EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32009R1070

Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 d’fhonn feidhmíocht agus inbhuanaitheacht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 300, 14.11.2009, p. 34–50 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 07 Volume 016 P. 206 - 222

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1070/oj

14.11.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/34


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1070/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2009

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 d’fhonn feidhmíocht agus inbhuanaitheacht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 80(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Chun an comhbheartas iompair a chur chun feidhme, tá gá le córas aeriompair éifeachtúil chun go mbeifear in ann seirbhísí aeriompair a oibriú ar bhealach sábháilte, rialta agus inbhuanaithe, rud a chuirfidh barr feabhais ar thoilleadh agus a éascóidh saorghluaiseacht earraí, daoine agus seirbhísí.

(2)

Ós rud é gur ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an chéad phacáiste reachtaíochta maidir leis an aerspás Eorpach aonair, eadhon, Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 an 10 Márta 2004 lena leagtar síos creat chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (4), Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 an 10 Márta 2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán soláthair seirbhíse) (5), Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán aerspáis) (6), agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (an Rialachán idir-inoibritheachta) (7), leagadh síos bonn daingean dlí i gcomhair córais bhainistíochta aerthráchta (BAT) atá comhleanúnach, idir-inoibritheach agus sábháilte.

(3)

Mar fhreagra ar an éileamh mór ón lucht tionscail, ó na Ballstáit agus ó gheallsealbhóirí eile go simpleofar an creat rialála le haghaidh eitlíochta san Eoraip agus go neartófar éifeachtacht an chreata sin, rinneadh Grúpa Ardleibhéil um thodhchaí an chreata rialála Eorpaigh le haghaidh eitlíochta (an Grúpa Ardleibhéil) a bhunú i mí na Samhna 2006. I mí Iúil 2007, rinne an Grúpa Ardleibhéil, atá comhdhéanta d’ionadaithe ó fhormhór na ngeallsealbhóirí, tuarascáil a thíolacadh ina raibh moltaí faoi conas feabhas a chur ar fheidhmíocht agus ar rialachas chóras eitlíochta na hEorpa. Mhol an Grúpa Ardleibhéil go mbeadh an leibhéal céanna tábhachta ag an gcomhshaol sa chóras eitlíochta agus atá ag an tsábháilteacht agus ag an éifeachtúlacht agus d’áitigh sé gur cheart go n-oibreodh an lucht tionscail agus rialtóirí le chéile chun a áirithiú go bhfuil ról chomh mór agus is féidir ag BAT i dtaca le hinbhuanaitheacht de.

(4)

Ag a cruinniú ar an 7 Aibreán 2008, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún cur chuige a bhainfeadh leis an gcóras foriomlán a fhorbairt i gcomhréir le moltaí an Ghrúpa Ardleibhéil, ar cur chuige é a bheadh ar aon dul leis an gcoincheap ‘geata go geata’ chun sábháilteacht a fheabhsú, BAT a fheabhsú agus cost-éifeachtúlacht a mhéadú.

(5)

Chun cruthú an aerspáis Eorpaigh aonair a chur i gcrích, tá sé riachtanach bearta breise a ghlacadh ar leibhéal an Chomhphobail, go háirithe chun feidhmíocht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú i réimsí lárnacha amhail an comhshaol, toilleadh agus cost-éifeachtúlacht, ar bearta iad go léir a bhfuil baint acu leis na bunchuspóirí maidir le sábháilteacht. Is gá, freisin, an reachtaíocht maidir leis an aerspás Eorpach aonair a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.

(6)

I Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt (8), iarrtar go bhforbrófar agus go gcuirfear chun feidhme Máistirphlean BAT. Chun an Máistirphlean BAT a chur chun feidhme tá gá le beartais rialála mar thacaíocht i ndáil le forbairt, tabhairt isteach agus maoiniú coincheap agus teicneolaíochtaí nua. Ba cheart gurb é a leanfaidh as sin ná córas ina bhfuil comhchodanna atá go hiomlán comhchuibhithe agus idir-inoibritheach agus lena ráthófar gníomhaíochtaí ardfheidhmíochta aeriompair san Eoraip. Maidir leis an sceideal i gcomhair chur chun feidhme an aerspáis Eorpaigh aonair, ba cheart aird a thabhairt ar an amscála a mheastar a bheidh ann i gcomhair na gcéimeanna forbartha agus imlonnaithe de chlár SESAR mar chuid den aerspás Eorpach aonair. Ba cheart go ndéanfaí comhordú dlúth ar an dá phróiseas.

(7)

Maidir le coincheap na gcomhthionscadal, arb é is aidhm dóibh ná cabhrú le húsáideoirí aerspáis agus/nó soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta feabhas a chur ar an mbonneagar aerloingseoireachta ina iomláine, ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta agus ar úsáid aerspáis, go háirithe iad sin a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun an Máistirphlean BAT a chur chun feidhme, níor cheart go ndéanfaidís dochar do thionscadail atá ann cheana, arna gcinneadh ag Ballstát amháin nó níos mó agus a bhfuil cuspóirí comhchosúla acu. I dtaca leis na forálacha a bhaineann le maoiniú a dhéanamh maidir le himlonnú comhthionscadal, níor cheart go ndéanfaí réamhbhreithiúnas iontu faoin tslí ina gcuirtear na comhthionscadail sin ar bun. Féadfaidh an Coimisiún a mholadh go bhféadfar maoiniú amhail maoiniú ón Líonra TrasEorpach nó ón mBanc Infheistíochta Eorpach a úsáid chun tacú le comhthionscadail, go háirithe chun dlús a chur le himlonnú chlár SESAR, laistigh den chreat airgeadais ilbhliantúil. Gan dochar don rochtain ar an maoiniú sin, ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit a chinneadh conas a úsáidfear an t-ioncam a fhaightear ó lamháltais na hearnála eitlíochta, faoin Scéim Trádála Astaíochtaí, a chur ar ceant agus ba cheart go mbeadh saoirse acu breithniú a dhéanamh, sa chomhthéacs sin, i dtaobh an bhféadfaí scair den ioncam sin a úsáid chun comhthionscadail a mhaoiniú ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis.

(8)

Go háirithe i gcás ina ndéantar comhthionscadail a imlonnú, ba cheart cúram a ghlacadh, inter alia trí chuntasaíocht chuimsitheach thrédhearcach a chur i bhfeidhm, chun a áirithiú nach ndéantar muirearú dúbailte ar úsáideoirí aerspáis. Ba cheart comhthionscadail a imlonnú ar mhaithe leis na geallsealbhóirí go léir agus ba cheart cóir chomhionann a áirithiú do na geallsealbhóirí go léir.

(9)

Ionas go n-áiritheofar maoirseacht chomhsheasmhach fhónta ar sholáthar seirbhísí ar fud na hEorpa, ba cheart go mbeadh ráthaíocht ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta maidir le neamhspleáchas leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha a bheith acu. Níor cheart go gcuirfeadh an neamhspleáchas sin cosc ar na húdaráis sin maidir lena gcúraimí a fheidhmiú laistigh de chreat riaracháin.

(10)

Tá ról lárnach ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta i gcur chun feidhme an aerspáis Eorpaigh aonair agus ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, comhar a éascú eatarthu chun malartú dea-chleachtas a chumasú agus cur chuige comhchoiteann a fhorbairt, lena n-áirítear trí chomhar feabhsaithe ar leibhéal réigiúnach. Ba cheart go mbeadh an comhar sin ann ar bhonn rialta.

(11)

Ba cheart go ndéanfaí na comhpháirtithe sóisialta a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr i ndáil leis na bearta go léir a bhfuil impleachtaí suntasacha sóisialta ag baint leo agus ba cheart go rachfaí i gcomhairle leo ar bhealach níos fearr maidir le bearta den sórt sin. Ar leibhéal an Chomhphobail, ba cheart go rachfaí i gcomhairle freisin leis an gCoiste um Agallamh Earnálach a cuireadh ar bun faoi Chinneadh 98/500/CE (9).

(12)

D’fhonn borradh a chur faoi fheidhmíocht fheabhsaithe BAT agus seirbhísí aerloingseoireachta (SAL), is gá creat a bhunú chun spriocanna ceangailteacha feidhmíochta i réimsí lárnacha feidhmíochta a shainiú, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú i gcomhréir le beartais na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO). Mar ghné riachtanach de chreat den sórt sin, ba cheart go mbeadh sásra iomchuí ann chun sonraí feidhmíochta BAT agus SAL a thuairisciú agus a scrúdú, chun meastóireacht a dhéanamh orthu agus chun iad a scaipeadh, mar aon le scéim dreasachtaí ábhartha lena spreagfaí na spriocanna a bhaint amach.

(13)

Ba cheart go mbeadh an tsolúbthacht ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta chun aird a thabhairt ar imthosca sonracha náisiúnta nó réigiúnacha agus iad ag ceapadh a bpleananna náisiúnta agus réigiúnacha. Nuair atá pleananna náisiúnta á bhformheas nó a nglacadh ag Ballstáit, ba cheart go mbeidís i dteideal modhnuithe iomchuí a dhéanamh.

(14)

Nuair atá muirir á mbunú le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit féachaint le réamhaisnéisí comhchoiteanna a úsáid. Ba cheart solúbthacht áirithe a cheadú sna cásanna sin ina bhfuil éagsúlacht shuntasach idir an trácht iarbhír agus na réamhaisnéisí, go háirithe trí leas a bhaint as sásraí foláirimh iomchuí.

(15)

Ba cheart go gcuirfí spriocanna feidhmíochta san áireamh sna costais a chinnfidh na Ballstáit ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal bloic feidhme aerspáis agus atá beartaithe lena roinnt i measc úsáideoirí aerspáis.

(16)

A mhéid a bhaineann le soláthar trasteorann seirbhísí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcuireann aon chóras náisiúnta dlí toirmeasc ar ainmniú soláthraí seirbhísí aerthráchta ar an bhforas go bhfuil sé bunaithe i mBallstát eile nó gur le náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit sin é.

(17)

Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta bearta iomchuí a ghlacadh d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta a áirithiú, lena n-áirítear an fhéidearthacht go ndéanfar deimhniú ar leithligh a eisiúint chuig gach cineál seirbhíse aerloingseoireachta, agus fós urraim a thabhairt don ghá atá le cost-éifeachtúlacht agus comhsheasmhacht agus le dúblú a sheachaint.

(18)

Is cumasóirí tábhachtacha iad na bloic feidhme aerspáis maidir le feabhas a chur ar chomhar idir soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta chun feidhmíocht a fheabhsú agus sineirgí a chruthú. Ba cheart do na Ballstáit bloic feidhme aerspáis a bhunú laistigh d’amscála réasúnach. Chun na críche sin agus chun barr feabhais a chur ar chomhéadan na mbloc feidhme aerspáis san aerspás Eorpach aonair, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann comhoibriú lena chéile agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dóibh comhoibriú le tríú tíortha freisin.

(19)

Nuair a bhunaíonn Ballstáit bloc feidhme aerspáis, tá deis ag Ballstáit eile, ag an gCoimisiún agus ag páirtithe leasmhara eile a mbarúlacha a thíolacadh agus é mar aidhm leis sin ná malartú tuairimí a éascú. Maidir leis na barúlacha sin a thíolactar don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann, ba cheart go mbeidís de chineál comhairleach agus de chineál comhairleach amháin.

