EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52009PC0195

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1717/2006 lena mbunaítear Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta

/* COIM/2009/0195 leagan deireanach - COD 2009/0058 */

52009PC0195




[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 21.4.2009

COIM(2009) 195 leagan deireanach

2009/0058 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1717/2006 lena mbunaítear Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. I gcomhthéacs an leasaithe ar ionstraimí airgeadais ceaptha le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha don tréimhse 2007-2013 trínar cuireadh seacht n-ionstraim nua dlí in ionad tríocha ionstraim éagsúil dlí, bunaíodh, trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 1717/2006 an 15 Samhain 2006, an Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta d'fhonn a chumasú don Chomhphobal aghaidh a thabhairt ar bhealach comhchuí comhtháite ar na géarchéim atá ann faoi láthar agus atá ar tí a bheith ann, trí bhíthin aon ionstraime dlí amháin a ngabhann nósanna imeachta cinnteoireachta simplithe léi.

2. D'fhéadfadh tograí reachtacha a bheith ar áireamh san athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin faoi Airteagal 25 i gcás ina mbeadh an Coimisiún den tuairim, i bhfianaise an athbhreithnithe, go bhfuil gá le leasuithe áirithe ar an Rialachán. Is amhlaidh atá i gcás na hIonstraime le haghaidh Cobhsaíochta.

3. Nuair a glacadh an Rialachán maidir leis an Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta an 15 Samhain 2006, d'eisigh an Chomhairle agus an Coimisiún comhráiteas á dhearbhú go raibh siad d'aon ghuth " nach bhforléireofar aon ní sa rialachán seo mar ní a dhéanfaidh dochar do sheasaimh a glacadh i gCás 91/05. Go dtí go dtabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas sa chás sin, ní dhéanfaidh an Coimisiún iarracht bearta a dhéanamh faoi Airteagal 3(2)(i). Tá an Chomhairle agus an Coimisiún d'aon ghuth, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Rialachán lena mbunaítear ionstraim le haghaidh cobhsaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 25 den rialachán sin, gur cheart go n-athscrúdófar raon feidhme Airteagal 3(2)(i) mar is iomchuí, ar bhonn molta ón gCoimisiún, i bhfianaise an bhreithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais i gCás C-91/05 (An Coimisiún v. An Chomhairle) ”[1].

4. An 20 Bealtaine 2008, chuir an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach ar neamhní Cinneadh 2004/833/CFSP an 2 Nollaig 2004 lenar cuireadh chun feidhme Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2002/589/CFSP d'fhonn ranníocaíocht ón AE le ECOWAS faoi chuimsiú an Mhoratorium ar mhionairm agus airm éadroma ('Cás ECOWAS' anseo feasta)[2]. Chinn an Chúirt go bhféadfaidh an Comhphobal bearta in aghaidh iomadú mionarm agus arm éadrom a chur chun feidhme faoina bheartas réigiúnach.

5. Ar bhonn an chomhráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún, is gá, dá bhrí sin athbhreithniú ar Airteagal 3(2)(i) a mholadh d'fhonn é a thabhairt i gcomhréir le cásdlí na Cúirte. Ar an gcúis chéanna, is gá Airteagal 4(1)(a) maidir le gníomhaíochtaí ar son an chomhraic i gcoinne gáinneála aindleathaí a athscrúdú ionas go luafar go sonrach "mionairm agus airm éadroma" ann.

6. In Airteagal 17 den Rialachán eisiatar páirtithe as tíortha forbartha atá lasmuigh den AE agus den LEE ó ghníomhaíochtaí ar mhaithe le cumas réamh-ghéarchéime agus iar-ghéarchéime (ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna) a chruthú faoi Airteagal 4(3) den Rialachán. Dá bhrí sin, na páirtithe sin atá i dteideal páirt a ghlacadh i mbearta freagartha ar ghéarchéimeanna faoi Airteagal 3 den Rialachán, tá cosc orthu páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna faoi Airteagal 17. Tá sé sin neamhréireach agus is ionann é agus céim mhór siar a fhad a bhaineann le cuspóirí Airteagal 4(3) a bhaint amach. Moltar, dá bhrí sin, rannpháirtíocht i ndeonú conarthaí soláthair nó deontais faoi Airteagal 4(3) a oscailt ar bhonn uileghabhálach, faoi mar atá cheana i gcás beart faoi Airteagal 3 de réir Airteagal 17(4), ionas go luífidh na forálacha maidir le rannpháirtíocht agus maidir leis na rialacha i leith tionscnaimh chúnaimh a bhaineann le freagairt ar ghéarchéimeanna leis na forálacha a bhaineann le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna.

