EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0514

Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime

OJ L 150, 20.5.2014, p. 112–142 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 12/04/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/514/oj

20.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

112


RIALACHÁN (AE) Uimh. 514/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), Airteagal 79(2) agus (4), Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é beartas gnóthaí baile an Aontais limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú: limistéar gan teorainneacha inmheánacha inar féidir le daoine dul isteach ann, a bheith ag cúrsaíocht, ag maireachtáil agus ag obair ann, iad muiníneach go bhfuil a gcearta á n-urramú go hiomlán agus go bhfuil a slándáil áirithithe, agus aird á tabhairt ar dhúshláin chomhchoiteanna amhail beartas cuimsitheach inimirce an Aontais a fhorbairt chun iomaíochas agus comhtháthú sóisialta an Aontais a bhreisiú, Comhchóras Tearmainn Eorpach a chruthú, bagairtí na coireachta eagraithe agus tromchúisí a chosc, agus an comhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhlíthiúla, na gáinneála ar dhaoine, na cibearchoireachta agus na sceimhlitheoireachta a chosc.

(2)

Ní mór cur chuige comhtháite a ghlacadh maidir le ceisteanna a eascraíonn as an mbrú a bhíonn ann de dheasca na himirce agus na n-iarratas ar thearmann agus maidir leis an mbainistiú ar theorainneacha seachtracha an Aontais, á áirithiú go ndéanfar an dlí idirnáisiúnta agus an dlí um chearta an duine a urramú go hiomlán, lena n-áirítear i leith ghníomhaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm i dtríú tíortha, agus ag léiriú dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát uile, agus feasacht á léiriú maidir leis an ngá atá ann freagrachtaí náisiúnta a urramú agus é á áirithiú ag an am céanna go ndéanfar na cúraimí éagsúla a shainiú go soiléir.

(3)

Ba cheart go dtabharfadh cistiúchán an Aontais chun tacú le forbairt an limistéir saoirse, slándála agus ceartais breisluach chun an Aontais agus ba cheart go mbeadh an cistiúchán sin mar chomhartha inbhraite ar an dlúthpháirtíocht agus ar chomhroinnt na freagrachta, nach féidir déanamh dá uireasa agus freagairt á tabhairt ar dhúshláin chomhchoiteanna.

(4)

Leis an gcreat coiteann, ba cheart go n-áiritheofaí comhchuibheas, simpliú agus cur chun feidhme aonfhoirmeach an chistiúcháin sin thar na réimsí beartais lena mbaineann.

(5)

Ba cheart caiteachas cistí sa réimse sin a chomhordú d’fhonn an chomhlántacht, an éifeachtúlacht agus an infheictheacht a áirithiú agus d’fhonn sineirgí buiséadacha a bhaint amach.

(6)

Ba cheart prionsabail an chúnaimh a leagan síos i gcreat coiteann agus ba cheart freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin a shainaithint ann ó thaobh cur i bhfeidhm na bprionsabal sin a áirithiú, lena n-áirítear neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus a bhrath.

(7)

Bheadh cistiú Aontais den sórt sin níos éifeachtaí agus níos spriocdhírithe dá ndéanfaí an cómhaoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe a bhunú ar chlársceidealú ilbhliantúil straitéiseach, arna dhréachtú ag gach Ballstát trí idirphlé leis an gCoimisiún.

(8)

Ba cheart bearta i dtríú tíortha agus a bhaineann le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht ó na Rialacháin Shonracha mar a shainmhínítear iad sa Rialachán seo (“Rialacháin Shonracha”) a ghlacadh ar bhonn sineirgí agus comhtháthaithe le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas trí bhíthin ionstraimí cúnaimh sheachtraigh an Aontais, idir gheografach agus théamach. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart iarracht a dhéanamh teacht ar chomhchuibheas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. Níor cheart go mbeadh sé i gceist leis na bearta sin tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar fhorbairt go díreach agus ba cheart dóibh, nuair is iomchuí, an cúnamh airgeadais arna sholáthar trí ionstraimí cabhrach seachtraí a chomhlánú. Ba cheart an prionsabal maidir le comhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt, mar a leagtar amach é i Mír 35 den Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt, a urramú. Tá sé tábhachtach a áirithiú freisin go bhfuil cur chun feidhme an chúnaimh éigeandála comhsheasmhach le, agus i gcás inarb ábhartha, comhlántach le beartas daonnúil an Aontais agus go n-urramaíonn sé prionsabail an daonchairdis a leagtar amach sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil.

(9)

Ba cheart don ghníomhaíocht sheachtrach bheith comhsheasmhach agus comhtháite mar a leagtar amach in Airteagal 18(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) í.

(10)

Sula n-ullmhófar na cláir ilbhliantúla chun cuspóirí chistiú Aontais den sórt sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit agus don Coimisiún páirt a ghlacadh in idirphlé maidir le beartas agus ar an gcaoi sin straitéis chomhtháite a bhunú do gach Ballstát ar leith. Tar éis an t-idirphlé maidir le beartas a thabhairt chun críche, ba cheart do gach Ballstát clár náisiúnta a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina dtabharfar tuairisc ar an mbealach a mbainfear amach cuspóirí an Rialacháin Shonraigh ábhartha don tréimhse 2014-2020. Ba cheart don Choimisiún féachaint an bhfuil an clár náisiúnta comhsheasmhach leis na cuspóirí sin agus leis an toradh a bhí ar an idirphlé maidir le beartas. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún féachaint an bhfuil dáileadh chistiú an Aontais idir na cuspóirí ag teacht leis an íoschéatadán a leagadh síos do gach cuspóir sa Rialachán Sonrach ábhartha. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit imeacht ó na híoschéatadáin sin, agus sa chás sin ba cheart dóibh an chúis a bhí leis sin a lua ina gclár náisiúnta. I gcás nach cúiseanna leormhaithe iad na cúiseanna a thug an Ballstát lena mbaineann, d’fhéadfadh sé nach bhformheasfadh an Coimisiún an clár náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún fógra a thabhairt go rialta do Pharlaimint na hEorpa faoin toradh a bhíonn ar an idirphlé maidir le beartas, faoin bpróiseas iomlán clársceidealaithe lena n-áirítear an t-ullmhúchán atá ar bun maidir leis na cláir náisiúnta, lena gcumhdaítear freisin cé acu an bhfuil an t-íoschéatadán a leagadh síos do gach cuspóir sna rialacháin shonracha ábhartha mar a shainmhínítear iad sa Rialachán seo á gcomhlíonadh nó nach bhfuil, agus faoi chur chun feidhme na gclár náisiúnta.

(11)

Ba cheart don straitéis bheith faoi réir athscrúdaithe mheántéarma, d’fhonn cistiú iomchuí a áirithiú sa tréimhse 2018-2020.

(12)

Ba cheart do na Ballstáit comhpháirtíocht a bhunú leis na húdaráis agus leis na comhlachtaí lena mbaineann, ar bhealach a bheadh comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta agus leis an ngá atá ann an t-ualach riaracháin a laghdú, chun a gcláir náisiúnta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ar feadh na tréimhse ilbhliantúla iomláine. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i measc na gcomhpháirtithe ag céimeanna éagsúla den timthriall clársceidealaithe. Ba cheart do gach Ballstát coiste a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar an gclár náisiúnta agus cabhrú leis athscrúdú a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus ar an dul chun cinn i mbaint amach chuspóirí an chláir. Ba cheart do gach Ballstát bheith freagrach as socruithe praiticiúla a bhunú chun an coiste faireacháin a chur ar bun.

(13)

Ba cheart incháilitheacht caiteachais faoi na cláir náisiúnta a chinneadh trí bhíthin dlí náisiúnta, faoi réir prionsabal coiteann a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart na dátaí tosaigh agus na dátaí deiridh a bhaineann le hincháilitheacht an chaiteachais a shainmhíniú chun foráil a dhéanamh maidir le rialacha aonfhoirmeacha agus cothroma is infheidhme maidir leis na cláir náisiúnta.

(14)

Ba cheart do chúnamh teicniúil cur ar chumas na mBallstát tacú le cur chun feidhme a gclár náisiúnta agus cabhrú le tairbhithe i gcomhlíonadh a n-oibleagáidí agus dhlí an Aontais. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfaí na costais a thabhaigh na húdaráis inniúla i dtríú tíortha a chlúdach le cúnamh teicniúil.

(15)

D’fhonn creat iomchuí a áirithiú le cúnamh éigeandála gasta a sholáthar, ba cheart go gceadófaí de réir an Rialacháin seo tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí ar tabhaíodh caiteachas a bhaineann leo sula ndearnadh iarratas ar chúnamh den sórt sin, ach tráth nach luaithe ná 1 Eanáir 2014, de réir na forála i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ina gceadaítear solúbthacht den sórt sin i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe. Féadfaidh an tacaíocht bheith ionann agus 100 % den chaiteachas incháilithe i gcásanna cuí-réasúnaithe má tá sé riachtanach le go bhféadfaí an ghníomhaíocht a chur i gcrích go háirithe i gcás inar eagraíocht idirnáisiúnta nó eagraíocht neamhrialtasach é an tairbhí. Gníomhaíochtaí a dtacaítear leo trí chúnamh éigeandála, ba cheart dóibh eascairt go díreach as cás éigeandála agus níor chóir go dtiocfaidís in ionad infheistíochtaí fadtéarmacha a dhéanfadh na Ballstáit.

(16)

Cinntí a dhéantar maidir leis an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais, ba cheart iad a dhoiciméadú i gceart ionas go mbeadh taifead cuí iniúchóireachta ann.

(17)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí sin, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

(18)

I gcomhthéacs leas airgeadais an Aontais a chosaint, féadfar seiceálacha ar an láthair agus iniúchtaí a dhéanfaidh na Ballstáit, an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise a bunaíodh le Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (5) (“OLAF”) a dhéanamh agus fógra a thabhairt agus féadfar na seiceálacha sin agus na hiniúchtaí sin a dhéanamh gan fógra a thabhairt, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

(19)

Le struchtúr nua an chistiúcháin i réimse na ngnóthaí baile, táthar ag iarraidh na rialacha is infheidhme a shimpliú agus táthar ag iarraidh an t-ualach riaracháin a laghdú i gcás na dtairbhithe. Mar sin féin, ba cheart do na sásraí rialaithe bheith éifeachtúil i gcónaí agus dá bhrí sin tá sé tábhachtach cuimhneamh ar na rialacha is infheidhme maidir le leas airgeadais an Aontais a chosaint, trí fhoráil do sheiceálacha ar an láthair agus d’iniúchtaí, bíodh sé go dtabharfar fógra ina leith nó nach dtabharfar.

(20)

Ba cheart do na Ballstáit bearta leormhaithe a ghlacadh d’fhonn feidhmiú cuí an chórais bhainistíochta agus rialaithe agus cháilíocht chur chun feidhme a gclár náisiúnta a áirithiú. Chuige sin, is gá na prionsabail ghinearálta agus na feidhmeanna riachtanacha a bhunú ar cheart do na córais seo a chomhlíonadh.

(21)

Ba cheart na hoibleagáidí ar na Ballstáit maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe agus cosc, brath agus ceartú neamhrialtachtaí dhlí an Aontais agus sáruithe air a shonrú d’fhonn cur chun feidhme éifeachtúil agus cuí a gclár náisiúnta a ráthú.

(22)

I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, ba cheart do na Ballstáit bheith freagrach go príomhúil, trína gcórais bhainistíochta agus rialaithe, as cur chun feidhme agus rialú na gclár náisiúnta. Ba cheart an tacaíocht arna cur ar fáil faoi na Rialacháin Shonracha a chur chun feidhme i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

(23)

Ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as an eolas, as an saineolas agus as an taithí atá ag comhlachtaí poiblí agus/nó príobháideacha maidir le cistí a tháinig roimhe seo i réimse na ngnóthaí baile a chur chun feidhme.

(24)

Is iad Údaráis Fhreagracha arna gceapadh ag na Ballstáit amháin a thugann urrús réasúnach go bhfuil na rialuithe is gá curtha i gcrích sula ndeonófar tacaíocht ó bhuiséad an Aontais do thairbhithe. Ba cheart a leagan síos go sainráite mar sin nach féidir ach caiteachas arna dhéanamh ag Údaráis Fhreagracha ainmnithe a aisíoc ó bhuiséad an Aontais.

(25)

Ba cheart cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin a bheith leagtha síos chun feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe a dheimhniú, agus chun gníomhaíocht na mBallstát a cheangal.

(26)

Ba cheart oibleagáidí buiséadacha an Aontais a chur i bhfeidhm gach bliain. D’fhonn bainistiú éifeachtach clár a áirithiú, ní mór comhrialacha a leagan síos maidir le hiarrataí ar iarmhéid bliantúil agus maidir leis an iarmhéid deiridh a íoc.

(27)

Áirithíonn an íocaíocht réamh-mhaoinithe ag tús na gclár go bhfuil Ballstáit in acmhainn tacaíocht a thabhairt do thairbhithe maidir le cur chun feidhme an chláir ón tráth a cheadaítear an clár. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha a dhéanamh maidir leis na méideanna réamh-mhaoinithe tosaigh. Ba cheart don réamh-mhaoiniú tosaigh a bheith imréitithe go hiomlán tráth a gcuirtear an clár i gcrích. Ba cheart do na hÚdaráis Fhreagracha a áirithiú go bhfaighidh na tairbhithe an méid iomlán atá dlite dóibh go pras.

(28)

Ina theannta sin, ba cheart réamh-mhaoiniú bliantúil a chur ar fáil lena áirithiú go bhfuil dóthain acmhainní ag na Ballstáit a gcláir náisiúnta a chur chun feidhme. Ba cheart an réamh-mhaoiniú bliantúil a imréiteach gach bliain tráth a n-íocfar an t-iarmhéid bliantúil.

(29)

Leis an athchóiriú tríbhliantúil ar Rialachán (AE, Euratom Uimh. 966/2012), tugtar isteach athruithe ar mhodh na bainistíochta roinnte is gá a chur san áireamh.