(20)

I gcás ina dtiocfaidh deacrachtaí chun cinn sa phróiseas caibidlíochta maidir le bloic feidhme aerspáis a chur ar bun, féadfaidh an Coimisiún Comhordaitheoir Chóras na mBloc Feidhme Aerspáis a ainmniú (an Comhordaitheoir). Ba cheart go mbeadh cúraimí an Chomhordaitheora dírithe ar chúnamh a sholáthar maidir leis na deacrachtaí sin a shárú gan cur isteach ar cheannasacht an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, ar cheannasacht tríú tíortha atá páirteach sa bhloc feidhme aerspáis céanna. Níor cheart go mbeadh aon tionchar ag na costais a thabhaítear maidir le gníomhaíochtaí an Chomhordaitheora ar bhuiséid náisiúnta na mBallstát.

(21)

Le tuarascálacha Choimisiún Eurocontrol maidir le hAthbhreithniú Feidhmíochta agus le tuarascáil chríochnaitheach an Ghrúpa Ardleibhéil, daingnítear nach féidir gréasán na mbealaí agus struchtúr an aerspáis a fhorbairt go leithliseach ó tharla gur eilimint dhílis den Ghréasán Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta (EATMN) gach aon Bhallstát, laistigh den Chomhphobal agus lasmuigh de. Ba cheart, dá bhrí sin, aerspás oibríochtúil a ndéanfar comhtháthú air de réir a chéile a bhunú le haghaidh gnáth-aerthráchta.

(22)

I bhfianaise chruthú bloc feidhme aerspáis agus chur ar bun na scéime feidhmíochta, ba cheart don Choimisiún coinníollacha a chinneadh, agus aird a thabhairt ar na coinníollacha, arb iad na coinníollacha iad atá riachtanach maidir leis an gComhphobal do chruthú Réigiúin Aonair Faisnéise Eitilte Eorpaí (RAFEE), arna iarraidh sin ag na Ballstáit ar an ICAO i gcomhréir le nósanna imeachta seanbhunaithe na heagraíochta sin agus i gcomhréir le cearta, oibleagáidí agus freagrachtaí na mBallstát faoin gCoinbhinsiún ar Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944 (Coinbhinsiún Chicago). Tríd an aerspás a bhfuil na Ballstáit freagrach as a chuimsiú, ba cheart go n-éascódh an RAFEE pleanáil chomhchoiteann agus oibríochtaí lánpháirtithe chun caolais tráchta réigiúnacha a sheachaint. Maidir le RAFEE den sórt sin, ba cheart go mbeadh an tsolúbthacht aige is gá chun fónamh do riachtanais shonracha amhail dlús tráchta agus an leibhéal castachta atá ag teastáil.

(23)

Tá ar úsáideoirí aerspáis déileáil le dálaí neamhionanna i dtaca le rochtain ar aerspás an Chomhphobail agus i dtaca le saoirse gluaiseachta laistigh den chéanna. Easpa rialacha comhchuibhithe Comhphobail i dtaca leis an aer agus, go háirithe, easpa aicmithe chomhchuibhithe i dtaca leis an aerspás is cúis leis seo. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún rialacha den sórt sin a chomhchuibhiú ar bhonn chaighdeáin ICAO.

(24)

Ba cheart EATMN a leagan amach agus a chur chun feidhme d’fhonn sábháilteacht, inbhuanaitheacht chomhshaoil, méadú toillte agus cost-éifeachtúlacht fheabhsaithe an ghréasáin aeriompair ar fad a bhaint amach. Is fearr a d’fhéadfaí an méid sin a áirithiú trí bhíthin an gréasán aeriompair a bhainistiú ar bhealach comhordaithe ar leibhéal an Chomhphobail, rud a dtugtar suntas dó i dtuarascáil an 31 Deireadh Fómhair 2008 ó Choimisiún Eurocontrol maidir le hAthbhreithniú Feidhmíochta dar teideal ‘Evaluation of Functional Airspace Block Initiatives and their Contribution to Performance Improvement’.

(25)

I gcomhréir leis an Ráiteas ó na Ballstáit ar shaincheisteanna míleata a bhaineann leis an aerspás Eorpach aonair agus atá ag gabháil le Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, ba cheart go mbeadh ról bunúsach ag comhar agus comhordú sibhialta-míleata i ndáil le cur chun feidhme an aerspáis Eorpaigh aonair, ionas go bhféadfar teacht ar úsáid sholúbtha fheabhsaithe an aerspáis trína mbainfear amach cuspóirí feidhmíochta an aerspáis Eorpaigh aonair, ag féachaint go cuí d’éifeachtacht misean míleata.

(26)

Is den riachtanas é go mbainfear struchtúr aerspáis comhchoiteann comhchuibhithe amach ó thaobh bealaí de, go mbeidh prionsabail chomhchoiteanna ann mar bhonn le heagrúchán an aerspáis mar atá anois agus mar a bheidh amach anseo, go n-áiritheofar cur chun feidhme forchéimnitheach Mháistirphlean BAT, go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as acmhainní tearca chun costais trealaimh nach bhfuil call leo a sheachaint, agus go leagfar amach agus go mbainisteofar an t-aerspás i gcomhréir le rialacha comhchuibhithe. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh an Coimisiún freagrach as na rialacha agus na cinntí cur chun feidhme is gá a ghlacadh ar rialacha agus cinntí iad a mbeadh éifeacht cheangailteach acu de réir dlí.

(27)

Ba cheart an liosta feidhmeanna maidir le bainistiú agus leagan amach an ghréasáin a leasú chun feidhmeanna an ghréasáin amach anseo, arna sainiú sa Mháistirphlean BAT, a chomhtháthú, más gá sin. Le linn déanamh amhlaidh, ba cheart don Choimisiún an leas is fearr is féidir a bhaint as saineolas Eurocontrol.

(28)

Tá sé molta ag an nGrúpa Ardleibhéil an bhunsraith atá ann cheana a úsáid mar bhonn chun feidhmeanna nua nó feidhmeanna feabhsaithe a chruthú agus chun ról Eurocontrol a fheabhsú agus, ag an am céanna, an Comhphobal a chur sa riocht gurb é an rialtóir aonair é agus urraim á tabhairt don phrionsabal lena ndéantar idirdhealú idir rialáil agus soláthar seirbhísí. Dá réir sin, ach Eurocontrol a bheith athchóirithe agus socruithe nua rialachais a bheith i bhfeidhm ann, ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún ar a iontaoibh forfheidhmiú cúraimí a bhaineann le feidhmeanna éagsúla, ar feidhmeanna iad nach bhfuil sé i gceist leo bearta ceangailteacha ag a bhfuil raon feidhme ginearálta a ghlacadh ná nach bhfuil feidhmiú lánrogha polaitiúla i gceist leo. Ba cheart go bhforfheidhmeodh Eurocontrol na cúraimí sin ar bhealach neamhchlaonta agus cost-éifeachtach agus ba cheart go mbeadh na húsáideoirí aerspáis agus na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta rannpháirteach go hiomlán iontu.

(29)

Ba cheart go dtabharfaí bearta leordhóthanacha isteach d’fhonn éifeachtacht bhainistíocht na sreibhe aerthráchta a fheabhsú chun cuidiú le haonaid oibríochtúla atá ann cheana, lena n-áirítear Láraonad Eurocontrol um Bainistíocht na Sreibhe Aerthráchta, chun oibríochtaí éifeachtúla eitilte a áirithiú. Ina theannta sin, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le plean gníomhaíochta um thoilleadh, éifeachtúlacht agus sábháilteacht aerfoirt san Eoraip, tugtar suntas don ghá le comhsheasmhacht oibríochtúil idir pleananna eitilte agus sliotáin aerfoirt a áirithiú. De bhreis air sin, d’fhéadfadh Faireachlann an Chomhphobail ar Thoilleadh Aerfoirt cabhair a thabhairt chun an fhaisnéis oibiachtúil a sholáthar do na Ballstáit ionas go ndéanfar toilleadh aerfoirt a ailíniú le toilleadh BAT, ach sin gan dochar dá gcuid inniúlachtaí sa réimse seo.

(30)

Maidir le soláthar faisnéise aerloingseoireachta atá nua-aimseartha, iomlán, ar ardchaighdeán agus tráthúil, tá tionchar suntasach aige ar an tsábháilteacht agus ar éascú na rochtana ar aerspás an Chomhphobail agus na saoirse gluaiseachta laistigh den aerspás sin. Agus Máistirphlean BAT á chur san áireamh, ba cheart don Chomhphobal gníomh tionscantach a dhéanamh maidir le nuachóiriú na hearnála seo i gcomhar le Eurocontrol agus a áirithiú go mbeidh úsáideoirí in ann teacht ar na sonraí seo trí bhíthin pointe rochtana poiblí amháin trína soláthrófaí fáisnéisiú comhtháthaithe atá nua-aimseartha, áisiúil don úsáideoir agus bailíochtaithe.

(31)

Maidir leis an tairseach leictreonach ar fhaisnéis mheitéareolaíoch, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar na foinsí éagsúla faisnéise, lena n-áirítear faisnéis ó sholáthraithe ainmnithe seirbhísí, i gcás inarb ábhartha sin.

(32)

Chun ualach riaracháin nach bhfuil call leis agus nósanna imeachta forluiteacha fíorúcháin a sheachaint, ba cheart, chun críche an Rialacháin seo, go nglacfaí le deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (10), i gcás ina mbaineann na deimhnithe sin le comhdhamhnaí nó córais.

(33)

Ba cheart go mbeadh comhad teicniúil, faoi mar a éilítear chun críocha deimhnithe ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (EASA), ag gabháil le deimhniú arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus a úsáidfear lena léiriú go bhfuiltear ag comhlíonadh cheanglais bhunriachtanacha Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ar shlí eile.

(34)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag ceanglais áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 maidir leis na córais a cuireadh i ngníomh roimh an 20 Deireadh Fómhair 2005. Ba cheart go mbeadh saoirse ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta teacht ar chomhaontú, ar leibhéal náisiúnta, i ndáil leis na nósanna imeachta agus na doiciméid is gá chun a léiriú go bhfuil ceanglais bhunriachtanacha Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 á gcomhlíonadh ag na córais BAT a bhí i ngníomh roimh an 20 Deireadh Fómhair 2005. Maidir le rialacha cur chun feidhme agus sonraíochtaí Comhphobail a ghlacfar tar éis ghlacadh an Rialacháin seo, ba cheart go dtabharfaí aird iontu ar an socrú sin agus níor cheart gurbh é a leanfadh as sin ná go mbeadh ceanglas aisghabhálach ann maidir le fianaise dhoiciméadach a thabhairt ar aird.

(35)

Mhol an Grúpa Ardleibhéil, ina thuarascáil chríochnaitheach don Choimisiún, gur cheart go ndéileálfaí go sonrach i gclár SESAR le sainiú nósanna imeachta idir-inoibritheacha, córas idir-inoibritheachta agus malartaithe faisnéise laistigh den Eoraip agus leis an gcuid eile den domhan. Ba cheart go n-áireofaí, freisin, forbairt caighdeán ábhartha agus sainaithint rialacha nua cur chun feidhme nó sonraíochtaí nua Comhphobail i gcomhthéacs an aerspáis Eorpaigh aonair.

