlíontar cuspóir eacnamaíoch beagnach comhionann leo. Ba cheart na forálacha trédhearcachta is infheidhme maidir le scaireanna a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte a leathnú amhlaidh chun na hionstraimí sin a chumhdach.

11. Cé go n-aithnítear, i bprionsabal, go bhfuil gá le córas tarscaoiltí ó thrédhearcacht réamhthrádála chun tacú le feidhmiú éifeachtúil margaí, ní mór scrúdú a dhéanamh ar na forálacha tarscaoilte iarbhír le haghaidh scaireanna is infheidhme ar bhonn Threoir 2004/39/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2004/39/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta maidir le coimeád taifead, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht margaidh, ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála, agus téarmaí a mhínítear chun críocha na Treorach sin[17], maidir lena n-oiriúnacht leanúnach i dtéarmaí an raoin feidhme agus na gcoinníollacha is infheidhme. D'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na dtarscaoiltí ó thrédhearcacht réamhthrádála i scaireanna agus, faoi dheireadh, ionstraimí eile dá samhail agus táirgí neamhchothromais le haghaidh samhlacha margaidh sonracha agus cineálacha agus méideanna orduithe a áirithiú, ba cheart don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (an ESMA) measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil iarratas aonair chun tarscaoileadh a chur i bhfeidhm comhoiriúnach leis an Rialachán seo agus le gníomhartha tarmligthe amach anseo. Ba cheart go mbeadh measúnú an ESMA i bhfoirm tuairime i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Ina theannta sin, ba cheart don ESMA athbhreithniú a dhéanamh ar na tarscaoiltí reatha le haghaidh scaireanna laistigh de thréimhse iomchuí agus measúnú a dhéanamh, ag baint leasa as an nós imeachta céanna féachaint an bhfuil na rialacha sa Rialachán seo agus i ngníomhartha tarmligthe a ghlacfar amach anseo fós á gcomhlíonadh acu.

12. De bharr na géarchéime airgeadais nochtadh laigí sonracha sa chaoi ina gcuirtear faisnéis faoi dheiseanna trádála agus faoi phraghsanna in ionstraimí airgeadais seachas scaireanna ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, eadhon i dtéarmaí trátha, gráinneachta, comhrochtana agus iontaofachta. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála a thabhairt isteach ina gcuirtear san áireamh saintréithe agus struchtúir mhargaidh éagsúla na gcineálacha sonracha ionstraimí seachas scaireanna. D’fhonn creat trédhearcachta fónta a sholáthar le haghaidh na n-ionstraimí ábhartha uile, ba cheart go mbeadh feidhm acu sin maidir le bannaí agus le táirgí airgeadais struchtúraithe a bhfuil réamheolaire ag gabháil leo nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a thrádáiltear ar shaoráid trádála iltaobhach (MTF) nó ar shaoráid trádála eagraithe (OTF), agus maidir le díorthaigh a thrádáiltear nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte, ar MTFanna agus ar OTFanna nó a mheastar a bheith incháilithe d’imréiteach lárnach, agus, i gcás trédhearcachta iarthrádála, maidir le díorthaigh a thuairiscítear do stórtha trádála. Dá bhrí sin, ní bheadh ach na hionstraimí airgeadais sin a thrádáiltear thar an gcuntar amháin a mheastar a bheith an-neamhleachtach nó atá saincheaptha lasmuigh de raon f na n-oibleagáidí maidir le trédhearcacht.

13. Is gá leibhéal iomchuí trédhearcachta i dtrádáil a thabhairt isteach i margaí le haghaidh bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus díorthach d’fhonn cabhrú le luacháil táirgí chomh maith le héifeachtúlacht an tsocraithe praghsanna a fheabhsú. Ba cheart go n-áireofaí ar tháirgí airgeadais struchtúraithe urrúis sócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 2(5) de Rialachán (CE) Uimh. 809/2004, ina gcuimsítear oibleagáidí fiachais chomhthaobhaithe i measc eile.

14. D’fhonn coinníollacha infheidhme aonfhoirmeacha idir ionaid trádála a áirithiú, ba cheart go gcuirfí na ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála chéanna i bhfeidhm maidir leis na cineálacha éagsúla ionaid. Ba cheart calabrú a dhéanamh ar na ceanglais trédhearcachta maidir le cineálacha éagsúla ionstraimí, lena n-áirítear gnáthscaireanna, bannaí agus díorthaigh, agus maidir le cineálacha éagsúla trádála, lena n-áirítear córais leabhar ordaithe agus córais faoi thionchar luachana, córais hibrideacha agus córais guthbhroicéireachta, agus aird á tabhairt ar mhéideanna eisiúna, méideanna idirbhirt agus tréithe na margaí náisiúnta.

15. D'fhonn a áirithiú nach ndéanfaidh trádáil a dhéantar thar an gcuntar praghas-aimsiú éifeachtúil ná trédhearcacht agus cothroime na gcoinníollacha iomaíochta idir bhealaí trádála a chur i mbaol, ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais trédhearcachta réamhthrádála iomchuí maidir le gnólachtaí infheistíochta ag déileáil ar a gcuntas féin in ionstraimí airgeadais thar an gcuntar a mhéid is a dhéantar a leithéid ina gcáil mar inmheánaitheoirí córasacha maidir le scaireanna, le hadmhálacha taisclainne, le cistí arna dtrádáil ar an malartán, le deimhnithe nó le hionstraimí airgeadais dá samhail, agus le bannaí, le táirgí airgeadais struchtúraithe, agus le díorthaigh atá incháilithe d’imréiteach.

16. Ba cheart a mheas gur inmheánaitheoir córasach é gnólacht infheistíochta a dhéanann orduithe cliant i gcoinne a chaipitil dhílsithe féin, mura gcuirtear na hidirbhearta i gcrích lasmuigh de mhargaí rialáilte, de MTFanna agus de OTFanna ar bhonn ócáideach, ad hoc agus mírialta. Ba cheart inmheánaitheoirí córasacha a shainmhíniú mar ghnólachtaí infheistíochta a dhéileálann ar a gcuntas féin, ar bhonn eagraithe, rialta agus córasach, trí orduithe cliant a dhéanamh lasmuigh de mhargadh rialáilte, de MTF nó de OTF. D'fhonn cur i bhfeidhm oibiachtúil agus éifeachtach an tsainmhínithe sin maidir le gnólachtaí infheistíochta a áirithiú, ba cheart aon trádáil dhéthaobhach a dhéantar le cliaint a bheith ábhartha agus ba cheart na critéir chainníochtúla a bheith mar chomhlánú ar na critéir cháilíochtúla maidir leis na gnólachtaí infheistíochta a cheanglaítear orthu clárú mar inmheánaitheoirí córasacha a aithint, mar atá leagtha síos in Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún ag cur chun feidhme Threoir 2004/39/CE. Cé gurb é atá i gceist le OTF córas nó saoráid ar bith ina mbíonn iliomad leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtithe ag idirghníomhú sa chóras, níor cheart cead a thabhairt d’inmheánaitheoir córasach leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtithe a thabhairt le chéile.

17. Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha cinneadh ar rochtain ar a luachana a thabhairt do chliaint mhiondíola amháin, do chliaint ghairmiúla amháin, nó don dá chineál cliaint. Níor cheart cead a thabhairt dóibh idirdhealú a dhéanamh laistigh de na catagóirí cliaint sin. Níl oibleagáid ar inmheánaitheoirí córasacha luachana daingne a fhoilsiú maidir le hidirbhearta atá os cionn mhéid caighdeánach an mhargaidh. Níor cheart go mbeadh méid caighdeánach an mhargaidh le haghaidh aicme ionstraime airgeadais ar bith díréireach go suntasach le hionstraim airgeadais ar bith atá ar áireamh san aicme sin.

18. Níl sé beartaithe go gceanglófaí ar dhaoine leis an Rialachán seo rialacha trédhearcachta réamhthrádála a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta a dhéantar thar an gcuntar, a n-áirítear ar a saintréithe go bhfuil siad ad hoc agus mírialta agus go ndéantar iad le contrapháirtithe mórdhíola, agus atá mar chuid de chaidreamh gnó dá bhfuil déileálacha os cionn mhéid caighdeánach an mhargaidh ina saintréith, agus i gcás ina ndéantar na déileálacha lasmuigh de na córais a úsáideann an gnólacht lena mbaineann dá chuid gnó mar inmheánaitheoir córasach de ghnáth.

19. Ba cheart go mbeadh sonraí faoin margadh ar fáil go héasca d’úsáideoirí i bhformáid atá chomh imdhealaithe agus is féidir, le cur ar chumas infheisteoirí, agus soláthraithe seirbhíse sonraí a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas, réitigh sonraí a shaincheapadh a mhéid is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart sonraí trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála a chur ar fáil don phobal ar bhealach díchuachta chun costais a laghdú do rannpháirtithe sa mhargadh agus sonraí á gceannach acu.

20. Treoir 95/46/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[18] agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin[19] ba cheart go mbeidís infheidhme go hiomlán maidir le sonraí pearsanta a mhalartú, a tharchur agus a phróiseáil chun críocha an Rialacháin seo, go háirithe Teideal IV, ag Ballstáit agus an ESMA.

21. Ag féachaint don chomhaontú a rinneadh idir páirtithe chruinniú mullaigh G20 Pittsburgh an 25 Meán Fómhair 2009 chun trádáil i gconarthaí díorthach caighdeánaithe thar an gcuntar a bhogadh go dtí malartáin nó ardáin trádála leictreonaí nuair is iomchuí, ba cheart nós imeachta rialúcháin foirmiúil a shainiú chun údarás a thabhairt do thrádáil idir contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais móra i ngach díorthach a measadh go raibh siad incháilithe d’imréiteach agus atá leachtach a ndóthain le tarlú ar raon ionad trádála faoi réir rialacháin inchomparáide agus lena gcuirtear ar chumas rannpháirtithe trádáil a dhéanamh le roinnt contrapháirtithe. Ba cheart an measúnú ar leordhóthanacht leachtachta a dhéanamh agus aird á tabhairt ar shaintréithe margaidh ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear nithe amhail líon agus cineál na rannpháirtithe margaidh in aon mhargadh ar leith, agus ar shaintréithe na n-idirbheart arna ndéanamh sa mhargadh sin amhail a méid agus a minicíocht.

22. Ag féachaint don chomhaontú a rinneadh idir páirtithe chruinniú mullaigh G20 in Pittsburgh an 25 Meán Fómhair 2009 chun trádáil i gconarthaí díorthach caighdeánaithe thar an gcuntar a bhogadh go dtí malartáin nó ardáin trádála leictreonaí nuair is iomchuí ar thaobh amháin, agus do leachtacht níos lú díorthach éagsúil thar an gcuntar i gcomórtas leo ar an taobh eile, is iomchuí foráil a dhéanamh do raon oiriúnach d’ionaid incháilithe a bhféadfaí trádáil a dhéanamh orthu de bhun an ghealltanais sin. Ba cheart na hionaid incháilithe go léir a bheith faoi réir ceanglas rialála atá ailínithe go dlúth i dtéarmaí gnéithe eagrúcháin agus oibriúcháin, socruithe chun coinbhleachtaí leasa a mhaolú, faireachas ar gach gníomhaíocht trádála, trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála arna calabrú ag ionstraim airgeadais, agus ba cheart go mbeadh iliomad leasanna trádála tríú páirtithe in ann idirghníomhú le chéile. Ba cheart foráil a dhéanamh chun gur féidir le hoibreoirí ionad idirbhearta a eagrú de bhun an ghealltanais sin idir roinnt tríú páirtithe ar bhealach lánroghnach d’fhonn feabhas a chur ar na coinníollacha maidir le hidirbhearta a dhéanamh agus leachtacht.

23. Ba cheart foráil a dhéanamh san oibleagáid trádála arna bunú le haghaidh na ndíorthach sin d’iomaíocht éifeachtúil idir ionaid trádála incháilithe. Dá bhrí sin níor cheart go mbeadh na hionaid trádála sin in ann cearta eisiacha a éileamh maidir le díorthaigh ar bith atá faoi réir na hoibleagáide trádála sin a chuirfeadh cosc ar ionaid trádála eile trádáil a thairiscint sna hionstraimí sin. D'fhonn fíoriomaíocht idir ionaid trádála díorthach a áirithiú, tá sé sár-riachtanach rochtain neamh-idirdhealaitheach thrédhearcach a bheith ag ionaid trádála ar chontrapháirtithe lárnacha. Is éard ba cheart a bheith i gceist le rochtain neamh-idirdhealaitheach ar chontrapháirtí lárnach ionad trádála a bheith i dteideal láimhseála neamh-idirdhealaithí ó thaobh an chaoi a láimhseáiltear conarthaí arna dtrádáil ar a ardán a fhad a bhaineann le ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach go heacnamaíoch, tras-éarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha a d'imréitigh an contrapháirtí lárnach céanna, agus táillí imréitigh.

24. Ba cheart go ndéanfaí cumhachtaí údarás inniúil a chomhlánú le meicníocht shainráite chun cosc nó srian a chur ar mhargú, ar dháileadh agus ar dhíol ionstraim airgeadais atá ina údar imní tromchúiseach maidir le cosaint infheisteoirí, feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais, nó maidir le cobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine, mar aon le cumhachtaí teagmhasachta agus comhordaithe iomchuí don ESMA. Ba cheart feidhmiú na gcumhachtaí sin bheith faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh.

25. Ba cheart d’údaráis inniúla mionsonraí a chur in iúl don ESMA faoina n-iarratais chun suíomh a laghdú maidir le conradh díorthaigh, faoi theorainneacha aonuaire ar bith, agus faoi aon teorainneacha suímh ex-ante d’fhonn comhordú agus cóineasú a fheabhsú maidir leis an gcaoi ina gcuirtear na cumhachtaí sin i bhfeidhm. Ba cheart mionsonraí bunriachtanacha aon teorainneacha suímh ex-ante arna gcur i bhfeidhm ag údarás inniúil a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an ESMA.

26. Ba cheart don ESMA a bheith in ann faisnéis a iarraidh ar dhuine ar bith maidir lena s(h)uíomh i leith conartha díorthaigh, le hiarraidh go ndéanfaí an suíomh sin a laghdú, agus chun teorainn a chur le cumas daoine idirbhearta aonair a ghabháil ar láimh maidir le díorthaigh tráchtearraí. Ba cheart don ESMA fógra a thabhairt d’údaráis inniúla ansin faoi bhearta atá beartaithe aige a ghabháil ar láimh agus ba cheart dó na bearta sin a fhoilsiú chomh maith.

27. Ba cheart mionsonraí na n-idirbheart in ionstraimí airgeadais a thuairisciú d’údaráis inniúla le cur ar a gcumas cásanna féideartha de dhrochúsáid mhargaidh a bhrath agus a imscrúdú, faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú cothrom agus ordúil margaí, agus ar gníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta. Áirítear le raon feidhme na formhaoirseachta sin gach ionstraim a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ar MTF nó ar OTF, chomh maith le gach ionstraim a mbraitheann a luach ar luach na n-ionstraimí sin nó a bhfuil tionchar ag a luach ar luach na n-ionstraimí sin. D’fhonn ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar ghnólachtaí infheistíochta a sheachaint, ba cheart ionstraimí airgeadais nach dtrádáiltear ar bhealach eagraithe, agus nach bhfuil so-ghabhálach i leith drochúsáide margaidh, a eisiamh ón oibleagáid tuairiscithe.

28. D’fhonn a chuspóir a chomhlíonadh mar uirlis chun faireachán a dhéanamh ar an margadh, ba cheart go n-aithneofaí an duine a rinne an cinneadh infheistíochta i dtuairiscí idirbhirt, chomh maith leis na daoine atá freagrach as é a chur i ngníomh. Ní mór rochtain iomlán a bheith ag údaráis inniúla ar thaifid ag gach céim de phróiseas déanta an ordaithe, ón gcinneadh tosaigh chun trádáil a dhéanamh, go dtí go gcuirfear i ngníomh é. Dá bhrí sin, ceanglaítear ar ghnólachtaí infheistíochta taifid a choimeád ar a gcuid idirbheart go léir in ionstraimí airgeadais, agus ceanglaítear ar oibreoirí ardán taifid a choimeád ar na horduithe uile arna gcur isteach ina gcórais. Ba cheart don ESMA comhordú a dhéanamh ar mhalartú faisnéise i measc údarás inniúil lena áirithiú go mbeidh rochtain acu ar thaifead uile na n-idirbheart agus na n-orduithe in ionstraimí airgeadais faoina maoirseacht, lena n-áirítear na cinn sin a cuireadh isteach ar ardáin atá á n-oibriú lasmuigh dá gcríoch.

29. Ba cheart tuairisciú dúbailte ar an bhfaisnéis chéanna a sheachaint. Tuairiscí a chuirtear faoi bhráid stórtha trádála atá cláraithe nó aitheanta i gcomhréir le Rialachán [EMIR], le haghaidh na n-ionstraimí ábhartha ina bhfuil an fhaisnéis riachtanach go léir ar mhaithe le hidirbhearta a thuairisciú, níor cheart go mbeadh sé riachtanach iad a thuairisciú do na húdaráis inniúla, ach ba cheart do na stórtha trádála iad a tharchur chucu. Ba cheart an Rialachán [EMIR] a leasú dá réir sin.