(30)

D’fhonn cuntasacht i leith caiteachais a chómhaoinítear le buiséad an Aontais i mbliain ar leith a neartú, ba cheart creat iomchuí a chruthú le haghaidh imréiteach bliantúil na gcuntas. Faoi chreat den sórt sin, ba cheart don Údarás Freagrach na doiciméid a chur faoi bhráid an Choimisiúin, maidir le clár náisiúnta, ar doiciméid iad dá dtagraítear sna forálacha maidir le bainistíocht roinnte leis na Ballstáit de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

(31)

D’fhonn tacú leis an urrús is bun le himréiteach bliantúil na gcuntas ar fud an Aontais, ba cheart forálacha coiteanna a leagan síos maidir le cineál agus le leibhéal na rialuithe atá le déanamh ag na Ballstáit.

(32)

D’fhonn bainistiú fónta airgeadais acmhainní an Aontais a áirithiú, d’fhéadfadh sé go gcaithfeadh an Coimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh. D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i leith na mBallstát, tá sé tábhachtach na dálaí faoina bhféadfadh an Coimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh, de dheasca sáruithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí náisiúnta is infheidhme, a shainiú. D’fhonn a áirithiú go bhfuil baint ag aon cheartuithe airgeadais a d’fhéadfadh an Coimisiún a fhorchur ar Bhallstáit le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, níor cheart iad a úsáid ach i gcásanna ina bhfuil baint dhíreach nó indíreach ag an sárú ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta le hincháilitheacht, le rialtacht, le bainistiú nó le rialú na ngníomhaíochtaí agus an chaiteachais chomhfhreagraigh. Chun an chomhréireacht a áirithiú, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún nádúr agus tromaíocht an tsáraithe a mheas agus é ag iarraidh méid an cheartaithe airgeadais a chinneadh. I dtaca leis sin, is iomchuí na critéir a leagan amach maidir le ceartuithe airgeadais an Choimisiúin a chur i bhfeidhm agus maidir leis an nós imeachta trína bhféadfaí cinneadh a dhéanamh i ndáil leis an gceartú airgeadais.

(33)

Chun an caidreamh airgeadais idir na hÚdaráis Fhreagracha agus buiséad an Aontais a bhunú, ba cheart don Choimisiún cuntais na n-údarás sin a imréiteach gach bliain. Ba cheart don chinneadh maidir le himréiteach na gcuntas iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas a chumhdach ach níor cheart dó comhréireacht an chaiteachais le dlí an Aontais a chumhdach.

(34)

Ós rud é go bhfuil an Coimisiún freagrach as cur i bhfeidhm cuí dhlí an Aontais faoi Airteagal 17 CAE, ba cheart dó cinneadh a dhéanamh an gcomhlíonann an caiteachas arna thabhú ag na Ballstáit reachtaíocht an Aontais. Ba cheart go mbeadh sé de cheart ag na Ballstáit bonn údair a thabhairt lena gcinntí íocaíochtaí a dhéanamh. Chun urrúis dlí agus airgeadais a thabhairt do na Ballstáit maidir le caiteachas a rinneadh san am atá thart, ba cheart don Choimisiún uastréimhse a shocrú lena gcinnfear na hiarmhairtí airgeadais ba cheart a thiocfadh as neamh-chomhlíonadh.

(35)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar bainistiú fónta airgeadais agus cur chun feidhme éifeachtach, agus go ndéanfar an trédhearcacht agus an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú freisin, agus go mbeidh rochtain ar mhaoiniú agus go mbeidh cóir chomhionann ann do na tairbhithe.

(36)

D’fhonn an leas a bhaintear as maoiniú a shimpliú agus d’fhonn an baol atá ann go ndéanfar earráid a laghdú, is iomchuí é na cineálacha tacaíochta a shainiú mar aon leis na coinníollacha comhchuibhithe le bheith incháilithe chun deontais a chaitheamh, lena n-áirítear roghanna simplithe costais, agus ní mór ag an am céanna foráil d’idirdhealú a dhéanamh más gá sin chun sainiúlachtaí an bheartais a léiriú. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ba cheart do na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh maidir le hincháilitheacht caiteachais.

(37)

D’fhonn smacht airgeadais a spreagadh, is iomchuí socruithe a shainiú maidir le haon chuid den ghealltanas buiséadach i gclár náisiúnta a shaoradh, go háirithe nuair a d’fhéadfaí suim a eisiamh ón saoradh, go sonrach nuair a bhíonn moill ar an gcur chun feidhme mar thoradh ar imeachtaí dlíthiúla nó achomharc riaracháin a mbíonn tionchar fionraíochta acu nó ar chúiseanna force majeur.

(38)

Lena áirithiú go gcuirfear na rialacha ginearálta maidir le saoradh i bhfeidhm go cuí, ba cheart mionsonraí a thabhairt sna rialacha a bhunaítear faoin tslí ina leagtar síos na spriocdhátaí don saoradh agus faoin tslí ina ríomhtar na méideanna faoi seach.

(39)

Tá sé tábhachtach éachtaí chistiú an Aontais a chur ar a shúile don phobal i gcoitinne. Tá sé de cheart ag saoránaigh fios a bheith acu faoin gcaoi a ndéantar acmhainní airgeadais an Aontais a chaitheamh. Ba cheart don Choimisiún, do na hÚdaráis Fhreagracha agus do na tairbhithe bheith freagrach as a áirithiú go gcuirtear an fhaisnéis chuí in iúl don phobal. D’fhonn éifeachtúlacht níos mó a áirithiú i gcumarsáid a dhéantar leis an bpobal i gcoitinne agus sineirgí níos láidre a chothú idir na gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin, ba cheart go rannchuideodh an buiséad a leithdháilfear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoi chistiú seo an Aontais freisin chun cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a chuimsiú ar an gcoinníoll go bhfuil siad bainteach le cuspóirí ginearálta chistiú an i réimse na ngnóthaí baile.

(40)

D’fhonn scaipeadh forleathan faisnéise maidir le cistiú an Aontais i réimse na ngnóthaí baile a áirithiú agus d’fhonn tairbhithe ionchasacha a chur ar an eolas faoi dheiseanna cistiúcháin, ba cheart rialacha mionsonraithe faoi bhearta cumarsáide agus faisnéise, mar aon le saintréithe teicniúla áirithe na mbeart sin, a shainiú ar bhonn an Rialacháin seo agus ba cheart do gach Ballstát suíomh Gréasáin nó tairseach Gréasáin a bhunú, ar a laghad, ar a bhfuil an fhaisnéis riachtanach ar fáil. Ba cheart do na Ballstáit feachtais chumarsáide dhíreacha a chur ar bun chun tairbhithe ionchasacha a chur ar an eolas i gceart trí, inter alia, imeachtaí rialta poiblí a eagrú - laethanta faisnéise mar a thugtar orthu, agus seisiúin oiliúna.

(41)

Braitheann éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo ar an meastóireacht a dhéantar orthu agus ar scaipeadh na dtorthaí freisin. Ba cheart freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin maidir leis seo, agus socruithe d’fhonn iontaofacht na meastóireachta agus cáilíocht na faisnéise lena mbaineann a áirithiú, a chur ar bhonn foirmiúil.

(42)

Chun forálacha an Rialacháin seo ar na prionsabail choiteanna maidir le hincháilitheacht caiteachais a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(43)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le saineolaithe ó gach Ballstát.

(44)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(45)

Ba cheart go mbainfí úsáid as an nós imeachta scrúdúcháin le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme ina leagtar síos oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe maidir le faisnéis a sholáthar don Choimisiún, agus ba cheart go mbainfí úsáid as an nós imeachta comhairleach chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na foirmeacha eiseamláireacha chun faisnéis a sholáthar don Choimisiún, mar gheall ar iad a bheith chomh teicniúil sin.

(46)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon forálacha ginearálta le haghaidh chur chun feidhme na Rialachán Sonrach a leagan síos, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 CFAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo níos faide ná mar is gá chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(47)

Ós rud é go leagtar síos sa Rialachán seo na rialacha ginearálta is gá chun Rialacháin Shonracha a chur chun feidhme, ar rialacha iad ina bhforálfar dá infheidhmitheacht maidir leis na Rialacháin Shonracha seo agus ar gníomhartha iad a chuireann leis an méid atá in acquis Schengen i dtaca leis na tíortha ina bhfuil feidhm leis na Rialacháin Shonracha seo ar bhonn na bPrótacal ábhartha a ghabhann le CAE agus le CFAE nó ar bhonn na gComhaontuithe ábhartha, ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm in éineacht leis na Rialacháin Shonracha seo. Sa mhéid sin, tugtar le tuiscint go bhféadfar an Rialachán seo a nascadh le forálacha na Rialachán Sonrach lena bhforbraítear tuilleadh acquis Schengen agus go bhféadfaidh an Rialachán seo dul i gcion go díreach ar fhorálacha na Rialachán Sonrach sin, agus ar an gcaoi sin go mbeadh tionchar aige ar chreat dlíthiúil an acquis.

(48)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag na Ballstáit sin gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(49)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(50)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (7). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha ginearálta le haghaidh chur chun feidhme na Rialachán Sonrach maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

maoiniú caiteachais;

(b)

comhpháirtíocht, clársceidealú, tuairisciú, faireachán agus meastóireacht;

(c)

na córais bhainistíochta agus rialaithe atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit; agus

(d)

imréiteach na gcuntas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

Ciallaíonn “Rialacháin Shonracha”

Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8);

Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9); agus

aon rialachán eile lena bhforáiltear do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(b)

ciallaíonn “clársceidealú” an próiseas maidir le heagrú, cinneadh a ghlacadh agus maoiniú de réir céimeanna éagsúla a bhfuil sé d’aidhm acu comhghníomhaíocht an Aontais agus na mBallstát a chur chun feidhme, ar bhonn ilbhliantúil, chun cuspóirí na Rialachán Sonrach a bhaint amach;

(c)

ciallaíonn “gníomhaíocht” tionscadal nó grúpa tionscadal arna roghnú ag Údarás Freagrach an chláir náisiúnta lena mbaineann, nó faoina chúram, lena gcuirtear le cuspóirí ginearálta agus sonracha arna saothrú leis na Rialacháin Shonracha;

(d)

ciallaíonn “gníomhaíocht an Aontais” gníomhaíocht thrasnáisiúnta nó gníomhaíocht a bhfuil leas áirithe aici don Aontas mar atá sainmhínithe sna Rialacháin Shonracha;

(e)

ciallaíonn “tionscadal” na modhanna sonracha, praiticiúla a mbaintear úsáid astu chun gníomhaíocht nó cuid de ghníomhaíocht tairbhí ranníocaíochta an Aontais a chur chun feidhme;

(f)

ciallaíonn “cúnamh éigeandála” tionscadal nó grúpa tionscadal lena dtugtar aghaidh ar staid éigeandála mar atá sainmhínithe sna Rialacháin Shonracha;

(g)

ciallaíonn “tairbhí” faighteoir ranníocaíochta ón Aontas faoi thionscadal, is cuma comhlacht poiblí nó príobháideach, eagraíocht idirnáisiúnta nó Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge (“CICD”), nó Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn Náisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg.

CAIBIDIL II

PRIONSABAIL AN CHÚNAIMH

Airteagal 3

Prionsabail ghinearálta

1.   Cuirfear tacaíocht ar fáil leis na Rialacháin Shonracha, trí chláir náisiúnta, gníomhaíochtaí an Aontais agus cúnamh éigeandála, ina gcomhlánaítear idirghabháil náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena gcuirtear i bhfeidhm na cuspóirí a shaothraíonn an tAontas, agus lena mbeidh breisluach don Aontas mar thoradh air chomh maith.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoi na Rialacháin Shonracha agus a chuireann na Ballstáit ar fáil ag teacht le gníomhaíochtaí, beartais agus le tosaíochtaí ábhartha an Aontais agus go mbeidh sí comhlánaitheach le hionstraimí eile de chuid an Aontais, agus comhthéacs ar leith gach Ballstáit á chur san áireamh.

3.   Déanfar an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoi na Rialacháin Shonracha a chur chun feidhme le dlúthchomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit.

4.   I gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (“SEGS”) maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha, comhordú idir an Rialachán seo agus na Rialacháin Shonracha, agus idir beartais, straitéisí agus ionstraimí ábhartha eile an Aontais, lena n-áirítear na cinn sin faoi chuimsiú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

5.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht le SEGS, i gcás inarb iomchuí, go gcuirfear gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil leis na tíortha sin i gcrích ar bhonn sineirgíochta agus comhtháthaithe le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a dtacaítear leo trí ionstraimí an Aontais. Áiritheofar leo, go háirithe, maidir leis na gníomhaíochtaí sin:

(a)

go mbeidh siad comhtháite le beartas seachtrach an Aontais, i gcomhréir le prionsabal an chomhtháthú an bheartais le haghaidh forbartha, agus comhsheasmhach leis na doiciméid chlársceidealaithe straitéisigh le haghaidh an réigiúin nó na tíre i dtrácht;

(b)

go ndíreofar leo ar bhearta nach bhfuil dírithe ar fhorbairt;

(c)

go bhfónfar do leasanna bheartais inmheánacha an Aontais agus go mbeidh siad i gcomhréir le gníomhaíochtaí a ghlacfar laistigh den Aontas.

6.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit prionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, go háirithe i gcomhréir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta mar a fhoráiltear in Airteagal 30 den Rialachán sin.

7.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit éifeacht na tacaíochta a sholáthrófar faoi na Rialacháin Shonracha a áirithiú, lena n-áirítear trí fhaireachán, trí thuairisciú agus trí mheastóireacht.

8.   Comhlíonfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a ról faoi seach maidir leis an Rialachán seo agus leis na Rialacháin Shonracha d’fhonn an t-ualach riaracháin ar thairbhithe, ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a laghdú, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh.

Airteagal 4

Comhlíonadh dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta

Comhlíonfaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear leis na Rialacháin Shonracha dlí infheidhme náisiúnta agus dlí infheidhme an Aontais.

