EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02009R1073-20130701

Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1073/2013-07-01

02009R1073 — GA — 01.07.2013 — 002.006


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 1073/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2009

maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 300 14.11.2009, lch. 88)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

COMMISSION REGULATION (EU) No 611/2012 of 9 July 2012 (*)

  L 178

4

10.7.2012

►M2

COUNCIL REGULATION (EU) No 517/2013 of 13 May 2013 (*)

  L 158

1

10.6.2013


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 272, 16.10.2015, lch.  15 (1073/2009)



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 1073/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2009

maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste nó de bhus laistigh de chríoch an Chomhphobail ag iompróirí ar fruiliú nó ar airgead nó ag iompróirí atá ag obair ar a son féin atá bunaithe i mBallstát de réir dlí an Bhallstáit sin, ag baint úsáide as feithiclí atá cláraithe sa Bhallstát sin agus atá oiriúnach de bhua a dtógála agus a dtrealamh chun níos mó ná naonúr a iompar, an tiománaí san áireamh, agus atá ceaptha le haghaidh sin agus maidir le gluaiseacht feithiclí dá leithéid agus iad folamh i dtaca le hiompar dá leithéid.

Ní dhéanfaidh athrú feithicle ná briseadh iompair chun cuid den turas a dhéanamh trí mheán eile iompair difear d'fheidhmiú an Rialacháin seo.

2.  I gcás iompair ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa beidh feidhm ag an Rialachán seo i dtaca leis an gcuid sin den turas ar chríoch aon Bhallstáit a thrasnaítear in idirthuras. Ní bheidh feidhm aige i leith na coda sin den turas laistigh de chríoch an Bhallstáit ina mbailítear nó ina scaoiltear amach paisinéirí fad nach bhfuil an comhaontú is gá idir an Comhphobal agus an tríú tír lena mbaineann tugtha i gcrích.

3.  Go dtí go dtabharfar i gcrích na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d'fhorálacha a bhaineann leis an iompar ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa atá i gcomhaontuithe déthaobhacha idir Bhallstáit agus na tríú tíortha sin.

4.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo i leith seirbhísí náisiúnta iompair phaisinéirí de bhóthar ar fruiliú nó ar airgead arna n-oibriú ag iompróir neamhchónaitheach ar bhonn sealadach dá bhforáiltear i gCaibidil V.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

1. 

ciallaíonn ‘iompar idirnáisiúnta’:

(a) 

má tá an áit tosaigh agus an áit is ceann scríbe suite in dhá Bhallstát faoi leith, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát amháin nó trí níos mó ná Ballstát amháin nó trí thríú tíortha;

(b) 

turas arna ndéanamh ag feithicil a bhfuil a phointe tosaigh agus a cheann scríbe sa Bhallstát céanna agus ina mbailítear nó ina scaoiltear amach paisinéirí i mBallstát eile nó i dtríú tír;

(c) 

turas a dhéanann feithicil ó Bhallstát chuig tríú tír nó vice versa, bíodh nó ná bíodh idirthuras i gceist trí Bhallstát amháin nó trí níos mó ná Ballstát amháin nó trí thríú tír amháin nó trí níos mó ná tríú tír amháin; nó

(d) 

turas arna ndéanmah ag feithicil idir tríú tíortha, maille le hidirthuras trí chríoch aon Bhallstáit amháin nó níos mó ná sin;

2. 

ciallaíonn ‘seirbhísí tráthrialta’ seirbhísí a dhéanann foráil d'iompar paisinéirí ag eatraimh a shonraítear feadh bealaí a shonraítear, lena mbailítear na paisinéirí agus lena scaoiltear amach iad ag pointí stad réamhshocraithe;

3. 

ciallaíonn ‘seirbhísí tráthrialta speisialta’ seirbhísí tráthrialta, is cuma cé eagraíonn iad, lena ndéantar foráil do chatagóirí sonraithe paisinéirí a iompar, agus paisinéirí nach iad á n-eisiamh;

4. 

ciallaíonn ‘seirbhísí ócáideacha’ seirbhísí nach dtagann faoin sainmhíniú ar sheirbhísí tráthrialta, lena n-áirítear seirbhísí tráthrialta speisialta agus arb é a bpríomhthréith go n-iompraíonn siad grúpaí paisinéirí a bhailítear ar thionscnamh an chustaiméara nó an iompróra féin;

5. 

ciallaíonn ‘oibríochtaí iompair féinchuntais’ oibríochtaí a dhéanann duine nádúrtha nó duine dlítheanach chun críocha neamhthráchtála agus neamhbhrabúis:

— 
i gcás nach bhfuil sa ghníomhaíocht iompair ach gníomhaíocht choimhdeach don duine nádúrtha nó don duine dlítheanach sin, agus
— 
i gcás inar maoin an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh sin na feithiclí a mbaintear úsáid astu faoi nó ina bhfuil siad faighte ag an duine sin ar théarmaí iarchurtha nó ina bhfuil conradh fadtéarmach léasaithe ann do na feithiclí agus go bhfuil siad á dtiomáint ag duine d'fhoireann an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh nó ag an duine nádúrtha é féin nó ag comhaltaí foirne a fhostaíonn an gnóthas nó a gcuirtear ar láimh don ghnóthas faoi oibleagáid chonarthach;
6. 

ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ Ballstát ina bhfuil iompróir ag oibriú, seachas an Ballstát ina bhfuil an t-iompróir bunaithe;

7. 

ciallaíonn ‘oibríochtaí iompair cabatáiste’

— 
seirbhísí náisiúnta iompair phaisinéirí de bhóthar ar fruiliú agus ar airgead a sholáthraíonn iompróir ar bhonn sealadach i mBallstát óstach, nó
— 
paisinéirí a bhailiú agus a scaoileadh amach laistigh den Bhallstát céanna le linn seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo, ar choinníoll nach é príomhchuspóir na seirbhíse sin é.
8. 

ciallaíonn ‘sárú tromchúiseach ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar’ sárú a bhféadfadh caillteanas dea-cháile a bheith mar thoradh orthu i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, agus/nó ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar go sealadach nó go buan.

Airteagal 3

Saoirse chun seirbhísí a sholáthar

1.  Ceadófar d'aon iompróir ar fruiliú nó ar airgead dá dtagraítear in Airteagal 1 seirbhísí tráthrialta a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear seirbhísí tráthrialta speisialta agus seirbhísí ócáideacha de chóiste nó de bhus, gan idirdhealú ar fhoras náisiúntachta nó áite bunaíochta:

(a) 

má údaraítear sa Bhallstát bunaíochta é iompar a dhéanamh trí mheán seirbhísí tráthrialta, lena n-áirítear seirbhísí tráthrialta speisialta, nó seirbhísí ócáideacha de chóiste agus de bhus, i gcomhréir leis na coinníollacha maidir le rochtain ar an margadh a leagtar síos leis an reachtaíocht náisiúnta;

(b) 

má chomhlíonann sé na coinníollacha arna leagan síos i gcomhréir le rialacha an Chomhphobail maidir le ligean isteach do ghairm an oibreora iompair paisinéirí de bhóthar in oibríochtaí iompair náisiúnta agus idirnáisiúnta; agus

(c) 

má chomhlíonann sé na ceanglais dhlíthúla maidir le caighdeáin do thiománaithe agus d'fheithiclí faoi mar atá leagtha síos, go háirithe, i dTreoir 92/6/CEE ón gComhairle an 10 Feabhra 1992 maidir le feistí teorannaithe luais le haghaidh aicmí áirithe mótarfheithiclí sa Chomhphobal a shuiteáil agus a úsáid ( 1 ), i dTreoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe a bhíonn ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal ( 2 ) agus i dTreoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le buncháilíocht agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair d'iompar earraí agus paisinéirí ( 3 ).

2.  Ceadófar d'aon iompróir féinchuntais dá dtagraítear in Airteagal 1 na seirbhísí iompair de bhonn Airteagal 5(5) a chur i gcrích gan idirdhealú ar fhoras náisiúntachta nó áite bunaíochta:

(a) 

má údaraítear sa Bhallstát bunaíochta é iompar a dhéanamh de chóiste agus de bhus i gcomhréir leis na coinníollacha maidir le rochtain ar an margadh a leagtar síos leis an reachtaíocht náisiúnta; agus

(b) 

má chomhlíonann sé na ceanglais dhlíthiúla maidir le tiománaithe agus feithiclí a leagtar síos, go háirithe, i dTreoir 92/6/CEE, i dTreoir 96/53/CE agus i dTreoir 2003/59/CE.



CAIBIDIL II

CEADÚNAS COMHPHOBAIL AGUS ROCHTAIN AR AN MARGADH

Airteagal 4

Ceadúnas Comhphobail

1.  Cuirfear iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus i gcrích faoi réir ceadúnais Comhphobail a eiseoidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát bunaíochta a shealbhú.

2.  Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta bunchóip an cheadúnais Comhphobail a eisiúint don iarratasóir, ar bunchóip í a choinneoidh an t-iompróir, agus an líon cóipeanna dílse deimhnithe de a fhreagróidh líon na bhfeithiclí a mbainfear úsáid astu le haghaidh iompair idirnáisiúnta phaisinéirí agus a bheidh ar láimh do shealbhóir an cheadúnais Comhphobail, bíodh siad faoi úinéireacht iomlán, nó i bhfoirm eile, go háirithe de bhua conartha glasíocaí, conartha fruilithe nó conartha léasaithe.