(36)

Nuair a bheidh bearta cur chun feidhme, lena n-áirítear caighdeáin a bheidh leagtha síos ag Eurocontrol, á nglacadh aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuimseofar sna bearta sin na feabhsúcháin go léir is gá ar na caighdeáin bhunaidh agus go dtabharfar lánaird ar an ngá atá ann go seachnófar rialáil dhúbailte.

(37)

Is gá an ghné dhaonna a chur san áireamh nuair atá na spriocanna a bhaineann le caighdeáin sábháilteachta aerthráchta a mhéadú agus feidhmíocht fhoriomlán BAT agus ABS don aerthrácht i gcoitinne san Eoraip a fheabhsú á saothrú go comhuaineach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh i dtaobh na prionsabail a ghabhann le ‘cultúr cóir’ a thabhairt isteach.

(38)

I bhfianaise an leathnaithe atá beartaithe a dhéanamh ar inniúlachtaí EASA chun sábháilteacht bainistíochta aerthráchta a chur san áireamh, ba cheart go n-áiritheofaí go bhfuil comhsheasmhacht ann idir Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004, Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.

(39)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (11). Ba cheart na bearta sin a ghlacadh laistigh d’amscála oiriúnach ionas go gcomhlíonfar na spriocamanna a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, i Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, i Rialachán (CE) Uimh. 551/2004, i Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus i Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.

(40)

Ba cheart, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún bearta a uasdátú de réir forbairtí teicniúla nó oibríochtúla agus na critéir bhunúsacha agus na nósanna imeachta bunúsacha a leagan síos freisin maidir le feidhmiú feidhmeanna áirithe i ndáil le bainistíocht gréasáin. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, de Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus de Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 a leasú trína bhforlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(41)

Más rud é nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

(42)

Gabhfaidh Ráiteas na nAirí maidir le hAerfort Ghiobráltar, a comhaontaíodh in Córdoba an 18 Meán Fómhair 2006 (Ráiteas na nAirí) ag chéad chruinniú Aireachta an Fhóraim Agallaimh maidir le Giobráltar, ionad an Dearbhaithe Chomhpháirtigh maidir le hAerfort Ghiobráltar a rinneadh i Londain an 2 Nollaig 1987, agus measfar gurb ionann comhlíonadh iomlán an Ráitis sin agus comhlíonadh Dhearbhú 1987.

(43)

Tá feidhm ag an Rialachán seo go huile agus go hiomlán maidir le hAerfort Ghiobráltar i gcomhthéacs agus de bhua Ráiteas na nAirí. Gan dochar do Ráiteas na nAirí, beidh a fheidhm maidir le hAerfort Ghiobráltar, agus na bearta go léir a bhaineann lena chur chun feidhme, ar comhréir go hiomlán leis an Ráiteas sin agus leis na socruithe go léir atá ann.

(44)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Cuspóir agus Raon Feidhme

1.   Is é is cuspóir do thionscnamh an aerspáis Eorpaigh aonair ná caighdeáin sábháilteachta reatha aerthráchta a fheabhsú, rannchuidiú a dhéanamh maidir le forbairt inbhuanaithe an chórais aeriompair a neartú agus feidhmíocht fhoriomlán na bainistíochta aerthráchta (BAT) agus na seirbhísí aerloingseoireachta (SAL) ó thaobh gnáth-aerthráchta de san Eoraip a fheabhsú, d’fhonn freastal ar riachtanais úsáideoirí uile an aerspáis. Cuimseoidh an t-aerspás Eorpach aonair seo gréasán comhleanúnach pan-Eorpach bealaí, córais bhainistíochta gréasáin agus bhainistíochta aerthráchta atá bunaithe ar nithe a bhaineann le sábháilteacht, éifeachtúlacht agus cúrsaí teicniúla, agus ar na nithe sin amháin, ar mhaithe leis na húsáideoirí aerpáis uile. D’fhonn an cuspóir seo a bhaint amach, bunaítear creat comhchuibhithe rialála leis an Rialachán seo chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú.

2.   Beidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus feidhmiú na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3 gan dochar do cheannasacht na mBallstát ar a n-aerspás agus do cheanglais na mBallstát a bhaineann le hord poiblí, le slándáil phoiblí agus le nithe a bhaineann le cosaint, mar a leagtar amach in Airteagal 13. Ní chlúdaítear oibríochtaí míleata ná traenáil mhíleata leis an Rialachán seo ná leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3.

3.   Beidh feidhmiú an Rialacháin seo agus feidhmiú na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3 gan dochar do chearta agus do dhualgais na mBallstát faoi Choinbhinsiún Chicago 1944 ar Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”). Sa chomhthéacs seo, tá sé mar chuspóir breise de chuid an Rialacháin seo, i dtaca leis na réimsí a chlúdaítear ann, go dtabharfar cabhair do na Ballstáit i ndáil le comhlíonadh a gcuid oibleagáidí faoi Choinbhinsiún Chicago trí bhonn a sholáthar maidir le léirmhíniú coiteann agus cur chun feidhme aonfhoirmeach a chuid forálacha agus trína áirithiú go dtugtar aird chuí ar na forálacha sin sa Rialachán seo agus sna rialacha a tharraingeofar suas chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

4.   Tuigtear i ndáil cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le haerfort Ghiobráltar gur cur i bhfeidhm é atá gan dochar do sheasamh dlíthiúil Ríocht na Spáinne ná do sheasamh dlíthiúil Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann faoi seach maidir leis an díospóid faoi cheannasacht ar an gcríoch ina bhfuil an t-aerfort suite.’;

2.

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8:

‘8.

ciallaíonn “úsáideoirí aerspáis” oibreoirí aerárthaí a oibrítear mar ghnáth-aerthrácht;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10:

‘10.

ciallaíonn “bainistíocht aerthráchta (BAT)” comhiomlán na bhfeidhmeanna san aer agus na bhfeidhmeanna ar talamh (seirbhísí aerthráchta, bainistíocht an aerspáis agus bainistíocht na sreibhe aerthráchta) a bhfuil gá leo chun gluaiseacht shábháilte éifeachtúil aerárthaí a áirithiú le linn chéimeanna uile na n-oibríochtaí;’;

(c)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘13a.

ciallaíonn “Máistirphlean BAT” an plean lenar thacaigh an Chomhairle le Cinneadh 2009/320 ón gComhairle (12), i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt (13);

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 15:

‘15.

ciallaíonn “deimhniú” doiciméad arna eisiúint ag údarás maoirseachta náisiúnta in aon fhoirm a chomhlíonann an dlí náisiúnta agus a dhaingníonn go gcomhlíonann soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta na ceanglais chun seirbhís shonrach a sholáthar;’;

(e)

scriostar pointe 21;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 22:

‘22.

ciallaíonn “úsáid sholúbtha a bhaint as aerspás” coincheap bainistíochta aerspáis a chuirtear i bhfeidhm i limistéar na Comhdhála Eorpaí um Eitlíocht Shibhialta ar bhonn an “Airspace Management Handbook for the application of the Concept of the Flexible Use of Airspace”, arna eisiúint ag Eurocontrol;’;

(g)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

‘23a.

ciallaíonn “seirbhís faisnéise eitiltí” seirbhís a sholáthraítear chun comhairle agus faisnéis a thabhairt atá úsáideach le haghaidh eitiltí a sheoladh go sábháilte agus go héifeachtúil;

23b.

ciallaíonn “seirbhís foláirimh” seirbhís a sholáthraítear chun fógra a thabhairt do na heagraíochtaí ábhartha maidir le haerárthaí nach mór cúnamh cuardaigh agus tarrthála a thabhairt dóibh agus chun cabhrú leis na heagraíochtaí sin de réir mar is gá;’;

(h)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 25:

‘25.

ciallaíonn “bloc feidhme aerspáis” bloc aerspáis atá bunaithe ar riachtanais oibríochtúla agus a bhunaítear gan spleáchas do theorainneacha Stáit, ar bloc é ina bhfuil soláthar na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gaolmhara bunaithe ar fheidhmíocht agus ina mbaintear an úsáid is fearr as na nithe sin d’fhonn comhar feabhsaithe i measc soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta nó, i gcás inarb iomchuí, soláthraí comhtháite a thabhairt isteach i ngach bloc feidhme aerspáis,’;

(i)

scriostar pointe 37;

(j)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘41.

ciallaíonn “seirbhísí trasteorann” aon chúinse arb amhlaidh ina leith, maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraítear i mBallstát áirithe, gur soláthraí atá deimhnithe i mBallstát eile a sholáthraíonn iad.’;

3.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

Údaráis mhaoirseachta náisiúnta

1.   Déanfaidh na Ballstáit, go comhpháirteach nó go leithleach, comhlacht nó comhlachtaí a ainmniú nó a bhunú mar údarás maoirseachta náisiúnta d’fhonn na cúraimí a ghlacadh chuige féin a shanntar d’údarás den sórt sin faoin Rialachán seo agus faoi na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3.

2.   Beidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta neamhspleách ar na soláthraithe seirbhíse aerloingseoireachta. Bainfear an neamhspleáchas sin amach trí dheighilt dhóthanach, ar an leibhéal feidhme ar a laghad, idir na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus na soláthraithe sin.

3.   Feidhmeoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a gcuid cumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta, neamhspleách agus trédhearcach. Bainfear an méid sin amach trí shásraí iomchuí bainistíochta agus rialaithe a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear laistigh de chóras riaracháin Ballstáit. Ní chuirfidh sé seo cosc, áfach, ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a gcúraimí a fheidhmiú faoi réir rialacha eagrúcháin údarás náisiúnta eitlíochta sibhialta nó aon chomhlachtaí poiblí eile.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní agus na cumais riachtanacha ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo a chomhall ar bhealach éifeachtúil agus tráthúil.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i dtaobh ainmneacha agus sheoltaí na n-údarás maoirseachta náisiúnta, agus aon athruithe a dhéanfar orthu, chomh maith le fógra maidir leis na bearta a dhéantar chun comhlíonadh mhír 2, mhír 3 agus mhír 4 a áirithiú.’;

4.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(4):

‘4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

5.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de’;

5.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6 go hAirteagal 11:

‘Airteagal 6

Comhlacht Comhairliúcháin Tionscail

Gan dochar do ról an Choiste ná do ról Eurocontrol, bunóidh an Coimisiún “comhlacht comhairliúcháin tionscail” a mbeidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, comhlachais úsáideoirí aerspáis, oibreoirí aerfoirt, an tionscal monarúcháin agus comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann foirne gairmiúla ina gcuid de. Is é a bheidh i ról aonair an chomhlachta sin ná comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an aerspáis Eorpaigh aonair.

Airteagal 7

Caidreamh le tríú tíortha Eorpacha

Beidh sé mar aidhm ag an gComhphobal agus ag a chuid Ballstát an t-aerspás Eorpach aonair a leathnú chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad, agus tacóidh siad leis an leathnú sin. Chun na críche sin, agus faoi chuimsiú creata comhaontuithe a thabharfar i gcrích le tríú tíortha comharsanacha nó i gcomhthéacs comhaontuithe maidir le bloic feidhme aerspáis, féachfaidh siad le feidhmiú an Rialacháin seo, mar aon leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3, a leathnú chuig na tíortha sin.