Airteagal 5

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Glacfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo agus faoi na Rialacháin Shonracha chun feidhme, go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillitheachta nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar bith eile, trí sheiceálacha éifeachtacha, trí na méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil má bhraitear neamhrialtachtaí, agus, más cuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá idir éifeachtach, cionmhar agus díspreagthach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus gnóthóidh siad méideanna a íocadh go míchuí, mar aon le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún fúthu seo agus coimeádfaidh siad é ar an eolas faoi aon dul chun cinn suntasach atá déanta maidir leis na himeachtaí gaolmhara riaracháin agus dlí.

3.   Nuair nach féidir méideanna a íocadh go míchuí le tairbhí a aisghabháil mar thoradh ar locht nó ar fhaillí ar thaobh an Bhallstáit, beidh an Ballstát sin freagrach as na méideanna lena mbaineann a aisíoc le buiséad an Aontais.

4.   Soláthróidh Ballstáit cosaint éifeachtach i gcoinne calaoise, go háirithe i ndáil le limistéir a bhfuil leibhéal níos airde riosca ag gabháil leo. Beidh cosaint den sórt sin mar bhac, ag féachaint do na tairbhí, agus do chomhréireacht na mbeart freisin.

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58, i ndáil leis na hoibleagáidí atá ar Bhallstáit agus a shonraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo.

6.   Leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, minicíocht thuairisciú na neamhrialtachtaí agus an fhormáid tuairiscithe a bheidh le húsáid. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 59(2).

7.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na Rialacháin Shonracha.

8.   Féadfaidh OLAF fiosrúcháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair i gcomhréir leis na forálacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (11) d’fhonn a shuí cibé acu ar tharla calaois, éillitheacht nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a mbeidh éifeacht aici ar leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú, cinneadh deontais nó le conradh a chistítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na Rialacháin Shonracha.

9.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 7 agus do mhír 8, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus sna heagraíochtaí idirnáisiúnta agus sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais a eascróidh ón Rialachán seo agus na Rialacháin Shonracha a chur chun feidhme, lena dtabharfar cumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus fiosrúcháin den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

CAIBIDIL III

CREAT AIRGEADAIS DO GHNÍOMHAÍOCHTAÍ AN AONTAIS, DO CHÚNAMH ÉIGEANDÁLA AGUS DO CHÚNAMH TEICNIÚIL

Airteagal 6

Creat cur chun feidhme

1.   Bunóidh an Coimisiún an tsuim fhoriomlán le cur ar fáil do ghníomhaíochtaí an Aontais, do chúnamh éigeandála agus do chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais.

2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an clár oibre le haghaidh ghníomhaíochtaí an Aontais agus cúnaimh éigeandála. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

3.   D’fhonn a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil in am, féadfaidh go nglacfaidh an Coimisiún le clár oibre faoi leith le haghaidh cúnaimh éigeandála.

4.   Féadfar gníomhaíochtaí an Aontais, cúnamh éigeandála agus cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún a chur chun feidhme go díreach, tríd an gCoimisiún nó trí ghníomhaireachtaí seachtracha, nó go hindíreach, trí eintitis agus daoine seachas na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 7

Cúnamh éigeandála

1.   Mar fhreagairt ar staid éigeandála mar atá sainmhínithe sna Rialacháin Shonracha, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh cúnamh éigeandála a chur ar fáil. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthúil.

2.   Laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil, féadfaidh an cúnamh éigeandála a bheith ionann le 100 % den chaiteachas incháilithe.

3.   D’fhéadfadh cúnamh i mBallstáit agus i dtríú tíortha a bheith i gceist le cúnamh éigeandála i gcomhréir leis na cuspóirí agus leis na gníomhaíochtaí atá sainmhínithe sna Rialacháin Shonracha.

4.   Féadfaidh cúnamh éigeandála tacú le caiteachas a tabhaíodh roimh an dáta a cuireadh isteach an t-iarratas ar dheontas nó an t-iarratas ar chúnamh, ach tráth nach luaithe ná 1 Eanáir 2014, nuair is gá sin chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme.

5.   Féadfaidh cúnamh éigeandála bheith i bhfoirm deontas a bhronnfar go díreach ar ghníomhaireachtaí an Aontais.

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí an Aontais agus cúnamh éigeandála i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha

1.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh gníomhaíochtaí an Aontais agus cúnamh éigeandála a mhaoiniú i dtríú tíortha nó maidir le tríú tíortha de réir na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí a shainmhínítear sna Rialacháin Shonracha.

2.   I gcás ina gcuirtear gníomhaíochtaí den sórt sin chun feidhme go díreach, beidh cead ag na heintitis seo a leanas iarratais ar dheontas a chur isteach:

(a)

Ballstáit;

(b)

tríú tíortha, i gcásanna cuí-réasúnaithe inar gá deontas chun cuspóirí an Rialacháin seo agus cuspóirí na Rialachán Sonrach a bhaint amach;

(c)

comhchomhlachtaí arna mbunú ag tríú tíortha agus ag an Aontas nó ag Ballstáit;

(d)

eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear eagraíochtaí réigiúnacha, comhlachtaí, ranna agus misin de chuid na NA, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus bainc forbartha agus institiúidí dlínse idirnáisiúnta sa mhéid go gcuireann siad le cuspóirí an Rialacháin Shonraigh nó na Rialachán Sonrach lena mbaineann;

(e)

CICD agus Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn Náisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg;

(f)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá bunaithe agus cláraithe san Aontas agus sna tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen;

(g)

gníomhaireachtaí an Aontais le haghaidh cúnaimh éigeandála.

Airteagal 9

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó ar a shon, féadfar, trí bhíthin na Rialachán Sonrach, tacaíocht a sholáthar le haghaidh na mbeart ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus cúnaimh theicniúil, chomh maith le bearta agus gníomhaíochtaí meastóireachta, iniúchóireachta agus rialaithe is gá d’fhonn an Rialachán seo agus na Rialacháin Shonracha a chur chun feidhme.

2.   Féadfar na nithe seo a leanas a chur san áireamh sna bearta agus sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

cúnamh le tionscadal a ullmhú agus a mheas;

(b)

tacaíocht maidir le forbairt institiúideach agus forbairt acmhainní riaracháin ar mhaithe leis an Rialachán seo agus na Rialacháin Shonracha a bhainistiú go héifeachtach;

(c)

bearta a bhaineann le hanailís, bainistiú, faireachán, malartú faisnéise agus cur chun feidhme an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach, chomh maith le bearta a bhaineann le córais rialaithe agus cúnamh teicniúil agus riaracháin a chur chun feidhme;

(d)

meastóireachtaí, tuarascálacha saineolaithe, staidreamh agus staidéir, lena n-áirítear iad siúd de chineál ginearálta maidir le feidhmiú na Rialachán Sonrach;

(e)

gníomhaíochtaí chun faisnéis a scaipeadh, tacú le líonrú, gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéanamh, feasacht a spreagadh agus comhar agus malartú taithí a chur chun cinn, lena n-áirítear le tríú tíortha. D’fhonn éifeachtúlacht níos mór a chruthú i gcumarsáid a dhéantar leis an bpobal i gcoitinne agus sineirgí níos láidre a chothú idir na gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin, rannchuideoidh na hacmhainní a leithdháilfear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo freisin chun cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a chuimsiú ar an gcoinníoll go bhfuil baint acu le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach;

(f)

córais ríomhairithe bainistithe, faireacháin, iniúchóireachta, rialaithe agus meastóireachta a shuiteáil, a thabhairt cothrom le dáta, a fheidhmiú agus a idirnascadh;

(g)

dearadh creata choitinn le haghaidh meastóireachta agus faireacháin chomh maith le córas táscairí, agus táscairí náisiúnta á gcur san áireamh nuair is iomchuí sin;

(h)

gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar mhodhanna meastóireachta agus ar mhalartú faisnéise maidir le cleachtais meastóireachta;

(i)

comhdhálacha, seimineáir, ceardlanna agus bearta coiteanna faisnéise agus oiliúna eile maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach d’údaráis inniúla agus do thairbhithe;

(j)

gníomhaíochtaí a bhaineann le calaois a bhraith agus a chosc;

(k)

gníomhaíochtaí a bhaineann le hiniúchóireacht.

3.   Féadfaidh na bearta agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a bheith bainteach freisin leis na creataí airgeadais roimhe sin agus ina dhiaidh sin.

CAIBIDIL IV

CLÁIR NÁISIÚNTA

ROINN 1

Creat Clársceidealaithe agus Cur Chun Feidhme

Airteagal 10

Clársceidealú

Saothrófar cuspóirí na Rialachán Sonrach faoi chuimsiú an chlársceidealaithe ilbhliantúil don tréimhse ó 2014-2020, faoi réir athscrúdaithe mheántéarma i gcomhréir le hAirteagal 15.

Airteagal 11

Idirghabháil choimhdeach agus chomhréireach

1.   Beidh na Ballstáit agus a n-údaráis inniúla mar a shonraítear in Airteagal 25 freagrach as cláir a chur chun feidhme agus as a gcúraimí faoin Rialachán seo agus faoi na Rialacháin Shonracha a thabhairt chun críche ar an leibhéal iomchuí, de réir chreat institiúideach, dlí agus airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann agus faoi réir an Rialachán seo agus na Rialacháin Shonracha a bheith comhlíonta.

2.   Cuirfear prionsabal na comhréireachta san áireamh sna socruithe maidir le cur chun feidhme agus úsáid na tacaíochta a chuirtear ar fáil faoi na Rialacháin Shonracha, agus go háirithe na hacmhainní airgeadais agus riaracháin is gá maidir le tuairisciú, meastóireacht, bainistiú agus rialú, agus beidh aird chuí ar an leibhéal tacaíochta a thugtar, agus an t-ualach riaracháin á laghdú sa chaoi sin agus lena n-éascaítear cur chun feidhme éifeachtach.

Airteagal 12

Comhpháirtíocht

1.   Eagróidh gach Ballstát, i gcomhréir lena rialacha agus a gcleachtas náisiúnta, agus faoi réir ceanglas slándála ar bith is infheidhme, comhpháirtíocht le húdaráis agus le comhlachtaí ábhartha, chun dul i mbun an róil a leagtar amach i mír 3. Déanfar an chomhpháirtíocht as údaráis phoiblí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, i gcás inarb infheidhme. Áireofar leis chomh maith, i gcás ina meastar gurb iomchuí sin, eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe sóisialta.

2.   Seolfar comhpháirtíocht go hiomlán de réir dlínse institiúidí, dlí agus airgeadais gach catagóire comhpháirtithe faoi seach.

3.   Déanfaidh an Ballstát go mbeidh an chomhpháirtíocht páirteach in ullmhú, i gcur chun feidhme, i bhfaireachán agus i meastóireacht na gclár náisiúnta. Féadfaidh leagan amach na comhpháirtíochta a bheith éagsúil ag céimeanna difriúla den chlár.

4.   Bunóidh gach Ballstát coiste faireacháin chun tacú le cur chun feidhme na gclár náisiúnta.

5.   Féadfaidh an Coimisiún treoir a chur ar fáil maidir le faireachán a dhéanamh ar chláir náisiúnta agus, más gá agus i gcomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann, féadfaidh sé páirt a ghlacadh in obair an choiste faireacháin mar chomhairleoir.

Airteagal 13

Idirphlé beartais

1.   D’fhonn ullmhú na gclár náisiúnta a éascú, beidh idirphlé ag gach Ballstát agus ag an gCoimisiún ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach, lena gcuirfear san áireamh frámaí ama táscacha ábhartha a leagtar síos in Airteagal 14. Díreofar san idirphlé ar na torthaí foriomlána a bheidh le baint amach trí bhíthin na gclár náisiúnta d’fhonn aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ar thosaíochtaí na mBallstát sna réimsí idirghabhála a chumhdaítear leis na Rialacháin Shonracha, agus aird á tabhairt ar staid na bonnlíne sa Bhallstát lena mbaineann agus cuspóirí na Rialachán Sonrach. Féadfar go mbeidh deis ar fáil leis an idirphlé le haghaidh malartú tuairimí maidir le gníomhaíochtaí an Aontais. Beidh an toradh ar an idirphlé ina threoir chun na cláir náisiúnta a ullmhú agus a fhormheas agus áireofar air léiriú ar an dáta a mbeifear ag súil go gcuirfidh na Ballstáit na cláir náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin, chun go nglacfar an clár ar bhealach tráthúil. Déanfar taifead ar an toradh sin i miontuairiscí a bheidh comhaontaithe.

2.   I gcás gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme i dtríú tíortha agus maidir leis na tríú tíortha sin, ní bheidh gníomhaíochtaí den chineál sin dírithe ar fhorbairt go díreach agus lorgófar san idirphlé beartais comhchuibheas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist.

3.   Tar éis an t-idirphlé beartais a chur i gcrích, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin toradh foriomlán.

4.   Má mheasann Ballstát nó an Coimisiún go bhfuil sé iomchuí, d’fhéadfaí an t-idirphlé beartais a dhéanamh an athuair tar éis an athbhreithnithe mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 15, d’fhonn riachtanais an Bhallstáit sin agus tosaíochtaí an Aontais a mheasúnú arís.

Airteagal 14

Ullmhú agus formheas clár náisiúnta

1.   Beartóidh gach Ballstát, ar bhonn thoradh an idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13(1), clár náisiúnta ilbhliantúil i gcomhréir leis na Rialacháin Shonracha.

