EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32010R1231

Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leathnaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar fhoras a náisiúntachta amháin

OJ L 344, 29.12.2010, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 05 Volume 002 P. 261 - 263

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1231/oj

29.12.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) UIMH. 1231/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2010

lena leathnaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar fhoras a náisiúntachta amháin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 79(2)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá Parlaimint na hEorpa (3), an Chomhairle agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (4) ag iarraidh go ndéanfar lánpháirtiú níos fearr i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil ar chríoch na mBallstát trí shraith ceart aonfhoirmeach a thabhairt dóibh a bheadh chomh cosúil agus is féidir do na cearta atá ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh.

(2)

Chuir an Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 1 Nollaig 2005 in iúl go láidir nach mór don Aontas a áirithiú go gcuirfear cóir chothrom ar náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil ar chríoch na mBallstát agus chuir an Chomhairle in iúl go láidir gur cheart beartas lánpháirtithe níos déine a dhíriú ar chearta agus oibleagáidí a thabhairt do na náisiúnaigh sin a bheadh inchomparáide le cearta agus le hoibleagáidí shaoránaigh an Aontais.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 ón gComhairle (5), leathnaíodh Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 maidir le comhordú scéimeanna slándála sóisialta reachtúla na mBallstát chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach raibh cumhdaithe cheana leis na Rialacháin sin ar fhoras a náisiúntachta amháin.

(4)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 34(2) di.

(5)

Cuirtear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (6) in ionad Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71. Cuirtear Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme (7) in ionad Rialachán (CEE) Uimh. 574/72. Aisghairfear Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 le héifeacht ón dáta a ndéanfar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a chur i bhfeidhm.

(6)

Le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus le Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, déantar na rialacha um chomhordú do dhaoine árachaithe agus freisin d’institiúidí slándála sóisialta a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú go suntasach. I dtaca le Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, is é is aidhm do na rialacha um chomhordú a tugadh cothrom le dáta ná próiseáil sonraí maidir le cearta daoine árachaithe chun sochar a luathú agus a éascú, agus na costais riaracháin chomhfhreagracha a laghdú.

(7)

Is cuspóirí de chuid an Aontais iad ardleibhéal cosanta sóisialta a chur chun cinn agus an caighdeán maireachtála agus cáilíocht na beatha a ardú sna Ballstáit.

(8)

D’fhonn staid a sheachaint ina mbeadh ar fhostóirí agus ar chomhlachtaí slándála sóisialta náisiúnta staideanna casta dlíthiúla agus riaracháin a bhainistiú nach mbaineann ach le grúpa daoine teoranta, tá sé tábhachtach go mbainfear leas iomlán as sochair iomlána an nuachóirithe agus an tsimplithe sa réimse na slándála sóisialta trí úsáid a bhaint as ionstraim dhlíchomhordaithe amháin lena gcuirtear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 le chéile.

(9)

Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, ionstraim dhlíthiúil a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 859/2003, ar ionstraim í arb é an bhunaidhm atá léi ná go ngabhfadh Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ionad Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 faoi seach.

(10)

Le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 maidir le náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar fhoras a náisiúntachta amháin, ní mór nach dtabharfar aon teidlíocht do na náisiúnaigh sin dul isteach i mBallstát, fanacht i mBallstát nó cónaí a bheith orthu i mBallstát ná rochtain a bheith acu ar mhargadh saothair an Bhallstáit sin. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 gan dochar do cheart na mBallstát maidir le diúltú cead chun dul isteach sa Bhallstát lena mbaineann, chun fanacht ann, chun cónaí ann nó chun obair ann a dheonú, maidir leis an gcead sin a tharraingt siar nó maidir le hathnuachan an cheada sin a dhiúltú, i gcomhréir le dlí an Aontais.

(11)

De bhua an Rialacháin seo, níor cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ná ag Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, ach amháin sa mhéid is go bhfuil cónaí go dlíthiúil ar an duine lena mbaineann i gcríoch Ballstáit cheana. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh cónaí dlíthiúil mar réamhriachtanas chun na Rialacháin sin a chur i bhfeidhm.

(12)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ná ag Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 i staid a bhfuil gach gné di teoranta d’aon Bhallstát amháin. Baineann sé sin, inter alia, le staid aon náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil ceangal aige ach le tríú tír agus le Ballstát amháin.

(13)

Níor cheart go ndéanfadh an coinníoll maidir le cónaí go dlíthiúil i gcríoch Ballstáit difear do na cearta a thagann ó chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le pinsean easláine, le pinsean seanaoise nó le pinsean marthanóra, thar ceann Ballstáit amháin nó níos mó, i gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil coinníollacha an Rialacháin seo comhlíonta aige cheana, ná i gcás marthanóirí de chuid an náisiúnaigh tríú tír sin, sa mhéid go dtagann a gcearta ó oibrí, nuair atá cónaí orthu i dtríú tír.

(14)

Tá an ceart leanúnach chun sochair dífhostaíochta, de réir mar a leagtar síos in Airteagal 64 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, faoi réir an choinníll go gclárófar mar chuardaitheoir poist leis na seirbhísí fostaíochta i ngach Ballstát a dtéitear isteach ann. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha sin maidir le náisiúnach tríú tír ach amháin ar choinníoll go bhfuil an ceart ag an duine sin, i gcás inarb iomchuí de bhun a cheada cónaithe nó de bhun a stádais cónaithe fhadtéarmaigh, clárú mar chuardaitheoir poist le seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit a dtéitear isteach ann agus go bhfuil an ceart aige obair sa Bhallstát sin go dlíthiúil.

(15)

Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do chearta agus d’oibleagáidí a éiríonn as comhaontuithe idirnáisiúnta le tríú tíortha a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu, ar comhaontuithe iad lena dtugtar sochair i dtéarmaí slándála sóisialta.

(16)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach mar gheall ar na staideanna trasteorann atá i gceist, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge uile-Aontais na gníomhaíochta atá beartaithe, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(17)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn, trí litir dar dáta an 24 Deireadh Fómhair 2007, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(18)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(19)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus ag Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 maidir le náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar fhoras a náisiúntachta amháin, agus freisin maidir le daoine dá dteaghlaigh agus maidir lena marthanóirí, ar choinníoll go bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i gcríoch Ballstáit agus go bhfuil siad i staid nach bhfuil gach gné di teoranta do Bhallstát amháin.

Airteagal 2

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 idir na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Samhain 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  IO C 151, 17.6.2008, lch. 50.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2008 (IO C 294 E, 3.12.2009, lch. 259.), seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 26 Iúil 2010 (IO C 253 E, 21.9.2010, lch. 1.), seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Deireadh Fómhair 1999 maidir le cruinniú Chomhairle na hEorpa in Tampere (IO C 154, 5.6.2000, lch. 63.).

(4)  Tuairim ón gCESE an 26 Meán Fómhair 1991 maidir le stádas oibrithe imearcacha ó thríú tíortha (IO C 339, 31.12.1991, lch. 82.).

(5)  IO L 124, 20.5.2003, lch. 1.

(6)  IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.

(7)  IO L 284, 30.10.2009, lch. 1.


Top