EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R1311

Rialachán (AE) Uimh. 1311/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle, maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

OJ L 337, 20.12.2011, p. 5–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 14 Volume 003 P. 170 - 173

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013; Arna aisghairm le 32013R1303

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1311/oj

20.12.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/5


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1311/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2011

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle, maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I ngeall ar an ngéarchéim airgeadais agus ar an gcor chun donais eacnamaíoch, nár tháinig a samhail riamh roimhe, atá ann ar fud an domhain, tá díobháil thromchúiseach déanta don fhás eacnamaíoch agus don chobhsaíocht airgeadais agus tá meathlú mór tagtha ar dhálaí airgeadais, eacnamaíocha agus sóisialta i roinnt Ballstát. Go sonrach, tá deacrachtaí tromchúiseacha ag Ballstáit áirithe nó tá deacrachtaí den sórt sin ag bagairt orthu, go háirithe fadhbanna a bhaineann lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais agus fadhbanna a bhaineann le meathlú ar a riocht easnaimh agus fiachais, de dheasca na ndálaí eacnamaíocha idirnáisiúnta agus airgeadais freisin.

(2)

Cé go ndearnadh gníomhaíochtaí tábhachtacha cheana féin, lena n-áirítear leasuithe ar an gcreat reachtach, chun éifeachtaí diúltacha na géarchéime a fhrithchothromú, tá tionchar na géarchéime airgeadais ar an ngeilleagar réadach, ar mhargadh an tsaothair agus ar na saoránaigh le brath go forleathan. Tá an brú ar acmhainní airgeadais náisiúnta ag dul i méid agus ba cheart tuilleadh a dhéanamh go pras chun an brú sin a mhaolú tríd an úsáid is mó agus an úsáid is éifeachtaí a bhaint as cistiú ó na Cistí Struchtúracha agus ón gCiste Comhtháthaithe.

(3)

De bhun Airteagal 122(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena bhforáiltear go mbeidh an fhéidearthacht ann cúnamh airgeadais Aontais a dheonú do Bhallstát a bhfuil deacrachtaí aige nó a bhfuil géardheacrachtaí ag dianbhagairt air de bhun tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu, rinneadh i, Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach (3), sásra den sórt sin a bhunú d'fhonn cobhsaíocht airgeadais an Aontais a chaomhnú.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/77/AE ón gComhairle (4) agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/344/AE ón gComhairle (5), rinneadh cúnamh airgeadais den sórt sin a dheonú d'Éirinn agus don Phortaingéil faoi seach.

(5)

Bhí deacrachtaí tromchúiseacha ag an nGréig maidir lena cobhsaíocht airgeadais cheana sular tháinig Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 i bhfeidhm. Níorbh fhéidir, dá bhrí sin, an cúnamh airgeadais, le haghaidh na Gréige, a bhunú ar an Rialachán sin.

(6)

Tháinig an Comhaontú Idirchreidiúnaíoch agus an Comhaontú Saoráide Iasachta don Ghréig, a tugadh i gcrích an 8 Bealtaine 2010, i bhfeidhm an 11 Bealtaine 2010. Déantar foráil go leanfaidh an Comhaontú Idirchreidiúnaíoch de lánfheidhm agus de lánéifeacht a bheith aige ar feadh clárthréimhse trí bliana, fad is a bheidh aon suimeanna gan íoc faoin gComhaontú Saoráide Iasachta.

(7)

Le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach i leith chomharduithe íocaíochtaí na mBallstát (6), foráiltear go ndéanfaidh an Chomhairle cúnamh airgeadais meántéarmach a dheonú i gcás ina bhfuil deacrachtaí ag Ballstát nár ghlac an euro nó a bhfuil deacrachtaí ag dianbhagairt ar Bhallstát den sórt sin maidir le comhardú a íocaíochtaí.

(8)

Le Cinneadh 2009/102/CE ón gComhairle (7), le Cinneadh 2009/290/CE ón gComhairle (8) agus le Cinneadh 2009/459/CE ón gComhairle (9), rinneadh cúnamh airgeadais den sórt sin a dheonú don Ungáir, don Laitvia agus don Rómáin faoi seach.