2.   Déanfar blianta airgeadais na tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020 a chumhdach i ngach clár náisiúnta atá beartaithe agus beidh na gnéithe seo a leanas ann:

(a)

cur síos ar an gcás bonnlíne sa Bhallstát, curtha i gcrích leis an bhfaisnéis fhíriciúil a bhfuil gá léi chun na ceanglais a mheasúnú i gceart;

(b)

anailís ar cheanglais sa Bhallstát agus na cuspóirí náisiúnta a ceapadh chun na ceanglais sin a chomhlíonadh le linn na tréimhse a chumhdaítear sa chlár;

(c)

straitéis iomchuí ina sainaithnítear na cuspóirí a bheidh le saothrú le tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, agus spriocanna dá mbaint amach, tráthchlár táscach agus samplaí de ghníomhaíochtaí atá beartaithe chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh;

(d)

cur síos ar an gcaoi a gcumhdaítear cuspóirí na Rialachán Sonrach;

(e)

na meicníochtaí lena n-áirithítear comhordú idir na hionstraimí arna mbunú leis na Rialacháin Shonracha agus ionstraimí eile de chuid an Aontais agus ionstraimí náisiúnta;

(f)

faisnéis ar an gcreat faireacháin agus meastóireachta atá le cur i bhfeidhm agus na táscairí atá le húsáid chun an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí saothraithe a thomhas i dtaca leis an gcás bonnlíne sa Bhallstát;

(g)

na forálacha cur chun feidhme le haghaidh an chláir náisiúnta, ina n-aithnítear na húdaráis inniúla, agus tuairisc ghearr ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe atá beartaithe;

(h)

tuairisc ghearr ar an gcur chuige a roghnófar do phrionsabal na comhpháirtíochta a leagtar síos in Airteagal 12 a chur chun feidhme;

(i)

dréachtphlean maoinithe atá miondealaithe go táscach de réir gach bliain airgeadais sa tréimhse, lena n-áirítear léiriú ar an gcaiteachas ar chúnamh teicniúil;

(j)

na meicníochtaí agus na modhanna atá le húsáid chun poiblíocht a dhéanamh ar an gclár náisiúnta.

3.   Cuirfidh na Ballstáit na cláir náisiúnta atá beartaithe faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an t-idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt chun críche.

4.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an tsamhail ar dá réir a dhéanfar na cláir náisiúnta a dhréachtú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

5.   Sula bhformheastar clár náisiúnta atá beartaithe, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar an méid seo a leanas:

(a)

a chomhsheasmhacht le cuspóirí na Rialachán Sonrach agus le toradh an idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13(1);

(b)

leithdháileadh chistiú an Aontais idir cuspóirí i bhfianaise cheanglais na Rialachán Sonrach agus, i gcás inarb ábhartha, an chúis le himeacht ó na híoschionnta a leagtar amach sna Rialacháin Shonracha.

(c)

ábharthacht na gcuspóirí, na spriocanna, na dtáscairí, an tráthchláir agus samplaí de ghníomhaíochtaí a mbeifear ag súil leo sa chlár náisiúnta atá beartaithe i bhfianaise na straitéise a mholann na Ballstáit;

(d)

ábharthacht na bhforálacha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 2 i bhfianaise na ngníomhaíochtaí atá beartaithe;

(e)

comhlíonadh dhlí an Aontais ag an gclár atá beartaithe;

(f)

comhlántacht leis an tacaíocht arna soláthar le cistí eile an Aontais lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa;

(g)

nuair is infheidhme faoi Rialachán Sonrach, le haghaidh cuspóirí agus samplaí gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme i dtríú tíortha agus maidir leo, comhchuibheas le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún lena mbaineann.

6.   Tabharfaidh an Coimisiún barúlacha laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirfear an clár náisiúnta atá beartaithe isteach. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil clár náisiúnta atá beartaithe ar neamhréir le cuspóirí an Rialacháin Shonraigh, i bhfianaise na straitéise náisiúnta nó nach bhfuil cistiú an Aontais a leithdháilfear ar na cuspóirí sin leordhóthanach nó nach gcomhlíonann an clár dlí an Aontais, iarrfaidh sé ar an mBallstát lena mbaineann an fhaisnéis bhreise uile is gá a chur ar fáil agus, nuair is iomchuí, an clár náisiúnta atá beartaithe a mhodhnú.

7.   Déanfaidh an Coimisiún gach clár náisiúnta a fhormheas tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Bhallstát é a chur isteach go foirmiúil, ar an gcoinníoll gur cuireadh aon bharúlacha a thug an Coimisiún san áireamh go cuí.

8.   Gan dochar do mhír 7, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi thoradh foriomlán mír 5 agus mír 6 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear, i ndáil leis na híoschéatadáin a leagtar amach in aghaidh an chuspóra sna Rialacháin Shonracha ábhartha, ar comhlíonadh iad nó ar maolaíodh uathu.

9.   I bhfianaise dálaí nua nó dálaí gan choinne, ar thionscnamh ón gCoimisiún nó ón mBallstát lena mbaineann, féadfar clár náisiúnta formheasta a athscrúdú agus, más gá, a athchóiriú don tréimhse atá fágtha den tréimhse chlársceidealaithe.

Airteagal 15

Athscrúdú meántéarma

1.   In 2018 déanfaidh an Coimisiún agus gach Ballstát athscrúdú ar an staid, i bhfianaise na dtuarascálacha eatramhacha meastóireachta a chuir na Ballstáit isteach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 57(1), agus i bhfianaise na bhforbairtí i mbeartais an Aontais agus sa Bhallstát lena mbaineann.

2.   Tar éis an athscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, agus i bhfianaise a thoraidh, féadfar cláir náisiúnta a athchóiriú.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 14 maidir le hullmhú agus le formheas na gclár náisiúnta i leith ullmhú agus fhormheas na gclár náisiúnta athchóirithe sin.

4.   Tar éis chur i gcrích an athscrúdaithe mheántéarma agus mar chuid den mheastóireacht eatramhach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 57(2), cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an athscrúdú meántéarma faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Sóisialta agus Eacnamaíoch na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

Airteagal 16

Struchtúr maoinithe

1.   Is i bhfoirm deontas a dhéanfar ranníocaíochtaí maoinithe a chuirtear ar fáil faoi na cláir náisiúnta.

2.   Déanfar gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi na cláir náisiúnta a chómhaoiniú ó fhoinsí poiblí nó príobháideacha, beidh siad neamhbhrabúsach agus ní bheidh siad faoi réir maoinithe ó fhoinsí eile a chumhdaítear i mbuiséad an Aontais.

3.   Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais 75 % de chaiteachas incháilithe iomlán tionscadail.

4.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % faoi ghníomhaíochtaí sonracha nó faoi thosaíochtaí straitéiseacha mar atá sainmhínithe sna Rialacháin Shonracha.

5.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, mar shampla i gcásanna, de dheasca brú eacnamaíoch ar an mbuiséad náisiúnta, nach gcuirfí tionscadail chun feidhme agus nach mbainfí cuspóirí an chláir náisiúnta amach murach sin.

6.   Féadfaidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Bhallstáit a bheith cothrom le 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán.

Airteagal 17

Prionsabail ghinearálta incháilitheachta

1.   Déanfar incháilitheacht caiteachais a chinneadh ar bhonn rialacha náisiúnta, cé is moite de chásanna ina bhfuil rialacha sonracha leagtha síos sa Rialachán seo nó sna Rialacháin Shonracha.

2.   I gcomhréir leis na Rialacháin Shonracha, d’fhonn go mbeadh an caiteachas incháilithe, ní mór dó an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

ní mór dó a bheith faoi raon feidhme na Rialachán Sonrach agus a gcuspóirí;

(b)

ní mór dó a bheith ag teastáil chun na gníomhaíochtaí dá gcumhdaítear sa tionscadal lena mbaineann a dhéanamh;

(c)

ní mór dó a bheith réasúnta agus prionsabail an bhainistithe fónta airgeadais a chomhlíonadh, go háirithe luach ar airgead agus cost-éifeachtúlacht.

3.   Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh tacaíochta faoi na Rialacháin Shonracha más rud é:

(a)

go bhfuil sé tabhaithe ag tairbhí idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2022; agus

(b)

go bhfuil sé íoctha amach ag an Údarás Freagrach ainmnithe idir an 1 Eanáir 2014 agus an 30 Meitheamh 2023.

4.   De mhaolú ar mhír 3, caiteachas a íocfar in 2014 beidh sé incháilithe i gcás ina n-íocfaidh an tÚdarás Freagrach é sula n-ainmneofar é go foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 26, ar choinníoll go mbeidh na córais bhainistíochta agus rialaithe a chuirfear i bhfeidhm roimh an ainmniú foirmiúil mar an gcéanna go bunúsach leis na córais a bheidh i bhfeidhm tar éis ainmniú foirmiúil an Údaráis Fhreagraigh.

5.   Tacófar leis an gcaiteachas a áirítear in iarratais ar íocaíocht ón tairbhí chuig an Údarás Freagrach le sonraisc nó le doiciméid chuntasaíochta a mbeidh luach profach coibhéiseach ag gabháil leo, cé is moite de chineálacha tacaíochta faoi phointe (b), pointe (c) agus pointe (d) d’Airteagal 18(1). I gcás cineálacha tacaíochta den sórt sin, de mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, is ionann na méideanna a áirítear san iarratas ar íocaíocht agus an costas aisíoctar leis an tairbhí ag an Údarás Freagrach.

6.   Déanfar glanioncam a ghintear go díreach ó thionscadal le linn a chur chun feidhme nár cuireadh san áireamh ag tráth formheasta an tionscadail a asbhaint ó chaiteachas incháilithe an tionscadail ar a dhéanaí san iarratas ar íocaíocht deiridh arna chur isteach ag an tairbhí.

Airteagal 18

Caiteachas incháilithe

1.   Féadfar caiteachas incháilithe a aisíoc ar na bealaí seo a leanas:

(a)

aisíoc na gcostas incháilithe a thabhaítear agus a íoctar go hiarbhír, mar aon le dímheas, nuair is infheidhme;

(b)

scálaí caighdeánacha costas aonaid;

(c)

cnapshuimeanna;

(d)

maoiniú ar ráta comhréidh, arna chinneadh trí chéatadán a chur i bhfeidhm maidir le catagóir sainithe costas amháin nó níos mó.

2.   Féadfar na roghanna dá dtagraítear i mír 1 a chur le chéile i gcás ina gcumhdaíonn gach rogha catagóirí difriúla costas nó i gcás ina n-úsáidtear iad le haghaidh tionscadal éagsúil atá ina gcuid de ghníomhaíocht nó le haghaidh céimeanna leantacha gníomhaíochta.

3.   I gcás ina gcuirtear tionscadal chun feidhme go heisiach trí oibreacha, trí earraí nó trí sheirbhísí a sholáthar go poiblí, ní bheidh feidhm ach le pointe (a) de mhír 1. I gcás ina bhfuil an soláthar poiblí laistigh de thionscadal teoranta do chatagóirí áirithe costas, féadfaidh feidhm a bheith ag na rogha uile dá dtagraítear i mír 1.

4.   Bunófar na méideanna dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1 ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

modh ríofa cóir, cothrom agus infhíoraithe bunaithe orthu seo a leanas:

(i)

sonraí staidrimh nó faisnéis oibiachtúil eile;

(ii)

sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe aonair; nó

(iii)

gnáthchleachtais chuntasaíochta costála na dtairbhithe aonair a chur i bhfeidhm;

(b)

i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i bhfeidhm scálaí comhfhreagracha costas aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidh is infheidhme i mbeartais an Aontais le haghaidh tionscadail agus tairbhí den chineál céanna;

(c)

i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i bhfeidhm scálaí comhfhreagracha costas aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidh arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna maidir le deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát lena mbaineann le haghaidh tionscadail agus tairbhí den chineál céanna.

5.   Leagfar amach an modh a chuirfear i bhfeidhm chun costais an tionscadail agus na coinníollacha maidir le híocaíocht an deontais a chinneadh sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha le haghaidh tacaíochta do gach tionscadal.

6.   I gcás ina n-eascraíonn costais indíreacha as cur chun feidhme tionscadail, féadfar iad a ríomh mar ráta comhréidh ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

ráta comhréidh suas le 25 % de na costais dhíreacha incháilithe, i gcás ina ndéantar an ráta a ríomh ar bhonn modha ríofa atá cóir, cothrom agus infhíoraithe nó ar bhonn modha a chuirtear i bhfeidhm faoi scéimeanna i gcomhair deontas arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát lena mbaineann le haghaidh tionscadail agus tairbhí den chineál céanna;

(b)

ráta comhréidh de suas le 15 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe gan ceanglas a bheith ar an mBallstát lena mbaineann ríomh ar bith a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh;

(c)

ráta comhréidh a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na costais dhíreacha incháilithe bunaithe ar mhodhanna reatha agus ar rátaí comhfhreagracha, agus is infheidhme i mbeartais de chuid an Aontais le haghaidh tionscadail agus tairbhí den chineál céanna.

7.   Chun críocha na costais foirne a bhaineann le cur chun feidhme tionscadail a chinneadh, féadfar an ráta de réir na huaire is infheidhme a ríomh trí na hollchostais bhliantúla fostaíochta dhoiciméadaithe is déanaí a roinnt ar 1 720 uair an chloig.

8.   Anuas ar na modhanna a leagtar síos i mír 4, nach mó an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais ina leith ná EUR 100 000, féadfar na méideanna dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1 a bhunú de réir cáis trí thagairt a dhéanamh do dhréachtbhuiséad arna chomhaontú ex ante ag an Údarás Freagrach.

9.   Féadfar a mheas go bhfuil costais dímheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá sé ceadaithe faoi rialacha incháilitheachta an chláir náisiúnta;

(b)

tá méid an chaiteachais cuí-réasúnaithe trí dhoiciméid tacaíochta a bhfuil luach cruthúnais atá coibhéiseach le sonraisc le haghaidh costas incháilithe acu i gcás ina ndéantar aisíocaíocht san fhoirm dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

(c)

baineann na costais go heisiach leis an tréimhse tacaíochta don tionscadal;

(d)

níl tacaíocht ó bhuiséad an Aontais tar éis ranníocaíocht a dhéanamh i dtreo éadáil na sócmhainní dímheasta.

10.   Gan dochar d’Airteagal 43, chun críocha mhír 8 den Airteagal seo féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra náisiúnta acu ráta comhshó an euro a úsáid, ar ráta é a shocraítear ar an dáta a dhéantar an tionscadal a fhormheas nó comhaontú tionscadail a shíniú bunaithe ar an ráta míosúil malairte cuntasaíochta a fhoilsíonn an Coimisiún go leictreonach. Ní bheidh ráta comhshó an euro faoi réir modhnaithe le linn an tionscadail.