30. Ba cheart go mbeadh aon mhalartú nó tarchur faisnéise ag údaráis inniúla i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta mar atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[20]. Ba cheart go mbeadh aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann an ESMA i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin[21], agus ba cheart don Rialachán sin a bheith infheidhme go hiomlán maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo.

31. I Rialachán [EMIR], leagtar amach na critéir dá réir ba cheart aicmí díorthach thar an gcuntar a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh. Cuirtear cosc ar shaobhadh iomaíoch sa Rialachán freisin trína cheangal go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ar chontrapháirtithe lárnacha a thairgeann imréiteach díorthach thar an gcuntar d’ionaid trádála agus go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ag contrapháirtithe lárnacha a thairgeann imréiteach díorthach thar an gcuntar ar fhothaí trádála na n-ionad trádála. Toisc go sainmhínítear díorthaigh thar an gcuntar mar chonarthaí díorthach nach ndéantar ar mhargadh rialáilte, tá gá le ceanglais dá samhail a thabhairt isteach le haghaidh margaí rialáilte faoin Rialachán seo. Ba cheart díorthaigh arna dtrádáil ar mhargaí rialáilte a bheith faoi réir oibleagáide imréitigh freisin, ar an gcoinníoll go bhfuil sé dearbhaithe ag an ESMA go bhfuil siad faoina réir.

32. De bhreis ar na ceanglais i dTreoir 2004/39/CE lena gcuirtear cosc ar Bhallstáit srianadh míchuí a chur ar rochtain ar bhonneagar iarthrádála amhail socruithe i dtaobh socraíochta agus i dtaobh contrapháirtí lárnaigh, tá sé riachtanach deireadh a chur le bacainní tráchtála éagsúla eile leis an Rialachán seo, bacainní a fhéadfar a úsáid chun iomaíocht a chosc agus ionstraimí airgeadais á n-imréiteach. Chun aon chleachtais idirdhealaitheacha a sheachaint, ba cheart do chontrapháirtithe lárnacha glacadh leis idirbhearta a dhéantar in ionaid trádála éagsúla a imréiteach, a mhéid a chomhlíonann na hionaid sin ceanglais oibríochtúla agus theicniúla arna mbunú ag an gcontrapháirtí lárnacha. Níor cheart rochtain a dhiúltú ach amháin más rud é nach gcomhlíontar critéir rochtana áirithe atá sonraithe i ngníomhartha tarmligthe.

33. Ba cheart ceangal a chur ar ionaid trádála rochtain a sholáthar lena n-áirítear fothaí sonraí ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach do chontrapháirtithe lárnacha ar mian leo idirbhearta a dhéantar ar an ionad trádála a imréiteach. Ba cheart ceadúnú agus rochtain ar fhaisnéis faoi innéacsanna agus faoi thagarmharcanna eile a úsáidtear chun luach ionstraimí airgeadais a chinneadh a sholáthar do chontrapháirtithe lárnacha agus d’ionaid trádála eile ar bhonn neamh-idirdhealaitheach freisin. Tá sé i gceist trí dheireadh a chur le bacainní agus le cleachtais idirdhealaitheacha iomaíocht a mhéadú maidir le himréiteach agus trádáil ionstraimí airgeadais d’fhonn costais infheistíochta agus iasachtaíochta a laghdú, neamhéifeachtúlachtaí a dhíchur agus nuálaíocht a chothú i margaí an Aontais. Ba cheart don Choimisiún leanúint le faireachán géar a dhéanamh ar an athrú a thagann ar bhonneagar iarthrádála agus ba cheart dó, nuair is gá, idiragairt d’fhonn saobhadh iomaíoch a chosc sa mhargadh inmheánach.

34. Tá soláthar seirbhísí ag gnólachtaí tríú tíortha san Aontas faoi réir córas agus ceanglas náisiúnta. Tá na córais sin an-difreálaithe agus níl sé de shaoirse ag na gnólachtaí arna n-údarú i gcomhréir leo seirbhísí a sholáthar ná iad féin a bhunú i mBallstáit eile seachas an ceann ina bhfuil siad bunaithe. Is iomchuí comhchreat rialúcháin a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais. Ba cheart don chóras an creat ilroinnte atá ann cheana féin a chomhchuibhiú, a áirithiú go gcaithfear go haonfhoirmeach le gnólachtaí tríú tíortha a bhfuil rochtain á fáil acu ar an Aontas, agus go mbeidh cinnteacht ann ina leith, a áirithiú go mbeidh measúnú ar chomhionannas curtha i gcrích ag an gCoimisiún i ndáil le creat rialála agus maoirseachta tríú tíortha agus ba cheart dó foráil a dhéanamh do leibhéal inchomparáide cosaintí d'infheisteoirí san AE a fhaigheann seirbhísí ó ghnólachtaí tríú tíortha.

35. Ba cheart go mbeadh sé riachtanach i gcónaí brainse a bhunú san Aontas chun seirbhísí a soláthar do chliaint mhiondíola. Beidh bunú an bhrainse faoi réir údaraithe agus faoi réir maoirseachta san Aontas. Ba cheart socruithe iomchuí comhair a bheith i bhfeidhm idir an t-údarás inniúil lena mbaineann agus an t-údarás inniúil sa tríú tír. Ba cheart soláthar seirbhísí gan brainsí a bheith teoranta do chontrapháirtithe incháilithe. Ba cheart é a bheith faoi réir a chláraithe ag an ESMA agus faoi réir maoirseachta sa tríú tír. Ba cheart socruithe iomchuí comhair a bheith i bhfeidhm idir an ESMA agus na húdaráis inniúla sa tríú tír.

36. Níor cheart go ndéanfadh forálacha an rialacháin seo lena rialaítear soláthar seirbhísí san Aontas ag gnólachtaí tríú tíortha difear don chaoi a bhféadfadh daoine atá bunaithe san Aontas seirbhísí infheistíochta a fháil ó ghnólacht tríú tír ag gníomhú dóibh ar a dtionscnamh eisiach féin. Nuair a chuireann gnólacht tríú tír seirbhísí ar fáil ag gníomhú dó ar thionscnamh eisiach duine atá bunaithe san Aontas, níor cheart a mheas gur cuireadh na seirbhísí ar fáil i gcríocha an Aontais. I gcás gnólachta tríú tír a shireann cliaint nó cliaint ionchasacha san Aontas nó a dhéanann seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta mar aon le seirbhísí coimhdeacha a chur chun cinn nó a fhógairt san Aontas, níor cheart a mheas gur seirbhís í sin a cuireadh ar fáil ar thionscnamh eisiach féin an chliaint.

37. Tharla réimse cleachtas calaoiseach i spotmhargaí tánaisteacha i lamháltais astaíochtaí a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do mhuinín daoine as scéimeanna trádála astuithe, a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE, agus tá bearta á ndéanamh chun córas na gcartlann um lamháltais astaíochtaí an AE agus na coinníollacha chun cuntas a oscailt chun lamháltais astaíochtaí an AE a thrádáil a neartú. D'fhonn sláine na margaí sin a neartú agus feidhmiúil éifeachtúil na margaí sin a chosaint, lena n-áirítear maoirseacht chuimsitheach ar ghníomhaíocht trádála, is iomchuí cur leis na bearta a glacadh faoi Threoir 2003/87/CE trí lamháltas astaíochtaí a thabhairt go hiomlán faoi raon feidhme na Treorach seo agus Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh), trí bhíthin a n-aicmiú mar ionstraimí airgeadais.

38. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh. Go háirithe, ba cheart na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le mionsonraí ar leith i dtaobh sainmhínithe; saintréithe beachta na gceanglas um thrédhearcacht trádála; coinníollacha mionsonraithe le haghaidh tarscaoiltí ó thrédhearcacht réamhthrádála; socruithe maidir le foilsiú iarthrádála a chur siar; critéir maidir le cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí um thrédhearcacht réamhthrádála i leith inmheánaitheoirí córasacha, forálacha sonracha a bhaineann le costas i dtaobh infhaighteachta sonraí margaidh; na critéir maidir le rochtain a cheadú nó a dhiúltú idir ionaid trádála agus contrapháirtithe lárnacha; coinníollacha a chinneadh tuilleadh faoina mbeadh gá le gníomhaíocht ón ESMA de bharr baoil do chosaint d’infheisteoirí, d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais, nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine.

39. Na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le glacadh an chinnidh chomhionannais maidir le creata dlíthiúla agus maoirseachta tríú tíortha chun seirbhísí a sholáthar ag gnólachtaí tríú tíortha, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[22].

40. Cé gur fearr na húdaráis inniúla náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar na forbairtí ar an margadh, ní féidir an tionchar iomlán a bheidh ag na fadhbanna a bhaineann le trédhearcacht trádála, tuairisciú idirbheart, trádáil díorthach, agus toirmisc ar tháirgí agus ar chleachtais a thuiscint i gceart ach i gcomhthéacs an Aontais ar fad. Is ar an gcúis sin is fearr is féidir cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach ar leibhéal an Aontais; féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

41. Ba cheart go ndéanfadh caighdeáin theicniúla i seirbhísí airgeadais cosaint leordhóthanach taisceoirí, infheisteoirí agus tomhaltóirí ar fud an Aontais a áirithiú. Ós rud é gur comhlacht é an ESMA a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige, b’éifeachtúil agus b’iomchuí forbairt dréachtchaighdeán rialála agus cur chun feidhme, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, a chur ar iontaoibh an ESMA, lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin.

42. Ba cheart don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a d'ullmhaigh an ESMA i gcomhréir le hAirteagal 23 (maidir le hábhar agus sonraíochtaí tuairiscí idirbhirt), Airteagal 26 (maidir leis na critéir leachtachta chun díorthaigh a mheas a bheith faoi réir oibleagáid trádáil a dhéanamh ar ionaid trádála eagraithe), agus Airteagal 36 (maidir leis an bhfaisnéis a chuirfidh an gnólacht iarrthach tríú tír ar fáil don ESMA ina iarratas ar chlárú), ba cheart dó iad a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

43. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht freisin ag an gCoimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh 1095/2010. Ba cheart é a chur ar iontaoibh an ESMA caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a dhréachtú lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le hAirteagal 26 ag sonrú ar cheart aicme díorthach atá dearbhaithe a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Rialachán [ ] (EMIR) nó foshraith ábhartha di a thrádáil ar ionaid trádála eagraithe agus orthu sin amháin.

44. Ba cheart cur i bhfeidhm na gceanglas sa Rialachán seo a chur siar d’fhonn infheidhmeacht a chur ar chomhréim le cur i bhfeidhm rialacha trasuite na Treorach athmhúnlaithe agus chun na bearta cur chun feidhme riachtanacha go léir a bhunú. Ba cheart an pacáiste rialála ina iomláine a chur i bhfeidhm ansin ón tráth céanna. Is é an t-aon ní nár cheart a chur siar cur i bhfeidhm an chumhachtaithe le haghaidh beart cur chun feidhme ionas gur féidir tosú ar na céimeanna riachtanacha chun na bearta cur chun feidhme sin a dhréachtú agus a ghlacadh a luaithe is féidir.

45. Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16), an ceart cosaint tomhaltóirí a fháil (Airteagal 38), an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47), agus an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna (Airteagal 50), agus ní mór é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Teideal I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

46. Bunaítear ceanglais aonfhoirmeacha leis an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

47. sonraí trádála a nochtadh don phobal;

48. idirbhearta a thuairisciú do na húdaráis inniúla;

49. díorthaigh a thrádáil ar ionaid eagraithe;

50. rochtain neamh-idirdhealaitheach ar imréiteach agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar thrádáil i dtagarmharcanna;

51. cumhachtaí na n-údarás inniúil agus an ESMA i leith idirghabháil táirgí agus cumhachtaí an ESMA maidir le bainistiú agus teorannú suíomhanna;

52. seirbhísí infheistíochta nó gníomhaíochtaí gan bhrainse a bheith á soláthar ag gnólachtaí tríú tíortha.

53. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le gnólachtaí infheistíochta, maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe faoin Treoir [MiFID nua] nuair atá seirbhís infheistíochta amháin nó níos mó á soláthar acu agus/nó nuair atá gníomhaíochtaí infheistíochta á ndéanamh acu, agus maidir le margaí rialáilte.

54. Tá feidhm ag Teideal V den Rialachán seo freisin maidir leis na contrapháirtithe airgeadais uile mar a shainmhínítear in Airteagal [2(6)] agus maidir leis na contrapháirtithe neamhairgeadais uile a thagann faoi Airteagal [5(b)] de Rialachán [ ] (EMIR).

55. Tá feidhm ag Teideal VI den Rialachán seo maidir le contrapháirtithe lárnacha agus maidir le daoine a bhfuil cearta dílsithe acu i leith tagarmharcanna freisin.

Airteagal 2 Sainmhínithe

56. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

57. ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ aon duine dlítheanach a bhfuil sé de ghnáthghairm nó de ghnáthghnó aige seirbhís infheistíochta amháin nó níos mó a sholáthar do thríú páirtithe agus/nó gníomhaíocht infheistíochta amháin nó níos mó a dhéanamh ar bhonn gairmiúil;

Féadfaidh na Ballstáit gnóthais nach daoine dlítheanacha iad a chur ar áireamh sa sainmhíniú ar ghnólachtaí infheistíochta, ar na coinníollacha seo a leanas:

58. áirithíonn a stádas dlíthiúil leibhéal cosanta i gcomhair leasanna tríú páirtithe atá comhionann leis an leibhéal a thugann daoine dlítheanacha, agus

59. tá siad faoi réir maoirseachta stuamachta coibhéisí a fheileann dá bhfoirm dhlíthiúil.

I gcás ina soláthraíonn duine nádúrtha seirbhísí lena ngabhann cistí tríú páirtithe nó urrúis inaistrithe a shealbhú, áfach, féadfar a mheas gur gnólacht infheistíochta an duine sin chun críocha an Rialacháin seo agus Threoir [MiFID nua], más rud é, gan dochar do na ceanglais eile a fhorchuirtear le Treoir [MiFID nua], leis an Rialachán seo agus le Treoir [CRD nua], go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

60. ní mór cearta úinéireachta na dtríú páirtithe in ionstraimí agus i gcistí a chosaint, go háirithe i gcás dhócmhainneacht an ghnólachta nó a dhílseánach, nó i gcás urghabhála, fritháirimh nó gníomhaíochta ar bith eile arna dhéanamh ag creidiúnaithe an ghnólachta nó ag a dhílseánaigh;

61. ní mór don ghnólacht a bheith faoi réir rialacha chun faireachán a dhéanamh ar shócmhainneacht an ghnólachta agus ar shócmhainneacht a dhílseánach;

62. ní mór cuntais bhliantúla an ghnólachta a bheith iniúchta ag duine amháin nó níos mó a bhfuil sé de chumhacht acu faoin dlí náisiúnta cuntais a iniúchadh;

63. i gcás nach bhfuil ach dílseánach amháin ag an ngnólacht, ní mór dó foráil a dhéanamh do chosaint infheisteoirí i gcás go scoireann an gnólacht de ghnó tar éis a bháis, tar éis dó bheith faoi éagumas nó tar éis teagmhais eile dá leithéid;

64. ciallaíonn ‘institiúidí creidmheasa’ institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear i dTreoir 2006/48/CE;

65. ciallaíonn ‘inmheánaitheoir córasach’ gnólacht infheistíochta a dhéileálann ar a chuntas féin ar bhonn eagraithe, rialta agus córasach, trí orduithe cliant a dhéanamh lasmuigh de mhargadh rialáilte, de MTF nó de OTF;

66. ciallaíonn ‘oibreoir margaidh’ duine nó daoine a bhfuil gnó margaidh rialáilte á bhainistiú nó á oibriú aige. Féadfaidh an margadh rialáilte féin a bheith ina oibreoir margaidh;

67. ciallaíonn ‘margadh rialáilte’ córas iltaobhach atá á oibriú agus/nó á bhainistiú ag oibreoir margaidh, a thugann le chéile nó a éascaíonn tabhairt le chéile iliomad leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtithe in ionstraimí airgeadais – sa chóras agus i gcomhréir lena rialacha neamhroghnacha – ar shlí a mbeidh conradh mar thoradh uirthi, maidir leis na hionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála faoina rialacha agus/nó faoina chórais, agus atá údaraithe agus a fheidhmíonn go rialta agus i gcomhréir le forálacha Theideal III de Threoir [MiFID nua];

68. ciallaíonn ‘saoráid trádála iltaobhach’ (MTF) córas iltaobhach atá á oibriú ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh, a thugann le chéile iliomad leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtithe in ionstraimí airgeadais – sa chóras agus i gcomhréir le rialacha neamhroghnacha – ar shlí a mbeidh conradh mar thoradh uirthi i gcomhréir le forálacha Theideal II de Threoir [MiFID nua];

69. ciallaíonn ‘saoráid trádála eagraithe’ (OTF) aon córas nó saoráid, nach margadh rialáilte ná MTF é nó í, atá á oibriú nó á hoibriú ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh, ina bhfuil iliomad leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtithe in ionstraimí airgeadais in ann idirghníomhú sa chóras ar shlí a mbeidh conradh mar thoradh uirthi i gcomhréir le forálacha Theideal II de Threoir [MiFID nua];

70. ciallaíonn ‘ionstraim airgeadais’ na hionstraimí sin atá sonraithe i Roinn C d’Iarscríbhinn I de Threoir [MiFID nua];