Comhfhreagróidh an ceadúnas Comhphobail agus na cóipeanna dílse deimhnithe don mhúnla a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh ar a laghad dhá cheann de na gnéithe slándála a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu.

Oiriúnóidh an Coimisiún Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II don dul chun cinn teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Beidh séala an údaráis eisiúna ar an gceadúnas Comhphobail agus ar na cóipeanna dílse deimhnithe de mar aon le síniú agus sraithuimhir. Déanfar sraithuimhreacha an cheadúnais Comhphobail agus na gcóipeanna dílse deimhnithe a thaifeadadh i gclár leictreonach náisiúnta de ghnóthais iompair de bhóthair dá bhforáiltear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 mar chuid de thacar sonraí a bhaineann leis an iompróir.

3.  Eiseofar an ceadúnas Comhphobail in ainm an iompróra agus beidh sé neamh-inaistrithe. Beidh cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail coimeádta i ngach ceann d'fheithiclí an iompróra agus tabharfar ar aird í ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta údaraithe.

4.  Eiseofar an ceadúnas Comhphobail ar feadh tréimhsí inathnuaite suas go deich mbliana ar a mhéid.

Maidir le ceadúnais Chomhphobail agus cóipeanna dílse deimhnithe díobh a eisítear roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh siad bailí go dtí an dáta a rachaidh siad in éag.

5.  Cibé uair a thaiscfear iarratas ar cheadúnas Comhphobail nó cibé uair a dhéanfar ceadúnas Comhphobail a athnuachan i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, fíoróidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta an gcomhlíonann an t-iompróir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1) nó an bhfuil siad i gcónaí á gcomhlíonadh aige.

6.  Nuair nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1), diúltóidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta ceadúnas Chomhphobail a eisiúint nó a athnuachan nó déanfaidh siad é a tharraingt siar trí chinneadh réasúnaithe.

7.  Ráthóidh Ballstáit ceart iarratasóir nó shealbhóir an cheadúnais Comhphobail achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh na n-udarás inniúla i mBallstát na bunaíochta an ceadúnas sin a dhiúltú nó a tharraingt siar.

8.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin go mbeidh an ceadúnas Comhphobail bailí le haghaidh oibríochtaí iompair náisiúnta freisin.

Airteagal 5

Rochtain ar an margadh

1.  Beidh seirbhísí tráthrialta oscailte do chách ach faoi réir forchoimeádta, i gcás inarb iomchuí.

Beidh na seirbhísí sin faoi réir údarú i gcomhréir le forálacha Chaibidil III.

Beidh seirbhísí tráthrialta ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa faoi réir údarú i gcomhréir leis an gcomhaontú déthaobhach idir an Ballstát agus an tríú tír agus, i gcás inarb iomchuí, an Ballstát a ndéantar idirthuras tríd, fad nach mbeidh an comhaontú is gá tugtha i gcrích idir an Comhphobal agus an tríú tír lena mbaineann.

Coigeartú ar bith a dhéantar ar choinníollacha oibriúcháin na seirbhíse, ní dhéanfaidh sé aon difear do nádúr tráthrialta na seirbhíse.

Eagrúchán seirbhísí comhthreomhara nó sealadacha a dhéanfaidh freastal ar an bpobal céanna agus a dhéanann na seirbhísí tráthrialta atá ann, an neamhfhreastal ar stadanna áirithe agus an freastal ar stadanna breise i dtaca le seirbhísí tráthrialta atá ann, rialófar iad leis na rialacha céanna leis na rialacha is infheidhme maidir leis na seirbhísí tráthrialta atá ann.

▼C1

2.  Folóidh seirbhísí tráthrialta speisialta na nithe seo a leanas go háirithe:

(a) 

iompar oibrithe idir baile agus ionad oibre;

(b) 

iompar do dhaltaí scoile agus do mhic léinn go dtí an institiúid oideachais agus uaithi.

Ní dhéanfaidh sé aon difear dá rangú mar sheirbhís thráthrialta go bhféadfaidh seirbhís speisialta bheith athraithe de réir riachtanais na n-úsáideoirí.

Ní bheidh seirbhísí tráthrialta speisialta faoi réir údarú i gcomhréir le Caibidil III nuair atá siad cumhdaithe le conradh a thabharfar i gcrích idir an t-eagraí agus an t-iompróir.