Airteagal 19

Caiteachas neamh-incháilithe

Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe i gcomhair ranníocaíochta ó bhuiséad an Aontais faoi na Rialacháin Shonracha:

(a)

ús ar fhiacha;

(b)

ceannach talún nár tógadh uirthi;

(c)

ceannach talún ar tógadh uirthi, i gcás gur gá an talamh do chur chun feidhme an tionscadail, ar mhéid a sháraíonn 10 % den chaiteachas iomlán incháilithe don tionscadal lena mbaineann;

(d)

cáin bhreisluacha (CBL), ach amháin i gcás nach bhfuil sé inghnóthaithe faoi dhlí náisiúnta CBL.

Airteagal 20

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ó na Ballstáit

1.   Ar thionscnamh ó Bhallstát le haghaidh gach cláir náisiúnta, féadfaidh na Rialacháin Shonracha tacú le gníomhaíochtaí maidir le hullmhú, le bainistiú, le faireachán, le meastóireacht, le faisnéis agus le cumarsáid, le líonrú, le rialú agus le hiniúchóireacht, chomh maith le bearta i ndáil le treisiú an chumais riaracháin le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach.

2.   Féadfar an méid seo a leanas a chur san áireamh i measc na mbeart dá dtagraítear i mír 1:

(a)

caiteachas a bhaineann le hullmhú, le roghnú, le measúnacht, le bainistiú agus le faireachán an chláir, na ngníomhaíochtaí nó na dtionscadal;

(b)

caiteachas a bhaineann le hiniúchóireachtaí agus le rialuithe ar an láthair ar ghníomhaíochtaí nó ar thionscadail;

(c)

caiteachas a bhaineann le meastóireachtaí ar an gclár, ar ghníomhaíochtaí nó ar thionscadail;

(d)

caiteachas a bhaineann le faisnéis, le scaipeadh agus le trédhearcacht i ndáil leis an gclár, le gníomhaíochtaí nó le tionscadail, lena n-áirítear caiteachas ag éirí as Airteagal 53 a chur i bhfeidhm agus caiteachas ar fheachtais chun eolas a thabhairt agus chun feasacht a mhúscailt faoi chuspóir an chláir, ar feachtais iad a bheadh eagraithe, inter alia, ar an leibhéal áitiúil;

(e)

caiteachas ar éadáil, ar shuiteáil agus ar chothabháil córas ríomhairithe do bhainistiú, d’fhaireachán agus do mheastóireacht an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach;

(f)

caiteachas ar chruinnithe de choistí faireacháin agus d’fhochoistí a bhaineann le gníomhaíochtaí a chur chun feidhme; lena n-áirítear costais saineolaithe agus rannpháirtithe eile sna coistí sin agus lena n-áirítear rannpháirtithe tríú tír i gcás gur riachtanach iad a bheith i láthair do chur chun feidhme clár, gníomhaíochtaí nó tionscadal;

(g)

caiteachas ar threisiú an chumais riaracháin do chur chun feidhme an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach.

3.   Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as na leithreasuithe d’fhonn tacú le gníomhaíochtaí chun an t-ualach riaracháin ar na tairbhithe agus ar na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 25 a laghdú, lena n-áirítear córais malartaithe leictreonaigh sonraí, agus gníomhaíochtaí d’fhonn dlús a chur faoi chumas údaráis agus thairbhithe an Bhallstáit an tacaíocht dá bhforáiltear leis na Rialacháin Shonracha a riar agus a úsáid.

4.   Féadfaidh na gníomhaíochtaí a bheith bainteach freisin leis na creataí airgeadais roimhe sin agus ina dhiaidh sin.

5.   Nuair atá údarás inniúil amháin nó níos mó roinnte idir níos mó ná clár náisiúnta amháin, féadfar na leithreasuithe do chaiteachas cúnaimh theicniúil na gclár lena mbaineann a chumasc, go páirteach nó go hiomlán.

ROINN 2

Bainistiú agus Rialú

Airteagal 21

Prionsabail ghinearálta maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe

D’fhonn a chlár náisiúnta a chur chun feidhme, bunóidh gach Ballstát córas bainistíochta agus rialaithe a dhéanfaidh foráil don méid seo a leanas:

(a)

cur síos ar fheidhmeanna gach údaráis a dhéanann bainistiú agus rialú, agus leithdháileadh feidhmeanna laistigh de gach údarás;

(b)

comhlíonadh an phrionsabail deighilte feidhmeanna idir údaráis den chineál sin nó laistigh díobh;

(c)

nósanna imeachta d’fhonn ceartaiseacht agus rialtacht an chaiteachais a dhearbhaítear a áirithiú;

(d)

córais ríomhairithe maidir le cuntasaíocht, maidir le stóráil agus tarchur sonraí airgeadais agus sonraí ar tháscairí, maidir le faireachán agus maidir le tuairisciú;

(e)

córais maidir le tuairisciú agus faireachán i gcás ina gcuireann an tÚdarás Freagrach cúraimí ar iontaoibh comhlachta eile;

(f)

socruithe maidir le feidhmiú na gcóras bainistíochta agus rialaithe a iniúchadh;

(g)

córais agus nósanna imeachta d’fhonn raon iniúchóireachta leormhaith a áirithiú;

(h)

neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, lena n-áirítear calaois, agus suimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú, mar aon le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha.

Airteagal 22

Freagrachtaí faoi bhainistíocht roinnte

I gcomhréir le prionsabal an na bainistíochta roinnte, beidh na Ballstáit agus an Coimisiún freagrach as cláir a bhainistiú agus a rialú i gcomhréir leis na freagrachtaí faoi seach atá acu a leagtar síos sa Rialachán seo agus sna Rialacháin Shonracha.

Airteagal 23

Freagrachtaí na dTairbhithe

Comhoibreoidh na tairbhithe go hiomlán leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis inniúla agus a bhfeidhmeanna agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu maidir leis an Rialachán seo agus leis na Rialacháin Shonracha.

Airteagal 24

Freagrachtaí na mBallstát

1.   Comhlíonfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí bainistithe, rialaithe agus iniúchóireachta agus glacfaidh siad leis na freagrachtaí a thig as sin, a leagtar síos sna rialacha ar bhainistíocht roinnte a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus sa Rialachán seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar a gcórais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh na gclár náisiúnta a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go bhfeidhmeoidh na córais sin go héifeachtach.

3.   Leithdháilfidh na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha ar gach údarás inniúil chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ar feadh na tréimhse clárúcháin.

4.   Bunóidh na Ballstáit rialacha agus nósanna imeachta trédhearcacha chun tionscadail a roghnú agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na Rialacháin Shonracha.

5.   Cuirfear gach malartú oifigiúil faisnéise idir an Ballstát agus an Coimisiún i gcrích trí úsáid a bhaint as córas malartaithe leictreonaigh sonraí. Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na téarmaí agus na coinníollacha a gcomhlíonfaidh an córas malartaithe leictreonaigh sonraí sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

Airteagal 25

Údaráis inniúla

1.   Chun críocha an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach, tá na húdaráis inniúla mar a leanas:

(a)

Údarás Freagrach: comhlacht earnála poiblí de chuid an Bhallstáit lena mbaineann, arbh é an comhlacht ainmnithe laistigh de bhrí Airteagal 59(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus beidh sé freagrach as bainistiú agus rialú an chláir náisiúnta agus a dhéanfaidh an chumarsáid uile leis an gCoimisiún a láimhseáil;

(b)

Údarás Iniúchóireachta, údarás nó comhlacht poiblí náisiúnta, atá neamhspleách ó thaobh feidhme ar an Údarás Freagrach agus a bheidh freagrach as an tuairim bhliantúil a eisiúint dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 59 (5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012;

(c)

i gcás inarb iomchuí, Údarás Tarmligthe amháin nó níos mó ná sin: aon chomhlacht poiblí nó príobháideach a thugann faoi thascanna áirithe an údaráis fhreagraigh faoi chúram an Údaráis Fhreagraigh.

2.   Leagfaidh gach Ballstát rialacha síos lena rialaítear an caidreamh leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 agus a gcaidreamh leis an gCoimisiún.

Airteagal 26

Údaráis Fhreagracha a Ainmniú

1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainmniú foirmiúil na nÚdarás Freagracha sna Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 59(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, ar leibhéal na nAirí, a bhfuil an fhreagracht orthu caiteachas a bhainistiú agus a rialú faoin Rialachán seo, a thúisce is féidir i ndiaidh an clár náisiúnta a fhormheas.

2.   Déanfar an t-ainmniú dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht na critéir ainmniúcháin maidir le timpeallacht inmheánach, gníomhaíochtaí rialaithe, faisnéis agus cumarsáid, agus faireacháin atá leagtha síos sa Rialachán seo nó atá ar bhonn an Rialacháin seo.

3.   Beidh ainmniú Údaráis Freagraigh bunaithe ar thuairim comhlachta iniúchóireachta, arbh fhéidir gurb é an t-Údarás Iniúchóireachta é, a dhéanann measúnú ar chomhlíonadh an Údaráis Fhreagraigh leis na critéir ainmniúcháin. Féadfar gurbh é an institiúid phoiblí neamhspleách a bheadh sa chomhlacht sin a mbeadh sé de fhreagracht air faireachán, meastóireacht, iniúchóireacht a dhéanamh ar an riarachán. Feidhmeoidh an comhlacht iniúchóireachta neamhspleách ar an Údarás Freagrach déanfaidh sé a chuid oibre i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta. I gcomhréir le hAirteagal 59(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, féadfaidh na Ballstáit a gcinneadh a bhunú ar cé acu arb ionann nó nach ionann na córais bhainistíochta agus rialaithe go bunúsach agus na cinn atá i bhfeidhm cheana féin ón tréimhse roimhe agus cé acu an raibh nó nach raibh siad ag feidhmiú go héifeachtach. Má léiríonn torthaí iniúchóireachta agus rialaithe nach bhfuil na critéir ainmniúcháin á gcomhlíonadh a thuilleadh ag na comhlachtaí ainmnithe, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na heasnaimh i gcur chun feidhme chúraimí na gcomhlachtaí sin a leigheas, lena n-áirítear tríd an ainmniú a fhoirceannadh.

4.   Chun feidhmiú fónta an chórais seo a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

coinníollacha íosta d’ainmniú na nÚdarás Freagrach agus aird ar an timpeallacht inmheánach, ar ghníomhaíochtaí rialaithe, ar fhaisnéis agus ar chumarsáid, agus ar fhaireachán, chomh maith le rialacha ar an nós imeachta chun an t-ainmniú a dhéanamh agus a tharraingt siar;

(b)

rialacha a bhaineann le maoirseacht agus leis an nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar ainmniú Údarás Freagrach;

(c)

oibleagáidí na nÚdarás Freagrach maidir le hidirghabháil phoiblí, chomh maith lena bhfuil ina bhfreagrachtaí bainistíochta agus rialaithe.

Airteagal 27

Prionsabail ghinearálta maidir le rialuithe ag Údaráis Fhreagracha

1.   Déanfaidh na hÚdaráis Fhreagracha rialú córasach riaracháin agus forlíonfaidh siad rialú den sórt sin le rialuithe ar an láthair, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí rialuithe ar an láthair gan fógra ar an gcaiteachas a bhaineann leis na hiarratais ar íocaíocht ó na tairbhithe atá dearbhaithe sna cuntais bhliantúla d’fhonn leibhéal iomchuí dearbhaithe a fháil.

2.   Maidir le rialuithe ar an láthair, roghnóidh an tÚdarás Freagrach a shampla rialaithe ó dhaonra iomlán na dtairbhithe lena gcuimseofar, nuair is iomchuí, cuid randamach agus cuid bunaithe ar riosca, d’fhonn ráta earráide ionadaí agus íosleibhéal muiníne a fháil, agus ag díriú freisin ar na hearráidí is airde.

3.   Ullmhóidh an tÚdarás Freagrach tuarascáil ar rialú maidir le gach rialú ar an láthair.

4.   Nuair is léir go bhfuil fadhbanna a aimsítear córasach agus dá bhrí sin gurb ionann iad agus riosca do thionscadail eile, áiritheoidh an tÚdarás Freagrach go dtabharfar faoi imscrúdú eile, lena n-áirítear rialuithe breise nuair is gá, chun scála fadhbanna den chineál sin a dhéanamh amach agus cé acu an bhfuil an ráta earráide níos airde ná an leibhéal is inghlactha. Tabharfaidh an tÚdarás Freagrach faoi na bearta coisctheacha agus ceartaitheacha is gá agus cuirfear in iúl don Choimisiún iad san achoimre dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 59(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha is gá a ghlacadh arb é is aidhm dóibh cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a bhaint amach. Féadfaidh na rialacha sin a bheith ag baint leis an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

na rialacha a bhaineann le rialuithe riaracháin agus ar an láthair lena n-áirítear rialuithe ar an láthair gan fógra, a dhéanfaidh an tÚdarás Freagrach maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí, maidir leis na gealltanais agus na rialacha incháilitheachta a thagann chun cinn de thoradh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann leis an tréimhse ama ar cheart doiciméid tacaíochta a choimeád;

(b)

na rialacha maidir le híosleibhéal na rialuithe ar an láthair is gá chun na rioscaí a bhainistiú go héifeachtach, mar aon leis na dálaí faoina mbeidh ar na Ballstáit líon na rialuithe sin a mhéadú, nó faoinar féidir leo iad a laghdú i gcás ina bhfeidhmíonn na córais bhainistíochta agus rialaithe go cuí agus ina bhfuil na rátaí earráide ar leibhéal atá inghlactha;

(c)

na rialacha agus na modhanna maidir le tuairisc a thabhairt ar na rialuithe agus ar an bhfíorú a rinneadh agus ar thorthaí na rialuithe agus an fhíoraithe sin.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

Airteagal 28

Íocaíocht le tairbhithe

Áiritheoidh na hÚdaráis Fhreagracha go bhfaighidh na tairbhithe méid iomlán na tacaíochta poiblí a luaithe is féidir agus ina iomlán. Ní dhéanfar méid ar bith a asbhaint ná a choinneáil siar agus ní thoibheofar muirear sonrach ná muirear ar bith comhéifeachta a laghdódh na méideanna sin le haghaidh na dtairbhithe.

