EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12016E045
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union#PART THREE - UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS#TITLE IV - FREE MOVEMENT OF PERSONS, SERVICES AND CAPITAL#CHAPTER 1 - WORKERS#Article 45 (ex Article 39 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL IV - SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL
CAIBIDIL 1 - OIBRITHE
Airteagal 45 (sean-Airteagal 39 CCE)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL IV - SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL
CAIBIDIL 1 - OIBRITHE
Airteagal 45 (sean-Airteagal 39 CCE)
OJ C 202, 7.6.2016, p. 65–66
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/65 |
Airteagal 45
(sean-Airteagal 39 CCE)
1. Áiritheofar saoirse ghluaiseachta d'oibrithe laistigh den Aontas.
2. Bhéarfaidh an tsaoirse ghluaiseachta sin go ndíothófar aon idirdhealú de bhíthin a náisiúntacht idir oibrithe na mBallstát maidir le fostaíocht, le luach saothair agus le coinníollacha eile oibre.
3. Gabhfaidh léi, faoi réir teorainneacha a bhfuil call leo ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an tsláinte phoiblí, an ceart:
(a) |
chun glacadh le fostaíocht a tairgeadh iarbhír; |
(b) |
leis an aidhm sin, chun gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát; |
(c) |
chun fanacht i mBallstát le bheith ag gabháil d'fhostaíocht ann de réir na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin a bhaineann le fostaíocht náisiúnaigh an Stáit sin; |
(d) |
chun fuireach i gcríoch Bhallstáit tar éis bheith ar fostú sa Stát sin, faoi réir coinníollacha a chorprófar i rialacháin a ullmhóidh an Coimisiún. |
4. Ní bhainfidh forálacha an Airteagail seo le fostaíocht sa tseirbhís phoiblí.