7. In Airteagal 24 den Rialachán tá sé sonraithe nach leithdháilfear níos mó na 7% den mhéid iomlán tagartha ar bhearta a thig faoi Airteagal 4(1). Is léir, áfach, nach leor an sciar den imchlúdach airgeadais atá ceaptha le haghaidh beart faoi Airteagal 4(1) agus gur gá é a mhéadú toisc a iomadúla atá na réimsí atá cumhdaithe faoi Airteagal 4(1), agus toisc nach féidir ach cúpla réimse a láimhseáil go héifeachtúil, fiú amháin nuair a chuirtear cláir ilchuspóra san áireamh, leis na hacmhainní ganna atá ar fáil. Tá bearta níos substaintiúla ag teastáil chun gníomhaíochtaí éifeachtúla a fhorbairt i réimsí amhail bonneagar criticiúil, rioscaí don tsláinte phoiblí agus freagairtí domhanda ar bhagairtí trasréigiúnacha má táthar chun tionchar, infheictheacht agus creidiúnacht thábhachtach a áirithiú. Thairis sin, tá leibhéal cuí cistiúcháin ag teastáil chun gníomhaíochtaí trasréigiúnacha ar comhlánú iad ar na himchlúdaigh náisiúnta agus réigiúnacha a fhorbairt d'fhonn mais chriticiúil a bhaint amach. Fágann na leithdháiltí buiséideacha go nuige seo (EUR 9 milliún in 2007, EUR 10 milliún in 2008, agus EUR 13 milliún in 2009) agus an teorainn 7% in Airteagal 24 den rialachán nach féidir na cuspóirí seo a bhaint amach. Moltar, dá bhrí sin, an sciar uasta i leith beart faoi Airteagal 4(1) a athrú ó 7% go 10%.

2009/0058 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1717/2006 lena mbunaítear Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 179(1) agus Airteagal 181a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh[3],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Ceapadh Rialachán (CE) Uimh. 1717/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 lena mbunaítear Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta[4] d'fhonn a chumasú don Chomhphobal aghaidh a thabhairt ar na géarchéim atá ann faoi láthair agus atá ar tí a bheith ann ar bhealach comhchuí comhtháite, trí bhíthin aon ionstraime dlí amháin a ngabhann nósanna imeachta cinnteoireachta simplithe léi.

(2) Is é tátal an athbhreithnithe arna dhéanamh faoi Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh.1717/2006 gurb iomchuí roinnt leasuithe ar an rialachán a mholadh.

(3) Ní mór Rialachán (CE) 1717/2006 a thabhairt i gcomhréir leis an mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (an Mór-Dhlísheomra) an 20 Bealtaine 2008 (Cás C-91/05) lena mbunaítear go bhféadfaidh an Comhphobal bearta chun úsáid agus iomadú aindleathach mionarm agus arm éadrom agus an rochtain atá orthu a chomhrac, a chur chun feidhme faoina bheartas forbartha, agus dá bhrí sin, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1717/2006.

(4) Ba cheart go gcuirfí feabhas ar bhaint amach na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 4(3) agus ar chomhchuibheas trí bhíthin rannpháirtíochta i ndeonú conarthaí soláthair nó deontais faoi Airteagal 4(3) a cheadú ar bhonn uileghabhálach, faoi mar atá cheana i gcás beart faoi Airteagal 3, ionas go luífidh na forálacha maidir le rannpháirtíocht agus maidir leis na rialacha i leith tionscnaimh chúnaimh a bhaineann le freagairt ar ghéarchéimeanna leis na forálacha a bhaineann le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna.