Airteagal 29

Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta

1.   D’fhonn tacú leis an tuairim atá tugtha i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, áiritheoidh an t-údarás iniúchóireachta go ndéanfar iniúchóireachtaí ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, agus ar shampla iomchuí den chaiteachas atá ar áireamh sna cuntais bhliantúla. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58 den Rialachán seo a bhaineann le stádas na nÚdarás Freagrach agus na dálaí a chomhlíonfar ina gcuid iniúchóireachtaí.

2.   I gcás ina ndéanfaidh comhlacht seachas an tÚdarás Iniúchóireachta iniúchóireachtaí, áiritheoidh an tÚdarás Iniúchóireachta go mbeidh an saineolas speisialtóireachta agus an neamhspleáchas ó thaobh feidhme is gá ag an gcomhlacht sin.

3.   Áiritheoidh an t-údarás iniúchóireachta go gcomhlíonfaidh an obair iniúchóireachta caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta.

Airteagal 30

Comhar le húdaráis iniúchóireachta

1.   Comhoibreoidh an Coimisiún le húdaráis iniúchóireachta faoi seach d’fhonn a bpleananna agus a modhanna iniúchóireachta a chomhordú agus déanfaidh sé torthaí na n-iniúchóireachtaí arna ndéanamh ar chórais bhainistíochta agus rialaithe a mhalartú a luaithe is féidir, d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as úsáid chomhréireach acmhainní rialaithe agus chun dúbláil éagórach oibre a sheachaint.

2.   Tiocfaidh an Coimisiún agus na húdaráis iniúchóireachta le chéile ar bhonn rialta d’fhonn tuairimí a mhalartú maidir le ceisteanna a bhaineann le feabhas a chur ar na córais bhainistíochta agus rialaithe.

Airteagal 31

Rialuithe agus Iniúchóireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún

1.   Beidh an Coimisiún ag brath ar an bhfaisnéis atá ar fáil, lena n-áirítear an nós imeachta ainmnithe, an iarraidh ar íocaíocht an iarmhéid bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 44, na tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme agus na hiniúchóireachtaí arna ndéanamh ag comhlachtaí náisiúnta agus Aontais, le meastóireacht a dhéanamh an bhfuil córais bhainistíochta agus rialaithe curtha ar bun ag na Ballstáit a chomhlíonann an Rialachán seo agus an bhfeidhmíonn na córais seo go héifeachtach le linn chur chun feidhme na gclár náisiúnta.

2.   Gan dochar d’iniúchóireachtaí arna ndéanamh ag Ballstáit, féadfaidh oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe an Choimisiúin iniúchóireachtaí nó rialuithe ar an láthair a dhéanamh a bheadh faoi réir réamhfhógra 12 lá oibre ar a laghad a thabhairt don údarás inniúil náisiúnta, seachas i gcásanna práinneacha. Urramóidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta tríd an riachtanas dúbláil iniúchóireachtaí nó rialuithe gan údar arna ndéanamh ag na Ballstáit a sheachaint, leibhéal an riosca do bhuiséad an Aontais agus an riachtanas an t-ualach riaracháin do na tairbhithe a íosmhéadú a chur san áireamh. Féadfaidh oifigigh nó ionadaithe údaraithe an Bhallstáit páirt a ghlacadh in iniúchóireachtaí nó i rialuithe den sórt sin.

3.   Féadfar na nithe seo a leanas a chur ar áireamh i raon feidhme na n-iniúchóireachtaí nó na rialuithe:

(a)

fíorú maidir le feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe i gclár náisiúnta nó i gcuid de;

(b)

comhlíonadh cleachtas riaracháin le rialacha an Aontais;

(c)

doiciméid tacaíochta is gá a bheith ann agus a gcomhghaol leis na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi na cláir náisiúnta;

(d)

na téarmaí ar gabhadh na gníomhaíochtaí ar láimh ina leith agus ar rialaíodh iad;

(e)

measúnú ar bhainistiú fónta airgeadais na ngníomhaíochtaí nó an chláir náisiúnta.

4.   Oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe an Choimisiúin, ar tugadh an chumhacht chuí dóibh chun iniúchóireachtaí ar an láthair a dhéanamh, beidh rochtain acu ar na taifid is gá, doiciméid agus meiteashonraí atá riachtanach, is cuma cén meán ina stóráiltear iad, a bhaineann le tionscadail agus le cúnamh teicniúil nó leis na córais bhainistíochta agus rialaithe. Soláthróidh na Ballstáit cóipeanna de na taifid, doiciméid agus meiteashonraí sin don Choimisiún arna iarraidh sin. Ní dhéanfaidh na cumhachtaí atá leagtha amach sa mhír seo difear do chur chun feidhme forálacha náisiúnta lena bhforchoimeádtar gníomhartha áirithe do ghníomhaithe arna n-ainmniú go sonrach leis an reachtaíocht náisiúnta. Ní ghlacfaidh ionadaithe údaraithe agus oifigigh an Choimisiúin páirt, inter alia, i gcuairteanna baile ná i gceistiú foirmiúil daoine faoi chuimsiú na reachtaíochta náisiúnta. Mar sin féin, beidh rochtain acu ar an bhfaisnéis a fhaightear mar sin gan dochar d’inniúlachtaí na gcúirteanna náisiúnta agus cearta bunúsacha na ndaoine dlítheanacha á n-urramú ina n-iomláine.

5.   Arna iarraidh sin don Choimisiún agus le comhaontú an Bhallstáit lena mbaineann, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin rialuithe nó fiosruithe breise maidir le gníomhaíochtaí a chumhdaítear sa Rialachán seo a ghabháil ar láimh. Féadfaidh gníomhairí an Choimisiúin nó daoine arna dtarmligean ag an gCoimisiún a bheith páirteach sna rialuithe sin. Chun na rialuithe a fheabhsú, féadfaidh an Coimisiún, le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, cúnamh a iarraidh ar údaráis na mBallstát sin le haghaidh rialuithe nó fiosrúchán áirithe.

6.   Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar Bhallstát na gníomhaíochtaí is gá a ghlacadh d’fhonn feidhmiú éifeachtach a chórais bhainistíochta agus rialaithe nó ceartaiseacht an chaiteachais a fhíorú i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

ROINN 3

Bainistiú Airgeadais

Airteagal 32

Oibleagáidí bhuiséadacha

1.   Déanfar oibleagáidí buiséadacha an Aontais i ndáil le gach clár náisiúnta i dtráthchodanna bliantúla sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020.

2.   Is éard a bheidh sa chinneadh ón gCoimisiúin lena bhformheastar gach clár náisiúnta cinneadh maoinithe de réir bhrí Airteagal 84 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus nuair a fhógraítear don Bhallstát lena mbaineann, ceangaltas dlí de réir bhrí an Rialacháin sin.

3.   I gcás gach cláir náisiúnta, leanfaidh an oibleagáid bhuiséadach maidir leis an gcéad tráthchuid formheas an chláir náisiúnta ag an gCoimisiún.

4.   I gcás na n-oibleagáidí buiséadacha do thráthchodanna ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún iad roimh an 1 Bealtaine gach bliain, ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 16 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 33

Comhrialacha maidir le híocaíochtaí

1.   Déanfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais leis an gclár náisiúnta a íoc i gcomhréir le leithreasaí faoi chomhair an bhuiséid agus faoi réir an chistiúcháin atá ar fáil. Breacfar gach íocaíocht san oibleagáid bhuiséadach is túisce a bheidh oscailte lena mbaineann.

2.   Déanfar na híocaíochtaí i bhfoirm réamh-mhaoinithe tosaigh, réamh-mhaoinithe bhliantúil, íocaíochtaí an iarmhéid bhliantúil agus íocaíocht an iarmhéid dheiridh.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 90 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 34

Carnadh réamh-mhaoinithe tosaigh agus iarmhéideanna bliantúla

1.   Ní sháróidh iomlán na n-íocaíochtaí réamh-mhaoinithe tosaigh agus íocaíochtaí an iarmhéid bhliantúil 95 % den ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais leis an gclár náisiúnta lena mbaineann.

2.   Nuair a bhainfear an uasteorainn 95 % amach, féadfaidh na Ballstáit leanúint d’iarratais ar íocaíocht a tharchur chuig an gCoimisiún.

Airteagal 35

Socruithe um réamh-mhaoiniú

1.   I ndiaidh chinneadh an Choimisiúin lena bhformheastar an clár náisiúnta, íocfaidh an Coimisiún, laistigh de cheithre mhí, méid réamh-mhaoinithe tosaigh le haghaidh na tréimhse clárúcháin ar fad leis an Údarás Freagrach ainmnithe. Beidh an méid réamh-mhaoinithe tosaigh sin ionann le 4 % den ranníocaíocht iomlán ó bhuiséad an Aontais leis an gclár náisiúnta lena mbaineann. Féadfar é a roinnt in dhá thráthchuid ag brath ar mhéid an bhuiséid atá ar fáil

2.   Íocfar méid réamh-mhaoinithe bliantúil de 3 % den ranníocaíocht iomlán ó bhuiséad an Aontais leis an gclár náisiúnta lena mbaineann roimh an 1 Feabhra 2015. Le haghaidh na mblianta 2016 - 2022, beidh an méid sin ionann le 5 % den ranníocaíocht iomlán ó bhuiséad an Aontais leis an gclár náisiúnta lena mbaineann.

3.   Má dhéantar clár náisiúnta a fhormheas in 2015 nó níos déanaí, íocfar na méideanna réamh-mhaoinithe tosaigh agus na méideanna réamh-mhaoinithe bliantúla tráth nach déanaí ná 60 lá i ndiaidh an clár náisiúnta a fhormheas ag brath ar mhéid an bhuiséid atá ar fáil.

4.   I gcás leasuithe ar an ranníocaíocht iomlán ó bhuiséad an Aontais do chlár náisiúnta, athchóireofar na méideanna réamh-mhaoinithe tosaigh agus na méideanna réamh-mhaoinithe bliantúla dá réir agus léireofar sin sa chinneadh airgeadais.

5.   Ba cheart réamh-mhaoiniú a úsáid chun íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe lena gcuirtear an clár náisiúnta chun feidhme chomh maith agus do na húdaráis inniúla i gcás caiteachais a bhaineann le tacaíocht theicniúil. Déanfar é a chur ar fáil gan mhoill don Údarás Freagrach chun na gcríoch sin.

Airteagal 36

Réamh-mhaoiniú a imréiteach

1.   Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú tosaigh a imréiteach go hiomlán ó chuntais an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 40 tráth a ndúntar an clár náisiúnta ar a dhéanaí.

2.   Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú tosaigh a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 39.

3.   Déanfar an méid iomlán arna íoc mar réamh-mhaoiniú a íoc ar ais leis an gCoimisiún mura seoltar iarratas ar íocaíocht i gcomhréir le hAirteagal44 laistigh de 36 mí den dáta a íocann an Coimisiún an chéad tráthchuid den mhéid réamh-mhaoinithe tosaigh.

4.   Breacfar an t-ús arna ghineadh ar an réamh-mhaoiniú tosaigh leis an gclár náisiúnta lena mbaineann agus bainfear é ó mhéid an chaiteachais phoiblí arna chur in iúl ar an iarratas ar íocaíocht dheiridh.

Airteagal 37

Sannadh inmheánach ioncaim

1.   Measfar gurb ioncam inmheánach sannaithe iad na nithe seo a leanas de réir bhrí Airteagal 21 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012:

(i)

suimeanna, faoi Airteagal 45 agus 47 den Rialachán seo, a íoctar le buiséad an Aontais, lena n-áirítear an t-ús;

(ii)

suimeanna, tar éis chur i gcrích na gclár faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil roimhe sin, a íoctar le buiséad an Aontais, lena n-áirítear an t-ús.

2.   Íocfar na suimeanna dá dtagraítear i mír 1 le buiséad an Aontais agus, i gcás iad a athúsáid, úsáidfear iad ar dtús chun caiteachas faoi na Rialacháin Shonracha a mhaoiniú.

Airteagal 38

An bhliain airgeadais a shainmhíniú

Chun críocha an Rialacháin seo, cumhdóidh an bhliain airgeadais, dá dtagraítear in Airteagal 59 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, caiteachas arna íoc agus ioncam arna fháil agus arna iontráil i gcuntais an Údaráis Fhreagraigh sa tréimhse dar tús an 16 Deireadh Fómhair den bhliain “N-1” agus dar críoch an 15 Deireadh Fómhair den bhliain “N”.

Airteagal 39

An t-iarmhéid bliantúil a íoc

1.   Íocfaidh an Coimisiún an t-iarmhéid bliantúil, ar bhonn an phlean airgeadais atá i bhfeidhm, na gcuntas bliantúil do bhliain airgeadais chomhfhreagrach an chláir náisiúnta agus an chinnidh chomhfhreagraigh maidir le himréiteach.

2.   Cumhdófar sna cuntais bhliantúla na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an Údarás Freagrach, lena n-áirítear na híocaíochtaí maidir le tacaíocht theicniúil, le linn na bliana airgeadais ar comhlíonadh na ceanglais rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 27 ina leith.

3.   Ag brath ar mhéid an bhuiséid atá ar fáil, íocfar an t-iarmhéid bliantúil tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Choimisiún a mheas gurb inghlactha an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 44(1) agus in Airteagal 54 agus tar éis imréiteach na gcuntas bliantúla is déanaí.

Airteagal 40

An clár a chur i gcrích

1.   Cuirfidh Ballstáit na doiciméid seo a leanas isteach faoin 31 Nollaig 2023:

(a)

an fhaisnéis is gá le haghaidh na gcuntas bliantúil deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 44(1);

(b)

iarraidh ar íocaíocht an iarmhéid dheiridh; agus

(c)

an tuarascáil dheiridh ar chur chun feidhme don chlár náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 54(1).

2.   Déanfar na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an Údarás Freagrach ón 16 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023 a chur san áireamh sna cuntais bhliantúla dheiridh.

