EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0657

Rialachán (AE) Uimh. 657/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí tarmligthe agus na cumhachtaí cur chun feidhme atá le tabhairt don Choimisiún

OJ L 189, 27.6.2014, p. 108–111 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/657/oj

27.6.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

108


RIALACHÁN (AE) Uimh. 657/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí tarmligthe agus na cumhachtaí cur chun feidhme atá le tabhairt don Choimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle (2), tugtar cumhachtaí don Choimisiún chun cuid de na forálacha sa Rialachán sin a chur chun feidhme.

(2)

Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(3)

Chun go gcuirfear cuid d’fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a thabhairt don Choimisiún maidir le leasuithe arna ndéanamh ar Iarscríbhinn I, ar Iarscríbhinn II agus ar Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(4)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme Rialachán 2173/2005, ba cheart go dtabharfaí cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun scéimeanna atá ann cheana a mheasúnú agus a fhormheas, ar scéimeanna iad lena ráthaítear dlíthiúlacht agus rianú iontaofa táirgí adhmaid a onnmhairítear ó thíortha comhpháirtíochta chun go mbeidh siad mar bhonn ag ceadúnas um Fhorfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT), agus ba cheart go dtabharfaí cumhachtaí dó rialacha mionsonraithe de chineál praiticiúil agus doiciméid d’fhormáid chaighdeánach a ghlacadh a ghabhann leis an scéim um cheadúnúchán FLEGT, lena n-áirítear na meáin trínar féidir iad a chur in iúl (formáid leictreonach nó páipéir). Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 mar seo a leanas:

(1)

In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Chun an dearbhú is gá maidir le dlíthiúlacht na dtáirgí adhmaid lena mbaineann a chur ar fáil, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na scéimeanna atá ann cheana lena ndeimhnítear dlíthiúlacht agus rianú iontaofa táirgí adhmaid arna n-onnmhairiú ó thíortha comhpháirtíochta, agus glacfaidh sé gníomhartha tarmligthe chun iad a fhormheas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11

Féadfaidh na scéimeanna arna bhformheas ag an gCoimisiún a bheith ina mbonn do cheadúnas FLEGT.

3.   Táirgí adhmaid de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn A, Iarscríbhinn B agus Iarscríbhinn C a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle (*), beidh siad díolmhaithe ón gceanglas atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an díolúine sin, agus forbairtí sna margaí agus an taithí a fuarthas i gcur chun feidhme an Rialacháin seo á gcur san áireamh aige, cuirfidh sé tuarascáil maidir lena thorthaí s chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, agus, más gá, cuirfidh sé tograí iomchuí reachtacha faoina mbráid.

(*)  Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fhiáine a chosaint trína dtrádáil a rialú (IO L 61, 3.3.1997, lch. 1).”;"

(2)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe nós imeachta agus na doiciméid d’fhormáid chaighdeánach, lena n-áirítear na meáin trínar féidir iad a chur in iúl, a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11 (3).”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a chun leasú a dhéanamh ar an liosta de na tíortha comhpháirtíochta agus dá n-údarás ceadúnúcháin ainmnithe arna leagan amach in Iarscríbhinn I.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a chun an liosta táirgí adhmaid arna leagan amach in Iarscríbhinn II a bhfuil feidhm ag scéim cheadúnúcháin FLEGT maidir leo a leasú. Agus na leasuithe sin á nglacadh aige, déanfaidh an Coimisiún cur chun feidhme Chomhaontuithe Comhpháirtíochta FLEGT a chur san áireamh. Sna leasuithe sin beidh cóid tráchtearraí, ar leibhéal ceannteidil ceithre dhigit nó ar leibhéal fo-cheannteidil sé dhigit de leagan reatha Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a chun leasú a dhéanamh ar an liosta táirgí adhmaid mar a leagtar amach é in Iarscríbhinn III agus a bhfuil feidhm ag scéim um cheadúnúchán FLEGT maidir leis. Agus na leasuithe sin á nglacadh aige, déanfaidh an Coimisiún cur chun feidhme Chomhaontuithe Comhpháirtíochta FLEGT a chur san áireamh. Sna leasuithe sin beidh cóid tráchtearraí, ar leibhéal ceannteidil ceithre dhigit nó ar leibhéal fo-cheannteidil sé dhigit de leagan reatha Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí agus ní bheidh feidhm acu ach i dtaca leis na tíortha comhpháirtíochta comhfhreagracha arna leagan amach in Iarscríbhinn III.”;

(4)

Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1.

“1.   Tabharfaidh an Coiste um Fhorghníomhú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**).

(**)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(b)

scriostar mír 2;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”;

(d)

scriostar mír 4;

(5)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 11a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10 (1), (2) agus (3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 30 Meitheamh 2014. Tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(1), (2) agus (3) a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10(1), (2) agus (3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear ceithre mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Bealtaine 2014.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach. (IO L 347, 30.12.2005, lch. 1.)

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN

I gcomhthéacs an Rialacháin seo, meabhraíonn an Coimisiún an gealltanas a thug sé i mír 15 den Chomhaontú Réime maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach faisnéis agus doiciméadúchán iomlán a chur ar fáil don Pharlaimint i ndáil leis na cruinnithe a bhí aige le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú a chuid oibre maidir le gníomhartha tarmligthe a ullmhú.


Top