EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R1103

Rialachán (CE) Uimh. 1103/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 lena n-oiriúnaítear ionstraimí áirithe atá faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú – Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú – Cuid a Trí

OJ L 304, 14.11.2008, p. 80–84 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 01 Volume 005 P. 210 - 214

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1103/oj

14.11.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/80


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1103/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Deireadh Fómhair 2008

lena n-oiriúnaítear ionstraimí áirithe atá faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

Cuid a Trí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe do phointe (c) d’Airteagal 61, do phointe 1(a) den chéad fhomhír d’Airteagal 63, agus d’Airteagal 67 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4) le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle (5), lenar tugadh isteach nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú maidir le bearta a ghlacadh a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus a cheaptar chun eilimintí neamhriachtanacha d‘ionstraim bhunúsach a leasú, ar ionstraim í a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh, inter alia trí chuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha.

(2)

I gcomhréir leis an dearbhú ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (6) maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme maidir le hionstraimí a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh, caithfear na hionstraimí sin a leasú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme.

(3)

Beidh an Ríocht Aontaithe agus Éire, a bhí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm ionstraimí a leasaítear leis an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le Seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, beidh siad rannpháirteach i nglacadh agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le Seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sa Rialachán seo, ciallaíonn “Ballstát” gach Ballstát seachas an Danmhairg.

Airteagal 2

Oiriúnaítear leis seo na hionstraimí a liostaítear san Iarscríbhinn, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn sin, do Chinneadh 1999/468/CE, arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE.

Airteagal 3

Tuigtear gurb é atá sna tagairtí d’fhorálacha na n-ionstraimí a liostaítear san Iarscríbhinn tagairtí do na forálacha sin arna leasú leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobal Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Deireadh Fómhair 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-P. JOUYET


(1)  IO C 224, 30.8.2008, lch. 35.

(2)  IO C 117, 14.5.2008, lch. 1.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2008.

(4)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(5)  IO L 200, 22.7.2006, lch. 11.

(6)  IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

1.   Rialacháin (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála  (1)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 44/2001, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar na foirmeacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin, nó na foirmeacha sin a thabhairt suas chun dáta. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 mar seo a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 74(2):

‘2.   Glacfaidh an Coimisiún nuashonruithe nó coigeartuithe teicniúla ar na foirmeacha, a bhfuil samplaí díobh in Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn VI. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 75(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75:

‘Airteagal 75

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

2.   Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir chúirteanna na mballstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála  (2)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún nuashonruithe nó leasuithe teicniúla a dhéanamh ar na foirmeacha caighdeánacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 mar seo a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(2):

‘2.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh leasuithe teicniúla ar na foirmeacha a leagtar amach san Iarscríbhinn nó a thabharfaidh suas chun dáta iad. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 20(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

‘Airteagal 20

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

3.   Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí leis an mBallstát a chinneadh atá freagrach as iarratas ar dhídean a scrúdú a thaisc náisiúnach tríú tír i gceann de na Ballstáit  (3)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 343/2003, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha agus na nósanna imeachta a ghlacadh maidir le cur chun feidhme an chlásail daoncharadais chomh maith leis na critéir is gá chun aistrithe a chur i gcrích. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 a leasú trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 mar seo a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(5):

‘5.   Glacfaidh an Coimisiún na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, meicníochtaí idir-réitigh chun ceisteanna idir na Ballstáit a shocrú i dtaca leis an ngá na pearsana i dtrácht a thabhairt le chéile, nó i dtaca leis an áit inar ceart é sin a dhéanamh. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 27(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(5):

‘5.   Féadfaidh an Coimisiún rialacha forlíontacha a ghlacadh maidir le haistrithe a chur i gcrích. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 27(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(4):

‘4.   Féadfaidh an Coimisiún rialacha forlíontacha a ghlacadh maidir le haistrithe a chur i gcrích. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 27(3).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27(3):

‘3.   I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.

4.   Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach d’éilimh neamhchonspóidithe  (4)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 805/2004, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na foirmeacha caighdeánacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Cuirtear, dá réir sin, an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31 agus in Airteagal 32 de Rialachán(CE) Uimh. 805/2004:

‘Airteagal 31

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Leasóidh an Coimisiún na foirmeacha caighdeánacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 32(2).

Airteagal 32

An Coiste

1.   Tabharfaidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 75 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.


(1)  IO L 12, 16.1.2001, lch. 1.

(2)  IO L 174, 27.6.2001, lch. 1.

(3)  IO L 50, 25.2.2003, lch. 1.

(4)  IO L 143, 30.4.2004, lch. 15.


Top