3.   Tar éis na doiciméid sin atá liostaithe i mír 1 a fháil, íocfaidh an Coimisiún an t-iarmhéid deiridh, ar bhonn an phlean airgeadais atá i bhfeidhm, na gcuntas bliantúla deiridh agus an chinnidh chomhfhreagraigh maidir le himréiteach.

4.   Ag brath ar mhéid an bhuiséid atá ar fáil, íocfar an t-iarmhéid deiridh tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh dháta imréitigh na gcuntas don bhliain deiridh airgeadais nó mí amháin i ndiaidh an dáta ar glacadh leis an tuarascáil dheiridh ar chur chun feidhme, cibé dáta is déanaí. Na méideanna a bhfuil gealltanas fós déanta ina leith tar éis an iarmhéid a íoc, déanfaidh an Coimisiún iad a shaoradh, gan dochar d’Airteagal 52, laistigh de thréimhse sé mhí.

Airteagal 41

An spriocdháta le haghaidh íocaíochta a bhriseadh

1.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean an spriocdháta íocaíochta a leanann iarratas ar íocaíocht de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a bhriseadh ar feadh uastréimhse sé mhí, nuair a chomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:

(a)

go bhfuil fianaise shoiléir ann, mar thoradh ar fhaisnéis a bheith curtha ar fáil ag comhlacht iniúchóireachta náisiúnta nó comhlacht iniúchóireachta de chuid an Aontais, a thugann le fios go bhfuil easnamh suntasach i bhfeidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe;

(b)

go bhfuil ar an oifigeach údarúcháin trí tharmligean tabhairt faoi fhíoruithe breise i ndiaidh faisnéis a bheith curtha faoina bhráid ina gcuirtear in iúl dó go mbaineann neamhrialtacht ag a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha airgeadais le hiarratas ar íocaíocht;

(c)

nár cuireadh isteach ceann amháin nó níos mó de na doiciméid is gá faoi Airteagal 44(1).

Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chomhaontú go ndéanfar an tréimhse briste a fhadú go ceann thrí mhí eile.

2.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean teorainn a chur leis an mbriseadh a dhéantar ar an gcuid sin den chaiteachas atá cumhdaithe ag an iarratas ar íocaíocht a ndéanann na gnéithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 difear di, ach amháin mura féidir an chuid sin de chaiteachas lena mbaineann a shainaithint. Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean an chúis leis an mbriseadh a chur in iúl láithreach agus i scríbhinn don Bhallstát agus don Údarás Freagrach agus iarrfaidh sé orthu an cás a leigheas. Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean deireadh leis an mbriseadh a luaithe a chuirfear na bearta go léir is gá i gcrích.

Airteagal 42

Íocaíochtaí a fhionraí

1.   Féadfaidh an Coimisiún an t-iarmhéid bliantúil iomlán nó cuid de a chur ar fionraí sna cásanna seo a leanas:

(a)

go bhfuil easnamh tromchúiseach ann i bhfeidhmiú éifeachtach chóras bainistíochta agus rialaithe an chláir náisiúnta agus go bhfuil ranníocaíocht an Aontais a íocadh leis an gclár oibríochtúil i mbaol dá bharr agus nár glacadh bearta ceartaitheacha ina leith go fóill;

(b)

tá caiteachas sna cuntais bhliantúla nasctha le neamhrialtacht ag a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha airgeadais nár ceartaíodh; nó

(c)

i gcás inar mhainnigh Ballstát tabhairt faoin ngníomhaíocht is gá chun an cás a leigheas, rud a chuireann briseadh faoi deara faoi Airteagal 41.

2.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh iarmhéid bliantúil iomlán nó cuid de a chur ar fionraí, i ndiaidh dó deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a chuid barúlacha a thíolacadh.

3.   Cuirfidh an Coimisiún deireadh le fionraí iarmhéid bhliantúil nó cuid de i gcás ina bhfuil na bearta riachtanacha glactha ag an mBallstát lena mbaineann chun an fhionraí a chur i leataobh.

Airteagal 43

Úsáid an euro

1.   Déanfar méideanna atá leagtha amach i gcláir náisiúnta arna gcur isteach ag Ballstáit, réamh-mheastacháin ar chaiteachas, ráitis chaiteachais, iarratais ar íocaíochtaí, cuntais bhliantúla agus an caiteachas atá luaite sna tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme a ainmniú in euro.

2.   Déanfaidh Ballstáit nach bhfuil an euro mar a n-airgeadra náisiúnta acu ar dháta an iarratais ar íocaíocht na méideanna caiteachais a tabhaíodh san airgeadra náisiúnta a chomhshó go euro. Déanfar na méideanna sin a chomhshó go euro de réir ráta malartaithe cuntasaíochta mhíosúil an Choimisiúin an mhí inar cláraíodh an caiteachas i gcuntais Údarás Freagrach an chláir náisiúnta lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún an ráta malartaithe a fhoilsiú go leictreonach gach mí.

3.   I gcásanna ina dtiocfaidh an euro chun bheith mar airgeadra an Bhallstáit, beidh feidhm fós ag an nós imeachta comhshó atá leagtha amach i mír 2 maidir leis an gcaiteachas uile atá taifeadta sna cuntais ag an Údarás Freagrach roimh dháta theacht i bhfeidhm an ráta comhshó idir an t-airgeadra náisiúnta agus an euro.

ROINN 4

Imréiteach cuntas agus ceartuithe airgeadais

Airteagal 44

Iarratas ar an iarmhéid bhliantúil a íoc

1.   Faoin 15 Feabhra den bhliain tar éis na bliana airgeadais, cuirfidh gach Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin na doiciméid agus faisnéis atá ceangailte faoi Airteagal 59(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Beidh na doiciméid arna gcur isteach ina n-iarratas ar an iarmhéid bhliantúil a íoc. Féadfaidh an Coimisiún spriocdháta an 15 Feabhra a shíneadh, ar bhonn eisceachtúil, go dtí an 1 Márta ar a dhéanaí má fhaightear cumarsáid ina leith ón mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar an leibhéal iomchuí.

2.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát tuilleadh faisnéise a chur ar fáil chun críocha imréiteach bliantúil na gcuntas. Mura gcuireann Ballstát an fhaisnéis arna hiarraidh ar fáil faoin spriocdháta chun í a chur isteach arna shocrú ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a dhéanamh ar imréiteach na gcuntas ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh.

3.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na samhlacha ar dá réir a dhéanfar na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a dhréachtú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 59(2).

Airteagal 45

Imréiteach bliantúil cuntas

1.   Faoin 31 Bealtaine den bhliain tar éis na bliana airgeadais, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le himréiteach na gcuntas bliantúil le haghaidh gach clár náisiúnta. Cumhdóidh an cinneadh imréitigh iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil arna gcur isteach gan dochar do cheartuithe airgeadais ar bith ina dhiaidh sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, socruithe a leagan síos maidir le cur chun feidhme an nós imeachta maidir le himréiteach bliantúil na gcuntas, maidir leis na bearta is gá a dhéanamh maidir leis an gcinneadh a ghlacadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta maidir le faisnéis a mhalartú idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus na spriocdhátaí atá le hurramú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

Airteagal 46

Ceartuithe airgeadais arna ndéanamh ag Ballstáit

Déanfaidh Ballstáit na ceartuithe airgeadais is gá i dtaca le neamhrialtachtaí aonair nó sistéamacha arna mbrath faoi na cláir náisiúnta. An ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais lena mbaineann a chur ar ceal go hiomlán nó i bpáirt a bheidh sna ceartuithe airgeadais. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh cineál agus tromaíocht na neamhrialtachtaí agus an chaillteanais airgeadais i leith bhuiséad an Aontais agus cuirfidh sé ceartú comhréireach i bhfeidhm. Athleithdháilfear méideanna ar ceal agus méideanna arna ngnóthú, chomh maith le hús orthu, ar an gclár náisiúnta lena mbaineann, seachas na méideanna a bhaineann le neamhrialtachtaí arna sainaithint ag an gCúirt Iniúchóirí agus ag seirbhísí an Choimisiúin lena n-áirítear OLAF. Tar éis chur i gcrích an chláir náisiúnta, aisíocfaidh an Ballstát lena mbaineann na méideanna neamhúsáidte arna ngnóthú le buiséad an Aontais.

Airteagal 47

Imréiteach comhréireachta agus ceartuithe airgeadais arna ndéanamh ag an gCoimisiún

1.   Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais trí ranníocaíocht iomlán an Aontais nó cuid di le clár náisiúnta a chur ar ceal agus an méid a ghnóthú ón mBallstát lena mbaineann d’fhonn aon chaiteachas atá ag sárú an dlí infheidhme a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais, lena n-áirítear an caiteachas sin a bhaineann le heasnaimh i gcórais bhainistíochta agus rialaithe na mBallstát atá aimsithe ag an gCoimisiún nó ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

2.   Maidir le sárú ar an dlí is infheidhme, ní leanfaidh ceartú airgeadais as ach amháin i ndáil le caiteachas a dearbhaíodh leis an gCoimisiún agus i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá tionchar ag an sárú ar roghnú tionscnaimh faoin gclár náisiúnta, nó, i gcásanna nach féidir, de bharr nádúr an tsáraithe, an tionchar sin a shuíomh, go bhfuil riosca réasúnaithe ann go raibh éifeacht den sórt sin ag an sárú;

(b)

tá tionchar ag an sárú ar mhéid an chaiteachais atá dearbhaithe le haisíoc le buiséad an Aontais, nó i gcásanna nach bhfuil sé indéanta, de bharr nádúr an tsáraithe, a thionchar airgeadais a mheas ach go bhfuil riosca údaraithe ann go raibh tionchar den sórt sin ag an sárú.

3.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid an cheartaithe airgeadais faoi mhír 1, urramóidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta trí chineál agus tromaíocht an tsáraithe ar an dlí is infheidhme agus na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis do bhuiséad an Aontais a chur san áireamh.

4.   Sula nglacfar aon chinneadh maoiniú a dhiúltú, déanfar cinntí an Choimisiúin mar aon le freagraí an Bhallstáit a chur in iúl i scríbhinn, agus ina dhiaidh sin féachfaidh an dá pháirtí le teacht ar chomhaontú i leith na mbeart atá le déanamh.

5.   Ní féidir maoiniú a dhiúltú do na nithe seo a leanas:

(a)

caiteachas arna thabhú ag an Údarás Freagrach níos mó ná 36 mí roimh don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát i scríbhinn faoina chinntí;

(b)

caiteachas ar ghníomhaíochtaí ilbhliantúla faoi raon feidhme na gclár náisiúnta, i gcás ina gcuirtear an oibleagáid dheireanach ar an tairbhí níos mó ná 36 mí roimh don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát i scríbhinn faoina chinntí;

(c)

caiteachas ar ghníomhaíochtaí i gcláir náisiúnta, seachas na gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear i bpointe (b), i gcás ina ndéanann an tÚdarás Freagrach an íocaíocht nó, faoi mar a bheidh, an íocaíocht dheiridh, ina leith níos mó ná 36 mí roimh don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát i scríbhinn faoina chinntí.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, socruithe a leagan síos chun an nós imeachta maidir le himréiteach comhréireachta a chur chun feidhme i ndáil leis na bearta is gá a dhéanamh i dtaca leis an gcinneadh a ghlacadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta maidir le faisnéis a mhalartú idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus na spriocdhátaí atá le hurramú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

Airteagal 48

Oibleagáidí na mBallstát

Ní dhéanfaidh ceartú airgeadais arna dhéanamh ag an gCoimisiún dochar d’oibleagáid an Bhallstáit aisghabhálacha a shaothrú faoi phointe (h) d’Airteagal 21 den Rialachán seo agus Státchabhair a ghnóthú de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE agus faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle (12).

Airteagal 49

Aisíoc

1.   Déanfar aon aisíocaíocht a bheidh le déanamh le buiséad an Aontais roimh an dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 80 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Is ar an lá deiridh den dara mí tar éis an ordú a eisiúint a bheidh an dáta dlite.

2.   Má bhíonn aon mhoill le haisíocaíocht a dhéanamh, beidh ús i ngeall ar íocaíocht dhéanach i gceist ag tosú ar an dáta dlite agus ag críochnú ar dháta na híocaíochta iarbhír. Beidh ráta an úis sin pointe céatadáin go leith os cionn an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ina bpríomhoibríochtaí athmhaoinithe ar an gcéad lá oibre den mhí ina mbeidh an dáta dlite.

ROINN 5

Saoradh

Airteagal 50

Prionsabail

1.   Cuirfear cláir náisiúnta faoi bhráid nós imeachta saortha atá bunaithe ar an mbonn go saortar méideanna nasctha le gealltanas nach bhfuil cumhdaithe sa réamh-mhaoiniú tosaigh agus bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 35 agus iarratas ar íocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 44 faoin 31 Nollaig sa dara bliain tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh. Chun chríoch an tsaortha, déanfaidh an Coimisiún an méid a ríomh tríd an séú cuid de na hoibleagáidí buiséadacha bliantúla a bhaineann le ranníocaíocht méid iomlán 2014 a shuimiú le gach ceann de na ceangaltais bhuiséadacha do na blianta 2015-2020.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag na spriocdhátaí maidir le saoradh i leith na hoibleagáide buiséadaí bliantúil a bhaineann leis an ranníocaíocht bhliantúil iomlán don bhliain 2014.

3.   I gcás ina bhfuil baint ag an gcéad ghealltanas buiséadach bliantúil le ranníocaíocht bhliantúil iomlán 2015, de mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag na spriocdhátaí do shaoradh maidir leis an ngealltanas buiséadach bliantúil a bhaineann leis an ranníocaíocht bhliantúil iomlán don bhliain 2015. Sna cásanna sin, déanfaidh an Coimisiún an méid a ríomh faoi mhír 1 tríd an gcúigiú cuid den ghealltanas buiséadach bliantúil a bhaineann le ranníocaíocht bhliantúil iomlán 2015 a shuimiú le gach ceann de na hoibleagáidí buiséadacha do na blianta 2016- 2020.

4.   Déanfar an oibleagáid a bhaineann le bliain dheireanach na tréimhse a shaoradh i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i gcrích na gclár.