Airteagal 8

Rialacha cur chun feidhme

1.   D’fhonn rialacha cur chun feidhme a fhorbairt, féadfaidh an Coimisiún sainorduithe a eisiúint chuig Eurocontrol nó, i gcás inarb iomchuí, chuig comhlacht eile ar sainorduithe iad ina leagfar amach na cúraimí a bheidh le comhlíonadh agus an tráthchlár i leith na gcúraimí sin agus aird á tabhairt ar na spriocamanna ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo. Gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

2.   Nuair a bheartóidh an Coimisiún sainordú a eisiúint i gcomhréir le mír 1, féachfaidh sé leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as socruithe atá ann cheana maidir le ról a thabhairt do na páirtithe leasmhara go léir agus maidir le dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara go léir, más rud é go gcomhfhreagraíonn na socruithe sin le cleachtais an Choimisiúin i ndáil le trédhearcacht agus nósanna imeachta comhairliúcháin agus nach dtagann siad salach ar a oibleagáidí institiúideacha.

Airteagal 9

Pionóis

Maidir leis na pionóis a leagfaidh na Ballstáit síos i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3, go háirithe ag úsáideoirí aerspáis agus soláthraithe seirbhísí, beidh siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 10

Comhairliúchán le geallsealbhóirí

1.   Déanfaidh na Ballstáit, ag gníomhú dóibh i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, sásraí comhairliúcháin a bhunú ar mhaithe le rannpháirtíocht iomchuí na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear comhlachtaí ionadaíochta foirne gairmiúla, i gcur chun feidhme an aerspáis Eorpaigh aonair.

2.   Bunóidh an Coimisiún sásra comhairliúcáin ar leibhéal an Chomhphobail. Beidh an Coiste um Agallamh Earnálach, arna chur ar bun faoi Chinneadh 98/500/CE, páirteach sa chomhairliúchán.

3.   Clúdóidh an comhairliúchán leis na geallsealbhóirí, go háirithe, coincheapa nua agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt agus a thabhairt isteach san EATMN.

Féadfar iad seo a leanas a áireamh i measc na ngeallsealbhóirí:

soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta,

oibreoirí aerfoirt,

úsáideoirí aerspáis ábhartha nó grúpaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann úsáideoirí aerspáis,

údaráis mhíleata,

an tionscal monarúcháin, agus

comhlachtaí ionadaíochta foirne gairmiúla.

Airteagal 11

Scéim feidhmíochta

1.   D’fhonn feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gréasáin san aerspás Eorpach aonair a fheabhsú, déanfar scéim feidhmíochta a chur ar bun le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin. Áireofar an méid seo a leanas sa scéim sin:

(a)

spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail i dtaca leis na réimsí tábhachtacha feidhmíochta a bhaineann leis an tsábháilteacht, leis an gcomhshaol, le toilleadh agus le cost-éifeachtúlacht;

(b)

pleananna náisiúnta nó pleananna le haghaidh bloc feidhme aerspáis, lena n-áirítear spriocanna feidhmíochta, á áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht ann leis na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail; agus

(c)

athbhreithniú tréimhsiúil, faireachán tréimhsiúil agus tagarmharcáil thréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gréasáin.

2.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3), féadfaidh an Coimisiún Eurocontrol nó comhlacht neamhchlaonta inniúil eile a ainmniú chun gníomhú mar “comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta”. Is é a bheidh i ról an chomhlachta athbhreithnithe feidhmíochta ná cuidiú leis an gCoimisiún, i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, agus cuidiú leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, nuair a iarrtar sin, i dtaca leis an scéim feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme. Áiritheoidh an Coimisiún go ngníomhóidh an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta ar bhealach neamhspleách le linn na cúraimí a thabharfaidh an Coimisiún dó a chomhall.

3.

(a)

Déanfaidh an Coimisiún na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail i dtaca leis an ngréasán bainistíochta aerthráchta a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3), tar éis na hionchuir ábhartha ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis a chur san áireamh.

(b)

Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na pleananna náisiúnta nó na pleananna bloc feidhme aerspáis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a tharraingt suas agus glacfaidh an Ballstát nó na Ballstáit iad. Áireofar sna pleananna sin spriocanna ceangailteacha náisiúnta nó spriocanna ceangailteacha ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis mar aon le scéim dreasachta iomchuí arna ghlacadh ag an mBallstát nó ag na Ballstáit. Beidh dréachtú na bpleananna faoi réir comhairliúcháin le soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, ionadaithe úsáideoirí aerspáis, agus, i gcás inarb iomchuí, oibreoirí aerfoirt agus comhordaitheoirí aerfoirt.

(c)

Déanfaidh an Coimisiún comhsheasmhacht na spriocanna náisiúnta nó na spriocanna bloic feidhme aerspáis leis na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail a mheas trí úsáid a bhaint as na critéir measúnaithe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 6.

I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún nach gcomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na spriocanna náisiúnta nó de na spriocanna bloic feidhme aerspáis na critéir measúnaithe, féadfaidh sé a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5(2), moladh a eisiúint á rá go ndéanfadh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann sprioc feidhmíochta nó spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe a mholadh. Glacfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe agus bearta iomchuí, ar spriocanna agus bearta iad a chuirfear in iúl don Choimisiún in am trátha.

I gcás ina gcinneann an Coimisiún nach bhfuil na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ná na bearta iomchuí athbhreithnithe leordhóthanach, féadfaidh sé a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3), go nglacfaidh na Ballstáit lena mbaineann bearta ceartaitheacha.

De rogha air sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, ach fianaise thacaíochta leordhóthanach a bheith aige, na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail a athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

(d)

Cuimseoidh an tréimhse thagartha don scéim feidhmíochta tréimhse trí bliana ar a laghad agus tréimhse cúig bliana ar a mhéad. I rith na tréimhse sin, agus i gcás nach gcomhlíontar na spriocanna náisiúnta nó na spriocanna bloic feidhme aerspáis, cuirfidh na Ballstáit agus/nó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na bearta iomchuí a bheidh sainithe acu i bhfeidhm. Cuimseoidh an chéad tréimhse thagartha na chéad trí bliana i ndiaidh ghlacadh na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6.

(e)

Déanfaidh an Coimisiún measúnachtaí rialta ar ghnóthú na spriocanna feidhmíochta agus cuirfidh sé torthaí na measúnachtaí sin faoi bhráid Choiste an Aerspáis Aonair.

4.   Beidh feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas i leith na scéime feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1:

(a)

bailiú, bailíochtú, scrúdú, meastóireacht agus scaipeadh sonraí ábhartha a bhaineann le feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gréasáin agus a thagann ó na páirtithe ábhartha go léir, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, úsáideoirí aerspáis, oibreoirí aerfoirt, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, na Ballstáit agus Eurocontrol;

(b)

roghnú na réimsí tábhachtacha feidhmíochta iomchuí ar bhonn Dhoiciméad ICAO Uimh. 9854 “Global Air Traffic Mangement Operational Concept”, ar réimsí iad a bheidh comhsheasmhach leo sin atá sainaitheanta i gCreat Feidhmíochta Mháistirphlean BAT, lena n-áirítear sábháilteacht, an comhshaol, acmhainneacht agus costéifeachtúlacht, arna n-oiriúnú nuair is gá chun aird a thabhairt ar riachtanais shonracha an aerspáis Eorpaigh aonair agus ar chuspóirí ábhartha do na réimsí sin mar aon le sainiú sraithe teoranta táscairí tábhachtacha feidhmíochta chun an fheidhmíocht a thomhas;

(c)

spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail a bhunú, ar spriocanna iad a shaineofar agus ionchuir arna sainaithint ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis á gcur san áireamh;

(d)

na spriocanna feidhmíochta náisiúnta nó na spriocanna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis a mheasúnú ar bhonn an phlean náisiúnta nó an phlean bloic feidhme aerspáis; agus

(e)

faireachán ar na pleananna feidhmíochta náisiúnta nó ar na pleananna feidhmíochta bloic aerspáis feidhme, lena n-áirítear sásraí iomchuí foláirimh.

Féadfaidh an Coimisiún cur leis an liosta nósanna imeachta dá dtagraítear sa mhír seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(4).

5.   Agus an scéim feidhmíochta á bunú, cuirfear san áireamh go bhfuil seirbhísí faoi bhealach, seirbhísí críochfoirt agus feidhmeanna gréasáin éagsúil lena chéile agus gur cheart déileáil leo dá réir sin agus, más gá, chun críocha tomhaiste feidhmíochta freisin.

6.   Ar mhaithe le feidhmiú mionsonraithe na scéime feidhmíochta, déanfaidh an Coimisiún, faoin 4 Nollaig 2011 agus laistigh d’amscála a bheidh oiriúnach chun na spriocamanna ábhartha atá leagtha síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, rialacha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3). Cumhdóidh na rialacha cur chun feidhme sin na nithe seo a leanas:

(a)

inneachar agus tráthchlár na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 4;

(b)

an tréimhse thagartha agus na heatraimh chun measúnú a dhéanamh ar ghnóthú na spriocanna feidhmíochta agus chun spriocanna nua a shocrú;

(c)

na critéir ar dá réir a dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na pleananna feidhmíochta náisiúnta nó na pleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis a chur ar bun, ar pleananna iad ina mbeidh na spriocanna feidhmíochta náisiúnta nó na spriocanna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis agus an scéim dreasachta. Maidir leis na pleananna feidhmíochta sin:

(i)

beidh siad bunaithe ar phleananna gnó na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta;

(ii)

tabharfar aghaidh iontu ar ghnéithe costais uile an bhoinn costais náisiúnta nó an bhoinn costais don bhloc feidhme aerspáis;

(iii)

áireofar iontu spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a bheidh comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Comhphobail;

(d)

critéir chun a mheas an bhfuil na spriocanna náisiúnta nó na spriocanna bloic feidhme aerspáis comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail i rith na tréimhse tagartha agus chun tacú le sásraí foláirimh;

(e)

prionsabail ghinearálta maidir le Ballstáit do chur scéim dreasachta ar bun;

(f)

prionsabail maidir le sásra idirthréimhseach a chur i bhfeidhm a bheidh riachtanach maidir le hoiriúnú a dhéanamh i gcomhair fheidhmiú na scéime feidhmíochta agus nach rachaidh thar 12 mhí tar éis an trátha a nglacfar leis na rialacha cur chun feidhme.’;

6.

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go tráthrialta ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3, agus cuirfidh sé a chéad tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle faoin 4 Meitheamh 2011 agus, ina dhiaidh sin, ag deireadh gach tréimhse tagartha dá dtagraítear in Airteagal 11(3)(d). Nuair atá údar maith ag an gCoimisiún chuige sin, féadfaidh sé tuilleadh faisnéise a iarraidh ar na Ballstáit de bhreis ar an bhfaisnéis atá sna tuarascálacha a thíolacann siad i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Beidh sna tuarascálacha, meastóireacht ar na torthaí a bhainfear amach de dhroim na ngníomhaíochtaí a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear faisnéis iomchuí faoi fhorbairtí san earnáil go háirithe ó thaobh gnéithe eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil, fostaíochta agus teicneolaíochta de, chomh maith le faisnéis faoi cháilíocht na seirbhíse, i bhfianaise na gcuspóirí bunaidh agus riachtanais a bheidh ann amach anseo á gcur san áireamh.’;

7.