(9)

Tá an tréimhse ar lena linn a bhfuil cúnamh airgeadais ar fáil d'Éirinn, don Ungáir, don Laitvia, don Phortaingéil agus don Rómáin leagtha amach sna Cinntí ábhartha ón gComhairle. Chuaigh an tréimhse ar lena linn a cuireadh cúnamh airgeadais ar fáil don Ungáir in éag an 4 Samhain 2010.

(10)

Ní hionann an tréimhse ar lena linn a bhfuil an cúnamh airgeadais faoin gComhaontú idirchreidiúnaíoch agus faoin gComhaontú Saoráide Iasachta ar fáil don Ghréig ó thaobh gach Ballstát atá rannpháirteach sna hionstraimí sin de.

(11)

An 11 Iúil 2011, shínigh airí airgeadais 17 mBallstát an limistéir euro, an Conradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE). Faoin gConradh sin, a eascraíonn as an Cinneadh 2011/199/AE ón gComhairle Eorpach an 25 Márta 2011, lena leasaítear Airteagal 136 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le sásra cobhsaíochta le haghaidh na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (10), glacfaidh SCE, faoi 2013, na cúraimí air féin atá á gcomhall ag an tSaoráid Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (SaorCAE) agus an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (SásCAE) faoi láthair. Dá bhrí sin, ba cheart SCE a chur san áireamh cheana leis an Rialachán seo.

(12)

Ina conclúidí an 23 agus an 24 Meitheamh 2011, d'fháiltigh an Chomhairle Eorpach roimh an rún ón gCoimisiún maidir leis na sineirgíochtaí atá idir an clár iasachta don Ghréig agus cistí Aontais a fheabhsú, agus thacaigh sí leis na hiarrachtaí cur le cumas na Gréige cistí Aontais a chomhghabháil chun fás agus fostaíocht a spreagadh trí athdhíriú ar an iomaíochas agus ar chruthú fostaíochta a fheabhsú. Thairis sin, d'fháiltigh an Chomhairle roimh obair ullmhúcháin atá á déanamh ag an gCoimisiúin, in éineacht leis na Ballstáit, ar chlár cuimsitheach cúnaimh theicniúil don Ghréig, agus thacaigh sí leis an obair sin. Déanann an leasú seo ar Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2010 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (11), rannchuidiú leis na hiarrachtaí chun sineirgíochta.

(13)

Chun bainistíocht chistiú Aontais a éascú, le gur féidir infheistíochtaí i mBallstáit agus i réigiúin a luathú agus chun feabhas a chur ar infhaighteacht chistithe chun an beartas comhtháthaithe a chur chun feidhme, is gá, i gcásanna ina bhfuil údar cuí leo, go gceadófaí méadú a dhéanamh ar íocaíochtaí eatramhacha agus ar íocaíochtaí an iarmhéid deiridh ó na Cistí Struchtúracha agus ón gCiste Comhtháthaithe chomh maith, agus é sin ar bhonn sealadach agus gan dochar don tréimhse cláraithe ó 2014 go dtí 2020, de réir suime a chomhfhreagraíonn do dheich bpointe céatadáin os cionn an ráta chómhaoinithe is infheidhme i leith gach aise tosaíochta, i gcás Ballstát a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha i ndán dóibh i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais, agus ar Ballstáit iad a d'iarr leas a bhaint as an mbeart sin. Dá bharr sin, laghdófar an chontrapháirt náisiúnta is gá dá réir sin. De bharr shealadaí an mhéadaithe sin agus chun na rátaí bunaidh cómhaoinithe a choimeád mar phointe tagartha maidir leis na suimeanna arna méadú go sealadach a ríomh, níor cheart go léireofaí na hathruithe a eascraíonn as cur i bhfeidhm an tsásra sa phlean airgeadais a áirítear sa chlár oibríochtúil. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá leis na cláir oibríochtúla a nuashonrú chun na Cistí a dhíriú ar iomaíochas, ar fhás agus ar fhostaíocht agus chun a spriocanna agus a gcuspóirí a ailíniú leis an laghdú maidir leis an gcistiú iomlán atá ar fáil.