▼B

3.  Ní bheidh údarú i gcomhréir le Caibidil III riachtanach i gcás seirbhísí ócáideacha.

Beidh eagrúchán seirbhísí comhfhreagracha nó sealadacha atá inchurtha le seirbhísí tráthrialta atá ann agus a dhéanann freastal ar an bpobal céanna faoi réir údaraithe i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos i gCaibidil III.

Ní scoirfidh seirbhísí ócáideacha de bheith ina seirbhísí ócáideacha ar na forais sin amháin gur ag eatraimh áirithe a chuirtear ar fáil iad.

Féadfaidh grúpa iompróirí atá ag gníomhú ar son an chonraitheora chéanna seirbhísí ócáideacha a sholáthar, agus féadfaidh taistealaithe naisc a dhéanamh, agus iad ar an mbealach, le hiompróir difriúil den ghrúpa céanna, ar chríoch Ballstáit.

Bunóidh an Coimisiún na nósanna imeachta chun ainmneacha na n-iompróirí sin mar aon leis na nascphointí ar an mbealach, a bheidh le cur in iúl do na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

4.  Ní bheidh údarú riachtanach ach oiread le haghaidh turas gan lasta ag feithiclí i dtaca leis na hoibríochtaí iompair dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2, agus sa chéad fhomhír de mhír 3.

5.  Beidh oibríochtaí iompair féinchuntais díolmhaithe ó údarú ach beidh siad faoi réir córas deimhnithe.

Is iad na húdaráis inniúla den Bhallstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe a eiseoidh na deimhnithe agus beidh siad bailí ar feadh an turais iomláin lena n-áirítear an idirthuras.

Bunóidh an Coimisiún an fhormáid a bheidh ar na deimhnithe. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2).



CAIBIDIL III

SEIRBHÍSÍ TRÁTHRIALTA ATÁ FAOI RÉIR ÚDARAITHE

Airteagal 6

Cineál an údaraithe

1.  Is in ainm an iompróra a eiseofar na húdaruithe agus beidh siad neamhinaistrithe. Féadfaidh iompróir a bhfuil údarú faighte aige, áfach, le toiliú údarás inniúil an Bhallstát ina bhfuil an pointe imeachta, dá ngairfear an ‘t-údarás um údarú’ anseo feasta, an tseirbhís a oibriú trí fhochonraitheoir. Sa chás sin déanfar ainm an fhochonraitheora sin agus a ról a chur in iúl ar an údarú. Comhlíonfaidh an fochonraitheoir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1). Chun críocha na míre seo, ciallaíonn imeacht ‘ceann de chinn scríbe na seirbhíse’.

I gcás gnóthas a dhéanfar a chomhlachú chun críche seirbhís tráthrialta a oibriú, eiseofar an t-údarú in ainmneacha na ngnóthas uile agus luafar leis ainmneacha uile na n-oibreoirí. Tabharfar é don ghnóthas a bhainisteoidh an oibríocht agus tabharfar cóipeanna do na gnóthais eile.

2.  Ní rachaidh tréimhse bhailíochta an údaraithe thar chúig bliana. Féadfar é a shocrú ag téarma níos giorra ar iarratas ón iarratasóir nó le toiliú frithpháirteach na n-údarás inniúla a mbailítear agus a scaoiltear amach paisinéirí ar a gcríocha.

3.  Sonrófar an méid a leanas sna húdaruithe:

(a) 

an cineál seirbhíse;

(b) 

bealach na seirbhíse, ag tabhairt le fios go háirithe an pointe imeachta agus an pointe is ceann scríbe;

(c) 

tréimhse bhailíochta an údaraithe;

(d) 

na stadanna agus an t-amchlár.

4.  Bunóidh an Coimisiún an fhormáid a bheidh ar na deimhnithe. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

5.  Tabharfaidh údaruithe teideal dá sealbhóir nó dá sealbhóirí seirbhísí tráthrialta a oibriú i gcríocha uile na mBallstát a rachaidh bealaí na seirbhíse tríothu.

6.  Féadfaidh oibreoir seirbhíse tráthrialta feithiclí breise a úsáid chun déileáil le himthosca sealadacha agus eisceachtúla. Ní fhéadfar ach na feithiclí breise den sórt sin a úsáid faoi na coinníollacha céanna arna leagan amach san údarú dá dtagraítear i mír 3.

Sa chás sin, áiritheoidh an t-iompróir go bhfuil na doiciméid a leanas ar iompar san fheithicil:

(a) 

cóip d'údarú na seirbhíse tráthrialta;

(b) 

cóip den chonradh idir oibreoir na seirbhíse tráthrialta agus an gnóthas atá ag cur na feithiclí breise ar fáil nó doiciméad ar chomhbhrí leis;

(c) 

cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail a eisíodh don oibreoir a chuireann na feithiclí breise ar fáil don tseirbhís.