71. ciallaíonn ‘urrúis inaistrithe’ na haicmí urrús sin atá soshannta ar an margadh caipitil, cé is moite d’ionstraimí íocaíochta, amhail:

72. scaireanna i gcuideachtaí agus urrúis eile atá comhionann le scaireanna i gcuideachtaí, i gcomhpháirtíochtaí nó in eintitis eile, agus admhálacha taisclainne maidir le scaireanna;

73. bannaí nó foirmeacha eile d’fhiachas urrúsaithe, lena n-áirítear admhálacha taisclainne maidir leis na hurrúis sin;

74. aon urrús eile lena dtugtar an ceart na hurrúis inaistrithe sin a fháil nó a dhíol, nó as a dtagann socraíocht airgid arna cinneadh trí thagairt a dhéanamh do na nithe seo a leanas – urrúis inaistrithe, airgeadraí, rátaí úis nó torthaí, tráchtearraí nó innéacsanna nó bearta eile;

75. ciallaíonn ‘admhálacha taisclainne’ na hurrúis sin atá soshannta ar an margadh caipitil agus a léiríonn úinéireacht ar urrúis eisitheora gan sainchónaí, cé gur féidir iad a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus iad a thrádáil go neamhspleách ar urrúis an eisitheora gan sainchónaí;

76. ciallaíonn ‘cistí arna dtrádáil ar an malartán’ aonaid sna scéimeanna infheistíochta comhchoiteanna neamhiata sin atá soshannta go neamhshrianta ar na margaí caipitil agus a rianaíonn feidhmíochta innéacs i bhformhór na gcásanna;

77. ciallaíonn ‘deimhnithe’ na hurrúis sin atá soshannta ar an margadh caipitil agus, i gcás aisíocaíochta ar infheistíocht ón eisitheoir, atá rangaithe os cionn scaireanna ach faoi bhun ionstraimí bannaí neamhurraithe agus ionstraimí eile dá samhail;

78. ciallaíonn ‘táirgí airgeadais struchtúraithe’ na hurrúis sin a chruthaítear chun an riosca creidmheasa a urrúsú agus a aistriú a bhaineann le comhthiomsú sócmhainní airgeadais a thugann teideal do shealbhóir an urrúis íocaíochtaí rialta a fháil a bhraitheann ar an sreabhadh airgid ó na bunsócmhainní;

79. ciallaíonn ‘díorthaigh’ na hionstraimí airgeadais sin atá sainmhínithe i mír 9(c) agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn I Roinn C (4) go (10) de Threoir [MiFID nua];

80. ciallaíonn ‘díorthaigh tráchtearraí’ na hionstraimí airgeadais sin atá sainmhínithe i mír 9(c) a bhaineann le tráchtearra nó le bunionstraim atá luaite i Roinn C(10) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir [MiFID nua], nó a thagann faoi chuimsiú phointe (5), phointe (6), phointe (7) agus phointe (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir [MiFID nua];

81. ciallaíonn ‘léiriú leasa inghníomhaithe’ teachtaireacht ó rannpháirtí amháin go rannpháirtí eile i gcóras trádála faoin leas trádála atá ar fáil ina bhfuil an fhaisnéis go léir is gá le comhaontú ar thrádáil;

82. ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t-údarás atá ainmnithe ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 48 de Threoir [MiFID nua], mura sonraítear a mhalairt sa Treoir sin;

83. ciallaíonn ‘socrú faofa maidir le foilsiú (APA)’ duine atá údaraithe faoi na forálacha a bunaíodh le Treoir [MiFID nua] chun seirbhís foilsithe tuairiscí trádála a sholáthar ar son gnólachtaí infheistíochta de bhun Airteagail [11 agus 12] den Rialachán seo;

84. ciallaíonn ‘soláthraí taifeadtaí comhdhlúite (CTP)’ duine atá údaraithe faoi na forálacha a bunaíodh le Treoir [MiFID nua] chun seirbhís bailithe tuairiscí trádála a sholáthar le haghaidh ionstraimí airgeadais atá liostaithe in Airteagail [5, 6, 11 agus 12] den Rialachán seo ó mhargaí rialáilte, ó MTFanna, ó OTFanna agus ó APAnna agus iad a chomhdhlúthú i sruth sonraí beo, leictreonach, leanúnach lena soláthraítear sonraí fíor-ama faoi phraghas agus faoi mhéid gach ionstraime airgeadais;

85. ciallaíonn ‘meicníocht tuairiscithe fhaofa (ARM)’ duine atá údaraithe faoi na forálacha a bunaíodh le Treoir [MiFID nua] chun seirbhís a chur ar fáil maidir le mionsonraí idirbheart a thuairisciú d’údaráis inniúla nó don ESMA ar son gnólachtaí infheistíochta;

86. ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta’ comhlacht ceannais an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, a fheidhmeanna maoirseachta agus bainistíochta san áireamh, a bhfuil údarás cinnteoireachta deiridh aige, agus a bhfuil sé de chumhacht aige straitéis, cuspóirí agus treoir fhoriomlán an eintitis a shocrú. Beidh sa chomhlacht bainistíochta daoine a stiúrann go héifeachtach gnó an eintitis;

87. ciallaíonn 'feidhm mhaoirseachta' an comhlacht bainistíochta ag gníomhú dó ina fheidhm mhaoirseachta, i.e. maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar chinnteoireacht bainistíochta;

88. ciallaíonn ‘bainistíocht shinsearach’ na daoine sin a chomhlíonann feidhmeanna feidhmiúcháin laistigh de sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, agus atá freagrach as an mbainistíocht laethúil agus atá cuntasach ina leith;

89. ciallaíonn ‘tagarmharc’ aon innéacs tráchtála nó figiúr foilsithe arna ríomh trí fhoirmle a chur i bhfeidhm maidir le luach bunsócmhainne amháin nó níos mó nó maidir le praghsanna, a ndéantar an tsuim atá iníoctha faoi ionstraim airgeadais a chinneadh ina fhianaise;

90. ciallaíonn ‘ionad trádála’ margadh rialáilte, MTF nó OTF ar bith;

91. ciallaíonn ‘contrapháirtí lárnach’ contrapháirtí lárnach mar a shainmhínítear faoi Airteagal 2(1) de Rialachán [] (EMIR);

92. ciallaíonn ‘seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta' na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí atá sainmhínithe in Airteagal 4(1)(2) de Threoir [MiFID nua];

93. ciallaíonn ‘institiúid airgeadais tríú tír’ eintiteas a bhfuil a cheannoifig bunaithe i dtríú tír, atá údaraithe nó ceadúnaithe faoi dhlí an tríú tír sin tabhairt faoi cheann ar bith de na gníomhaíochtaí atá liostaithe i dTreoir 2006/48/CE, i dTreoir [MiFID nua], i dTreoir 2009/138/CE, i dTreoir 2009/65/CE, i dTreoir 2003/41/CE nó i dTreoir 2011/61/AE;

94. ciallaíonn ‘táirge mórdhíola fuinnimh’ na conarthaí agus na díorthaigh sin atá sainmhínithe in Airteagal 2(4) de Rialachán [REMIT];

95. Tá feidhm ag sainmhínithe mhír 1 maidir le Treoir [MiFID nua] freisin;

96. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh lena sonrófar roinnt gnéithe teicniúla de na sainmhínithe atá leagtha síos i mír 1 chun iad a chur in oiriúint d'fhoras an mhargaidh.

TEIDEAL II

TRÉDHEARCACHT LE h AGHAIDH IONAD TRÁDÁLA

Caibidil 1

Trédhearcacht le haghaidh ionstraimí cothromais

Airteagal 3 Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionad trádála maidir le scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail

97. Déanfaidh margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu praghsanna tairisceana agus praghsanna táirgthe reatha a phoibliú, mar aon le leibhéal na leasanna trádála ar na praghsanna sin a fhógraítear trína gcórais maidir le scaireanna, le hadmhálacha taisclainne, le cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar MTF nó ar OTF. Beidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le léirithe leasanna inghníomhaithe chomh maith. Déanfaidh margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.

98. Déanfaidh margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu rochtain a sholáthar, ar théarmaí réasúnta tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar na socruithe a úsáideann siad chun an fhaisnéis faoin gcéad mhír a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil oibleagáid orthu a luachana i scaireanna, in admhálacha taisclainne, i gcistí arna dtrádáil ar an malartán, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail a fhoilsiú de bhun Airteagal 13.

Airteagal 4 Tarscaoiltí a dheonú

99. An oibleagáid atá ar mhargaí rialáilte agus ar ghnólachtaí infheistíochta agus ar oibreoirí margaidh a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a phoibliú, beidh na húdaráis inniúla in ann é a tharscaoileadh, de réir na samhla margaidh nó chineál agus méid na n-orduithe, sna cásanna atá sainithe i gcomhréir le mír 3. Go háirithe, beidh na húdaráis inniúla in ann an oibleagáid a tharscaoileadh i gcás orduithe atá mór i gcomparáid leis an ngnáthmhéid margaidh don scair, don admháil taisclainne, don chiste arna thrádáil ar an malartán, don deimhniú nó don ionstraim airgeadais dá samhail i gceist, nó don chineál sin scaire, admhála taisclainne, ciste arna thrádáil ar an malartán, deimhnithe nó ionstraime airgeadais eile dá samhail.

100. Sula ndeonófar tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1, ní mór d’údaráis inniúla fógra a thabhairt don ESMA agus d’údaráis inniúla eile maidir le húsáid bheartaithe gach iarratais aonair ar tharscaoileadh agus míniú a sholáthar maidir lena bhfeidhmiú. Tabharfar fógra go bhfuil sé beartaithe tarscaoileadh a dheonú tráth nach déanaí ná 6 mhí roimh an am a bhfuil sé beartaithe éifeacht a bheith leis an tarscaoileadh. Laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fógra a fháil, eiseoidh an ESMA tuairim chuig an údarás inniúil atá i dtrácht ina ndéanfar measúnú féachaint an bhfuil gach tarscaoileadh ag luí leis na ceanglais a bunaíodh i mír 1 agus atá sonraithe sa ghníomh tarmligthe a glacadh de bhun mhír 3(b) agus mhír 3(c). I gcás ina ndeonaíonn an t-údarás inniúil tarscaoileadh agus go n-easaontaíonn údarás inniúil Ballstáit eile leis, féadfaidh an t-údarás inniúil sin an cheist a tharchur ar ais chuig an ESMA, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a tugadh dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh an ESMA faireachán ar chur i bhfeidhm na dtarscaoiltí agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas.

101. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41 bearta a ghlacadh lena sonrófar an méid seo a leanas:

102. raon na bpraghsanna táirgthe agus na dtairiscintí nó na luachana ó chruthaitheoirí ainmnithe margaidh, agus leibhéal an leasa trádála ar na praghsanna sin, nach mór a phoibliú i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann;

103. méid nó cineál a n-orduithe a bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh ina leith faoi mhír 1 i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann;

104. an tsamhail mhargaidh a bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh ina leith faoi mhír 1, agus go háirithe, infheidhmeacht na hoibleagáide maidir le modhanna trádála atá á n-oibriú ag margaí rialáilte a thugann idirbhearta i gcrích faoina rialacha trí thagairt do phraghsanna a bhunaítear lasmuigh den mhargadh rialáilte nó trí cheant tréimhsiúil i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann.

105. Maidir le tarscaoiltí a dheonaigh údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 29 (2) agus Airteagal 44 (2) de Threoir 2004/39/CE agus i gcomhréir le hAirteagal 18 go hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an ESMA athbhreithniú orthu roimh [2 bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Eiseoidh an ESMA tuairim chuig an údarás inniúil i dtrácht ina ndéanfar measúnú féachaint an bhfuil gach ceann de na tarscaoiltí sin fós ag teacht leis na ceanglais a bhunaítear leis an Rialachán seo agus in aon ghníomh tarmligthe atá bunaithe ar an Rialachán seo.

Airteagal 5 Ceanglais trédhearcachta iarthrádála i leith ionad trádála maidir le scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail

106. Déanfaidh margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu praghas, méid agus tráth na n-idirbheart a dhéantar maidir scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar MTF nó ar OTF. Déanfaidh margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu mionsonraí gach idirbhirt den sórt sin a phoibliú chomh gar d’fhíor-am agus is féidir go teicniúil.

107. Déanfaidh margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu rochtain a sholáthar, ar théarmaí réasúnta tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar na socruithe a úsáideann siad chun an fhaisnéis faoin gcéad mhír a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil oibleagáid orthu mionsonraí a n-idirbheart i scaireanna, in admhálacha taisclainne, i gcistí arna dtrádáil ar an malartán, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail a fhoilsiú de bhun Airteagal 19.

Airteagal 6 Foilsiú iarchurtha a údarú

108. Beidh údaráis inniúla in ann margaí rialáilte a údarú foráil a dhéanamh ionas go bhféadfar foilsiú mionsonraí idirbheart a chur siar i bhfianaise a gcineáil agus a méid. Go háirithe, beidh na húdaráis inniúla in ann foilsiú iarchurtha a údarú i gcás idirbheart atá mór i gcomparáid leis an ngnáthmhéid margaidh don scair, don admháil taisclainne, don chiste arna thrádáil ar an malartán, don deimhniú nó don ionstraim airgeadais dá samhail i gceist, nó don chineál sin scaire, admhála taisclainne, ciste arna thrádáil ar an malartán, deimhnithe nó ionstraime airgeadais eile dá samhail. Gheobhaidh margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaí a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu formheas roimh ré ón údarás inniúil maidir le socruithe arna mbeartú chun foilsiú trádála a chur siar, agus nochtfaidh siad go soiléir na socruithe sin do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal. Déanfaidh an ESMA faireachán ar chur i bhfeidhm na socruithe sin maidir le foilsiú trádála a chur siar agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas.

109. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh lena sonrófar an méid seo a leanas:

110. na mionsonraí nach mór a bheith sonraithe ag margaí rialáilte, gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha agus gnólachtaí infheistíochta agus margaí rialáilte a bhfuil MTF nó OFT á oibriú acu san fhaisnéis atá le cur ar fáil don phobal i gcás gach aicme ionstraime airgeadais i dtrácht;

111. na coinníollacha chun margadh rialáilte nó gnólacht infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoir córasach nó gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a bhfuil MTF nó OTF á oibriú aige, a údarú chun foilsiú trádálacha a chur siar agus na critéir is infheidhme agus cinneadh a dhéanamh cad iad na hidirbhearta, a bhfuil sé ceadaithe foilsiú a chur siar i leith gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i ngeall ar mhéid an idirbhirt nó ar chineál na scaire, na hadmhála taisclainne, an chiste arna thrádáil ar an malartán, an deimhnithe nó ionstraime airgeadais eile dá samhail i dtrácht.

Caibidil 2

Trédhearcacht le haghaidh ionstraimí neamhchothromais

Airteagal 7 Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionad trádála maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh

112. Margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a oibríonn MFT nó OTF atá bunaithe ar an gcóras trádála atá á oibriú, poibleoidh siad praghsanna agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin i gcás orduithe nó luachana arna bhfógairt trína gcórais maidir le bannaí agus táirgí airgeadais struchtúraithe a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar foilsíodh réamheolaire ina leith, maidir le lamháltais astaíochtaí agus maidir le díorthaigh a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar MTF nó ar OTF. Beidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le léirithe leasanna inghníomhaithe chomh maith. Déanfaidh margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.

113. Déanfaidh margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu rochtain a sholáthar, ar théarmaí réasúnta tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar na socruithe a úsáideann siad chun an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil oibleagáid orthu a luachana i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh a fhoilsiú de bhun Airteagal 17.

Airteagal 8 Tarscaoiltí a dheonú

114. Beidh údaráis inniúla in ann an oibleagáid a tharscaoileadh atá ar mhargaí rialáilte agus ar ghnólachtaí infheistíochta agus ar oibreoirí margaidh a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a phoibliú maidir le tacair shonracha táirgí, de réir na samhla margaidh, maidir le saintréithe na gníomhaíochta trádála i dtáirge agus maidir le leachtacht sna cásanna atá sainithe i gcomhréir le mír 4.

115. Beidh údaráis inniúla in ann an oibleagáid a tharscaoileadh atá ar mhargaí rialáilte agus ar ghnólachtaí infheistíochta agus ar oibreoirí margaidh a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7 a phoibliú, ar bhonn chineál agus méid na n-orduithe agus an mhodha trádála, i gcomhréir le mír 4. Go háirithe, beidh na húdaráis inniúla in ann an oibleagáid a tharscaoileadh i gcás orduithe atá mór i gcomparáid leis an ngnáthmhéid mhargaidh don bhanna, don táirge airgeadais struchtúraithe, don lamháltas astaíochtaí nó díorthach nó cineál banna, don táirge airgeadais struchtúraithe, don lamháltas astaíochtaí nó don díorthach i dtrácht.