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 13a

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa

Le linn an Rialachán seo agus Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004, Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (14) a chur chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhréir lena róil faoi seach mar a fhoráiltear dóibh leis an Rialachán seo, comhordú mar is iomchuí le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa lena áirithiú go dtugtar aghaidh mar is cuí ar na gnéithe sábháilteachta go léir.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 go hAirteagal 4:

‘Airteagal 2

Cúraimí na n-údarás maoirseachta náisiúnta

1.   Áiritheoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4 den chreat-Rialachán maoirseacht iomchuí ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe maidir le hoibriú sábháilte éifeachtúil na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraíonn seirbhísí a bhaineann leis an aerspás a thagann faoi chúram an Bhallstáit a d’ainmnigh nó a bhunaigh an t-údarás ábhartha.

2.   Chun na críche sin, eagróidh gach údarás maoirseachta náisiúnta cigireachtaí agus suirbhéanna cuí d’fhonn a fhíorú go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh, lena n-áirítear na ceanglais acmhainní daonna a bhaineann le soláthar na seirbhísí aerloingseoireachta. Éascóidh an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann an obair sin.

3.   Maidir leis na bloic feidhme aerspáis a shíneann thar aerspás a thagann faoi chúram níos mó ná Ballstát amháin, tiocfaidh na Ballstáit lena mbaineann ar chomhaontú faoin maoirseacht dá bhforáiltear san Airteagal seo i ndáil leis na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a bhaineann leis na bloic sin.

4.   Comhoibreoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta go dlúth lena chéile d’fhonn a áirithiú go ndéanfar maoirseacht leordhóthanach ar na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a shealbhaíonn deimhniú bailí ó Bhallstát áirithe a sholáthraíonn seirbhísí freisin a bhaineann leis an aerspás a thagann faoi chúram Ballstáit eile. Áireofar sa chomhoibriú sin socruithe maidir le láimhseáil cásanna a bhaineann le neamhchomhlíonadh na gceanglas coiteann is infheidhme agus a leagtar amach in Airteagal 6 nó le neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

5.   I gcás soláthair trasteorann seirbhísí aerloingseoireachta, áireofar sna socruithe sin comhaontú faoi aitheantas frithpháirteach na gcúraimí maoirseachta a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 mar aon le torthaí na gcúraimí sin. Beidh feidhm ag an aitheantas frithpháirteach sin freisin i gcás ina ndéanfar socruithe i dtaobh aitheantais idir údaráis mhaoirseachta náisiúnta maidir le próiseas deimhniúcháin na soláthraithe seirbhísí.

6.   Má cheadaítear é leis an dlí náisiúnta, agus comhar réigiúnach á chur san áireamh, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta comhaontuithe a thabhairt i gcrích freisin maidir le roinnt na bhfreagrachtaí i leith na gcúraimí maoirseachta.

Airteagal 3

Eintitis cháilithe

1.   Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a chinneadh na cigireachtaí agus na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a tharmligean go hiomlán nó go páirteach chuig eintitis cháilithe a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

2.   Beidh tarmligean den sórt sin arna dheonú ag údarás maoirseachta náisiúnta bailí laistigh den Chomhphobal ar feadh tréimhse inathnuaite trí bliana. Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a ordú d’aon cheann de na heintitis cháilithe atá suite sa Chomhphobal tabhairt faoi na cigireachtaí agus na suirbhéanna sin.

Airteagal 4

Ceanglais sábháilteachta

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán, rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-ionchorprófar forálacha ábhartha cheanglais rialála sábháilteachta Eurocontrol (ESARRanna) mar aon le haon leasuithe iardain ar na ceanglais sin a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, fara oiriúnuithe iomchuí más gá.’;

2.

Scriostar Airteagal 5;

3.

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6 agus mhír 7:

‘6.   Gan dochar d’Airteagal 8 agus d’Airteagal 9, trí bhíthin deimhnithe a eisiúint tabharfar caoi do sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a gcuid seirbhísí a thairiscint do na Ballstáit, do sholáthraithe eile seirbhísí aerloingseoireachta, d’úsáideoirí aerspáis agus d’aerfoirt laistigh den Chomhphobal.

7.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta faireachán ar chomhlíonadh na gceanglas coiteann agus na gcoinníollacha a ghabhann leis na deimhnithe. Cuirfear mionsonraí faoin bhfaireachán sin sna tuarascálacha bliantúla atá le tíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 12(1) den chreat-Rialachán. Más deimhin le húdarás maoirseachta náisiúnta nach gcomhlíonann sealbhóir deimhnithe na ceanglais ná na coinníollacha sin a thuilleadh, déanfaidh sé na bearta iomchuí agus leanúnachas seirbhísí á áirithiú ag an am céanna ar choinníoll nach ndéantar aon dochar don tsábháilteacht. D’fhéadfadh cúlghairm an deimhnithe a bheith san áireamh i mbearta den sórt sin.’;

4.

Cuirtear an méid seo in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Soláthraithe seirbhísí aerthráchta a ainmniú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit soláthar seirbhísí aerthráchta ar bhonn eisiach laistigh de bhloic shonracha aerspáis i ndáil leis an aerspás atá faoina bhfreagracht. Chuige seo, ainmneoidh na Ballstáit soláthraí seirbhísí aerthráchta a shealbhaíonn deimhniú atá bailí sa Chomhphobal.

2.   I dtaca le seirbhísí trasteorann a sholáthar, áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear cosc ar chomhlíonadh an Airteagail seo agus Airteagal 10(3) mar gheall ar fhoráil ina gcóras náisiúnta dlí lena gceanglaítear maidir le soláthraithe seirbhísí aerthráchta a sholáthraíonn seirbhísí san aerspás atá faoi fhreagracht an Bhallstáit sin:

(a)

go bhfuil siad faoi úinéireacht dhíreach, nó faoi úinéireacht trí shealúchas tromlaigh, ag an mBallstát sin nó ag a náisiúnaigh;

(b)

go bhfuil a bpríomhionad oibríochta nó a n-oifig chláraithe suite i gcríoch an Bhallstáit sin; nó

(c)

nach n-úsáideann siad ach saoráidí sa Bhallstát sin.

3.   Saineoidh na Ballstáit na cearta agus na hoibleagáidí a bheidh le hurramú ag na soláthraithe seirbhísí aerthráchta ainmnithe. D’fhéadfadh coinníollacha maidir le faisnéis iomchuí a sholáthar go tráthúil a bheith ag gabháil leis na hoibleagáidí sin, ar faisnéis í lena bhféadfar gluaiseachtaí uile na n-aerárthaí san aerspás a bhfuil freagracht acu ina leith a shainaithint.

4.   Beidh cumhachtaí lánroghnacha ag na Ballstáit maidir le soláthraí seirbhísí aerthráchta a roghnú, ar choinníoll go gcomhlíonann an soláthraí sin na ceanglais agus na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7.

5.   Maidir le bloic feidhme aerspáis arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 9a ar bloic iad a shíneann thar aerspás a thagann faoi fhreagracht níos mó ná Ballstát amháin, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, soláthraí seirbhísí aerthráchta amháin nó níos mó a ainmniú i gcomhpháirt lena chéile, mí amháin ar a laghad roimh chur chun feidhme an bhloic aerspáis.

6.   Cuirfidh Ballstáit an Choimisiún agus Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi aon chinneadh a thagann faoi chuimsiú an Airteagail seo agus a bhaineann le soláthraithe seirbhísí aerthráchta laistigh de bhloic shonracha aerspáis a ainmniú i ndáil leis an aerspáis atá faoina bhfreagracht.’;

5.

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

‘Airteagal 9a

Bloic Feidhme Aerspáis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh faoin 4 Nollaig 2012 chun a áirithiú go gcuirfear bloic feidhme aerspáis chun feidhme d’fhonn an toilleadh agus an éifeachtúlacht atá ag teastáil a bhaint amach i ngréasán bainistíochta an aerthráchta laistigh den aerspás Eorpach aonair agus d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta a choimeád i bhfeidhm agus rannchuidiú a dhéanamh maidir le feidhmíocht fhoriomlán an chórais aeriompair agus maidir le tionchar comhshaoil a laghdú. Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar lena chéile a oiread agus is féidir, go háirithe Ballstáit a mbeidh bloic feidhme aerspáis chomharsanacha á mbunú acu, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an fhoráil seo. Más ábhartha, féadfaidh tríú tíortha a bheidh páirteach sna bloic feidhme aerspáis a bheith i gceist leis an gcomhar sin freisin.

2.   Beidh feidhm ag na nithe seo a leanas, go háirithe, maidir le bloic feidhme aerspáis:

(a)

tabharfar tacaíocht ina leith le sainchomhad sábháilteachta;

(b)

cumasófar leo gur féidir an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an aerspás, agus na sreabha aerthráchta á gcur san áireamh;

(c)

áiritheofar leo go mbeidh comhsheasmhacht ann le gréasán bealaí na hEorpa arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán aerspáis;

(d)

beidh údar maith leo i ngeall ar a mbreisluach foriomlán, lena n-áirítear an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní teicniúla agus as acmhainní daonna, i bhfianaise anailísí costais agus tairbhe;

(e)

áiritheofar leo go ndéanfar aistriú na freagrachta as rialú aerthráchta idir aonaid seirbhísí aerthráchta ar bhealach rianúil, solúbtha;

(f)

áiritheofar leo go mbeidh comhoiriúnacht idir na cumraíochtaí éagsúla aerspáis, agus go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as na Réigiúin Faisnéise Eitilte reatha, inter alia;

(g)

comhlíonfaidh siad coinníollacha a eascróidh as comhaontuithe réigiúnacha arna dtabhairt i gcrích leis an ICAO;

(h)

urramóidh siad comhaontuithe réigiúnacha a bheidh ann cheana ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, go háirithe na comhaontuithe sin lena mbaineann tríú tíortha Eorpacha; agus

(i)

éascóidh siad comhsheasmhacht le spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail.

3.   Ní bhunófar bloc feidhme aerspáis ach amháin le comhaontú frithpháirteach idir na Ballstáit uile agus, más iomchuí, idir na tríú tíortha a mbeidh freagracht orthu as aon chuid den aerspás sa bhloc feidhme aerspáis. Sula dtabharfar fógra don Choimisiún faoi bhunú bloic feidhme aerspáis, déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann faisnéis leordhóthanach a thabhairt don Choimisiún, do na Ballstáit eile agus do na páirtithe leasmhara eile agus tabharfaidh siad deis dóibh a gcuid barúlacha a thíolacadh.

4.   I gcás ina mbaineann bloc feidhme aerspáis go hiomlán nó go páirteach le haerspás atá faoi fhreagracht dhá Bhallstát nó níos mó, maidir leis an gcomhaontú lena mbunófar an bloc feidhme aerspáis, beidh na forálacha ann is gá maidir leis an gcaoi inar féidir an bloc a mhodhnú agus maidir leis an gcaoi inar féidir le Ballstát tarraingt siar ón mbloc, lena n-áirítear socruithe idirthréimhseacha.