Airteagal 7

Iarratas ar údarú a chur isteach

1.  Cuirfear iarratais ar údarú maidir le seirbhísí tráthrialta faoi bhráid an údaráis um údarú.

2.  Bunóidh an Coimisiún an fhormáid a bheidh ar na hiarratais. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

3.  Daoine a chuireann iarratas isteach ar údarú, cuirfidh siad ar fáil aon fhaisnéis bhreise a mheasfaidh siad a bheith ábhartha nó atá iarrtha ag an údarás um údarú, go háirithe sceideal tiomána trína bhféadfaí faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh reachtaíocht an Chomhphobail maidir le tiomáint agus le tréimhsí sosa agus cóip den cheadúnas Comhphobail.

Airteagal 8

An nós imeachta um údarú

1.  Eiseofar údaruithe le comhaontú na n-údarás sna Ballstáit uile a mbailítear agus a scaoiltear amach paisinéirí ina gcríocha. Cuirfidh an t-údarás um údarú ar aghaidh chuig na húdaráis sin, agus chuig údaráis inniúla na mBallstát a dtrasnaítear a gcríocha gan paisinéirí a bhailiú nó a scaoileadh amach, cóip den iarratas maille le cóipeanna d'aon doiciméadú ábhartha eile agus an measúnú arna ndéanamh uirthi.

2.  Cuirfidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit ar iarradh orthu teacht ar chomhaontú a gcinneadh maidir leis an iarratas in iúl don údarás um údarú laistigh de dhá mhí. Ríomhfar an teorainn ama sin ó dháta fhála an iarratais ar chomhaontú, dáta atá ar taispeáint san admháil go bhfuarthas an t-iarratas. Más cinneadh diúltach an cinneadh a gheofar ó údaráis inniúla na mBallstát ar iarradh a gcomhaontú orthu, beidh ráiteas cuí ar na cúiseanna ann. Mura mbeidh freagra faighte ag an údarás um údarú laistigh de dhá mhí, measfar comhaontú a bheith faighte ó na húdaráis a ndeachthas i gcomhairle leo agus féadfaidh an t-údarás um údarú an t-údarú a dheonú.

Féadfaidh údaráis na mBallstát a dtrasnaítear a gcríocha gan paisinéirí a thógáil ná a scaoileadh amach iontu an t-údarás um údarú a chur ar an eolas maidir lena mbarúlacha taobh istigh den teorainn ama a leagtar síos sa chéad fhomhír.

3.  Déanfaidh an t-údarás um údarú cinneadh maidir leis an iarratas laistigh de cheithre mhí ó dháta thaiscthe an iarratais ag an iompróir.

4.  Deonófar údarú:

(a) 

mura bhfuil an t-iarratasóir in ann an tseirbhís is ábhar don iarratais a chur ar fáil le trealamh atá díreach ar fáil dó;

(b) 

mura chomhlíon an t-iarratasóir reachtaíocht náisiúnta nó idirnáisiúnta maidir le hiompar de bhóthar, agus go háirithe na coinníollacha agus na ceanglais a bhaineann le húdaruithe le haghaidh seirbhísí idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar, nó má tá sáruithe tromchúiseacha déanta ag an iarratasóir ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar, go háirithe i dtaca leis na rialacha atá infheidhme ar fheithiclí agus ar thréimhsí tiomána agus ar thréimhsí sosa tiománaithe;

(c) 

mura bhfuil, i gcás iarratais ar athnuachan, coinníollacha an údaraithe comhlíonta aige;

(d) 

mura gcinnfidh Ballstát ar bhonn mionanailíse go ndéanfadh an tseirbhís lena mbaineann difear tromchúiseach d'inmharthanacht seirbhíse inchomparáide a chumhdaítear le conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó ná sin lena gcomhlíontar an reachtaíocht an Chomhphobail maidir leis na stiallacha díreacha de bhóthar lena mbaineann. Sa chás sin, déanfaidh an Ballstát critéir a chur ar bun, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, lena chinneadh cé acu a dhéanfadh an tseirbhís ar cuireadh iarratas isteach ina leith difear don tseirbhís inchomparáide thuasluaite agus ar iarratas ón gCoimisiún cuirfidh an Ballstát na critéir sin in iúl dó;

(e) 

mura gcinnfidh Ballstát ar bhonn mionanailíse nach é príomhchuspóir na seirbhíse paisinéirí a iompar idir stadanna atá suite i mBallstáit éagsúla.