(14)

Le linn dó iarraidh a dhéanamh ar an gCoimisiún chun leas a bhaint as an maolú faoi Airteagal 77(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, ba cheart don Bhallstát an dáta ar uaidh a mheasann sé go bhfuil údar cuí leis an maolú a shonrú go soiléir ina iarraidh. Ba cheart don Bhallstát lena mbaineann an fhaisnéis uile is gá a thíolacadh, ina iarraidh, chun a shuíomh, trí bhíthin sonraí maidir lena riocht maicreacnamaíoch agus fioscach nach bhfuil acmhainní ar fáil don chontrapháirt náisiúnta. Ba cheart dó freisin a thaispeáint go bhfuil gá le híocaíochtaí ón maolú a mhéadú chun chur chun feidhme leantach na gclár oibríochtúla a choimirciú agus a thaispeáint go leanann na fadhbanna maidir leis an gcumas comhghabhála de bheith ann cé go n-úsáidtear na huasteorainneacha is infheidhme i leith rátaí cómhaoinithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006. Ina theannta sin, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann tagairt a sholáthar don Chinneadh ábhartha ón gComhairle nó don ghníomh dlithiúil eile ar dá bharr atá an Ballstát sin incháilithe chun leas a bhaint as an maolú. Ba cheart don Choimisiún fíorú a dhéanamh i dtaobh chruinneas na faisnéise arna tíolacadh agus ba cheart go mbeadh 30 lá aige ón lá a tíolacadh an iarraidh chun agóid a dhéanamh. Chun go mbeadh an maolú éifeachtach agus oibríochtúil, ba cheart go mbeadh toimhde ann ar dá réir ba cheart a mheas go bhfuil údar cuí le hiarraidh de chuid Bhallstáit, más rud é nach ndéanann an Coimisiún agóid. Ba cheart, áfach, go gcumhachtófaí don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a ghlacadh maidir le haon agóid i gcoinne iarraidh an Bhallstáit, agus sa chás sin ba cheart don Choimisiún na cúiseanna atá aige a thabhairt.

(15)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh dá réir sin ar na rialacha i leith híocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh, i ndáil le cláir oibríochtúla, a ríomh i rith na tréimhse ar lena linn a fhaigheann na Ballstáit cúnamh airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí tromchúiseacha i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais.

(16)

Is gá a áirithiú go bhfuil tuairisciú iomchuí ann maidir le húsáid na suimeanna méadaithe arna gcur ar fáil do na Ballstáit a bhaineann leas as méadú sealadach ar íocaíochtaí eatramhacha agus as méadú sealadach ar íocaíochtaí an iarmhéid deiridh i gcomhréir leis an maolú faoi Airteagal 77(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006.

(17)

Tar éis dheireadh na tréimhse ar lena linn a cuireadh cúnamh airgeadais ar fáil, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le meastóireachtaí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 48(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, inter alia, i dtaobh an bhfuiltear ag imeacht go suntasach ó na spriocanna a leagadh síos ar dtús, de bharr laghdú an chomhchistithe náisiúnta. D'fhéadfadh athbhreithniú ar an gclár oibríochtúil teacht as meastóireachtaí den sórt sin.

(18)

Ós rud é go bhfuil gá le freagairt phras mar gheall ar an ngéarchéim, nár tháinig a samhail riamh roimhe, is géarchéim lena ndéantar difear do mhargaí idirnáisiúnta airgeadais, agus mar gheall ar an gcor chun donais eacnamaíoch, ar nithe iad sin ar dá mbarr a bhfuil díobháil thromchúiseach déanta do chobhsaíocht airgeadais roinnt Ballstát, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm a luaithe is féidir, chun go mbeifí in ann gníomhú i gcoinne na héifeachtaí ar an ngeilleagar ina iomláine. I bhfianaise cúinsí eisceachtúla na mBallstát lena mbaineann, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith aige cibé acu ón mbliain bhuiséadach 2010, nó ón dáta a cuireadh an cúnamh airgeadais ar fáil, agus é sin ag brath ar stádas an Bhallstáit iarrthaigh, maidir leis na tréimhsí ar lena linn a fuair na Ballstáit cúnamh airgeadais ón Aontas nó ó Bhallstáit eile de chuid an limistéir euro chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí tromchúiseacha i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais.