5.   I gcás ina n-éiríonn deacrachtaí idir dhá Bhallstát nó níos mó i dtaca le bloc feidhme aerspáis trasteorann ar deacrachtaí iad a bhaineann le haerspás atá faoina bhfreagracht, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann, i gcomhpháirt lena chéile, an cás a chur faoi bhráid Choiste an Aerspáis Aonair chun a thuairim a fháil. Díreofar an tuairim chuig na Ballstáit lena mbaineann. Gan dochar do mhír 3, cuirfidh na Ballstáit an tuairim sin san áireamh chun teacht ar réiteach.

6.   Tar éis na fógraí ó na Ballstáit maidir leis na comhaontuithe agus na dearbhuithe dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 a fháil, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i mír 2, i dtaca le gach ceann de na bloic feidhme aerspáis de, agus tíolacfaidh sé na torthaí do Choiste an Aerspáis Aonair le haghaidh díospóireachta. Más deimhin leis an gCoimisiún gurb ann do bhloc feidhme aerspáis amháin nó níos mó nach gcomhlíonann na ceanglais, rachaidh sé i mbun agallaimh leis na Ballstáit lena mbaineann agus é mar aidhm aige teacht ar chomhthoil i dtaobh na mbeart a bheidh riachtanach chun an cás a réiteach.

7.   Gan dochar do mhír 6, déanfar na comhaontuithe agus na dearbhuithe dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 a chur in iúl don Choimisiún lena bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar an dáta a dtiocfaidh an cinneadh ábhartha i bhfeidhm a shonrú san fhoilseachán sin.

8.   Déanfar ábhar treorach maidir le bunú agus modhnú na mbloc feidhme aerspáis a fhorbairt faoin 4 Nollaig 2010 i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den chreat-Rialachán.

9.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 4 Nollaig 2011 agus i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán, rialacha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le soláthar ag an mBallstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann sula mbunófar agus sula modhnófar bloc feidhme aerspáis i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 9b

Comhordaitheoir Chóras na mBloc Feidhme Aerspáis

1.   D’fhonn bunú na mbloc feidhme aerspáis a éascú, féadfaidh an Coimisiún duine nádúrtha a ainmniú mar Chomhordaitheoir Chóras na mBloc Feidhme Aerspáis (an Comhordaitheoir). Gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán.

2.   Gan dochar d’Airteagal 9a(5) déanfaidh an Comhordaitheoir, arna iarraidh sin ag na Ballstáit uile lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, ag na tríú tíortha atá páirteach sa bhloc feidhme aerspáis céanna, sárú deacrachtaí ina bpróiseas caibidlíochta a éascú d’fhonn dlús a chur le bunú na mbloc feidhme aerspáis. Gníomhóidh an Comhordaitheoir ar bhonn sainordaithe ó na Ballstáit go léir lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, ó thríú tíortha a bhfuil páirt á glacadh acu sa bhloc feidhme aerspáis céanna.

3.   Gníomhóidh an Comhordaitheoir go neamhchlaonta go háirithe maidir le Ballstáit, le tríú tíortha, leis an gCoimisiún agus leis na geallsealbhóirí.

4.   Ní nochtfaidh an Comhordaitheoir aon fhaisnéis a gheobhaidh sé nó sí le linn a fheidhm nó a feidhm a chomhlíonadh ach amháin i gcás ina n-údaraíonn an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann, agus i gcás inarb iomchuí, tríú tíortha lena mbaineann, dó nó di déanamh amhlaidh.

5.   Tuairisceoidh an Comhordaitheoir don Choimisiún, do Choiste an Aerspáis Aonair agus do Pharlaimint na hEorpa gach trí mhí tar éis é nó í a ainmniú. Áireofar achoimre ar chaibidlíochtaí agus ar thorthaí na gcaibidlíochtaí sin sa tuarascáil.

6.   Rachaidh réimse freagrachta an Chomhordaitheora in éag nuair a shíneofar an comhaontú deiridh um bloic feidhme aerspáis ach tráth nach déanaí ná an 4 Nollaig 2012’;

6.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

An caidreamh le húdaráis mhíleata

I gcomhthéacs an chomhbheartais iompair, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go ndéanfar comhaontuithe i scríbhinn idir na húdaráis inniúla shibhialta agus na húdaráis inniúla mhíleata, nó socruithe dlíthiúla coibhéiseacha, a bhunú nó a athnuachan i ndáil le bainistiú na mbloc aerspáis sonrach.’;

7.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

‘3.   Nuair atá beart seirbhísí á sholáthar, déanfaidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta na costais agus an t-ioncam a eascraíonn as na seirbhísí aerloingseoireachta a shainaithint agus a nochtadh agus miondealú déanta orthu i gcomhréir leis an scéim muirearaithe le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta dá dtagraítear in Airteagal 14, agus, i gcás inarb iomchuí, coimeádfaidh siad cuntais chomhdhlúite a bhaineann le seirbhísí eile nach seirbhísí aerloingseoireachta iad, rud a cheanglófaí orthu a dhéanamh dá mba rud é, maidir leis na seirbhísí i dtrácht, gur ghnóthais ar leithligh a sholáthraigh iad.’;

8.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

Ginearálta

I gcomhréir le ceanglais Airteagal 15 agus Airteagal 16, fágfar, i ngeall ar an scéim muirir le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta, go mbeidh níos mó trédhearcachta ann agus muirir á socrú, á bhforchur agus á bhforfheidhmiú maidir le húsáideoirí aerspáis, agus fágfar go neartófar cost-éifeachtúlacht soláthair seirbhísí aerloingseoireachta agus éifeachtúlacht eitiltí, ach ag an am céanna coimeádfar an leibhéal sábháilteachta is fearr is féidir ar bun. Ina theannta sin, beidh an scéim seo comhsheasmhach le hAirteagal 15 de Choinbhinsiún Chicago 1944 ar Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta agus le córas Eurocontrol lena ngearrtar muirir faoi bhealach.’;

9.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

Prionsabail

1.   Beidh an scéim muirearaithe bunaithe ar chuntas na gcostas ar sheirbhísí aerloingseoireachta arna dtabhú ag soláthraithe seirbhísí chun tairbhe d’úsáideoirí aerspáis. Déanfar na costais sin a leithdháileadh tríd an scéim i measc catagóirí úsáideoirí.

2.   Cuirfear na prionsabail seo a leanas i bhfeidhm nuair atá an bonn costais le haghaidh na muirear á bhunú:

(a)

is é a bheidh sa chostas a bheidh le roinnt idir na húsáideoirí aerspáis ná an costas a chinntear i leith soláthair seirbhísí aerloingseoireachta, lena n-áirítear suimeanna iomchuí le haghaidh úis ar infheistíocht chaipitiúil agus dímheasa sócmhainní, mar aon leis na costais chothabhála, oibriúcháin, bainistíochta agus riaracháin. Is é a bheidh sna costais a chinntear ná na costais sin a chinnfidh an Ballstát ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal bloc feidhme aerspáis ag tús na tréimhse tagartha do gach bliain féilire de chuid na tréimhse tagartha dá dtagraítear in Airteagal 11 den chreat-Rialachán nó i rith na tréimhse tagartha, tar éis coigeartuithe iomchuí a dhéanamh lena ndéantar na sásraí foláirimh a leagtar amach in Airteagal 11 den chreat-Rialachán a chur i bhfeidhm;

(b)

is iad na costais atá le cur san áireamh sa chomhthéacs seo ná na costais a mheasúnófar i dtaca leis na saoráidí agus na seirbhísí dá bhforáiltear agus a chuirtear chun feidhme faoi Phlean Réigiúnach Aerloingseoireachta ICAO, Réigiún na hEorpa. Féadfaidh costais arna dtabhú ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus/nó ag eintitis cháilithe a bheith san áireamh iontu freisin, chomh maith le costais eile arna dtabhú ag an mBallstát agus ag an soláthraí seirbhísí ábhartha i ndáil le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta. Ní áireofar iontu costais na bpionós arna bhforchur ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9 den chreat-Rialachán ná costais aon bheart ceartaitheach arna bhforchur ag na Ballstáit de réir Airteagal 11 den chreat-Rialachán;

(c)

i dtaca leis na bloic feidhme aerspáis agus mar chuid dá gcreat-chomhaontuithe faoi seach, déanfaidh na Ballstáit iarrachtaí réasúnacha chun teacht ar chomhaontú faoi na prionsabail choiteanna maidir leis an mbeartas muirearaithe;

(d)

déanfar costas seirbhísí aerloingseoireachta éagsúla a shainaithint ar leithligh óna chéile, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 12(3);

(e)

ní cheadófar tras-fhóirdheontas idir seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí críochfoirt. Déanfar costais a bhaineann le seirbhísí críochfoirt agus seirbhísí faoi bhealach araon a leithdháileadh ar shlí chionmhar idir na seirbhísí faoi bhealach agus na seirbhísí críochfoirt ar bhonn modheolaíochta trédhearcaí. Ní cheadófar tras-fhóirdheontas idir seirbhísí éagsúla aerloingseoireachta i gceachtar den dá chatagóir sin ach amháin nuair atá údar maith leis ar chúiseanna oibiachtúla, ach sin faoi réir é a shainaithint go soiléir;

(f)

ráthófar trédhearcacht an bhoinn costais maidir le muirir. Déanfar rialacha cur chun feidhme maidir le soláthar faisnéise ag na soláthraithe seirbhísí a ghlacadh chun gur féidir athbhreithnithe a dhéanamh ar réamhaisnéisí, ar chostais iarbhir agus ar ioncam an tsoláthraí. Déanfar faisnéis a mhalartú go rialta idir údaráis mhaoirseachta náisiúnta, soláthraithe seirbhísí, úsáideoirí aerspáis, an Coimisiún agus Eurocontrol.

3.   Comhlíonfaidh na Ballstáit na prionsabail seo a leanas le linn muirir a shocrú i gcomhréir le mír 2:

(a)

socrófar na muirir maidir le hinfhaighteacht seirbhísí aerloingseoireachta faoi choinníollacha neamhidirdhealaitheacha. Nuair a dhéantar muirir a fhorchur ar usáideoirí aerspáis éagsúla chun an tseirbhís chéanna a úsáid, ní dhéanfar idirdhealú ar bith i ndáil le náisiúntacht nó catagóir an úsáideora;

(b)

féadfar díolmhú úsáideoirí áirithe, go háirithe aerárthaí éadroma agus aerárthaí Stáit, a cheadú ar choinníoll nach ngearrtar costas an diolmhaithe sin ar usáideoirí eile ina dhiaidh sin;

(c)

socrófar na muirir de réir bliana féilire ar bhonn na gcostas a chinnfear, nó féadfar iad a shocrú faoi na coinníollacha a bhunóidh na Ballstáit chun leibhéal uasta an ráta aonaid nó leibhéal uasta an ioncaim le haghaidh gach bliana thar thréimhse nach faide ná cúig bliana a chinneadh;

(d)

d’fhéadfadh ioncaim leordhóthanacha a bheith mar thoradh ar sheirbhísí aerloingseoireachta sa chruth go ngnóthófar fáltas réasúnach ar shócmhainní ar mhaithe leis na feabhsúcháin chaipitil is gá;

(e)

déanfar costas na seirbhísí aerloingseoireachta agus na n-áiseanna a chuirtear ar fáil d’usáideoirí aerspáis a léiriú sna muirir, agus acmhainní táirgíochta abhártha na n-aerárthaí éagsúla lena mbaineann á gcur san áireamh;

(f)

trí bhíthin muirear, cuirfear chun cinn soláthar seirbhísí aerloingseoireachta atá sábháilte, éifeachtúil, éifeachtach agus inbhuanaithe d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta agus cost-éifeachtúlachta a bhaint amach chomh maith leis na spriocanna feidhmíochta a chomhlíonadh agus spreagfar soláthar seirbhíse comhtháite leo, agus tionchar comhshaoil na heitlíochta á laghdú ag an am céanna. Chuige sin, agus i dtaca leis na pleananna feidhmíochta náisiúnta nó na pleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta sásraí a chur ar bun, lena n-áirítear dreasachtaí arb éard atá iontu buntáistí agus míbhuntáistí airgeadais, d’fhonn soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus/nó úsáideoirí aerspáis a spreagadh chun tacú le feabhsúcháin ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta, amhail acmhainn mhéadaithe, níos lú moilleanna agus forbairt inbhuanaithe, agus an leibhéal sábháilteachta is fearr is féidir a choimeád ar bun ag an am céanna.