Má tá seirbhís idirnáisiúnta bhus agus chóiste ag déanamh difear tromchúiseach d'inmharthanacht seirbhíse inchomparáide a chumhdaítear le conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó ná sin lena gcomhlíontar reachtaíocht an Chomhphobail atá i bhfeidhm maidir leis na ranna díreacha lena mbaineann, de bharr cúiseanna eisceachtúla nach bhféadfaí coinne a bheith leo nuair a deonaíodh an t-údarú, féadfaidh Ballstát, le comhaontú ón gCoimisiún, an t-údarú chun seirbhís idirnáisiúnta bhus agus chóiste a reáchtáil a fhionraí nó a tharraingt siar i ndiaidh fógra sé mhí a thabhairt don iompróir.

Má tá na praghsanna a bheidh á dtairiscint ag iompróir níos ísle ná iad siúd a mbeidh á dtairiscint ag iompróirí eile de bhóthar nó má tá an nasc atá i gceist á oibriú cheana ag iompróirí eile de bhóthar, ní údar an méid sin ann féin leis an iarratas a dhiúltú.

5.  Ní fhéadfaidh an t-údarás um údarú agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit uile atá bainteach leis an nós imeachta chun teacht ar chomhaontú dá bhforáiltear i mír 1 iarratais a dhiúltú ach amháin ar bhonn na gcúiseanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

6.  Tar éis an nós imeachta a leagtar síos i mír 1 go mír 5 a chríochnú, deonóidh an t-údarás um údarú an t-údarú nó diúltóidh sé go foirmiúil an t-údarú a dheonú.

Luafar i gcinntí lena ndiúltaítear d'iarratas na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis do ghnóthais iompair uiríll a dhéanamh i gcás go ndiúltófar dá n-iarratas.

Cuirfidh an t-údarás um údarú an cinneadh in iúl do na húdaráis go léir dá dtagraítear i mír 1, trí chóip d'aon údarú a sheoladh chucu.

7.  Mura gcuirfidh an nós imeachta chun teacht ar an gcomhaontú dá dtagraítear i mír 1 ar chumas an údaráis um údarú cinneadh faoi iarratas a dhéanamh, féadfar an cás a chur faoi bhráid an Choimisiúin taobh istigh de theorainn ama dhá mhí a ríomhfar ón dáta a ndéanfaidh Ballstát amháin nó níos mó ná Ballstáit amháin a rachfar i gcomhairle leis nó leo de bhun mhír 1 cinneadh diúltach a chur in iúl.

8.  Tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún cinneadh taobh istigh de cheithre mhí ón bhfógra a fháil ón údarás um údarú, ar cinneadh é a thiocfaidh i bhfeidhm tríocha lá tar éis fógra a thabhairt do na Ballstáit lena mbaineann.

9.  Leanfaidh cinneadh an Choimisiúin d'fheidhm a bheith aige go dtí go dtiocfaidh na Ballstáit lena mbaineann ar chomhaontú.

Airteagal 9

Údarú a athnuachan agus a athrú

Beidh feidhm ag Airteagal 8, mutatis mutandis, i leith iarratas ar athnuachan nó ar athrú ar na coinníollacha faoina gcaithfear na seirbhísí atá faoi réir údaraithe a chur i gcrích.

I gcás ina ndéanfar athrú beag ar na coinníollacha oibriúcháin, go háirithe coigeartú ar na hachair idir stadanna, ar tháillí agus ar amchláir, ní bheidh sé de cheangal ar an údarás um údarú ach faisnéis maidir leis an athrú a thabhairt do na Ballstáit eile lena mbaineann.

Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chomhaontú gurb é an t-údarás um údarú amháin a chinnfidh athruithe ar na coinníollacha faoina mbeidh seirbhís á hoibriú.

Airteagal 10

Dul i léig d'údarú

1.  Gan dochar d'fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le h seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar ( 4 ), titfidh údarú le haghaidh seirbhíse tráthrialta ar lár ag deireadh na tréimhse bailíochta nó trí mhí i ndiaidh don údarás um údarú fógra a fháil ón sealbhóir go bhfuil sé de rún aige an tseirbhís a tharraingt siar. Beidh na cúiseanna luaite go hiomchuí i bhfógra den sórt sin.

2.  Nuair nach bhfuil éileamh níos mó ar sheirbhís, beidh tréimhse d'aon mhí amháin i gceist leis an bhfógra dá bhforáiltear i mír 1.

3.  Cuirfidh an t-údarás um údarú in iúl do na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile lena mbaineann go bhfuil an t-údarú imithe as feidhm.

4.  Tabharfaidh sealbhóir an údaraithe fógra d'úsáideoirí na seirbhíse lena mbaineann faoina tarraingt siar mí roimh ré trí mheán poiblíochta iomchuí.