5.   I gcás oibleagáid ar bith atá oscailte fós ar an dáta incháilithe deiridh caiteachais dá dtagraítear in Airteagal 17(3), agus nach ndearna an tÚdarás Freagrach iarratas ar íocaíocht ina leith laistigh de shé mhí tar éis an dáta sin, déanfar é a shaoradh go huathoibríoch.

Airteagal 51

Eisceachtaí maidir le saoradh

1.   Déanfar an méid lena mbaineann an saoradh a laghdú le méideanna nach raibh an tÚdarás Freagrach in ann a dhearbhú don Choimisiún i ngeall ar na nithe a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí a cuireadh ar fionraí trí imeachtaí dlíthiúla nó trí achomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta aige; nó

(b)

cúiseanna force majeure a dhéanann difear tromchúiseach do chur chun feidhme an chláir náisiúnta go léir nó cuid de. Léireoidh na hÚdaráis Fhreagracha a mhaíonn go raibh force majeure ann iarmhairtí díreacha an force majeure ar chur chun feidhme an chláir náisiúnta go léir nó cuid de.

Féadfar an laghdú a iarraidh uair amháin má mhair an fhionraíocht nó an force majeure suas le bliain amháin. I gcás inár mhair an fhionraíocht nó an force majeure níos mó ná bliain amháin, féadfar an laghdú a iarraidh roinnt uaireanta ag comhfhreagairt d’fhad tréimhse an force majeure nó do na blianta idir an dáta a rinneadh an cinneadh dlíthiúil nó riaracháin lenar cuireadh cur chun feidhme na gníomhaíochta ar fionraí agus an dáta a rinneadh an cinneadh deireanach dlíthiúil nó riaracháin.

2.   Cuirfidh an Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún faoi na heisceachtaí dá dtagraítear i mír 1 faoin 31 Eanáir chun an méid a dhearbhú faoi dheireadh na bliana roimhe sin.

3.   Déanfar neamhaird den chuid de na hoibleagáidí buiséadacha a ndearnadh iarratas ar íocaíocht ina leith ach a ndearna an Coimisiún an íocaíocht a laghdú nó a chur ar fionraí amhail an 31 Nollaig den bhliain N + 2 i ríomh an tsaortha uathoibríoch.

Airteagal 52

Nós Imeachta

1.   Aon uair a bhíonn riosca i leith saoradh a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 50, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas a luaithe is féidir.

2.   Ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh an 31 Eanáir, cuirfidh an Coimisiún an tÚdarás Freagrach ar an eolas faoi mhéid an tsaortha a thig ón bhfaisnéis ina sheilbh.

3.   Beidh dhá mhí ag an mBallstát lena mbaineann le haontú leis an méid a bheidh le saoradh nó lena bharúlacha a chur isteach.

4.   Déanfaidh an Coimisiún an saoradh uathoibríoch tráth nach déanaí ná naoi mí tar éis na teorann ama deiridh a d’eascair ó chur i bhfeidhm mhíreanna 1 go 3.

5.   I gcás saortha uathoibríoch, laghdófar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais leis an gclár náisiúnta lena mbaineann, don bhliain i dtrácht, de réir an mhéid a shaortar go huathoibríoch. Laghdófar ranníocaíocht an Aontais sa phlean maoinithe pro rata, seachas sa chás ina n-ullmhaíonn an Ballstát plean maoinithe atá athchóirithe.

CAIBIDIL V

FAISNÉIS, CUMARSÁID, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS TUAIRISCIÚ

Airteagal 53

Faisnéis agus poiblíocht

1.   Beidh na Ballstáit agus na hÚdaráis Fhreagracha freagrach as an méid a leanas:

(a)

láithreán Gréasáin nó tairseach Gréasáin ar a soláthrófar faisnéis agus rochtain ar na cláir náisiúnta sa Bhallstát sin;

(b)

tairbhithe féideartha a chur ar an eolas faoi dheiseanna cistiúcháin faoi na cláir náisiúnta;

(c)

ról agus éachtaí na Rialachán Sonrach a phoibliú do shaoránaigh an Aontais trí bhíthin gníomhaíochtaí cumarsáide agus faisnéise maidir le torthaí agus tionchar na gclár náisiúnta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit trédhearcacht maidir le cur chun feidhme na gclár náisiúnta agus coinneoidh siad liosta gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó gach clár náisiúnta a bheidh ar fáil tríd an láithreán Gréasáin nó tríd an tairseach Gréasáin. Áireofar ar liosta na ngníomhaíochtaí faisnéis nuashonraithe faoi na tairbhithe deiridh, ainmneacha na dtionscadal agus an méid cistiú a leithdháilfear orthu ón Aontas.

3.   De ghnáth, foilseofar an fhaisnéis seachas i gcás ina bhfuil teorainn uirthi mar gheall ar a nádúr rúnda, go háirithe i ndáil le slándáil, ord poiblí, imscrúduithe coiriúla agus cosaint sonraí pearsanta.

4.   Tabharfar cumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58 chun rialacha a leagan síos maidir leis na bearta faisnéise agus poiblíochta le haghaidh na mbeart poiblí agus faisnéise do thairbhithe.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, gnéithe teicniúla na mbeart faisnéise agus poiblíochta a shainiú. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

Airteagal 54

Tuarascálacha cur chun feidhme

1.   Déanfaidh an tÚdarás Freagrach tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme gach cláir náisiúnta sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2016 agus faoin 31 Márta i ngach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2022, agus an bhliain sin san áireamh, agus féadfaidh sé an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar an leibhéal iomchuí. Cumhdófar na blianta airgeadais 2014 agus 2015 sa tuarascáil a chuirfear isteach in 2016. Déanfaidh an Ballstát tuarascáil dheiridh ar chur chun feidhme na gclár náisiúnta a chur isteach faoin 31 Nollaig 2023.

2.   Leagfar amach faisnéis sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme maidir leis an méid a leanas:

(a)

cur chun feidhme an chláir náisiúnta trí thagairt do na sonraí airgeadais agus do na táscairí;

(b)

aon saincheisteanna suntasacha lena ndéantar difear d’fheidhmiú an chláir náisiúnta.

3.   I bhfianaise an athbhreithnithe mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 15, leagfar amach na nithe a leanas sa tuaras cáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2017 agus déanfar measúnú orthu:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2;

(b)

an dul chun cinn atá déanta maidir leis na cuspóirí saothraithe sna cláir náisiúnta a bhaint amach leis an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais;

(c)

rannpháirtíocht comhpháirtithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 12.

4.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2020 agus sa tuarascáil dheiridh ar chur chun feidhme, sa bhreis ar an bhfaisnéis agus ar an measúnú a leagtar amach i mír 2, faisnéis agus measúnú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí an chláir náisiúnta a bhaint amach, agus aird á tabhairt ar an toradh a bhí ar an idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13(1).

5.   Beidh na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 inghlactha i gcás ina bhfuil an fhaisnéis go léir a iarrtar sna míreanna sin ar áireamh iontu. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát lena mbaineann laistigh de 15 lá oibre ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme más rud é nach bhfuil sé inghlactha, agus mura ndéanfar a leithéid measfar é a bheith inghlactha.

6.   Cuirfidh an Coimisiún a chuid barúlacha maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme in iúl don Bhallstát laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl laistigh den spriocdháta seo, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.

7.   Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt maidir le saincheisteanna atá sa tuarascáil bhliantúil ón Údarás Freagrach, a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar chur chun feidhme an chláir náisiúnta. Nuair a thugtar barúlacha mar sin, cuirfidh an t-Údarás Freagrach an fhaisnéis go léir is gá ar fáil i ndáil leis na barúlacha sin, agus i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoina bearta a rinneadh. Cuirfear an Coimisiún ar an eolas tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dó barúlacha den sórt sin a dhéanamh.

8.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na samhlacha ar dá réir a dhéanfar na tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme a dhréachtú, Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 59(2).

Airteagal 55

An creat coiteann faireacháin agus meastóireachta

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar an Rialachán seo agus ar na Rialacháin Shonracha, nuair is iomchuí, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.

2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme na Rialachán Sonrach i gcomhpháirt leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 57.

3.   Bunófar creat coiteann faireacháin agus meastóireachta d’fhonn ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, breisluach agus inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí a thomhas agus an t-ualach riaracháin a shimpliú agus a laghdú, i bhfianaise chuspóirí an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach agus fheidhmiú an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach mar ionstraimí lena gcuirtear le forbairt limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais.

4.   Tabharfar cumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58 chun an creat coiteann faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt tuilleadh.

5.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis uile is gá ar fáil don Choimisiún chun faireachán agus meastóireacht an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach a cheadú.

6.   Breithneoidh an Coimisiún freisin an chomhlántacht idir na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoi na Rialacháin Shonracha agus na cinn a shaothraítear faoi bheartais, faoi ionstraimí agus faoi thionscnaimh ábhartha eile an Aontais.

7.   Tabharfaidh an Coimisiún aird faoi leith ar an bhfaireachán agus ar an meastóireacht a dhéantar ar ghníomhaíochtaí agus ar chláir a bhaineann le tríú tíortha, i gcomhréir le hAirteagal 8.

Airteagal 56

Meastóireacht na gclár náisiúnta ag na Ballstáit

1.   Déanfaidh na Ballstáit na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 57(1). Cuirfear leis an meastóireacht a dhéanfar in 2017 le cáilíocht dearadh agus chur chun feidhme na gclár náisiúnta a fheabhsú, i gcomhréir leis an gcreat coiteann faireacháin agus meastóireachta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta ar bun chun na sonraí is gá le haghaidh na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1 a tháirgeadh agus a bhailiú, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le táscairí sa chreat coiteann faireacháin agus meastóireachta.

3.   Is saineolaithe atá neamhspleách ó thaobh feidhme ar na hÚdaráis Fhreagracha, ar na hÚdaráis Iniúchóireachta, agus ar na hÚdaráis Tharmligthe a dhéanfaidh na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 57 (1). D’fhéadfadh na saineolaithe sin a bheith cleamhnaithe le hinstitiúid phoiblí fhéinrialaithe, a mbeadh sé de fhreagracht uirthi faireachán, meastóireacht agus iniúchóireacht a dhéanamh ar an riarachán. Soláthróidh an Coimisiún treoir maidir leis an mbealach inar cheart meastóireachtaí a dhéanamh.

4.   Foilseofar na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 57 (1) ina n-iomláine seachas i gcás ina bhfuil teorainn ar fhaisnéis mar gheall ar a nádúr rúnda, go háirithe i ndáil le slándáil, ord poiblí, imscrúduithe coiriúla agus cosaint sonraí pearsanta.

Airteagal 57

Tuarascálacha measúnaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún

1.   I gcomhréir leis an gcreat coiteann faireacháin agus meastóireachta, cuirfidh na Ballstáit na nithe a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

tuarascáil eatramhach mheasúnaithe maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis na cuspóirí a bhaint amach faoina gclár náisiúnta faoin 31 Nollaig 2017;

(b)

tuarascáil mheasúnaithe ex-post maidir le héifeachtaí na ngníomhaíochtaí faoina gclár náisiúnta faoin 31 Nollaig 2023.

2.   Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún na nithe a leanas a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún:

(a)

tuarascáil eatramhach mheasúnaithe maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach ar leibhéal an Aontais faoin 30 Meitheamh 2018. Áireofar sa tuarascáil eatramhach mheasúnaithe sin freisin measúnú ar an athbhreithniú meántéarma a rinneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na Rialacháin Shonracha;

(b)

tuarascáil mheasúnaithe ex-post maidir le héifeachtaí an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach, tar éis chur i gcrích na gclár náisiúnta, faoin 30 Meitheamh 2024.

3.   Scrúdófar freisin i meastóireacht ex-post an Choimisiúin tionchar na Rialachán Sonrach ar fhorbairt limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais i dtéarmaí a rannchuidithe leis na cuspóirí seo a leanas:

(a)

forbairt cultúir choitinn na slándála teorann, an chomhair maidir le forfheidhmiú an dlí agus an bhainistithe géarchéime;

(b)

bainistiú éifeachtach ar shreabha imirce chuig an Aontas;

(c)

forbairt an Chomhchórais Tearmainn Eorpaigh;

(d)

cóir chothrom agus chomhionann náisiúnach tríú tír;

(e)

dlúthpháirtíocht agus comhar idir na Ballstáit nuair atáthar ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna imirce agus slándála inmheánaí;

(f)

cur chuige comhchoiteann an Aontais i leith imirce agus slándála maidir le tríú tíortha.

4.   Foilseofar na meastóireachtaí uile de bhun an Airteagail seo ina n-iomláine seachas i gcás ina bhfuil teorainn ar fhaisnéis mar gheall ar a nádúr rúnda, go háirithe i ndáil le slándáil, ord poiblí, imscrúduithe coiriúla agus cosaint sonraí pearsanta.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 58

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Bronnfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 5(5), 26(4), 29(1), 53(4) agus 55(4) ar an gCoimisiún ar feadh tréimhse seacht mbliana ón 21 Bealtaine 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana, tuarascáil a dhréachtú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na gcumhachtaí a shíneadh go hintuigthe go ceann tréimhse trí bliana, mura gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an tsínidh sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5(5), 26(4), 29(1), 53(4) agus 55(4) seo a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfar difear leis do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 5(5), 26(4), 29(1), 53(4) agus 55(4) i bhfeidhm ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 59

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus Cistí Slándála Inmheánaí de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtabharfaidh an coiste aon tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme, seachas i gcás Airteagail 14(4), 24(5), 45(2), 47(6) agus 53(5) den Rialachán seo.

Airteagal 60

Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún, athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 30 Meitheamh 2020.

Airteagal 61

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na gConarthaí.

Arna dhéanamh sa Strasbourg, an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 299, 4.10.2012, lch. 108.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 23.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(5)  Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 20).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (Féach lch 168 den Iris Oifigiúil seo).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2010 4 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (féach lch. 93 den Iris Oifigiúil seo).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle an 22 Márta 1999 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den chonradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 83, 27.3.1999, lch. 1).


Top