4.   Glacfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme mionsonraithe don Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán.’;

10.

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 15a

Comhthionscadail

1.   Féadfaidh comhthionscadail a bheith ina gcabhair le cur chun feidhme rathúil an Mháistirphlean BAT. Beidh tionscadail den sórt sin ina dtacaíocht do chuspóirí an Rialacháin seo chun feabhas a chur ar fheidhmíocht chóras eitlíochta na hEorpa i réimsí tábhachtacha amhail acmhainn agus éifeachtúlacht ó thaobh eitiltí agus costais de chomh maith le hinbhuanaitheacht comhshaoil, ag féachaint do na bunchuspóirí sábháilteachta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán, ábhar treorach a fhorbairt maidir leis an tslí ar féidir le tionscadail den sórt sin a bheith ina dtacaíocht do chur chun feidhme an Mháistirphlean BAT. Ní dhéanfaidh ábhar treorach den sórt sin dochar do na sásraí chun tionscadail den sórt sin a imlonnú i ndáil le bloic feidhme aerspáis, faoi mar a bheidh aontaithe ag na páirtithe sna bloic sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh freisin, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán, comhthionscadail a bhunú le haghaidh feidhmeanna atá bainteach le gréasáin agus a bhfuil tábhacht ar leith leo maidir le feabhas a chur ar fheidhmíocht fhoriomlán na bainistíochta aerthráchta agus na seirbhísí aerloingseoireachta san Eoraip. Féadfar comhthionscadail den sórt sin a mheas mar thionscadail a bheidh cáilithe i gcomhair maoinithe Comhphobail laistigh den chreat airgeadais ilbhliantúil. Chuige sin, agus gan dochar d’inniúlacht na mBallstát cinneadh a dhéanamh i dtaobh an chaoi a n-úsáidfidh siad a gcuid acmhainní airgeadais, déanfaidh an Coimisiún anailís neamhspleách costais agus sochair chomh maith leis na comhairliúcháin iomchuí leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 10 den chreat-Rialachán, lena bhfiosrófar na meáin chuí go léir chun a n-imlonnú a mhaoiniú. Déanfar na costais cháilithe a ghabhann le himlonnú comhthionscadal a ghnóthú i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta agus an neamhidirdhealaithe.’;

11.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16 go hAirteagal 18:

‘Airteagal 16

Comhlíonadh a athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le hathbhreithniú leanúnach ar chomhlíonadh na bprionsabal agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15, ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit. Féachfaidh an Coimisiún leis na sásraí is gá a bhunú d’fhonn úsáid a bhaint as saineolas Eurocontrol agus cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe in iúl do na Ballstáit, do Eurocontrol agus d’ionadaithe na n-úsáideoirí aerspáis.

2.   Arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó a mheasann nach ndearnadh na prionsabail agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 a chur i bhfeidhm go cuí, nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar aon líomhain nach bhfuiltear ag comhlíonadh nó ag cur i bhfeidhm na bprionsabal agus/nó na rialacha lena mbaineann. Gan dochar d’Airteagal 18(1), roinnfidh an Coimisiún torthaí an imscrúdaithe leis na Ballstáit, le Eurocontrol agus le hionadaithe na n-úsáideoirí aerspáis. Laistigh de dhá mhí ó iarraidh a fháil, agus tar éis éisteacht a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann agus tar éis dul i gcomhairle le Coiste an Aerspáis Aonair i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den chreat-Rrialachán, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh chur i bhfeidhm Airteagal 14 agus Airteagal 15 den Rialachán seo agus i dtaobh an bhféadfar leanúint den chleachtas lena mbaineann.

3.   Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit agus cuirfidh sé an soláthraí seirbhíse ar an eolas faoin gcinneadh, a mhéid atá an cinneadh bainteach go dlíthiúil leis an soláthraí sin. Féadfaidh aon Bhallstát cinneadh an Choimisiúin a tharchur chuig an gComhairle laistigh de mhí amháin. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh atá éagsúil leis an gcinneadh sin a dhéanamh laistigh de mhí amháin.

Airteagal 17

Athbhreithniú ar na hIarscríbhinní

Maidir le bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de na hIarscríbhinní a leasú chun forbairtí teicniúla nó oibríochtúla a chur san áireamh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den chreat-Rialachán.

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 5(5) den chreat-Rialachán a úsáid.

Airteagal 18

Rúndacht

1.   Ní dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, ag gníomhú dóibh i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, ná an Coimisiún, aon fhaisnéis de chineál rúnda, go háirithe faisnéis faoi sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, a gcaidreamh gnó nó a ngnéithe costais, a nochtadh.

2.   Beidh mír 1 gan dochar do cheart na n-údarás maoirseachta náisiúnta nó an Choimisiúin faisnéis a nochtadh i gcás ina mbeidh sé seo fíor-riachtanach chun a gcuid cúraimí a chomhall, agus sa chás sin beidh nochtadh den sórt sin comhréireach agus beidh aird aige ar leasanna dlisteanacha na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, na n-úsáideoirí aerspáis, na n-aerfort nó na ngeallsealbhóirí ábhartha eile ó thaobh chosaint a gcuid rún gnó de.

3.   Déanfar an fhaisnéis agus na sonraí a sholáthrófar de bhun na scéime muirearaithe dá dtagraítear in Airteagal 14 a nochtadh go poiblí.’;

12.

cuirtear isteach an méid seo a leanas:

‘Airteagal 18a

Athbhreithniú

Cuirfidh an Coimisiún staidéar faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná an 4 Nollaig 2012 ina ndéanfar meastóireacht ar na tionchair dlí, sábháilteachta, tionscail, eacnamaíochta agus sóisialta atá ag feidhmiú phrionsabail an mhargaidh ar sholáthar seirbhísí í réimse na cumarsáide, na loingseoireachta, an fhaireachais agus na faisnéise aerloingseoireachta, i gcomparáid le prionsabail eagraíochtúla atá ann cheana nó prionsabail eagraíochtúla malartacha agus aird á tabhairt ar fhorbairtí sna bloic feidhme aerspáis agus sa teicneolaíocht atá ar fáil.’;

13.

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘CEANGLAIS MAIDIR LE hEINTITIS CHÁILITHE’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Ní mór do na heintitis cháilithe:’.

Airteagal 3

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 mar a leanas:

1.

Scriostar Airteagal 2;

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

Réigiún Faisnéise Eitilte Uachtarach na hEorpa (RFEUE)

1.   Beidh sé mar aidhm ag an gComhphobal agus a chuid Ballstát go mbunóidh an ICAO RFEUE aonair agus go dtabharfar aitheantas dó. Chuige sin, i gcás nithe a thagann faoi inniúlacht an Chomhphobail, déanfaidh an Coimisiún moladh a chur faoi bhráid na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 300 den Chonradh faoin 4 Nollaig 2011 ar a dhéanaí.

2.   Ceapfar an RFEUE sa chruth go gcuimseofar an t-aerspás a thagann faoi inniúlacht na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 1(3) agus féadfar aerspás tríú tíortha Eorpacha a chuimsiú ann freisin.

3.   Beidh bunú an RFEUE gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit as soláthraithe seirbhísí aerthráchta a ainmniú don aerspás atá faoina bhfreagracht i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán maidir le soláthar seirbhísí.

4.   Coinneoidh na Ballstáit a gcuid freagrachtaí i dtaca leis an ICAO laistigh de theorainneacha geografacha na réigiún faisnéise eitilte uachtaracha agus laistigh de na réigiúin faisnéise eitilte a thabharfaidh ICAO ar iontaoibh dóibh ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.’;

3.

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 3a

Faisnéis leictreonach aerloingseoireachta

1.   Gan dochar d’fhaisnéis aerloingseoireachta arna foilsiú ag na Ballstáit agus ar shlí a bheidh comhsheasmach leis an bhfoilsiú sin, áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar le Eurocontrol, go mbeidh faisnéis ardchaighdeáin leictreonach aerloingseoireachta ar fáil agus go gcuirfear ar fáil ar bhealach comhchuibhithe í agus go bhfónfaidh sí do riachtanais na n-úsáideoirí ábhartha uile ó thaobh cháilíocht agus thráthúlacht na sonraí de.

2.   Chun críche mhír 1, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

áiritheoidh sé go bhforbrófar bonneagar uile-Chomphobail i gcomhair faisnéise aerloingseoireachta i bhfoirm tairsí faisnéise comhtháite leictreonaí a mbeidh rochtain gan srian ag na geallsealbhóirí uirthi. Trí bhíthin an bhonneagair sin, comhtháthófar rochtain ar eilimintí de na sonraí a bheidh de dhíth agus soláthar na sonraí sin, eilimintí amhail faisnéis aerloingseoireachta, faisnéis ó oifig tuairiscithe na seirbhísí aerthráchta (OTA), faisnéis mheitéareolaíochta agus faisnéis faoi bhainistíocht na sreibhe aerthráchta, ach gan a bheith teoranta don fhaisnéis sin amháin;

(b)

tacóidh sé le nuachóiriú agus comhchuibhiú an tsoláthair faisnéise aerloingseoireachta, sa chiall is leithne, i ndlúthchomhar le Eurocontrol agus leis an ICAO.

3.   Glacfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe cur chun feidhme maidir leis an Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán.’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

Rialacha an aeir agus aicmiú aerspáis

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán, rialacha cur chun feidhme a ghlacadh d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

forálacha iomchuí i dtaca le rialacha an aeir a ghlacadh ar bhonn chaighdeáin ICAO agus cleachtas molta;

(b)

cur i bhfeidhm aicmiú aerspáis ICAO a chomhchuibhiú, fara oiriúnú iomchuí, d’fhonn seirbhísí aerthráchta sábháilte éifeachtúla a sholáthar ar bhealach rianúil laistigh den aerspás Eorpach aonair.’;

5.

scriostar Airteagal 5;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Bainistiú agus leagan amach an ghréasáin

1.   Trí bhíthin fheidhmeanna an ghréasáin bainistíochta aerthráchta (BAT) fágfar go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as an aerspás agus áiritheofar go mbeidh úsáideoirí aerspáis in ann na roghabhealaí a oibriú, ach ag an am céanna ligean dóibh an rochtain is mó is féidir a bheith acu ar an aerspás agus ar sheirbhísí aerloingseoireachta. Beidh na feidhmeanna gréasáin sin dírithe ar thacú le tionscnaimh ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis agus déanfar na tionscnaimh sin a fhorghníomhú ar shlí a urramóidh an deighilt idir cúraimí rialála agus cúraimí oibríochta.