(19)

I gcás ina mbeartaítear méadú sealadach a dhéanamh ar na híocaíochtaí eatramhacha nó ar íocaíochtaí an iarmhéid deiridh i gcomhréir leis an maolú faoi Airteagal 77(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, ba cheart an méadú sin a mheas chomh maith i gcomhthéacs na srianta buiséadacha atá i ndán do na Ballstáit uile, agus ba cheart na srianta sin a léiriú go hiomchuí i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, ós rud é gurb é príomhchuspóir an tsásra aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí sonracha atá ann faoi láthair, ba cheart cur i bhfeidhm an tsásra a theorannú ó thaobh ama de. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcuirfí tús le cur i bhfeidhm an tsásra an 1 Eanáir 2010 agus ba cheart a ré a theorannú go dtí deireadh an 31 Nollaig 2013.

(20)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar an méid seo a leanas a chur in ionad Airteagal 77 de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006:

“Airteagal 77

Comhrialacha maidir le híocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh a ríomh

1.   Déanfar íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh a ríomh tríd an ráta cómhaoinithe arna leagan síos sa chinneadh maidir leis an gclár oibríochtúil lena mbaineann i ndáil le gach ais tosaíochta, a chur i bhfeidhm i leith an chaiteachais incháilithe a léirítear faoin ais tosaíochta sin i ngach ráiteas caiteachais atá deimhnithe ag an údarás deimhniúcháin.

2.   De mhaolú ar Airteagal 53(2), ar an dara abairt d'Airteagal 53(4) agus ar na huasmhéideanna atá leagtha amach in Iarscríbhinn III, déanfar íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh a mhéadú le suim a chomhfhreagraíonn do dheich bpointe céatadáin os cionn an ráta chómhaoinithe is infheidhme i leith gach aise tosaíochta, ach gan dul thar 100 %, ar suim í a bheidh le cur i bhfeidhm i leith suim an chaiteachais incháilithe arna dhearbhú den chéad uair i ngach ráiteas deimhnithe caiteachais arna thíolacadh le linn na tréimhse ina gcomhlíonann Ballstát ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach (12) nó tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó ag Ballstáit eile de chuid an limistéir euro sular tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm;

(b)

tá cúnamh airgeadais meántéarmach curtha ar fáil dó i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid lena soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach do Bhallstáit i leith chomharduithe a n-íocaíochtaí (13);

(c)

tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó i gcomhréir leis an gConradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach tar éis theacht i bhfeidhm an Chonartha sin.

3.   Déanfaidh Ballstát atá ag iarraidh leas a bhaint as maolú faoi mhír 2, iarraidh a thíolacadh i scríbhinn don Choimisiún faoin 21 Feabhra 2012 nó laistigh de dhá mhí ón dáta a chomhlíonann an Ballstát ceann amháin de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2.

4.   Ina iarraidh faoi mhír 3, tabharfaidh an Ballstát údar cuí leis an ngá atá leis an maolú, trí fhaisnéis a sholáthar is faisnéis is gá chun an méid seo a leanas a shuíomh:

(a)

trí bhíthin sonraí maidir lena riocht maicreacnamaíoch agus fioscach, nach bhfuil achmhainní ar fáil i gcomhair na contrapháirte náisiúnta;

(b)

go bhfuil gá le méadú íocaíochta, mar a thagraítear dó i mír 2, chun cur chun feidhme leantach na gclár oibríochtúla a choimirciú;

(c)

go leanann fadhbanna de bheith ann cé go n-úsáidtear na huasteorainneacha is infheidhme i leith rátaí cómhaoinithe is uasteorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

(d)

go gcomhlíonann an Ballstát ceann amháin de na coiníollacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) de mhír 2, trí thagairt a sholáthar do Chinneadh ón gComhairle nó do ghníomh dlíthiúil eile, chomh maith leis an dáta sonrach ónar cuireadh an cúnamh airgeadais ar fáil don Bhallstát.

Déanfaidh an Coimisiún fíorú i dtaobh an bhfuil údar cuí ag baint leis an bhfaisnéis a tíolacadh chun maolú a dheonú faoi mhír 2. Beidh 30 lá, ón dáta arna tíolacadh an iarraidh, ag an gCoimisiún chun agóid a dhéanamh maidir le cruinneas na faisnéise a tíolacadh.