Airteagal 11

Oibleagáidí iompróirí

1.  Ach amháin i gcás force majeure, glacfaidh oibreoir seirbhíse tráthrialta, go dtí go dtéann an t-údarú in éag, na bearta uile is gá lena ráthú go mbeidh seirbhís iompair ann a chomhlíonfaidh na caighdeáin a bhaineann le leanúnachas, le tráthrialtacht agus le hacmhainn agus a chomhlíonann na coinníollacha eile arna leagan síos ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 6(3).

2.  Cuirfidh an t-iompróir ar taispeáint bealach na seirbhíse, na stadanna bus, an tráthchlár, na táillí agus na coinníollacha iompair ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil go réidh do na húsáideoirí uile.

3.  Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, beidh na Ballstáit lena mbaineann in ann, trí chomhaontú comhchoiteann agus i gcomhaontú le sealbhóir an údaraithe, athruithe a dhéanamh ar na coinníollacha oibriúcháin lena rialófar seirbhís thráthrialta.



CAIBIDIL IV

SEIRBHÍSÍ ÓCÁIDEACHA AGUS SEIRBHÍSÍ EILE ATÁ DÍOLMHAITHE Ó ÚDARÚ

Airteagal 12

Doiciméid rialaithe

1.  Cuirfear seirbhísí ócáideacha i gcrích faoi chlúdach foirm thurais, cé is moite de na seirbhísí dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 5(3).

2.  Comhlánfaidh iompróir a oibríonn seirbhísí ócáideacha foirm thurais roimh gach turas.

3.  San fhoirm thurais beidh ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

an cineál seirbhíse;

(b) 

an príomhchúrsa taistil;

(c) 

an t-iompróir nó na hiompróirí atá bainteach leis.

4.  Is iad údaráis inniúla an Bhallstáit ina mbeidh an t-iompróir bunaithe nó comhlachtaí arna gceapadh ag na húdaráis sin a chuirfidh leabhair na bhfoirmeacha turais ar fáil.

5.  Bunóidh an Coimisiún formáid fhoirm na dturas agus leabhar na bhfoirmeacha turais agus an dóigh a n-úsáidfear iad. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

6.  I gcás na seirbhísí tráthrialta speisialta dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 5(2), is é an conradh nó cóip dhílis dheimhnithe de a bheidh mar dhoiciméid rialaithe.

Airteagal 13

Aistir áitiúla

Faoi chuimse seirbhíse ócáidí idirnáisiúnta, féadfaidh iompróir seirbhísí ócáideacha (aistir áitiúla) a chur i gcrích i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe.

Beidh na seirbhísí sin ceaptha do phaisinéirí neamhchónaitheacha a d'iompair an t-iompróir céanna roimhe sin an ar cheann de na seirbhísí idirnáisiúnta a luaitear sa chéad mhír agus cuirfear iad i gcrích leis an bhfeithicil chéanna nó le feithicil eile de chuid an iompróra nó de chuid an ghrúpa chéanna iompróirí.



CAIBIDIL V

CABATÁISTE

Airteagal 14

Prionsabal ginearálta

Aon iompróir a oibreoidh seirbhísí iompair do phaisinéirí de bhóthar ar fruiliú nó ar airgead, agus a mbeidh ceadúnas Comhphobail aige, ceadófar dó, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo agus gan aon idirdhealú ar fhorais náisiúntacht nó áit bhunaíochta an iompróra, na hoibríochtaí cabatáiste a shonraítear in Airteagal 15 a oibriú.

Airteagal 15

Oibríochtaí údaraithe cabatáiste

Beidh oibríochtaí cabatáiste údaraithe le haghaidh na seirbhísí a leanas:

(a) 

seirbhísí tráthrialta speisialta ar choinníoll go bhfuil siad cumhdaithe ag conradh arna dhéanamh idir an t-eagraí agus an t-iompróir;

(b) 

seirbhísí ócáideacha;

(c) 

seirbhísí tráthrialta a dhéanfaidh iompróir nach bhfuil cónaí air sa Bhallstát óstach i gcúrsa seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta de réir an Rialacháin seo cé is moite de sheirbhísí iompair a fhreastalóidh ar riachtanais lárionaid uirbigh nó comhchathrach nó riachtanais iompair idir an lárionad sin agus na limistéir máguaird. Ní dhéanfar oibríochtaí cabatáiste go neamhspleách ar an tseirbhís idirnáisiúnta sin.

Airteagal 16

Rialacha a bheidh infheidhme i leith oibríochtaí cabatáiste

1.  Mura bhforáiltear a mhalairt i reachtaíocht an Chomhphobail, beidh feidhmiú na n-oibríochtaí cabatáiste faoi réir na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bheidh i bhfeidhm sa Bhallstát óstach maidir leo seo a leanas:

(a) 

coinníollacha lena rialófar an conradh iompair;

(b) 

meáchain agus toisí feithiclí bóthair;

(c) 

ceanglais a bhaineann le hiompar catagóirí áirithe paisinéirí, eadhon daltaí scoile, páistí agus daoine atá faoi míchumas luaineachta;

(d) 

am tiomána agus tréimhsí sosa;

(e) 

cáin bhreisluacha (CBL) ar sheirbhísí iompair.