2.   D’fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach agus gan dochar do fhreagrachtaí na mBallstát i leith na mbealaí náisiúnta agus na struchtúr aerspáis, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na feidhmeanna seo a leanas i gcrích:

(a)

gréasán bealaí na hEorpa a leagan amach;

(b)

comhordú ar acmhainní tearca laistigh de na bandaí minicíochta eitlíochta a úsáideann an gnáth-aerthrácht, go háirithe minicíochtaí raidió mar aon le comhordú ar chóid trasfhreagróra radair.

Ní bheidh glacadh beart ceangailteach ag a bhfuil raon feidhme ginearálta ná feidhmiú lánrogha polaitiúla i gceist leis na feidhmeanna a liostaítear sa chéad fhomhír. Beidh aird acu ar thograí a bhunófar ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis. Comhlíonfar iad i gcomhar le húdaráis mhíleata i gcomhréir le nósanna imeachta comhaontaithe maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis.

Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le Coiste an Aerspáis Aonair agus ar comhréir leis na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4, na cúraimí a bheidh riachtanach maidir le forghníomhú na bhfeidhmeanna a liostaítear sa chéad fhomhír a thabhairt ar iontaoibh do Eurocontrol, nó do chomhlacht neamhchlaonta inniúil eile. Déanfar na cúraimí sin a fhorghníomhú ar bhealach neamhchlaonta cost-éifeachtúil agus cuirfear i gcrích thar ceann na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí iad. Beidh siad faoi réir rialachais chuí, lena n-aithnítear na cuntasachtaí ar leithligh i ndáil le soláthar seirbhísí agus rialáil seirbhísí, agus riachtanais an ghréasáin BAT ina iomláine á gcur san áireamh mar aon le rannpháirtíocht iomlán na n-úsáideoirí aerspáis agus na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta.

3.   Féadfaidh an Coimisiún cur leis an liosta feidhmeanna atá i mír 2 tar éis comhairliúchán cuí a dhéanamh leis na geallsealbhóirí sa tionscal. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den chreat-Rialachán.

4.   Déanfar na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear san Airteagal seo, cé is moite de na rialacha sin dá dtagraítear i míreanna 6 go 9, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán. Leis na rialacha cur chun feidhme sin, díreofar go háirithe ar na nithe seo a leanas:

(a)

comhordú agus comhchuibhiú na bpróiseas agus na nósanna imeachta chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na bainistíochta ar mhinicíocht aerloingseoireachta, lena n-áirítear forbairt ar phrionsabail agus ar chritéir;

(b)

feidhm lárnach chun comhordú a dhéanamh ar shainaithint luath agus ar réiteach na riachtanas minicíochta sna bandaí a leithdháiltear ar an ngnáth-aerthrácht san Eoraip chun tacú le leagan amach agus oibriú ghréasán eitlíochta na hEorpa;

(c)

feidhmeanna greasáin breise faoi mar a shainítear sa Mháistirphlean BAT iad;

(d)

socruithe mionsonraithe le haghaidh cinnteoireachta comhoibrithí idir na Ballstáit, na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhm bainistíochta an ghréasáin maidir leis na cúraimí dá dtagraítear i mír 2;

(e)

socruithe le haghaidh comhairliúcháin idir na geallsealbhóirí ábhartha sa phróiseas cinnteoireachta ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na hEorpa araon; agus

(f)

laistigh den speictream raidió a leithdháileann an tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide ar an ngnáth-aerthrácht, deighilt ar na cúraimí agus na freagrachtaí idir feidhm bhainistíochta an ghréasáin agus na bainisteoirí minicíochta náisiúnta, á áirithiú go leanfaidh na feidhmeanna náisiúnta bainistíochta minicíochta de na cúraimí bainistíochta minicíochta nach bhfuil aon tionchar acu ar an ngréasán a chomhlíonadh. I dtaca leis na cásanna sin lena ngabhann tionchar ar an ngréasán, comhoibreoidh na bainisteoirí minicíochta náisiúnta leo sin atá freagrach as an bhfeidhm bainistíochta gréasáin d’fhonn an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na minicíochtaí.

5.   Is ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis a dhéileálfar le gnéithe de leagan amach an aerspáis seachas na gnéithe sin dá dtagraítear i mír 2. Sa phróiseas leagain amach cuirfear éilimh thráchta agus castacht san áireamh, mar aon le pleananna feidhmíochta bloc aerspáis náisiúnta nó pleananna feidhmíochta bloc feidhme aerspáis, agus áireofar ann lán-chomhairliúchán leis na húsáideoirí aerspáis ábhartha nó leis na grúpaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar úsáideoirí aerspáis chomh maith leis na húdaráis mhíleata de réir mar is iomchuí.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit feidhmiú bhainistíocht na sreibhe aerthráchta ar iontaoibh do Eurocontrol nó do chomhlacht neamhchlaonta inniúil eile, ach sin faoi réir socruithe maoirseachta iomchuí.

7.   Déanfar na rialacha cur chun feidhme do bhainistíocht na sreibhe aerthráchta, lena n-áirítear na socruithe maoirseachta is gá, a fhorbairt i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den chreat-Rialachán agus arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán, d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as an acmhainn atá ar fáil ó thaobh úsáid aerspáis de agus feabhas a chur ar phróisis bhainistíochta na sreibhe aerthráchta. Beidh na rialacha sin bunaithe ar thrédhearcacht agus éifeachtúlacht, á áirithiú go gcuirfear an acmhainn ar fáil ar mhodh solúbtha tráthúil atá comhsheasmhach le moltaí Phlean Réigiúnach Aerloingseoireachta ICAO, Réigiún na hEorpa.

8.   Tacóidh na rialacha cur chun feidhme do bhainistíocht na sreibhe aerthráchta le cinntí oibríochtúla a dhéanfaidh soláthraithe seribhísí aerthráchta, oibreoirí aerfoirt agus úsáideoirí aerspáis agus clúdóidh siad na réimsí seo a leanas:

(a)

pleanáil eitiltí;

(b)

úsáid na hacmhainneachta aerspáis atá ar fáil le linn gach staid den eitilt, lena n-áirítear sliotáin a shannadh; agus

(c)

úsáid a bhaint as ródúchán i ngnáth-aerthrácht, lena n-áirítear

foilseachán aonair a chruthú le haghaidh treoraíocht bhealaí agus tráchta,

roghanna chun an gnáth-aethrácht a athstiúrú ó limistéir phlódaithe, agus

rialacha tosaíochta maidir le rochtain ar aerspás don ghnáth-aerthrácht, go háirithe i rith tréimhsí plódúcháin agus géarchéime.

9.   Le linn na rialacha cur chun feidhme a fhorbairt agus a ghlacadh, beidh aird ag an gCoimisiún, de réir mar is iomchuí agus gan dochar do shábháilteacht, ar an gcomhsheasmhacht idir pleananna eitilte agus sliotáin aerfoirt agus ar an gcomhordú is gá le réigiúin chomharsanacha.’;

7.

scriostar Airteagal 9.

Airteagal 4

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 mar a leanas:

1.

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 6a

Modh eile chun comhlíonadh a fhíorú

Chun críocha Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán seo, measfar, maidir le deimhniú arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (15), i gcás ina bhfuil feidhm aige maidir le comhdhamhnaí nó córais, gurb ionann é agus dearbhú CE maidir le comhsheasmhacht nó oiriúnacht úsáide, nó gurb ionann é agus dearbhú fíorúcháin CE, má léirítear leis go gcomhlíonann sé ceanglais bhunriachtanacha an Rialacháin seo agus na rialacha ábhartha cur chun feidhme maidir le hidir-inoibritheacht.

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Athbhreithniú ar na hIarscríbhinní

Maidir le bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de na hIarscríbhinní a leasú chun forbairtí teicniúla nó oibríochtúla a chur san áireamh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den chreat-Rialachán.’;

3.

in Airteagal 10, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘2a.   Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstáit a dhearbhú go gcomhlíonann córais agus comhdhamhnaí an EATMN na ceanglais bhunriachtanacha agus go bhfuil siad díolmhaithe ó fhorálacha Airteagal 5 agus Airteagal 6.’;

4.

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i gCuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre de phointe 2,

‘Trí bhíthin EATMN, a chórais agus a gcomhdhamhnaí, tacófar, ar bhonn comhordaithe, le coincheapa nua oibríochtúla ar ar comhaontaíodh agus a bailíochtaíodh, ar coincheapa iad lena bhfeabhsaítear cáilíocht, inbhuanaitheacht agus éifeachtacht na seirbhísí aerloingseoireachta, go háirithe ó thaobh sábháilteachta agus acmhainne de.’;

(b)

leasaítear Cuid B mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre de phointe 3.1.2:

‘Trí bhíthin córas próiseála do shonraí eitilte, éascófar cur chun feidhme forásach na n-ardchoincheap oibríochta ar ar comhaontaíodh agus a bailíochtaíodh le haghaidh na gcéimeanna uile de chuid eitilte, faoi mar a shamhlaítear sa Mháistirphlean BAT.’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2.2:

‘3.2.2.

Tacú le coincheapa nua oibríochta

Trí bhíthin córas próiseála sonraí faireachais, éascófar cur ar fáil forásach foinsí nua faisnéise faireachais ar shlí a fhágann go bhfeabhsófar cáilíocht fhoriomlán na seirbhísí, go háirithe mar a shamhlaítear sa Mháistirphlean BAT.’;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2:

‘4.2.

Tacú le coincheapa nua oibríochta

Trí bhíthin corás cumarsáide, tacófar le cur chun feidhme ardchoincheap oibríochta ar ar comhaontaíodh agus a bailíochtaíodh le haghaidh na gcéimeanna uile de chuid eitilte, go háirithe mar a shamhlaítear sa Mháistirphlean BAT.’;

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 6(2) agus (6) de Rialachán (CE) Uimh. 551/2004, arna leasú leis an Rialachán seo, ón dáta a shonraítear ina rialacha cur chun feidhme faoi seach ach tráth nach déanaí ná an 4 Nollaig 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 21 Deireadh Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  IO C 182, 4.8.2009, lch. 50.

(2)  IO C 120, 28.5.2009, lch. 52.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2009.

(4)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

(5)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 10.

(6)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 20.

(7)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 26.

(8)  IO L 64, 2.3.2007, lch. 1.

(9)  Cinneadh 98/500/CE ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 1998 maidir le Coistí um Agallamh Earnálach a bhunú lena gcuirtear an tAgallamh idir na comhpháirtithe sóisialta ar aghaidh ar leibhéal Eorpach (IO L 225, 12.8.1998, lch. 27).

(10)  IO L 79, 19.3.2008, lch. 1.

(11)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(12)  IO L 95, 9.4.2009, lch. 41.

(13)  IO L 64, 2.3.2007, lch. 1.’;

(14)  IO L 79, 19.3.2008, lch. 1.’.

(15)  IO L 79, 19.3.2008, lch. 1.’;


Top