116. Sula ndeonófar tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1 agus mír 2, ní mór d’údaráis inniúla fógra a thabhairt don ESMA agus d’údaráis inniúla eile maidir le húsáid bheartaithe na dtarscaoiltí agus míniú a sholáthar maidir lena bhfeidhmiú. Tabharfar fógra go bhfuil sé beartaithe tarscaoileadh a dheonú tráth nach déanaí ná 6 mhí roimh an am a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an tarscaoileadh. Laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fógra a fháil, eiseoidh an ESMA tuairim chuig an údarás inniúil atá i dtrácht ina ndéanfar measúnú féachaint an bhfuil gach iarratais aonair ar tharscaoileadh ag luí leis na ceanglais atá bunaithe i mír 1 agus i mír 2 agus atá sonraithe sa ghníomh tarmligthe a glacadh de bhun mhír 4(b). I gcás ina ndeonaíonn an t-údarás inniúil sin tarscaoileadh agus go n-easaontaíonn údarás inniúil Ballstáit eile leis, féadfaidh an t-údarás inniúil sin an cheist a tharchur ar ais chuig an ESMA, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a tugadh dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh an ESMA faireachán ar chur i bhfeidhm na dtarscaoiltí agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas.

117. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41 bearta a ghlacadh lena sonrófar an méid seo a leanas:

118. raon na n-orduithe nó na luachana, na praghsanna agus leibhéal an leasa trádála ar na praghsanna sin, nach mór a phoibliú le haghaidh gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 7;

119. na coinníollacha faoina bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le mír 1 agus mír 2, arna bhunú ar na nithe seo a leanas:

(i) an tsamhail mhargaidh;

(ii) saintréithe na gníomhaíochta trádála i dtáirge;

(iii) an phróifíl leachtachta, lena n-áirítear líon agus cineál na rannpháirtithe margaidh i margadh ar leith agus aon critéir ábhartha eile chun leachtacht a mheasúnú;

(iv) méid nó cineál na n-orduithe agus méid agus cineál na heisiúna ionstraime airgeadais.

5. Maidir le tarscaoiltí a dheonaigh údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 29 (2) agus Airteagal 44 (2) de Threoir 2004/39/CE agus i gcomhréir le hAirteagal 18 go hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an ESMA athbhreithniú orthu roimh [2 bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Eiseoidh an ESMA tuairim chuig an údarás inniúil i dtrácht ina ndéanfar measúnú féachaint an bhfuil gach ceann de na tarscaoiltí sin fós ag teacht leis na ceanglais a bhunaítear leis an Rialachán seo agus in aon ghníomh tarmligthe atá bunaithe ar an Rialachán seo.

Airteagal 9 Ceanglais trédhearcachta iarthrádála le haghaidh ionad trádála maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh

120. Déanfaidh margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu praghas, méid agus tráth na n-idirbheart a dhéantar maidir le bannaí agus táirgí airgeadais struchtúraithe a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar foilsíodh réamheolaire ina leith, agus maidir le lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar MTF nó ar OTF. Déanfaidh margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu mionsonraí gach idirbhirt den sórt sin a phoibliú chomh gar d’fhíor-am agus is féidir go teicniúil.

121. Déanfaidh margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu rochtain a thabhairt, ar théarmaí réasúnta tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar na socruithe a úsáideann siad chun an fhaisnéis faoin gcéad mhír a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil oibleagáid orthu mionsonraí a n-idirbheart i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh a fhoilsiú de bhun Airteagal 20.

Airteagal 10 Foilsiú iarchurtha a údarú

122. Beidh údaráis inniúla in ann margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu a údarú chun foráil a dhéanamh maidir le foilsiú mionsonraí idirbheart a chur siar, ar bhonn a gcineáil agus a méid. Go háirithe, beidh na húdaráis inniúla in ann foilsiú iarchurtha a údarú i gcás idirbheart atá mór i gcomparáid leis an gnáthmhéid margaidh don bhanna, don táirge airgeadais struchtúraithe, don lamháltas astaíochtaí nó díorthach sin nó don chineál sin banna, táirge airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh.

Gheobhaidh margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaí a bhfuil MFT nó OTF á oibriú acu formheas roimh ré ón údarás inniúil maidir le socruithe atá beartaithe chun foilsiú trádála a chur siar, agus nochtfaidh siad go soiléir na socruithe sin do rannpháirtithe sa mhargadh agus d'infheisteoirí i gcoitinne. Déanfaidh an ESMA faireachán ar chur i bhfeidhm na socruithe sin maidir le foilsiú trádála a chur siar agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a mbaintear feidhm astu sa chleachtas.

123. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41 bearta a ghlacadh lena sonrófar an méid seo a leanas:

124. na mionsonraí nach mór a bheith sonraithe ag margaí rialáilte agus ag gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha agus gnólachtaí infheistíochta agus margaí rialáilte a bhfuil MTF nó OFT á oibriú acu, san fhaisnéis atá le cur ar fáil don phobal i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann;

125. i gcás gach aicme d'ionstraim airgeadais i dtrácht, na coinníollacha atá le comhlíonadh ionas go bhféadfar údarú a thabhairt do mhargadh rialáilte nó gnólacht infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoir córasach nó gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a bhfuil MTF nó OTF á oibriú aige, foilsiú a dtrádálacha a chur siar, agus na critéir is infheidhme agus cinneadh á dhéanamh cé na hidirbhearta a bhfuil sé ceadmhach údarú a thabhairt ina leith – i ngeall ar a méid nó ar an gcineál banna, táirge airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh i gceist – foilsiú a chur siar agus/nó méid an idirbhirt a fhágáil ar lár.

Caibidil 3

Oibleagáid chun sonraí trádála a thairiscint ar bhonn tráchtála ar leithligh agus réasúnta

Airteagal 11 Oibleagáid chun sonraí réamhthrádála agus iarthrádála a chur ar fáil ar leithligh

126. Cuirfidh margaí rialáilte agus oibreoirí margaí agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil MTFanna agus OTFanna á n-oibriú acu an fhaisnéis arna foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 10 ar fáil don phobal trí shonraí trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála a thairiscint ar leithligh.

127. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 37 bearta a ghlacadh ag sonrú na sonraí réamhthrádála agus iarthrádála arna gcur ar fáil, lena n-áirítear leibhéal dí-chomhiomlánaithe na sonraí atá le cur ar fáil don phobal, i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 12 Oibleagáid chun sonraí réamhthrádála agus iarthrádála a chur ar fáil ar bhonn réasúnta tráchtála

128. Déanfaidh margaí rialáilte, MFTanna agus OTFanna an fhaisnéis arna foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 3 go hAirteagal 10 a chur ar fáil don phobal ar bhonn réasúnta tráchtála. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis idirbheart a fhoilsiú.

129. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh lena soiléirítear céard is bonn réasúnta tráchtála ann chun faisnéis a phoibliú mar a luaitear i mír 1.

TEIDEAL III

TRÉDHEARCACHT LE h AGHAIDH GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA ATÁ AG TRÁDÁIL THAR AN GCUNTAR LENA N-ÁIRÍTEAR INMHEÁNAITHEOIRÍ CÓRASACHA

Airteagal 13 Oibleagáid a chur ar ghnólachtaí infheistíochta luachana daingne a phoibliú

130. Inmheánaitheoirí córasacha i scaireanna, in admhálacha taisclainne, i gcistí arna dtrádáil ar an malartán, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail, foilseoidh siad luachan dhaingean sna scaireanna sin, sna hadmhálacha taisclainne sin, sna cistí sin arna dtrádáil ar an malartán, sna deimhnithe sin agus in ionstraimí eile airgeadais dá samhail a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a thrádáiltear ar MTF nó ar OTF a bhfuil siad ina n-inmheánaitheoirí córasacha lena n-aghaidh agus a bhfuil margadh leachtach ann lena n-aghaidh. I gcás scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith, nochtfaidh inmheánaitheoirí córasacha luachana dá gcliaint arna iarraidh sin.

131. Beidh feidhm ag an Airteagal seo agus ag Airteagail 14, 15 agus 16 maidir le hinmheánaitheoirí córasacha agus iad ag déanamh idirbheart nach mó ná méid caighdeánach an mhargaidh. Inmheánaitheoirí córasacha nach ndéanann ach idirbhearta atá níos mó ná méid caighdeánach an mhargaidh, ní bheidh siad faoi réir fhorálacha an Airteagail seo.

132. Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha an méid nó na méideanna ag a luafaidh siad luachan a chinneadh. Beidh íosmhéid na luachana comhionann ar a laghad le 10% de mhéid caighdeánach an mhargaidh de scair, d’admháil taisclainne, de chiste arna thrádáil ar an malartán, de dheimhniú nó d’ionstraim eile airgeadais dá samhail. I gcás scaire, admhála taisclainne áirithe, ciste áirithe arna thrádáil ar an malartán, deimhnithe áirithe nó ionstraime eile airgeadais dá samhail áireofar ar gach luachan tairiscint dhaingean agus praghas nó praghsanna tairisceana maidir le méid nó le méideanna a d’fhéadfadh a bheith suas le méid caighdeánach an mhargaidh le haghaidh aicme na scaireanna, na n-admhálacha taisclainne, na gcistí arna dtrádáil ar an malartán, na ndeimhnithe nó na n-ionstraimí airgeadais eile dá samhail lena mbaineann an ionstraim airgeadais. Ina cheann sin, léireoidh an praghas nó na praghsanna dálaí an mhargaidh san am i gceist don scair sin, don admháil taisclainne sin, don chiste sin arna thrádáil ar an malartán, don deimhniú sin nó d'ionstraim eile airgeadais dá samhail.

133. Déanfar scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a ghrúpáil in aicmí ar bhonn mheánluach uimhríochtúil na n-orduithe a dhéantar sa mhargadh le haghaidh na hionstraime airgeadais sin. Beidh méid caighdeánach an mhargaidh le haghaidh gach aicme scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí eile airgeadais dá samhail ionadaíoch do mheánluach uimhríochtúil na n-orduithe a dhéantar sa mhargadh le haghaidh na hionstraime airgeadais atá ar áireamh i ngach aicme.

134. Is éard a bheidh i margadh gach scaire, admhála taisclainne, ciste arna thrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraime airgeadais eile dá samhail na horduithe ar fad a dhéantar san Aontas Eorpach maidir leis an ionstraim airgeadais sin cé is moite díobh siúd atá mór i gcomparáid le gnáthmhéid an mhargaidh.

135. Údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta mar a shainmhínítear in Airteagal 23 le haghaidh gach scaire, admhála taisclainne, ciste arna thrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraime eile airgeadais dá samhail, cinnfidh sé an aicme lena mbaineann an ionstraim airgeadais sin, gach bliain ar a laghad, ar bhonn mheánluach uimhríochtúil na n-orduithe a dhéantar sa mhargadh maidir leis an ionstraim airgeadais sin. Déanfar an fhaisnéis sin a phoibliú do gach rannpháirtí sa mhargadh.

7. D'fhonn a áirithiú go ndéanfar luacháil éifeachtúil ar scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí eile airgeadais dá samhail agus chun an seans is fearr is féidir a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta an margadh is fearr is féidir a ghnóthú dá gcliaint, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta lena sonrófar na gnéithe a bhaineann le foilsiú luachana daingne dá dtagraítear i mír 2 agus le méid caighdeánach an mhargaidh dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 14 Orduithe cliant a dhéanamh

136. Déanfaidh inmheánaitheoirí córasacha a gcuid luachana a phoibliú ar bhonn rialta agus leanúnach agus le linn gnáthuaireanta trádála. Beidh siad i dteideal a gcuid luachana a nuashonrú tráth ar bith. Ba cheart cead a bheith acu, faoi dhálaí eisceachtúla sa mhargadh, a gcuid luachana a tharraingt siar.

Déanfar an luachan a phoibliú sa tslí is gur féidir le rannpháirtithe eile sa mhargadh teacht uirthi go héasca ar bhonn réasúnta tráchtála.

137. Agus iad ag comhlíonadh na bhforálacha atá leagtha síos in Airteagal 27 de Threoir [MiFID nua], cuirfidh inmheánaitheoirí córasacha i gcrích na horduithe a fhaigheann siad óna gcuid cliant maidir le scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail ar inmheánaitheoirí córasacha iad ina leith ag na praghsanna a luaitear an tráth a fhaightear an t-ordú.

Mar sin féin, féadfaidh siad na horduithe sin a dhéanamh ar phraghas níos fearr i gcásanna a bhfuil údar leo ar an gcoinníoll go dtagann an praghas sin laistigh de réimse poiblí atá cóngarach do dhálaí an mhargaidh.

138. Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha orduithe a fhaigheann siad óna gcliaint ghairmiúla a dhéanamh ar phraghsanna atá éagsúil leis na cinn a luaigh siad gan a bheith orthu na ceanglais atá bunaithe i mír 2 a chomhlíonadh, maidir le hidirbhearta a dhéantar i roinnt urrús mar chuid d’idirbheart amháin nó maidir le horduithe atá faoi réir coinníollacha seachas praghas reatha an mhargaidh.

139. Inmheánaitheoir córasach nach luann ach luachan amháin nó a bhfuil a luachan is airde níos ísle ná méid caighdeánach an mhargaidh, i gcás ina bhfaigheann sé ordú ó chliant ar mhéid níos mó ná méid a luachana, ach níos ísle ná méid caighdeánach an mhargaidh, féadfaidh sé a chinneadh an chuid sin den ordú a sháraíonn méid a luachana a chur i gcrích, ar an gcoinníoll go ndéantar é ag an bpraghas a luaitear, ach amháin má cheadaítear a mhalairt faoi na coinníollacha an dá mhír roimhe seo. I gcás ina bhfuil luachana i méideanna difriúla á lua ag an inmheánaitheoir córasach agus ina bhfaigheann sé ordú idir na méideanna sin agus go gcinneann sé an t-ordú a chur i gcrích, déanfaidh sé an t-ordú ag ceann de na praghsanna arna lua, i gcomhréir le forálacha Airteagal 28 de Threoir [MiFID nua], ach amháin má cheadaítear a mhalairt faoi choinníollacha an dá fhomhír roimhe seo.

140. D'fhonn a áirithiú go ndéanfar luacháil éifeachtúil ar scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí eile airgeadais dá samhail agus chun an seans is fearr is féidir a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta an margadh is fearr is féidir a ghnóthú dá gcliaint, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta lena sonrófar na critéir lena sonrófar cathain a thagann praghsanna laistigh de réimse poiblí atá gar do dhálaí an mhargaidh dá dtagraítear i mír 2.

141. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh lena soiléireofar céard is bonn réasúnta tráchtála ann le luachana a phoibliú, dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 15 Oibleagáidí na n-údarás inniúil

Déanfaidh údaráis inniúla an méid seo a leanas a sheiceáil:

142. go dtugann gnólachtaí infheistíochta praghsanna táirgthe agus praghsanna tairisceana arna bhfoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 13 suas chun dáta go rialta agus go gcoinníonn siad praghsanna ar bun a léiríonn dálaí an mhargaidh san am;

143. go gcomhlíonann gnólachtaí infheistíochta na coinníollacha maidir le praghsanna a fheabhsú atá leagtha síos Airteagal 14(2).

Airteagal 16 Rochtain ar luachana

144. Beidh cead ag inmheánaitheoirí córasacha na hinfheisteoirí dá dtabharfaidh siad rochtain ar a luachana a chinneadh, ar bhonn a mbeartais tráchtála agus ar shlí oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. Chuige sin beidh caighdeáin shoiléire ann chun rochtain ar a luachana a rialú. Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha diúltú dul i gcaidreamh gnó le hinfheisteoirí nó scor de chaidreamh gnó leo ar bhonn breithnithe tráchtála amhail stádas creidmheasa an infheisteora, an riosca contrapháirtí agus socrú deireanach an idirbhirt.

145. D’fhonn an riosca a bhaineann le bheith neamhchosanta ar roinnt idirbheart ón gcliant céanna a theorannú beidh cead ag inmheánaitheoirí córasacha teorainn a chur le líon na n-idirbheart ón gcliant céanna a ghabhann siad ar láimh a dhéanamh de réir na gcoinníollacha foilsithe ar shlí neamh-idirdhealaitheach. Beidh cead acu freisin, ar shlí neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir le forálacha Airteagal 28 de Threoir [MiFID nua], líon iomlán na n-idirbheart ó chliaint éagsúla a theorannú ag an am céanna ar an gcoinníoll go bhfuil sé sin ceadaithe sna cásanna amháin ina sáraíonn líon agus/nó méid na n-orduithe arna n-iarraidh ag cliaint an gnáthlíon nó an gnáthmhéid go mór.

146. D'fhonn luacháil éifeachtúil scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a áirithiú agus an seans is fearr is féidir a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta an margadh is fearr is féidir a ghnóthú dá gcliaint, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh lena sonrófar:

147. na critéir lena sonraítear cathain a fhoilsítear luachan ar bhonn rialta agus leanúnach agus a bhfuil rochtain éasca uirthi chomh maith leis na bealaí ina bhféadfaidh gnólachtaí infheistíochta a n-oibleagáid a chomhlíonadh chun a luachana a phoibliú, lena n-áireofar na féidearthachtaí seo a leanas:

(i) trí bhíthin saoráidí margadh rialáilte ar bith a lig an ionstraim atá i dtrácht chun a trádála;

(ii) trí bhíthin socraithe fhaofa maidir le foilsiú;

(iii) trí bhíthin socruithe dílsithe;

148. tá na critéir lena sonraítear na hidirbhearta sin a dhéantar i roinnt urrús mar chuid d’idirbheart amháin nó orduithe atá faoi réir coinníollacha seachas praghas reatha an mhargaidh;

149. na critéir lena sonraítear na himthosca ar féidir a mheas gur imthosca eisceachtúla margaidh iad ar féidir luachana a tharraingt siar dá mbarr chomh maith leis na coinníollacha chun luachana a thabhairt suas chun dáta;

150. na critéir lena sonraítear cathain is mó go mór líon agus/nó méid na n-orduithe atá á iarraidh ag cliaint ná an gnáthlíon/gnathmhéid dá dtagraítear i mír 2;

151. na critéir lena sonraítear cathain a thagann praghsanna laistigh de réimse poiblí atá cóngarach do dhálaí an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Airteagal 17 Oibleagáid chun luachana daingne i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltas astaíochtaí agus i ndíorthaigh a fhoilsiú.

