EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0599

Rialachán (AE) Uimh. 599/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras

OJ L 173, 12.6.2014, p. 79–83 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 08/09/2021; Arna aisghairm le 32021R0821

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/599/oj

12.6.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

79


RIALACHÁN (AE) Uimh. 599/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (2) go mbeidh ítimí dé-úsáide faoi réir rialaithe éifeachtaigh i gcás ina ndéantar iad a onnmhairiú ón Aontas nó i gcás iad a bheith ar idirthuras tríd an Aontas, nó i gcás ina seachadtar go tríú tír iad mar thoradh ar sheirbhísí bróicéireachta arna soláthar ag bróicéir a bhfuil cónaí air san Aontas nó atá bunaithe san Aontas.

(2)

Ionas go mbeidh na Ballstáit agus an tAontas in ann a ngealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh, bunaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 liosta coiteann na n-ítimí dé-úsáide atá faoi réir rialaithe san Aontas. Glactar cinntí maidir leis na hítimí atá faoi réir rialaithe faoi chuimsiú Ghrúpa na hAstráile, an Chórais Rialaithe um Theicneolaíocht Diúracán, Ghrúpa na Soláthraithe Núicléacha, Chomhshocraíocht Wassenaar agus Choinbhinsiún na nArm Ceimiceach.

(3)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 do liosta na n-ítimí dé-úsáide a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ar liosta é a bheidh le nuashonrú i gcomhréir leis na hoibleagáidí ábhartha agus leis na gealltanais ábhartha, agus aon mhodhnuithe orthu sin, lenar ghlac na Ballstáit mar chomhaltaí de na córais idirnáisiúnta maidir le neamhleathadh agus na socruithe idirnáisiúnta maidir le rialú onnmhairiúcháin, nó trí chonarthaí ábhartha idirnáisiúnta a dhaingniú.

(4)

Ní mór liosta na n-ítimí dé-úsáide a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a nuashonrú go rialta lena áirithiú go bhfuil na hoibleagáidí slándála idirnáisiúnta á gcomhlíonadh ina n-iomláine, chun trédhearcacht a ráthú, agus chun cumas iomaíochta onnmhaireoirí a choimeád ar bun. D’fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí diúltacha ag moilleanna maidir le liosta na n-ítimí dé-úsáide sin a nuashonrú ar shlándáil agus ar iarrachtaí idirnáisiúnta i leith neamhleata, agus ar fheidhmiú gníomhaíochtaí eacnamaíocha ag onnmhaireoirí san Aontas. Ag an am céanna, ciallaíonn cineál teicniúil na leasuithe agus an fíoras go mbeidh na hathruithe sin le bheith i gcomhréir le cinntí arna nglacadh sna córais idirnáisiúnta um rialú onnmhairiúcháin gur cheart nós imeachta brostaithe a úsáid chun na nuashonruithe riachtanacha a thabhairt i bhfeidhm san Aontas.

(5)

Le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009, tugtar isteach Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas mar cheann de na ceithre chineál údaruithe onnmhairiúcháin atá ar fáil faoin Rialachán sin. Le hÚdaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas, ceadaítear d’onnmhaireoirí atá bunaithe san Aontas ítimí sonraithe áirithe a onnmhairiú chuig cinn scríbe sonraithe áirithe faoi réir choinníollacha na n-údaruithe sin.

(6)

Déantar na hÚdaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas atá i bhfeidhm san Aontas faoi láthair a leagan amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009. I bhfianaise chineál na nÚdaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le cinn scríbe nó ítimí áirithe a bhaint de raon feidhme na n-údaruithe sin, go háirithe má léiríonn dálaí atá ag athrú nár cheart idirbhearta onnmhairiúcháin éascaithe a údarú a thuilleadh faoi Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas le haghaidh cinn scríbe áirithe. Níor cheart, toisc go mbaintear ceann scríbe de raon feidhme Údaraithe Ghinearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas, cosc a chur ar onnmhaireoir iarratas a dhéanamh ar chineál eile údaraithe onnmhairiúcháin faoi fhorálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 428/2009.

(7)

D’fhonn a áirithiú go ndéanfar liosta coiteann na n-ítimí dé-úsáide a nuashonrú go rialta agus go tráthúil i gcomhréir leis na hoibleagáidí agus na gealltanais arna dtógáil ar láimh ag Ballstáit faoi chuimsiú na gcóras idirnáisiúnta um rialú onnmhairiúcháin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a leasú laistigh de raon feidhme Airteagal 15 den Rialachán sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe.

(8)

Chun go mbeidh an tAontas in ann freagairt go mear do dhálaí atá ag athrú maidir le measúnú a dhéanamh ar íogaireacht onnmhairí faoi Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a leasú maidir le cinn scríbe a bhaint de raon feidhme Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas. Ó tharla nár cheart leasuithe den sórt sin a dhéanamh ach amháin mar fhreagairt do mhéadú sa mheasúnú ar an riosca a bhaineann leis na honnmhairí ábhartha, agus go bhféadfadh sé go dtarlódh éifeacht dhochrach láithreach ar shlándáil an Aontais agus a Bhallstát dá leanfaí d’Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas a úsáid le haghaidh na n-onnmhairí sin, féadfaidh an Coimisiún nós imeachta práinne a úsáid.