(5) Is léir nach leor an sciar den imchlúdach airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 24 le haghaidh beart faoi Airteagal 4(1) agus gur cheart é a mhéadú. Is iomaí sin réimse atá cumhdaithe, ach fiú amháin nuair a chuirtear cláir ilchuspóra san áireamh, ní féidir ach cúpla réimse a láimhseáil go héifeachtúil leis na hacmhainní ganna atá ar fáil. Tá bearta níos substaintiúla ag teastáil chun gníomhaíochtaí éifeachtúla a fhorbairt i réimsí amhail bonneagar criticiúil, rioscaí don tsláinte phoiblí agus freagairtí domhanda ar bhagairtí trasréigiúnacha d'fhonn tionchar, infheictheacht agus creidiúnacht thábhachtach a áirithiú. Thairis sin, tá leibhéal cuí cistiúcháin ag teastáil chun gníomhaíochtaí trasréigiúnacha ar comhlánú iad ar na himchlúdaigh náisiúnta agus réigiúnacha a fhorbairt d'fhonn mais chriticiúil a bhaint amach. Ba cheart go méadófaí an céatadán uasta a leithdháiltear faoin imchlúdach airgeadais ina iomláine le haghaidh beart a thig faoi Airteagal 4(1) ó 7% go 10% ionas gur féidir na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 4(1) a bhaint amach a thuilleadh.

(6) Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1717/2006 mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 3(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

"tacaíocht do bhearta chun úsáid agus iomadú aindleathach mionarm agus arm éadrom agus an rochtain atá orthu a chomhrac, faoi chuimisú bheartais chomhair an Chomhphobail agus a gcuspóirí. D'fhéadfadh gníomhaíochtaí suirbhéireachta, cúnamh d'íobartaigh, ardú feasachta sa phobal agus forbairt ar shaineolas dlí agus riaracháin agus ar dhea-chleachtas a bheith ar áireamh i dtacaíocht dá leithéid"

(2) In Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a) cumas na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí agus na n-údarás breithiúnach agus sibhialta a bhíonn ag gabháil don chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe, lena n-áirítear gáinneáil aindleathach daoine, drugaí, arm tine, mionarm agus arm éadrom, ábhair phléascaigh, agus rialú éifeachtúil ar thrádáil mhídhleathach agus ar idirthuras mídhleathach."

(3) In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5:

“4. I gcás na mBeart Eisceachtúil um Chúnamh agus na gClár um Fhreagairt Eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 6, agus i gcás na mbeart arna nglacadh d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a bhaint amach, beidh rannpháirtíocht i ndeonú conarthaí soláthair nó deontais oscailte ar bhonn uileghabhálach.

5. I gcás na mbeart arna nglacadh d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) a bhaint amach, beidh rannpháirtíocht i ndeonú conarthaí soláthair nó deontais oscailte d'aon duine nádúrtha nó dlítheanach as tír atá i mbéal forbartha nó i mbéal athruithe agus leathnófar na rialacha i leith tionscnaimh d'fhonn iad sin a chumhdach, de réir shainmhíniú na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta, agus beidh siad oscailte do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha as aon tír incháilithe eile faoin straitéis ábharthach."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

" Airteagal 24

An tImchlúdach airgeadais

EUR 2 062 000 000 atá san imchlúdach airgeadais d'fhonn an Rialachán seo a chur chun feidhme le linn na tréimhse 2007 go 2013. Is é an t-údarás buiséadach a údaróidh na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais.

Le linn na tréimhse 2007 go 2013:

(a) 10 bpointe céatadáin ar a mhéad den imchlúdach airgeadais a leithdháilfear ar na bearta a thig faoi Airteagal 4(1);

(b) 15 phointe céatadáin ar a mhéad den imchlúdach airgeadais a leithdháilfear ar na bearta a thig faoi Airteagal 4(2);

(c) 5 phointe céatadáin ar a mhéad den imchlúdach airgeadais a leithdháilfear ar na bearta a thig faoi Airteagal 4(3);

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[…] […]

[1] Doiciméad 14010/06 ADD 1, 27.10.2006 ón gComhairle

[2] An Chúirt Bhreithiúnais Eorpach, Cás C-91/05 (ECOWAS).

[3] Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa arna tabhairt an XXXX 2009 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an XXXX 2009.

[4] IO L 327, 24.11.2006, lch 1.

Top