152. Soláthróidh inmheánaitheoirí córasacha luachana daingne i mbannaí agus i dtáirgí airgeadais struchtúraithe a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar foilsíodh réamheolaire ina leith, i lamháltas astaíochtaí agus i ndíorthaigh atá incháilithe d’imréiteach nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a thrádáiltear ar MTF nó ar OTF nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

153. sprreagann cliaint de chuid an inmheánaitheora chórasaigh iad chun luachan a sholáthar;

154. comhaontaíonn siad luachan a sholáthar.

155. Cuirfidh na hinmheánaitheoirí córasacha na luachana daingne arna soláthar de bhun mhír 1 ar fáil do chliaint eile an ghnólachta infheistíochta ar shlí oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach ar bhonn a mbeartais tráchtála.

156. Gabhfaidh siad ar láimh idirbhearta a dhéanamh le cliant ar bith eile a gcuirtear an luachan ar fáil dó faoi na coinníollacha foilsithe i gcás ina bhfuil an méid a luadh ar mhéid atá sainiúil don ionstraim nó faoi.

157. Beidh cead ag inmheánaitheoirí córasacha srianta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a bhunú ar líon na n-idirbheart a ghabhann siad ar láimh a dhéanamh le cliant de bhun luachana ar bith a soláthraíodh.

158. Déanfar na luachana arna dtabhairt de bhun mhír 1 agus ar an méid atá luaite i mír 3 nó faoi a phoibliú ar shlí a mbeidh rochtain éasca ag rannpháirtithe eile sa mhargadh orthu ar bhonn réasúnta tráchtála.

159. Beidh na luachana de chineál trína n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh an gnólacht a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 27 de Threoir [MiFID nua], agus léireoidh siad dálaí an mhargaidh san am maidir le praghsanna ar a dtugtar idirbhearta i gcrích le haghaidh na n-ionstraimí céanna nó ionstraimí dá samhail ar mhargaí rialáilte, ar MTFanna nó ar OTFanna.

Airteagal 18 Faireachán á dhéanamh ag an ESMA

160. Déanfaidh údaráis inniúla agus an ESMA faireachán ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo maidir leis na méideanna ar a gcuirtear luachana ar fáil do chliaint an ghnólachta infheistíochta agus do rannpháirtithe eile sa mhargadh i gcomparáid le gníomhaíocht trádála eile an ghnólachta, agus a mhéid a léiríonn na luachana dálaí an mhargaidh san am i gcomparáid le hidirbhearta san ionstraim chéanna nó in ionstraimí dá samhail atá ag tarlú ar mhargaí rialáilte, ar MTFanna, nó ar OTFanna. Laistigh de 2 bhliain ón dáta teacht i bhfeidhm, tuairisceoidh an ESMA don Choimisiún ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo. I gcás gníomhaíochta suntasaí luachana agus trádála atá díreach os cionn na tairsí atá luaite i mír 2 d’Airteagal 17 nó lasmuigh de dhálaí an mhargaidh san am, tuairisceoidh siad don Choimisiún roimh an sprioc sin.

161. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh ag sonrú na méideanna atá luaite in Airteagal 17(3) ag a ndéanfaidh gnólacht idirbhearta le cliant ar bith eile a gcuirtear an luachan ar fáil dó.

162. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh lena soiléireofar céard is bonn réasúnta tráchtála ann chun luachana a phoibliú dá dtagraítear in Airteagal 17(5).

Airteagal 19 Nochtadh iarthrádála á dhéanamh ag gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha, maidir le scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí eile airgeadais dá samhail

163. Gnólachtaí infheistíochta a thugann i gcrích, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son a gcuid cliant, idirbhearta i scaireanna, in admhálacha taisclainne, i gcistí arna dtrádáil ar an malartán, i ndeimhnithe nó in ionstraimí airgeadais eile dá samhail a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a thrádáiltear ar MTF nó ar OTF, déanfaidh siad méid agus praghas na n-idirbheart sin agus an tráth a tugadh chun críche iad a phoibliú. Déanfar an fhaisnéis sin a phoibliú trí APA.

164. Beidh an fhaisnéis a phoiblítear i gcomhréir le mír 1 agus leis na teorannacha ama a bhfoilsítear í laistigh díobh de réir na gceanglas arna nglacadh de bhun Airteagal 6. I gcás ina ndéantar foráil leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 6 do thuairisciú iarchurtha le haghaidh catagóirí áirithe idirbhirt i scaireanna, in admhálacha taisclainne, i gcistí arna dtrádáil ar an malartán, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail, féadfar leas a bhaint as an deis sin sna hidirbhearta sin nuair a ghabhtar ar láimh iad lasmuigh de mhargaí rialáilte, de MTFanna nó de OTFanna freisin.

165. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh lena sonrófar an méid seo a leanas:

166. aitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla trádálacha arna bhfoilsiú faoin Airteagal seo, a dhéanann idirdhealú eatarthu siúd a chinntear trí bhíthin fachtóirí a bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí agus na cinn sin a chinntear trí bhíthin fachtóirí eile;

167. gnéithe den oibleagáid faoi mhír 1 maidir le hidirbhearta ina n-úsáidtear na hionstraimí airgeadais sin chun críocha comhthaobhachta, iasachtaithe nó chun críocha eile ina gcinntear malartú ionstraimí airgeadais trí bhíthin fachtóirí seachas luacháil reatha margaidh na hionstraime.

Airteagal 20 Nochtadh iarthrádála a dhéanamh ag gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha, maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh

168. Gnólachtaí infheistíochta, a thugann i gcrích, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son a gcuid cliant, idirbhearta i mbannaí agus i dtáirgí airgeadas struchtúraithe a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a bhfuil réamheolaire foilsithe ina leith, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh atá incháilithe d’imréiteach nó a thuairiscítear do stórtha trádála i gcomhréir le hAirteagal [6] de Rialachán [EMIR] nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a thrádáiltear ar MTF nó ar OTF, déanfaidh siad méid agus praghas na n-idirbheart sin agus an tráth a tugadh chun críche iad a phoibliú. Déanfar an fhaisnéis sin a phoibliú trí APA.

169. Beidh an fhaisnéis a phoiblítear i gcomhréir le mír 1 agus leis na teorannacha ama a bhfoilsítear í laistigh díobh de réir na gceanglas arna nglacadh de bhun Airteagal 10. I gcás ina ndéantar foráil leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 10 do thuairisciú iarchurtha le haghaidh catagóirí áirithe idirbhirt i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí nó i ndíorthaigh, bainfidh an deis sin leis na hidirbhearta sin freisin nuair a ghabhtar ar láimh iad lasmuigh de mhargaí rialáilte, de MTFanna nó de OTFanna.

170. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh lena sonrófar an méid seo a leanas:

171. aitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla trádálacha arna bhfoilsiú faoin Airteagal seo, a dhéanann idirdhealú eatarthu siúd a chinntear trí bhíthin fachtóirí a bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí agus na cinn sin a chinntear trí bhíthin fachtóirí eile;

172. na critéir lena sonrófar an oibleagáid faoi mhír 1 maidir le hidirbhearta ina n-úsáidtear na hionstraimí airgeadais sin chun críocha comhthaobhachta, iasachtaithe nó chun críocha eile ina gcinntear malartú ionstraimí airgeadais trí bhíthin fachtóirí seachas luacháil reatha margaidh na hionstraime.

TEIDEAL IV

TUAIRISCIÚ IDIRBHEART

Airteagal 21 Oibleagáid chun sláine na margaí a chosaint

Gan dochar do leithdháileadh freagrachtaí chun forálacha Rialacháin [MAR nua] a fhorfheidhmiú, déanfaidh údaráis inniúla arna gcomhordú ag an ESMA i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faireachán ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta chun a áirithiú go ngníomhaíonn siad go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil agus ar mhodh a chuireann sláine an mhargaidh chun cinn.

Airteagal 22 Oibleagáid chun taifid a choimeád

173. Coimeádfaidh gnólachtaí infheistíochta ar fáil don údarás inniúil, ar feadh 5 bliana ar a laghad, na sonraí ábhartha a bhaineann le gach idirbheart in ionstraimí airgeadais atá curtha i gcrích acu, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son cliaint. I gcás idirbheart a chuirtear i gcrích ar son cliant, beidh ar áireamh sna taifid an fhaisnéis agus na mionsonraí uile a bhaineann le céannacht an chliaint, agus an fhaisnéis is gá faoi Threoir 2005/60/CE[23]. Féadfaidh an ESMA rochtain ar an bhfaisnéis sin a iarraidh i gcomhréir leis an nós imeachta agus leis na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

174. Coimeádfaidh oibreoir margaidh rialáilte, MTF nó OTF ar fáil don údarás inniúil, ar feadh 5 bliana ar a laghad, na sonraí ábhartha a bhaineann le gach ordú in ionstraimí airgeadais a fhógraítear trí bhíthin a gcóras. Beidh na mionsonraí uile is gá chun críocha Airteagal 23(1) agus (2) sna taifid. Comhlíonfaidh an ESMA ról éascaithe agus comhordaithe maidir le rochtain a bheith ag údaráis inniúla ar fhaisnéis faoi fhorálacha na míre seo.

Airteagal 23 Oibleagáid chun idirbhearta a thaifeadadh

175. Déanfaidh gnólachtaí airgeadais a dhéanann idirbhearta in ionstraimí airgeadais mionsonraí na n-idirbheart sin a thuairisciú don údarás inniúil chomh tapa agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná deireadh an lae oibre dar gcionn. Bunóidh na húdaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 89 de Threoir [MiFID nua], na socruithe iomchuí d'fhonn a áirithiú go bhfaigheann údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta le haghaidh na n-ionstraimí sin an fhaisnéis sin freisin.

176. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid atá leagtha síos i mír 1 maidir le hionstraimí airgeadais nach ligtear isteach chun a dtrádála nó nach dtrádáiltear ar MTF nó ar OTF, maidir le hionstraimí airgeadais nach mbraitheann a luach ar luach ionstraime airgeadais a ligtear isteach í chun a trádála nó a thrádáiltear ar MTF nó ar OTF, ná maidir le hionstraimí airgeadais nach bhfuil, nó nach dócha go mbeadh tionchar acu ar ionstraim airgeadais a ligtear isteach í chun a trádála nó a thrádáiltear ar MTF nó ar OFT.

177. Beidh ar áireamh sna tuairiscí, go háirithe, mionsonraí ainmneacha agus líon na n-ionstraimí a ceannaíodh nó a díoladh, cainníocht, na dátaí agus tráthanna a rinneadh na hidirbhearta, praghsanna na n-idirbheart, ainmniú chun na cliaint a shainaithint a ndearna an gnólacht infheistíochta an t-idirbheart sin ar a shon, ainmniú chun na daoine agus algartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bhí freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as an idirbheart a dhéanamh a shainaithint, agus modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint. I gcás idirbheart nach gcuirtear i gcrích ar mhargadh rialáilte, ar MTF nó ar OTF, beidh ar áireamh sna tuairiscí freisin ainmniú lena sainaithnítear na cineálacha idirbheart i gcomhréir leis na bearta atá le glacadh de bhun Airteagal 19(3)(a) agus Airteagal 20(3)(a).

178. Cuirfidh na gnólachtaí infheistíochta a tharchuireann orduithe san áireamh i dtarchur an ordaithe sin na mionsonraí uile is gá chun críocha mhíreanna 1 agus 3. In áit ainmniú a áireamh chun na cliaint a shainaithint ar tharchuir an gnólacht infheistíochta an t-ordú sin ar a son nó ainmniú a áireamh chun na daoine agus na halgartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta atá freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as an idirbheart a dhéanamh a shainaithint, féadfaidh gnólacht infheistíochta a roghnú freisin an t-ordú a tarchuireadh a thuairisciú i gcomhréir leis na ceanglais faoi mhír 1.

179. Tuairisceoidh oibreoir margaidh rialáilte, MTF nó OTF mionsonraí idirbheart in ionstraimí a thrádáiltear ar a n-ardán a dhéanann gnólacht trí bhíthin a gcóras ar gnólacht é nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo i gcomhréir le míreanna 1 agus 3.

180. Is é an gnólacht infheistíochta, ARM ag feidhmiú ar a shon féin, an margadh rialáilte nó MTF nó OFT ar cuireadh an t-idirbheart i gcrích trí bhíthin a gcóras a thabharfaidh na tuairiscí don údarás inniúil. Córais tuairiscithe nó córais chomhoiriúnaithe trádála, lena n-áirítear stórtha trádála atá cláraithe nó aitheanta i gcomhréir le Teideal VI de Rialachán [ ] (EMIR), féadfaidh an t-údarás inniúil iad a fhaomhadh mar ARM. I gcásanna ina ndéanann margadh rialáilte, MTF, OTF nó ARM idirbhearta a thuairisciú go díreach don údarás inniúil, féadfar an oibleagáid ar an ngnólacht infheistíochta atá leagtha síos i mír 1 a tharscaoileadh. I gcásanna inar tuairiscíodh idirbhearta do stór trádála i gcomhréir le hairteagal [7] de Rialachán [ ] (EMIR) agus ina bhfuil ar áireamh sna tuairiscí sin na mionsonraí a cheanglaítear a sholáthar faoi mhíreanna 1 agus 3, measfar gur comhlíonadh an oibleagáid ar an ngnólacht infheistíochta atá leagtha síos i mír 1.

181. Nuair, i gcomhréir le hAirteagal 37(8) de Threoir [MiFID nua], a dhéantar tuairiscí dá bhforáiltear faoin Airteagal sin a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit aíochta, cuirfidh sé an fhaisnéis sin chuig údaráis inniúla Bhallstát baile an ghnólachta infheistíochta, mura gcinneann siad nach mian leo an fhaisnéis sin a fháil.

182. Ullmhóidh an ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena gcinnfear:

183. caighdeáin agus formáidí sonraí chun an fhaisnéis a fhoilsiú i gcomhréir le míreanna 1 agus 3, lena n-áirítear na modhanna agus na socruithe maidir le hidirbhearta airgeadais a thuairisciú agus foirm agus ábhar na dtuairiscí sin;

184. na critéir chun margadh ábhartha a shainiú i gcomhréir le mír 1;

185. tagairtí na n-ionstraimí a ceannaíodh nó a díoladh, cainníocht, na dátaí agus tráthanna a rinneadh na hidirbhearta, praghsanna na n-idirbheart, faisnéis agus mionsonraí maidir le céannacht an chliaint, ainmniú chun na cliaint a shainaithint a ndearna an gnólacht infheistíochta an t-idirbheart sin ar a son, ainmniú chun na daoine agus algartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bhí freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as an idirbheart a dhéanamh a shainaithint, modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint, an chaoi ina ndearnadh an t-idirbheart, agus na réimsí sonraí atá riachtanach chun na tuairiscí idirbhirt a phróiseáil agus chun anailís a dhéanamh orthu i gcomhréir le mír 3.

Cuirfidh an ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [...].

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

186. Dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tuairisceoidh an ESMA don Choimisiún ar fheidhmiú an Airteagail seo, lena n-áirítear an leor ábhar agus formáid na dtuairiscí idirbhirt a fhaightear agus a mhalartaítear idir na húdaráis inniúla le faireachán ar ghnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 21 a chumasú ar shlí chuimsitheach. Féadfaidh an Coimisiún bearta a dhéanamh chun aon athruithe a mholadh, lena n-áirítear foráil a dhéanamh chun gur féidir idirbhearta a tharchur chuig córas arna ainmniú ag an ESMA seachas chuig údaráis inniúla, trínar féidir le húdaráis inniúla ábhartha rochtain a fháil ar an bhfaisnéis uile a thuairiscítear de bhun an Airteagail seo.

TEIDEAL V

DÍORTHAIGH

Airteagal 24 Oibleagáid chun trádáil a dhéanamh ar mhargaí rialáilte, ar MTFanna nó ar OTFanna

187. Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(6) agus contrapháirtithe neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal [5 (1b)] de Rialachán [ ] (EMIR) idirbhearta nach idirbhearta laistigh de ghrúpa iad a thabhairt i gcrích mar atá sainmhínithe in Airteagal [2a] de Rialachán [ ] (EMIR) le contrapháirtithe airgeadais eile mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(6) nó le contrapháirtithe neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal [5(1b)} de Rialachán [ ] (EMIR) i ndíorthaigh a bhaineann le haicme díorthach a dearbhaíodh de réir na hoibleagáide trádála i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 26 agus atá liostaithe sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 27 orthu seo amháin:

188. margaí rialáilte;

189. MTFanna;

190. OTFanna; nó

191. ionaid trádála tríú tír, ar an gcoinníoll go bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4 agus ar an gcoinníoll go soláthraíonn an tríú tír aitheantas cómhalartach comhionann ar ionaid trádála atá údaraithe faoi Threoir [MiFID nua] chun díorthaigh a ligean isteach chun a dtrádála nó a thrádáil a dearbhaíodh faoi réir oibleagáide trádála sa tríú tír sin ar bhonn neamheisiach.