Má chinneann an Coimisiún agóid a dhéanamh i gcoinne iarraidh an Bhallstáit, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, maidir leis an méid sin agus tabharfaidh sé a cúiseanna i leith na hagóide sin.

Más rud é nach ndéanann an Coimisiún agóid i leith iarraidh an Bhallstáit faoi mhír 3, measfar go bhfuil údar cuí leis an iarraidh.

5.   Sonrófar san iarraidh ón mBallstát an úsáid atá beartaithe don mhaolú, is maolú dá bhforáiltear i mír 2, agus tabharfaidh sé faisnéis maidir le bearta comhlántacha a bhfuiltear ag súil leo chun go mbeidh na Cistí dírithe ar iomaíochas, ar fhás agus ar fhostaíocht, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, modhnú na gclár oibríochtúil.

6.   Ní bheidh feidhm ag an maolú dá bhforáiltear i mír 2 maidir le ráitis chaiteachais a thíolacfar tar éis an 31 Nollaig 2013.

7.   Chun íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh a ríomh tar éis do Bhallstát scor de leas a bhaint as an gcúnamh airgeadais dá dtagraítear i mír 2, ní dhéanfaidh an Coimisiún na suimeanna méadaithe arna n-íoc i gcomhréir leis an mír sin a chur san áireamh.

Déanfar, áfach, na suimeanna sin a chur san áireamh chun críche Airteagal 79(1).

8.   Cuirfear na híocaíochtaí eatramhacha méadaithe a eascraíonn as cur i bhfeidhm mhír 2 ar fáil don údarás bainistíochta chomh luath agus is féidir agus ní úsáidfear iad ach le haghaidh íocaíochtaí a dhéanamh agus an clár oibríochtúil á chur chun feidhme.

9.   I gcomhthéacs an tuairiscithe straitéisigh faoi Airteagal 29(1), déanfaidh Ballstáit faisnéis iomchuí a sholáthar don Choimisiún maidir le húsáid an mhaolaithe dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo lena dtaispeánfar conas a chuir méid méadaithe na tacaíochta le hiomaíochas, le fás agus le fostaíocht a chur chun cinn sa Bhallstát lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur san áireamh agus an tuairisciú straitéiseach, dá dtagraítear in Airteagal 30(1), á ullmhú aige.

10.   D'ainneoin mhír 2, ní mó a bheidh ranníoc an Aontais trí íocaíochtaí eatramhacha agus trí íocaíochtaí an iarmhéid deiridh ná an ranníoc poiblí agus uasmhéid an chúnaimh ó na Cistí le haghaidh gach aise tosaíochta mar atá leagtha síos sa chinneadh ón gCoimisiúin lena bhformheastar an clár oibríochtúil.

11.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 go mír 9 maidir le cláir oibríochtúla faoi chuspóir an chomhair chríche Eorpaigh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm chúlghabhálach aige, áfach, maidir leis na Ballstáit seo a leanas: i gcás na hÉireann, na Gréige agus na Portaingéile, le héifeacht ón dáta a cuireadh an cúnamh airgeadais ar fáil do na Ballstáit sin faoi mar a luaitear in Airteagal 77(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, agus i gcás na hUngáire, na Laitvia agus na Rómáine, le héifeacht ón 1 Eanáir 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Nollaig 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. SZPUNAR


(1)  Tuairim an 27 Deireadh Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Nollaig 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle 12 Nollaig 2011.

(3)  IO L 118, 12.5.2010, lch. 1.

(4)  IO L 30, 4.2.2011, lch. 34.

(5)  IO L 159, 17.6.2011, lch. 88.

(6)  IO L 53, 23.2.2002, lch. 1.

(7)  IO L 37, 6.2.2009, lch. 5.

(8)  IO L 79, 25.3.2009, lch. 39.

(9)  IO L 150, 13.6.2009, lch. 8.

(10)  IO L 91, 6.4.2011, lch. 1.

(11)  IO L 210, 31.7.2006, lch. 25.

(12)  IO L 118, 12.5.2010, lch. 1.

(13)  IO L 53, 23.2.2002, lch. 1.”.


Top