(9)

Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 9(1), cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:

“D’fhonn a áirithiú nach gcumhdaítear ach idirbhearta a mbaineann riosca íseal leo le hÚdaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas a áirítear in Iarscríbhinn IIa go hIarscríbhinn IIf, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23a chun cinn scríbe a bhaint de raon feidhme Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin sin ón Aontas, más rud é go dtagann cinn scríbe den sórt sin chun bheith ina n-ábhar do lánchosc arm amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

Más rud é, i gcásanna lánchosc arm den sórt sin, go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne, cinn scríbe áirithe a bhaint de raon feidhme Údaraithe Ghinearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 23b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na míre seo.”;

(2)

in Airteagal 15, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23a maidir le liosta na n-ítimí dé-úsáide a leagtar amach in Iarscríbhinn I a nuashonrú. Déanfar Iarscríbhinn I a nuashonrú laistigh den raon feidhme a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. I gcás ina mbaineann nuashonrú Iarscríbhinn I le hítimí dé-úsáide a liostaítear freisin in Iarscríbhínn IIa go hIarscríbhinn IIg nó go hIarscríbhinn IV, déanfar na hIarscríbhinní sin a leasú dá réir sin.”.

(3)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 23a

1.   Déantar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus in Airteagal 15(3) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 2 Iúil 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus in Airteagal 15(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 9(1) nó Airteagal 15(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 23b

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Luafar na cúiseanna a úsáideadh an nós imeachta práinne san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2012 (IO C 68E, 7.3.2014, lch. 112) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 3 Márta 2014 (IO C 100, 4.4.2014, lch. 6). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar an gcóras rialaithe onnmhairí dé-úsáide

Aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a thábhachtaí atá sé éifeachtacht agus comhchuibheas chóras straitéiseach rialaithe onnmhairí AE a fheabhsú go leanúnach, lena n-áirithítear ardleibhéal slándála agus trédhearcacht leormhaith gan bac a chur ar an iomaíochas agus ar thrádáil dhlisteanach na n-ítimí dé-úsáide.

Measann na trí institiúid go dteastaíonn nuachóiriú agus tuilleadh cóineasaithe ón gcóras ar mhaithe le coinneáil cothrom le dáta maidir le bagairtí nua agus mearathruithe teicneolaíochta, leis an saobhadh a laghdú, le fíor-chómhargadh d’ítimí dé-úsáide a chruthú (cothroime rialta aonfhoirmeach iomaíochta d’onnmhaireoirí), agus le go leanfar de bheith mar shamhail maidir le rialú onnmhairiúcháin do thríú tíortha.

Chun na críche sin, ní mór príomhshruthú a dhéanamh ar an bpróiseas atá ann chun na liostaí rialaithe a nuashonrú (sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán); measúnú riosca agus malartú faisnéise a neartú, caighdeáin tionsclaíochta níos fearr a fhorbairt, agus éagothromaíocht maidir leis an gcur chun feidhme a laghdú.

Aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún na fadhbanna maidir le honnmhairiú faisnéis áirithe agus teicneolaíocht na faisnéise (TFC) a fhéadfar a úsáid i gcás sáraithe ar chearta an duine agus chun dochar a dhéanamh do shlándáil an Aontais Eorpaigh, go háirithe do theicneolaíochtaí a úsáidtear i ndáil le hollfhaireachas, faireachán, rianú agus cinsireacht, agus i ndáil le leochaileacht na mbogearraí.

Cuireadh tús le comhairliúcháin theicniúla i ndáil leis sin, lena n-áirítear faoi chuimsiú Chuairt Piaraí AE maidir le Dé-Úsáid, an Ghrúpa Chomhordaithe Dé-Úsáide, agus na gcóras rialuithe onnmhairiúcháin, agus tá gníomhaíochtaí á ndéanamh i gcónaí chun aghaidh a thabhairt ar chásanna práinneacha trí smachtbhannaí (de bhun Airteagal 215 CFAE), nó trí bhearta náisiúnta. Neartófar na hiarrachtaí a dhéantar le comhaontuithe iltaobhacha a chur chun cinn i gcomhthéacs na gcóras rialuithe onnmhairiúcháin, agus scrúdófar roghanna maidir le haghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar bheartas an Aontais Eorpaigh maidir le rialú onnmhairí dé-úsáide, agus maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún a ullmhú. Sa chomhthéacs sin, thug na trí institiúid dá n-aire an comhaontú ar tháinig na Stáit atá Rannpháirteach i gComhshocrú Wassenaar air an 4 Nollaig 2013 chun rialuithe a ghlacadh maidir le huirlisí ilchasta faireachais lena bhféadfar rochtain neamhúdaraithe a fháil ar chórais ríomhaireachta, agus ar chórais faireachais ar líonraí Prótacail Idirlín.

Geallann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go ndéanfaidh siad breis forbartha ar an sásra “uileghabhálach” atá ann cheana maidir le hítimí dé-úsáide nach gcumhdaítear faoi Iarscríbhinn I den Rialachán, d’fhonn an córas rialaithe onnmhairí a fheabhsú agus é á chur i bhfeidhm laistigh den mhargadh Eorpach aonair.


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le gníomhartha tarmligthe

I gcomhthéacs an Rialacháin seo, meabhraíonn an Coimisiún an gealltanas a thug sé i mír 15 den Chomhaontú Réime maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach faisnéis iomlán agus doiciméid a chur ar fáil don Pharlaimint i ndáil leis na cruinnithe a bhí aige le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú a chuid oibre maidir le gníomhartha tarmligthe a ullmhú.


Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an Rialachán a thabhairt cothrom le dáta

D’fhonn cur chuige Eorpach níos iomláine, níos éifeachtaí agus níos comhtháite maidir le gluaiseacht (onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras) na n-ítimí straitéiseacha, cuirfidh an Coimisiún togra nua ar aghaidh chun an Rialachán a thabhairt cothrom le dáta a luaithe agus is féidir.


Top