192. Beidh feidhm ag an oibleagáid trádála freisin maidir le contrapháirtithe dá dtagraítear i mír 1 a dhéanann idirbhearta díorthach a bhaineann le díorthaigh a dearbhaíodh faoi réir na hoibleagáide trádála le hinstitiúidí airgeadais tríú tíortha nó le heintitis eile tríú tíortha a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas. Beidh feidhm ag an oibleagáid trádála freisin maidir le heintitis tríú tíortha a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas, ar eintitis iad a dhéanann idirbhearta díorthach a bhaineann le díorthaigh a dearbhaíodh faoi réir na hoibleagáide trádála, ar an gcoinníoll go bhfuil iarmhairt dhíreach, substaintiúil agus intuartha ag an gconradh laistigh den Aontas nó i gcás ina bhfuil an oibleagáid sin riachtanach nó más iomchuí í, ionas nach ndéanfar foráil ar bith den Rialachán seo a imghabháil.

193. Beidh díorthaigh arna ndearbhú faoi réir na hoibleagáide trádála incháilithe lena ligean isteach chun a dtrádála ar ionad trádála ar bith mar at a luaite i mír 1 ar bhonn neamheisiach agus neamh-idirdhealaitheach.

194. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42, cinntí a ghlacadh lena gcinnfear go n-áirithíonn creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír go bhfuil ionad trádála atá údaraithe sa tríú tír sin ag comhlíonadh na gceanglas atá ceangailteach de réir an dlí, i gcás ina bhfuil na ceanglais sin comhionann leis na ceanglais le haghaidh ionad trádála dá dtagraítear i bhfomhíreanna (a) go (c) de mhír 1 a thig ón Rialachán seo, ó Threoir [MiFID nua], agus ó Rialachán [MAR nua], agus atá faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a bhforfheidhmithe sa tríú tír sin.

Meastar go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír coibhéiseach i gcás ina gcomhlíonann an creat sin na coinníollacha seo a leanas:

195. tá na hionaid trádála sa tríú tír sin faoi réir údaraithe, faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a bhforfheidhmithe ar bhonn leanúnach;

196. tá rialacha soiléire agus trédhearcacha ag ionaid trádála maidir le hionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála sa chaoi is gur féidir na hionstraimí airgeadais sin a thrádáil ar shlí atá cóir, ordúil agus éifeachtúil, agus go bhfuil siad soshannta go neamhshrianta;

197. tá eisitheoirí ionstraimí airgeadais faoi réir ceanglas faisnéise tréimhsiúil agus leanúnach a áirithíonn leibhéal ard cosanta d'infheisteoirí;

198. áirithíonn sé trédhearcacht agus sláine an mhargaidh trí dhrochúsáid mhargaidh i bhfoirm déileála cos istigh agus cúblála margaidh a chosc.

199. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh lena sonrófar na cásanna ina bhfuil tionchar díreach, substaintiúil agus intuartha ag na cineálacha conarthaí dá dtagraítear i mír 2 laistigh den Aontas agus na cásanna ina bhfuil an oibleagáid trádála riachtanach nó iomchuí chun cosc a chur le himghabháil foráil ar bith de chuid an Rialacháin seo.

Airteagal 25 Oibleagáid imréitigh le haghaidh díorthach a thrádáiltear ar mhargaí rialáilte

Áiritheoidh oibreoir margaidh rialáilte go n-imréiteoidh contrapháirtí lárnach gach idirbheart a thugtar i gcrích ar an margadh rialáilte i ndíorthaigh a baineann le haicme díorthach a dearbhaíodh faoi réir na hoibleagáide imréitigh de bhun Airteagail 4(3) de Rialachán [EMIR].

Airteagal 26 Nós imeachta na hoibleagáide trádála

200. Ullmhóidh an ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn an méid seo a leanas a chinneadh:

201. cén aicme díorthach a dearbhaíodh faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 4, mír 2 agus agus mír 4, de Rialachán [ ] (EMIR), nó faoi fhothacar ábhartha di, a thrádálfar ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 24(1);

202. an dáta óna mbeidh éifeacht leis an oibleagáid trádála.

Cuirfidh an ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de thrí mhí tar éis don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán [ ] (EMIR) a ghlacadh.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán 1095/2010.

203. Ionas go mbeidh éifeacht leis an oibleagáid trádála:

204. (a) ní mór an aicme díorthach nó fothacar iomchuí di a ligean isteach chun a trádála nó a thrádáil ar mhargadh rialáilte, ar MTF nó ar OTF amháin ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 24(1), agus

205. meastar go bhfuil an aicme díorthach nó fothacar ábhartha di leachtach a ndóthain chun trádáil ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus orthu sin amháin.

206. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á bhforbairt aige, measfaidh an ESMA go bhfuil an aicme díorthach nó fothacar ábhartha di leachtach a ndóthain de bhun na gcritéar seo a leanas:

207. meánmhinicíocht na dtrádálacha;

208. meánmhéid na dtrádálacha;

209. líon agus cineál na rannpháirtithe gníomhacha sa mhargadh;

Roimh dó na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh, seolfaidh an ESMA comhairliúchán poiblí agus, nuair is iomchuí, féadfaidh sé dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla i dtríú tíortha.

210. Sainaithneoidh an ESMA agus cuirfidh sé in iúl don Choimisiún, ar a thionscnamh féin, i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach i mír 2 agus i ndiaidh comhairliúchán poiblí a sheoladh, na haicmí díorthach nó na conarthaí díorthach aonair ba cheart a bheith faoi réir na hoibleagáide chun trádáil a dhéanamh ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 24(1), ach nach bhfuil údarú faighte ag contrapháirtí lárnach ar bith fós ina leith faoi Airteagal 10 nó Airteagal 11 de Rialachán ----/----(EMIR) nó nach ligtear isteach chun a dtrádála nó nach dtrádáiltear ar ionad dá dtagraítear in Airteagal 24(1).

Tar éis fógra ón ESMA, féadfaidh an Coimisiún glaoch ar fhorbairt tograí a fhoilsiú maidir leis na díorthaigh sin a thrádáil ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 24(1).

211. Cuirfidh an ESMA faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le mír 1, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme nua chun caighdeáin theicniúla cur chun feidhme reatha a leasú, a chur ar fionraí, nó a aisghairm pé uair a thagann athrú ábhartha ar na critéir atá leagtha amach i mír 2. Sula ndéanfaidh sé amhlaidh, féadfaidh an ESMA dul i gcomhairle, nuair is iomchuí, le húdaráis inniúla i dtríú tíortha. Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme reatha a leasú, a chur ar fionraí nó a aisghairm i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

212. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear na critéir dá dtagraítear i mír 2(b) a ghlacadh, caighdeáin atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 1095/2010. Déanfaidh an ESMA dréachtaí le haghaidh na gcaighdeán teicniúil rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin --/--/--.

Airteagal 27 Clár díorthach faoi réir na hoibleagáide trádála

Coimeádfaidh an ESMA clár ina sonraítear, ar bhealach uileghabhálach agus aonchiallach, na díorthaigh atá faoi réir na hoibleagáide chun trádáil a dhéanamh ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 24(1), na hionaid ina ligtear isteach chun a dtrádála nó ar a dtrádáiltear iad, agus na dátaí óna bhfuil éifeacht leis an oibleagáid agus foilseoidh sé ar a shuíomh gréasáin é.

Teideal VI

ROCHTAIN NEAMH-IDIRDHEALAITHEACH AR IMRÉITEACH LE HAGHAIDH IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Airteagal 28 Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar chontrapháirtí lárnach

213. Gan dochar d’Airteagal 8 de Rialachán [ ] (EMIR), glacfaidh contrapháirtí lárnach le hionstraimí airgeadais a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le ceanglais chomhthaobhachta agus táillí a bhaineann le rochtain, beag beann ar an ionad trádála ina ndéantar an t-idirbheart. Ba cheart go n-áiritheodh sé sin, go háirithe, go mbeidh ionad trádála i dteideal láimhseála neamh-idirdhealaithí ó thaobh an chaoi a láimhseáiltear conarthaí arna dtrádáil ar a ardán a fhad a bhaineann le ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach go heacnamaíoch agus le tras-éarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha a d'imréitigh an contrapháirtí lárnach céanna. Féadfaidh contrapháirtí lárnach a cheangal go gcomhlíonfaidh an t-ionad trádála na ceanglais réasúnta oibriúcháin agus theicniúla atá bunaithe ag an contrapháirtí lárnach . Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le hidirbheart díorthach ar bith atá faoi réir na n-oibleagáidí rochtana faoi Airteagal 8 de Rialachán [EMIR] cheana féin.

214. Déanfaidh ionad trádála iarratas chun rochtain a fháil ar chontrapháirtí lárnach a chur faoi bhráid an chontrapháirtí lárnaigh agus a údaráis inniúil ábhartha go foirmiúil.

215. Tabharfaidh an contrapháirtí lárnach freagra i scríbhinn don ionad trádála laistigh de thrí mhí ag údarú na rochtana, ar choinníoll nár dhiúltaigh an t-údarás inniúil ábhartha rochtain de bhun mhír 4, nó ag diúltú na rochtana. Ní fhéadfaidh an contrapháirtí lárnach iarratas ar rochtain a dhiúltú ach amháin faoi na coinníollacha atá sonraithe i mír 6. Má dhiúltaíonn contrapháirtí lárnach rochtain a thabhairt tabharfaidh sé na cúiseanna iomlána leis sin ina fhreagra agus cuirfidh á údarás inniúil ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh sin. Ceadóidh an contrapháirtí lárnach rochtain laistigh de thrí mhí tar éis dó freagra deimhneach ar thabhairt ar an iarratas ar rochtain.

216. Ní fhéadfaidh údarás inniúil rochtain a dhiúltú d’ionad trádála ar chontrapháirtí lárnach ach amháin i gcás ina gcuirfeadh rochtain den chineál sin feidhmiú rianúil nó ordúil na margaí airgeadais i mbaol. Má dhiúltaíonn údarás inniúil rochtain ar an mbonn sin eiseoidh sé a chinneadh laistigh de dhá mhí tar éis dó an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a fháil agus tabharfaidh sé cúiseanna iomlána leis sin don chontrapháirtí lárnach agus don ionad trádála lena n-áirítear an fhianaise a bhfuil an cinneadh bunaithe uirthi.

217. Féadfaidh ionad trádála atá bunaithe i dtríú tír rochtain ar chontrapháirtí lárnach atá bunaithe san Aontas a iarraidh ar an gcoinníoll go bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le Airteagal 24(4) a bhaineann leis an tríú tír sin agus ar choinníoll go ndéantar foráil i gcreat dlí an tríú tír maidir le haitheantas coibhéiseach éifeachtach ionad trádála atá údaraithe faoi Threoir [MiFID nua] chun rochtain ar chontrapháirtithe lárnacha sa tríú tír sin a iarraidh.

218. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh lena sonrófar an méid seo a leanas:

219. na coinníollacha faoina bhféadfaidh contrapháirtí lárnach rochtain a dhiúltú, lena n-áirítear coinníollacha atá bunaithe ar líon na n-idirbheart, ar líon agus cineál na n-úsáideoirí nó ar thosca eile atá faoi deara rioscaí míchuí.

220. na coinníollacha faoina dtugtar rochtain, lena n-áirítear rúndacht na faisnéise arna soláthar maidir le hionstraimí airgeadais le linn na céime forbartha, an bonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach maidir le táillí imréitigh, ceanglais chomhthaobhachta agus ceanglais oibriúcháin maidir le héarlaisí.

Airteagal 29 Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar ionad trádála

221. Gan dochar d’Airteagal 8a de Rialachán [ ] (EMIR), soláthróidh ionad trádála fothaí trádála ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le táillí a bhaineann le rochtain, ar é a iarraidh, do chontrapháirtí lárnach ar bith atá údaraithe nó aitheanta le Rialachán [ ] (EMIR) ar mian leis idirbhearta airgeadais a rinneadh ar an ionad trádála sin a imréiteach. Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le hidirbheart díorthach ar bith atá faoi réir na n-oibleagáidí rochtana faoi Airteagal 8a de Rialachán [EMIR] cheana féin.

222. Cuirfidh contrapháirtí lárnach iarratas chun rochtain a fháil ar ionad trádála faoi bhráid an ionaid trádála agus a údaráis inniúil ábhartha go foirmiúil.

223. Tabharfaidh an t-ionad trádála freagra i scríbhinn don chontrapháirtí lárnach laistigh de thrí mhí ag údarú na rochtana, ar choinníoll nár dhiúltaigh an t-údarás inniúil ábhartha rochtain de bhun mhír 4, nó ag diúltú na rochtana. Ní fhéadfaidh an t-ionad trádála rochtain a dhiúltú ach amháin faoi na coinníollacha atá sonraithe faoi mhír 6. Sa chás ina ndiúltaítear rochtain tabharfaidh an t-ionad trádála cúiseanna iomlána leis an gcinneadh sin ina fhreagra don ionad trádála agus cuirfidh sé a údarás inniúil ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh. Ceadóidh an t-ionad trádála rochtain laistigh de thrí mhí tar éis dó freagra deimhneach ar thabhairt ar an iarratas ar rochtain.

224. Ní fhéadfaidh údarás inniúil an ionaid trádála rochtain a dhiúltú do chontrapháirtí lárnach ar ionad trádála ach amháin i gcás ina gcuirfeadh rochtain den chineál sin feidhmiú rianúil nó ordúil margaí i mbaol. Má dhiúltaíonn údarás inniúil rochtain ar an mbonn sin eiseoidh sé a chinneadh laistigh de dhá mhí tar éis dó an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a fháil agus tabharfaidh sé cúiseanna iomlána leis an gcinneadh sin don ionad trádála agus don chontrapháirtí lárnach lena n-áirítear an fhianaise a bhfuil an cinneadh bunaithe uirthi.

225. Féadfaidh contrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír rochtain ar ionad trádála atá bunaithe san Aontas a iarraidh faoi réir an contrapháirtí lárnach sin a bheith aitheanta faoi Airteagal 23 de Rialachán [EMIR] agus ar choinníoll go ndéantar foráil i gcreat dlí an tríú tír maidir le haitheantas coibhéiseach éifeachtach contrapháirtí lárnaigh atá údaraithe faoi Rialachán [EMIR] chun rochtain a fháil ar ionaid trádála atá bunaithe sa tríú tír sin.

226. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh lena sonrófar an méid seo a leanas:

227. na coinníollacha faoina bhféadfadh ionad trádála rochtain a dhiúltú, lena n-áirítear coinníollacha atá bunaithe ar líon na n-idirbheart, líon na n-úsáideoirí nó fachtóirí eile a chruthaíonn rioscaí míchuí.

228. na coinníollacha faoina dtugtar rochtain, lena n-áirítear rúndacht na faisnéise arna soláthar maidir le hionstraimí airgeadais le linn na céime forbartha, agus an bonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach maidir le táillí a bhaineann le rochtain.

Airteagal 30 Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar thagarmharcanna agus an oibleagáid tagarmharcanna a cheadúnú

229. Sa chás ina ndéantar luach ionstraim airgeadais ar bith a ríomh trí thagairt do thagarmharc, áiritheoidh duine a bhfuil cearta dílsithe aige ar an tagarmharc go bhfuil, chun críocha trádála agus imréitigh, rochtain neamh-idirdhealaitheach ag contrapháirtithe lárnacha agus ag ionaid trádála ar na nithe seo a leanas:

230. fothaí ábhartha praghsanna agus sonraí agus faisnéis faoi chomhdhéanamh, faoi mhodheolaíocht agus faoi phraghsáil an tagarmhairc sin; agus

231. ceadúnais.

Tabharfar rochtain ar an bhfaisnéis sin ar bhonn réasúnta tráchtála laistigh de thrí mhí tar éis do chontrapháirtí lárnach nó ionad trádála iarratas a dhéanamh, agus i ngach cás ar phraghas nach airde ná an praghas is ísle ar a dtugtar rochtain ar an tagarmharc nó ar a gceadúnaítear cearta maoine intleachtúla do chontrapháirtí lárnach eile, d’ionad trádála nó do dhuine ar bith lena mbaineann chun críocha imréitigh agus trádála.

232. Ní bheidh cead ag contrapháirtí lárnach, ionad trádála ná eintiteas lena mbaineann ar bith comhaontú a dhéanamh le haon soláthraí tagarmhairc a mbeadh d’éifeacht aige:

233. cosc a chur ar chontrapháirtí lárnach nó ar ionad trádála ar bith rochtain a fháil ar an bhfaisnéis nó ar na cearta sin dá dtagraítear i mír 1; nó

234. cosc a chur ar chontrapháirtí lárnach nó ar ionad trádála ar bith eile rochtain a fháil ar an bhfaisnéis nó ar na cearta sin ar théarmaí is lú buntáiste ná iad siúd a thugtar don chontrapháirtí lárnach nó don ionad trádála sin.

235. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh lena sonrófar an méid seo a leanas:

236. an fhaisnéis le bheith curtha ar fáil faoi mhír 1(a);

237. (b) na coinníollacha faoina dtugtar rochtain, lena n-áirítear rúndacht na faisnéise a sholáthraítear.

Teideal VII

BEARTA MAOIRSEACHTA MAIDIR LE HIDIRGHABHÁIL TÁIRGE AGUS SUÍOMHANNA

Caibidil 1

Idirghabháil Táirge

Airteagal 31 Cumhachtaí an ESMA idirghabháil shealadach a dhéanamh

238. I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, i gcás inar deimhin leis an ESMA ar fhorais réasúnacha gur comhlíonadh na coinníollacha i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh sé toirmeasc nó srian sealadach a chur ar na nithe seo a leanas san Aontas:

239. margú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais áirithe nó ionstraimí airgeadais a bhfuil gnéithe áirithe ag baint leo; nó

240. cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais.

Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag an ESMA

241. Ní ghlacfaidh an ESMA cinneadh faoi mhír 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

242. tugann an ghníomhaíocht atá beartaithe aghaidh ar an mbaol do chosaint d’infheisteoirí nó d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;

243. ní théann na ceanglais rialála faoi reachtaíocht an Aontais atá infheidhme maidir leis an ionstraim airgeadais nó maidir leis an ngníomhaíocht i gceist, ní théann siad i ngleic leis an mbaol; agus

244. níor ghlac údarás inniúil nó údaráis inniúla gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol nó ní leor na gníomhaíochtaí a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin go sásúil.

245. Le linn don ESMA gníomhaíocht a ghlacadh faoin Airteagal seo tabharfaidh sé aird ar a mhéid:

246. nach bhfuil éifeacht dhochrach ag an ngníomhaíocht ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná ar infheisteoirí, atá díréireach leis na sochair a thabharfaidh an ghníomhaíocht; agus

247. nach bhfuil an ghníomhaíocht faoi deara riosca arbatráiste rialaithigh.

I gcás ina bhfuil beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoi Airteagail 32, féadfaidh an ESMA aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 33 a eisiúint.

248. Sula gcinnfear aon ghníomhaíocht a ghlacadh faoin Airteagal seo, tabharfaidh an ESMA fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ngníomhaíocht atá beartaithe aige.

249. Foilseoidh an ESMA ar a shuíomh gréasáin fógra faoi aon chinneadh maidir le haon ghníomhaíocht a ghlacadh faoin Airteagal seo. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsrian agus sonrófar tráth i ndiaidh an fógra a fhoilsiú óna mbeidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a ghlactar tar éis do na bearta teacht i bhfeidhm.

250. Déanfaidh an ESMA athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna bhforchur faoi mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí agus uair gach trí mhí ar a laghad. Mura ndéantar an toirmeasc nó an srian a athnuachan tar éis na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé in éag.

251. Beidh forlámhas ag gníomhaíocht a ghlacann an ESMA faoin Airteagal seo ar aon ghníomhaíocht eile a rinne údarás inniúil roimhe sin.

252. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh lena sonrófar critéir agus fachtóirí a bheidh le cur san áireamh ag an ESMA a chur san áireamh agus é ag cinneadh cathain atá cosaint infheisteoirí nó feidhmiú rianúil agus sláine margaí airgeadais agus cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2(a), nó cobhsaíocht cuid de, cathain atá siad i mbaol.

Airteagal 32 Idirghabháil táirge a dhéanamh ag údaráis inniúla

253. Féadfaidh údarás inniúil toirmeasc nó srian a chur ar na nithe seo a leanas sa Bhallstát sin nó uaidh:

254. margú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais áirithe nó ionstraimí airgeadais a bhfuil gnéithe áirithe ag baint leo; nó

255. cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais.

256. Féadfaidh údarás inniúil an ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh má tá sé sásta, ar fhorais réasúnacha:

257. gur údar imní suntasach ó thaobh cosanta infheisteoirí atá in ionstraim airgeadais nó i ngníomhaíocht nó i gcleachtas nó go gcuireann siad feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó cobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine i mbaol;

258. nach dtugann na ceanglais reatha rialála faoi reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir leis an ionstraim airgeadais nó leis an ngníomhaíocht nó leis an gcleachtas aghaidh go leormhaith ar na rioscaí dá dtagraítear i mír (a) agus nárbh fhearr aghaidh a thabhairt ar an gceist trí mhaoirseacht fheabhsaithe nó trí na ceanglais reatha a fhorfheidhmiú;

259. go bhfuil an ghníomhaíocht comhréireach agus aird á tabhairt ar na rioscaí atá sainaitheanta, leibhéal sofaisticiúlachta na n-infheisteoirí nó na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann agus an tionchar is dócha a bheadh ag an ngníomhaíocht ar infheisteoirí agus ar rannpháirtithe sa mhargadh a fhéadfaidh ionstraimí airgeadais nó an gníomhaíocht a shealbhú, a úsáid nó tairbhe a bhaint aisti;

260. go ndeachaigh sé i gcomhairle mar is ceart le húdaráis inniúla i mBallstáit eile a bhféadfadh an ghníomhaíocht difear suntasach a dhéanamh dóibh; agus

261. nach bhfuil tionchar idirdhealaitheach ag an ngníomhaíocht ar sheirbhísí ná ar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear ó Bhallstát eile.

Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag an údarás inniúil.

262. Ní ghlacfaidh an t-údarás inniúil gníomhaíocht faoin Airteagal seo ach amháin i gcás ina bhfuil fógra i scríbhinn curtha aige chuig gach údarás inniúil eile agus chuig an ESMA, tráth nach lú ná mí amháin roimh dó an ghníomhaíocht a ghlacadh, faoi na mionsonraí seo a leanas:

263. an ionstraim airgeadais nó an ghníomhaíocht nó an cleachtas lena mbaineann an beart atá beartaithe;

264. an cineál toirmisc nó sriain go baileach atá beartaithe agus an dáta a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis; agus

265. an fhianaise ar bhunaigh sé a chinneadh uirthi agus ar ar deimhin leis gur comhlíonadh gach ceann de na coinníollacha i mír 1.

266. Foilseoidh an t-údarás inniúil ar a shuíomh gréasáin fógra maidir le haon chinneadh chun aon toirmeasc nó srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsrian, an dáta tar éis dháta foilsithe an fhógra óna mbeidh éifeacht leis na bearta agus an fhianaise ar deimhin leis gur comhlíonadh gach ceann de na coinníollacha i mír 1. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná ag an srian ach amháin maidir le gníomhaíochtaí a ghlactar tar éis an fógra a fhoilsiú.

267. Déanfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian a aisghairm mura bhfuil feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha i mír 1.

268. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh lena sonrófar critéir agus tosca a bheidh le cur san áireamh ag údaráis inniúla agus iad ag cinneadh cathain atá cosaint infheisteoirí nó feidhmiú rianúil agus sláine margaí airgeadais agus cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2(a), nó cobhsaíocht cuid de, cathain atá siad i mbaol.

Airteagal 33 Comhordú á dhéanamh ag an ESMA

269. Beidh ról éascaithe agus comhordaithe ag an ESMA maidir le gníomhaíocht a ghlacann údaráis inniúla faoi Airteagal 32. Áiritheoidh an ESMA go háirithe go mbeidh údar le gníomhaíocht ar bith a ghlacann údarás inniúil agus go mbeidh sí comhréireach agus go nglacfaidh na húdaráis inniúla chur chuige comhsheasmhach nuair is iomchuí.

270. Tar éis fógra a fháil faoi Airteagal 32 maidir le haon ghníomhaíocht is gá a fhorchur faoin Airteagal sin, glacfaidh an ESMA tuairim faoina measann sé an bhfuil údar leis an toirmeasc nó an srian agus an bhfuil sé comhréireach. I gcás ina measann an ESMA go bhfuil gá le beart ó údaráis inniúla eile chun aghaidh a thabhairt ar an riosca, tabharfaidh sé an méid sin le fios freisin sa tuairim uaidh. Foilseofar an tuairim ar shuíomh gréasáin an ESMA.

271. I gcás ina mbeartaíonn údarás inniúil gníomhaíocht a ghlacadh nó ina nglacann sé gníomhaíocht atá contrártha don tuairim ón ESMA faoi mhír 2 nó i gcás ina ndiúltaíonn sé gníomhaíocht a ghlacadh atá contrártha don tuairim ón ESMA faoin mír sin foilseoidh sé an méid sin láithreach ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé míniú cuimsitheach ar na cúiseanna atá aige leis.

Caibidil 2

Suíomhanna

Airteagal 34 Bearta maidir le bainistíocht náisiúnta suímh agus teorainneacha suímh a chomhordú ag an ESMA

272. Beidh ról éascaithe agus comhordaithe ag an ESMA maidir le bearta a dhéanann údaráis inniúla de bhun Airteagal 71(2) fomhír (i) agus Airteagal 72(1) fomhír (f) agus fomhír (g) de Threoir [MiFID nua]. Áiritheoidh an ESMA, go háirithe, go nglacfaidh na húdaráis inniúla cur chuige comhsheasmhach maidir leis na tráthanna a fheidhmítear na cumhachtaí sin, cineál agus raon feidhme na mbeart a fhorchuirtear, ré na mbeart agus an méid a leanfaidh uathu.

273. Tar éis dó fógra a fháil faoi bheart ar bith faoi Airteagal 83(5) de Threoir (MiFID nua) déanfaidh an ESMA an beart agus na cúiseanna atá leis a thaifeadadh. Maidir le bearta de bhun Airteagal 72(1) fomhír (f) agus (g) de Threoir [MiFID nua], coimeádfaidh sé bunachar sonraí ina bhfuil achoimrí ar na bearta atá i bhfeidhm lena n-áirítear mionsonraí maidir leis an duine nó an aicme daoine lena mbaineann, na hionstraimí airgeadais is infheidhme, bearta cainníochtúla nó tairseacha ar bith amhail uaslíon na gconarthaí is féidir le daoine a dhéanamh sula mbainfear teorainn amach, díolúintí ar bith ina leith, agus na cúiseanna atá leis agus foilseoidh sé ar a shuíomh gréasáin é.

Airteagal 35 Cumhachtaí bainistíochta suímh an ESMA

274. I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh an ESMA, i gcás ina bhfuil na coinníollacha uile i mír 2 comhlíonta, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:

275. faisnéis a iarraidh ar aon duine lena n-áirítear an doiciméadacht ábhartha uile maidir le méid agus le cuspóir an tsuímh nó na neamhchosanta a ghlactar trí dhíorthach];

276. tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fuarthas, a cheangal ar aon duine den sórt sin bearta a dhéanamh chun méid an tsuímh nó na neamhchosanta a laghdú;

277. teorainn a chur le cumas an duine díorthach tráchtearra a ghlacadh.

278. Ní ghlacfaidh an ESMA cinneadh faoi mhír 1 mura gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

279. tugann na bearta a liostaítear i bpointí (a) go (c) de mhír 1 aghaidh ar bhaol dochair d'fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais lena n-áirítear maidir le socruithe seachadta le haghaidh tráchtearraí fisiceacha, nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;

280. ní dhearna údarás inniúil nó údaráis inniúla bearta chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol dochair sin nó ní leor na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin.

Déanfar bearta a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh tar éis dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 713/2009.

281. Le linn don ESMA bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh tabharfaidh sé aird ar a mhéid:

282. nach dtugann an beart aghaidh shuntasach ar an mbaol d'fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais nó do shocruithe seachadta le haghaidh tráchtearraí fisiceacha, nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó feabhas suntasach a dhéanamh ar chumas na n-údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar an mbaol sin;

283. nach bhfuil an beart faoi deara riosca arbatráiste rialaithigh.

284. nach bhfuil éifeacht dhochrach ag an mbeart ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais, lena n-áirítear leachtacht a laghdú sna margaí sin nó neamhchinnteacht a chruthú do na rannpháirtithe sa mhargadh, atá díréireach leis na sochair a thabharfaidh an beart.

285. Sula gcinnfear aon bheart dá dtagraítear i mír 1 a ghabháil ar láimh nó a athnuachan, tabharfaidh an ESMA fógra do na húdaráis inniúla ábhartha maidir leis an mbeart atá beartaithe aige. I gcás iarratais faoi fhomhír (a) nó (b) de mhír 1 áireofar san fhógra céannacht an duine nó na ndaoine chuig ar seoladh é na mionsonraí lena mbaineann agus na cúiseanna atá leis. I gcás birt faoi fhomhír (c) de mhír 1 áireofar san fhógra mionsonraí maidir leis an duine nó leis an aicme daoine lena mbaineann, na hionstraimí airgeadais is infheidhme, na bearta cainníochtúla ábhartha amhail uaslíon na gconarthaí a fhéadfaidh an duine nó an aicme daoine atá i dtrácht a dhéanamh, agus na cúiseanna atá leis sin.

286. Tabharfar fógra 24 uair an chloig ar a laghad roimh an am a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart sin nó go ndéanfar é a athnuachan. Féadfaidh an ESMA, i gcásanna eisceachtúla, fógra níos giorra ná 24 uair an chloig roimh an am a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart sin a thabhairt i gcás nach féidir fógra 24 uair an chloig a thabhairt.

287. Foilseoidh an ESMA ar a shuíomh gréasáin fógra faoi aon chinneadh maidir le haon bheart dá dtagraítear i bhfomhír (c) de mhír 1 a fhorchur nó a athnuachan. Áireofar san fhógra mionsonraí maidir leis an duine nó leis an aicme daoine lena mbaineann, na hionstraimí airgeadais is infheidhme, na bearta cainníochtúla ábhartha amhail uaslíon na gconarthaí a fhéadfaidh an duine nó an aicme daoine atá i dtrácht a dhéanamh, agus na cúiseanna atá leis sin.

288. Beidh éifeacht le beart a luaithe is a fhoilseofar an fógra nó ag tráth a bheidh sonraithe san fhógra a bheidh i ndiaidh a fhoilsithe agus ní bheidh feidhm aige ach maidir le hidirbheart a dhéanfar tar éis don bheart teacht i bhfeidhm.

289. Déanfaidh an ESMA athbhreithniú ar a bhearta dá dtagraítear i bhfomhír (c) de mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí agus uair gach trí mhí ar a laghad. Mura ndéantar beart a athnuachan tar éis na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé in éag láithreach. Beidh feidhm ag mír 2 agus mír 8 maidir leis na bearta a athnuachan.

290. Beidh forlámhas ag beart a ghlacann an ESMA faoin Airteagal seo ar aon bheart eile a rinne údarás inniúil roimhe sin faoi Roinn 1.

291. Déanfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 37 bearta a ghlacadh lena sonrófar critéir agus fachtóirí a bheidh ar an ESMA a chur san áireamh agus é ag cinneadh nuair a thiocfaidh baol d'fheidhmiú ordúil agus do shláine margaí airgeadais lena n-áirítear maidir le socruithe seachadta le haghaidh tráchtearraí fisiceacha, nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas dá dtagraítear i mír 2(a) chun cinn.

Teideal VIII

SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ GAN BHRAINSE AG GNÓLACHTAÍ TRÍÚ TÍORTHA

Airteagal 36 Forálacha ginearálta

292. Ní fhéadfaidh gnólacht tríú tír na seirbhísí atá liostaithe in Airteagal 30 de Threoir [MiFID nua] a sholáthar do chontrapháirtithe incháilithe atá bunaithe san Aontas gan aon bhrainse a bhunú ach amháin i gcás ina bhfuil sé cláraithe i gclár gnólachtaí tríú tíortha a choinníonn an ESMA i gcomhréir le hAirteagal 37.

293. Ní fhéadfaidh an ESMA gnólacht tríú tír a bhfuil iarratas déanta aige ar sholáthar seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta san Aontas i gcomhréir le mír 1 a chlárú ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

294. tá cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 37, mír 1;

295. tá an gnólacht údaraithe sa dlínse ina bhfuil sé bunaithe na seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta sin atá le soláthar a sholáthar san Aontas agus tá sé faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a fhorfheidhmithe trína áirithítear go gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme sa tríú tír sin ina n-iomláine;

296. tá socruithe comhair bunaithe de bhun Airteagail 37, mír 2.

297. cuirfidh an gnólacht tríú tír dá dtagraítear i mír 1 a iarratas faoi bhráid an ESMA tar éis don Choimisiún an chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 37 a ghlacadh lena chinntear go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír ina bhfuil an gnólacht tríú tíre údaraithe comhionann leis na ceanglais a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 37 (1).

Soláthróidh an gnólacht iarrthach tríú tír gach faisnéis don ESMA a mheasfar a bheith riachtanach chun é a chlárú. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh an ESMA measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh an ESMA spriocdháta síos faoina mbeidh ar an ngnólacht iarrthach tríú tír faisnéis bhreise a sholáthar.

Is ar bhonn na gcoinníollacha atá leagtha amach i mír 2 a dhéanfar cinneadh faoin gclárú.

Cuirfidh an ESMA in iúl i scríbhinn don ghnólacht iarrthach nach de chuid an AE é ar deonaíodh nó nár deonaíodh an clárú agus míniú lán-réasúnaithe á thabhairt ina thaobh, laistigh de 180 lá oibre tar éis iarratas iomlán a bheith curtha faoina bhráid.

298. Cuirfidh gnólachtaí tríú tíortha a sholáthraíonn seirbhísí i gcomhréir leis an Airteagal seo in iúl do chliaint atá bunaithe san Aontas, sula soláthrófar aon seirbhísí infheistíochta, nach bhfuil cead acu seirbhísí a sholáthar do chliaint eile seachas contrapháirtithe incháilithe agus nach bhfuil siad faoi réir maoirseachta san Aontas. Cuirfidh siad in iúl ainm agus seoladh an údaráis inniúil atá freagrach as maoirseacht sa tríú tír.

Cuirfear an fhaisnéis sa chéad fhomhír ar fáil i scríbhinn agus ar bhealach feiceálach.

Ní cheadófar do dhaoine atá bunaithe san Aontas seirbhísí infheistíochta a fháil ó ghnólacht tríú tír nach bhfuil cláraithe i gcomhréir le mír 1 ach amháin ar a dtionscnamh eisiach féin.

299. Socrófar aon díospóidí idir na gnólachtaí tríú tíortha agus infheisteoirí an AE i gcomhréir le dlí agus faoi réir dhlínse an Bhallstáit.

300. Déantar cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún chun caighdeáin rialála theicniúla a ghlacadh lena sonrófar an fhaisnéis a sholáthróidh an gnólacht iarrthach tríú tír don ESMA ina iarratas ar chlárú i gcomhréir le mír 3 agus formáid na faisnéise as sholáthrófar i gcomhréir le mír 4.

Glacfar leis na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Cuirfidh an ESMA dréacht de na caighdeán theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [].

Airteagal 37 Cinneadh comhionannais

301. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42 i dtaca le tríú tír más rud é go n-áirithíonn socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an tríú tír sin go gcomhlíonann gnólachtaí atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus a bhfuil a n-éifeacht coibhéiseach le héifeacht na gceanglas atá leagtha amach i dTreoir Uimh. [MiFID], sa Rialachán seo agus i dTreoir 2006/49/CE [an Treoir um Leordhóthanacht Caipitil] agus ina mbearta cur chun feidhme agus má tá foráil déanta ag an tríú tír sin maidir le haitheantas coibhéiseach cómhalartach don chreat stuamachta is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir leis an Treoir seo.

Féadfar a mheas go bhfuil creat stuamachta tríú tíre coibhéiseach i gcás ina gcomhlíonann an creat sin na coinníollacha seo a leanas:

302. tá na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta sa tríú tír sin faoi réir údaraithe, faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a bhforfheidhmithe ar bhonn leanúnach;

303. tá na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta sa tríú tír sin faoi réir ceanglas leordhóthanachta maidir le caipitil agus ceanglas iomchuí is infheidhme maidir le scairshealbhóirí agus baill dá gcomhlacht bainistíochta;

304. tá gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta faoi réir ceanglas eagraíochtúil leordhóthanach i réimse fheidhmeanna an rialaithe inmheánaigh;

305. tá gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta faoi réir rialacha iomchuí iompair;

306. áirithíonn sé trédhearcacht agus sláine an mhargaidh trí dhrochúsáid mhargaidh i bhfoirm déileála cos istigh agus cúblála margaidh a chosc.

307. Bunóidh an ESMA socruithe comhair le húdaráis inniúla ábhartha na dtríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta comhionann i gcomhréir le mír 1. Sonróidh na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

308. an mheicníocht don mhalartú faisnéise idir an ESMA agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar gach fhaisnéis a iarrann an ESMA faoi na gnólachtaí nach de chuid an AE iad atá údaraithe i dtríú tíortha;

309. an mheicníocht chun fógra a thabhairt go pras don ESMA i gcás ina measann údarás inniúil tríú tír go bhfuil gnólacht tríú tír atá faoi mhaoirsiú aige agus atá cláraithe ag an ESMA sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 38 ag sárú coinníollacha a údaraithe nó reachtaíochta eile a bhfuil sé d'oibleagáid air a chomhlíonadh;

310. na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear nuair is iomchuí, cigireachtaí ar an láthair.

Airteagal 38 Clár

Cláróidh an ESMA na gnólachtaí nach de chuid an AE iad a bhfuil cead acu seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar san Aontas faoi réir Airteagal 36. Beidh an clár inrochtana don phobal ar shuíomh gréasáin an ESMA agus beidh faisnéis ann faoi na seirbhísí nó faoi na gníomhaíochtaí a bhfuil cead ag na gnólachtaí nach de chuid an AE iad a sholáthar agus tagairt don údaráis inniúil atá freagrach as iad a mhaoirsiú sa tríú tír.

Airteagal 39 Clárúchán a tharraingt siar

311. Má chomhlíontar na coinníollacha i mír 2, déanfaidh an ESMA clárúchán gnólachta nach de chuid an AE é sa chlár a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 38 a tharraingt siar más rud é:

312. go bhfuil cúiseanna ag an ESMA a bhfuil bunús maith leo agus atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe chun a chreidiúint go bhfuil an gnólacht nach de chuid an AE é ag gníomhú ar bhealach ar soiléir go ndéanfaidh sé dochar do leasanna na n-infheisteoirí nó d’fheidhmiú ordúil na margaí agus seirbhísí, agus gníomhaíochtaí infheistíochta á soláthar aige san Aontas, nó

313. go bhfuil cúiseanna ag an ESMA a bhfuil bunús maith leo agus atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe chun a chreidiúint go bhfuil an gnólacht nach de chuid an AE é tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh ar na forálacha is infheidhme sa tríú tír agus ar ar ghlac an Coimisiún an Cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 37, mír 1, agus seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta san Aontas á soláthar aige.

314. Ní ghlacfaidh an ESMA cinneadh faoi mhír 1 mura gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

315. Chuir an ESMA an cheist faoi bhráid údarás inniúil an tríú tír agus nár ghlac an t-údarás inniúil sin na bearta iomchuí atá ag teastáil chun infheisteoirí agus feidhmiú cuí na margaí san Aontas a chosaint nó mhainnigh sé a léiriú go gcomhlíonann an gnólacht tríú tír lena mbaineann na ceanglais is infheidhme maidir leis sa tríú tír; agus

316. chuir an ESMA in iúl don údarás inniúil go bhfuil sé beartaithe aige clárúchán an ghnólachta tríú tír a tharraingt siar, 30 lá ar a laghad roimh é a tharraingt siar.

317. Cuirfidh an ESMA in iúl gan mhoill don Choimisiún faoi aon bheart a glacadh i gcomhréir le mír 1 agus foilseoidh sé a chinneadh ar a shuíomh gréasáin.

318. Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil na coinníollacha faoinar glacadh Cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 37, mír 1, ann fós i ndáil leis an tríú tír lena mbaineann.

Teideal IX

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Caibidil 1

Gníomhartha Tarmligthe

Airteagal 40 Gníomhartha tarmligthe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 41 maidir le hAirteagail 2(3), 4(3), 6(2), 8(4), 10(2), 11(2), 12(2), 13(7), 14(5), 14(6), 16(3), 18(2), 18(3), 19(3), 20(3), 28(6), 29(6), 30(3), 31(8), 32(6), 35(10) agus 45(2).

Airteagal 41 An tarmligean a fheidhmiú

319. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

320. Tabharfar tarmligean na cumhachta go ceann tréimhse éiginnte ama ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 41 fomhír 1.

321. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

322. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

323. Tiocfaidh gníomh tarmligthe i bhfeidhm ach amháin má chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Caibidil 2

Gníomhartha cur chun feidhme

Airteagal 42 Nós imeachta coiste

324. D’fhonn gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagail 24, 26 agus 37 agus Airteagal 37, beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um Urrúis Eorpacha a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE[24]. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin[25].

325. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

TEIDEAL X

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 43 Tuarascálacha agus athbhreithniú

326. Roimh [2 bhliain tar éis chur i bhfeidhm an MiFIR mar atá sonraithe in Airteagal 41(2)], tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an ESMA, tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an tionchar atá ag na hoibleagáidí trédhearcachta a bunaíodh de bhun Airteagal 3 go hAirteagal 6 agus Airteagal 9 go hAirteagal 12 sa chleachtas, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm na dtarscaoilte agus cé chomh hoiriúnach is atá siad fós d’oibleagáidí trédhearcachta a bunaíodh de bhun Airteagal 3(2) agus Airteagal 4(2) agus Airteagal (3).

327. Roimh [2 bhliain tar éis chur i bhfeidhm an MiFIR mar atá sonraithe in Airteagal 41(2)], tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an ESMA, tíolacfaidh sé tuarascáil don Chomhairle agus don Pharlaimint ar fheidhmiú Airteagal 13, lena n-áirítear an leor ábhar agus formáid na dtuairiscí idirbhirt a fuarthas agus a malartaíodh idir na húdaráis inniúla le gur féidir ar shlí cuimsitheach faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 13(1). Féadfaidh an Coimisiún aon tograí ábhartha a dhéanamh, lena n-áirítear foráil a dhéanamh chun idirbhearta a thuairisciú do chóras arna ainmniú ag an ESMA seachas d’údaráis inniúla, trínar féidir le húdaráis inniúla ábhartha rochtain a fháil ar an bhfaisnéis uile a thuairiscítear de bhun an Airteagail seo.

328. Roimh [2 bhliain tar éis chur i bhfeidhm an MiFIR mar atá sonraithe in Airteagal 41(2)], tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an ESMA, tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar an dul chun cinn atá déanta maidir le trádáil i ndíorthaigh chaighdeánaithe thar an gcuntar a bhogadh go dtí malartáin nó ardáin trádála leictreonaí de bhun Airteagal 22 agus Airteagal 24.

Airteagal 44 An EMIR a leasú

329. Cuirfear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 67(2) de Rialachán [EMIR]: "Tarchuirfidh stór trádála na sonraí sin chuig údaráis inniúla i gcomhréir leis na ceanglais faoi Airteagal 23 de Rialachán [MiFIR]."

Airteagal 45 Foráil idirthréimhseach

330. Beidh gnólachtaí tríú tír atá ann cheana in ann leanúint de bheith ag soláthar seirbhísí agus gníomhaíochtaí sna Ballstáit, i gcomhréir le córais náisiúnta go dtí [4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na treorach seo].

331. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41, bearta a ghlacadh lena sonrófar tréimhse cur i bhfeidhm mhír 2 a shíneadh, agus aird á tabhairt ar na cinntí coibhéise a ghlac an Coimisiún cheana i gcomhréir le hAirteagal 37 agus ar fhoras a bhfuiltear ag súil leis i gcreat rialúcháin agus maoirseachta na dtríú tíortha.

Airteagal 46 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ó [24 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], amach ó Airteagail 2(3), 4(3), 6(2), 8(4), 10(2), 11(2), 12(2), 13(7), 14(5), 14(6), 16(3), 18(2,), 18(3), 19(3), 20(3), 23(8), 24(5), 26, 28(6), 29(6), 30(3), 31, 32, 33, 34 agus 35, a mbeidh feidhm acu láithreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ceangailteach go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] Tá an t-athbhreithniú ar an MiFID bunaithe ar “phróiseas Lamfalussy” (cur chuige rialála ceithre leibhéal a mhol Coiste na Saoithe maidir le Margaí Urrús Eorpacha a Rialáil, ar a bhfuil Baron Alexandre Lamfalussy ina chathaoirleach, agus a ghlac Comhairle Eorpach Stócólm i Márta 2001 féachaint rialáil níos éifeachtaí a dhéanamh ar mhargaí urrús) a forbraíodh a thuilleadh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó harlaimint na horpa agus ón gComhairle, le 1095/2010 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle, lenar bunaíodh Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí): ar Leibhéal 1, glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle treoir faoin bpróiseas comhchinnteoireachta ina bhfuil prionsabail réime agus lena gcuirtear ar chumas an Choimisiúin, ag gníomhú dó ar Leibhéal 2, gníomhartha tarmligthe (Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh C 115/47) nó gníomhartha cur chun feidhme (Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh C 115/47) a ghlacadh. Agus na gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna gceapadh ag na Ballstáit. Arna iarraidh é don Choimisiún, féadfaidh an ESMA comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis na mionsonraí teicniúla atá le cur ar áireamh i reachtaíocht leibhéal 2. Ina theannta sin, féadfar an chumhacht a thabhairt don ESMA le reachtaíocht Leibhéal 1 dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme nó rialála a fhorbairt de réir Airteagal 10 agus Airteagal 15 de Rialachán an ESMA a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh (faoi réir ceart agóide a bheith ag an gComhairle agus ag an bParlaimint i gcás caighdeán teicniúil rialála). Ar Leibhéal 3, déanann an ESMA obair ar mholtaí agus ar threoirlínte freisin agus cuireann sé cleachtas rialála i gcomparáid trí athbhreithniú piaraí le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach na rialacha arna nglacadh ar Leibhéal 1 agus ar Leibhéal 2 a áirithiú. Ar deireadh, seiceálann an Coimisiún comhlíonadh reachtaíocht an AE ag na Ballstáit agus féadfaidh sé caingean dlí a thionscnamh i gcoinne Ballstát neamhchomhlíontach.

[2] Treoir 2004/39/CE (Creat-Treoir MiFID)

[3] Treoir 2006/73/CE (Treoir Cur Chun Feidhme an MiFID) ag cur chun feidhme Threoir 2004/39/CE (Creat-Treoir MiFID)

[4] Rialachán Uimh. 1287/2006 (Rialachán Cur Chun Feidhme an MiFID) ag cur chun feidhme Threoir 2004/39/CE (Creat-Treoir MiFID) maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta maidir le coimeád taifead, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht margaidh, ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála, agus téarmaí a mhínítear chun críocha na Treorach sin (IO L 241/1 2.9.2006, lch.1)

[5] Monitoring Prices, Costs and Volumes of Trading and Post-trading Services , Oxera, 2011 (Faireachán ar Phraghsanna, ar Costais agus ar Mhéideanna Seirbhísí Trádála agus Iarthrádála, Oxera, 2011).

[6] Féach (COIM (2010) 301 leagan deireanach) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach: Regulating Financial Services For Sustainable Growth (Rialáil Seirbhísí Airgeadais ar Mhaithe le Fás Inbhuanaithe a Spreagadh), Meitheamh 2010.

[7] Féach ráiteas Cheannairí G-20 ó Chruinniú Mullaigh Pittsburgh, 24-25 Meán Fómhair 2009, http://www.pittsburghsummit.gov/mediacenter/129639.htm

[8] Mar thoradh air sin, d’eisigh an Coimisiún (COIM (2009) 563 leagan deireanach) Communication by the Commission on ensuring efficient, safe and sound derivatives markets: future policy actions (Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le margaí díorthach éifeachtúla, sábháilte agus fónta a áirithiú: gníomhaíochtaí beartais sa todhchaí), 20 Deireadh Fómhair 2009.

[9] Féach (COIM (2010) 484) Togra le haghaidh Rialacháin maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála, Meán Fómhair 2010.

[10] Féach an Tuarascáil, High-level Group on Financial Supervision in the EU, chaired by Jacques de Larosière (An Grúpa Ardleibhéil maidir le Maoirseacht Airgeadais san AE, faoi chathaoirleacht Jacques de Larosière), Feabhra 2009, agus Council conclusions on strengthening EU financial supervision (Conclúidí na Comhairle maidir le maoirseacht airgeadais an AE a neartú), 10862/09, Meitheamh 2009.

[11] Féach na freagraí ar an gcomhairliúchán poiblí maidir leis an athbhreithniú ar an MiFID: http://circa.europa.eu/Public/irc/markt/markt_consultations/library?l=/financial_services/mifid_instruments&vm=detailed&sb=Title agus an achoimre in Iarscríbhinn 13 den Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair.

[12] Tá an achoimre ar fáil ag http://ec.europa.eu/internal_market/securities/docs/isd/10-09-21-hearing-summary_en.pdf

[13] Féach CESR Technical Advice to the European gCommission in the Context of the MiFID Review and Responses to the European Commission Request for Additional Information (Comhairle Theicniúil ó CESR don Choimisiún Eorpach i gComhthéacs an Athbhreithnithe ar an MiFID agus Freagraí ar Iarraidh an Choimisiúin Eorpaigh ar Fhaisnéis Bhreise), an 29 Iúil 2010 http://www.esma.europa.eu/popup2.php?id=7003 agus CESR second set of Technical Advice to the European Commission in the Context of the MiFID Review and Responses to the European Commission Request for Additional Information (An dara sraith de Chomhairle Theicniúil ó CESR don Choimisiún Eorpach i gComhthéacs an Athbhreithnithe ar an MiFID agus Freagraí ar Iarratas an Choimisiúin Eorpaigh ar Fhaisnéis Bhreise), an 13 Deireadh Fómhair 2010 http://www.esma.europa.eu/popup2.php?id=7279

[14] Rinne beirt sainchomhairleoirí sheachtracha na staidéir sin, a roghnaíodh de réir an phróisis roghnúcháin a bunaíodh de réir rialacha agus rialacháin an Choimisiúin Eorpaigh. Ní léiríonn an dá staidéar sin dearcthaí ná tuairimí an Choimisiúin Eorpaigh.

[15] Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle, IO L 275, 25.10.2003, arna leasú go deireanach le Treoir 2009/29/CE, IO L 140 , lch. 63.

[16] IO C, , lch. .

[17] IO L 241, 2.9.2006, lch. 1

[18] IO L 241, 2.9.2006, lch.1.

[19] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

[20] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

[21] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

[22] IO L 55, 28.2.2011, lch 13.

[23] Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid, lena n-áirítear maoiniú sceimhlitheoirí (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 309, 25.11.2005, lch. 15).

[24] IO L 191, 13.7.2001, lch. 45.

[25] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

Top