Féadfaidh na hualaí agus na toisí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, a bheith níos mó ná na cinn a bheidh infheidhme i mBallstát bunaíochta an iompróra, ach ní fhéadfaidh siad in imthosca ar bith dul thar na teorainneacha a shocróidh an Ballstát óstach maidir le trácht náisiúnta ná na gnéithe teicniúla a luaitear sna cruthúnais dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir 96/53/CE.

2.  Mura bhforáiltear a mhalairt i reachtaíocht an Chomhphobail, beidh oibríochtaí cabatáiste ar cuid iad de na seirbhísí iompair dá dtagraítear in Airteagal 15(c) faoi réir na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bheidh i bhfeidhm sa Bhallstát óstach maidir le húdaruithe, le nósanna imeachta tairisceana, leis na bealaí le bheidh le hoibriú agus le tráthrialtacht, leanúnachas agus minicíocht na seirbhísí chomh maith leis na bealaí taistil.

3.  Caithfidh feithiclí a mbaintear úsáid astu le haghaidh oibríochtaí cabatáiste teacht leis na caighdeáin theicniúla tógála agus trealaimh a leagtar síos le haghaidh feithiclí a chuirtear i gcúrsaíocht i réimse an iompair idirnáisiúnta.

4.  Cuirfear na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 i bhfeidhm maidir le hiompróirí neamhchónaitheacha faoi na coinníollacha céanna a chuirfear i bhfeidhm maidir le hiompróirí a bhunaítear sa Bhallstát óstach sin, chun cosc a chur ar aon idirdhealú ar fhorais náisiúntachta nó áite bunaíochta.

Airteagal 17

Doiciméid rialaithe le haghaidh oibríochtaí iompair cabatáiste

1.  Cuirfear oibríochtaí cabatáiste i bhfoirm seirbhísí ócáideacha i gcrích faoi chlúdach foirme turais dá dtagraítear in Airteagal 12 agus a choinneáilfear san fheithicil agus a chuirfear ar fáil ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta údaraithe.

2.  Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar an bhfoirm thurais:

(a) 

na háiteanna imeachta agus na cinn scríbe don tseirbhís;

(b) 

dáta tosaigh na seirbhíse agus an dáta a chuirtear deireadh leis an tseirbhís.

3.  Cuirfear na foirmeacha turais ar fáil i leabhair dá dtagraítear in Airteagal 12 agus arna ndeimhniú ag an údarás inniúil nó an ag an gcomhlacht inniúil sa Bhallstát bunaíochta.

4.  I gcás seirbhísí tráthrialta speisialta, feidhmeoidh an conradh a thabharfar i gcrích idir an t-iompróir agus an t-eagraí iompair, nó cóip dhílis dheimhnithe den chonradh sin, mar an doiciméad rialaithe.

Is i bhfoirm ráitis mhíosúil, áfach, a chomhlánófar foirm thurais chomhlánaithe.

5.  Cuirfear na foirmeacha turais ar ais go dtí an údarás inniúil nó an comhlacht inniúil sa Bhallstát bunaíochta i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bheidh le leagan síos ag an údarás nó ag an gcomhlacht sin.



CAIBIDIL VI

RIALUITHE AGUS PIONÓIS

Airteagal 18

Ticéid iompair

1.  Déanfaidh iompróirí a oibríonn seirbhís thráthrialta, seachas seirbhísí tráthrialta speisialta, ticéid iompair aonair nó thiomsaitheacha a eisiúint; cuirfear in iúl ar na ticéid:

(a) 

na háiteanna imeachta agus na cinn scríbe agus, i gcás inarb iomchuí, an turas fillte;

(b) 

tréimhse bhailíochta an ticéid;

(c) 

táille an iompair.

2.  Tabharfar ar aird an ticéad iompair dá bhforáiltear i mír 1 ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta údaraithe.

Airteagal 19

Imscrúduithe ar an mbóthar agus i ngnóthais

1.  Beidh an t-údarú nó an doiciméad rialaithe ar iompar san fheithicil agus tabharfar ar aird é ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta údaraithe.

2.  Ceadóidh iompróirí a oibreoidh sa réimse iompair idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus na himscrúduithe uile a cheapfar lena áirithiú go mbeidh na hoibríochtaí á stiúradh mar is ceart, go háirithe ó thaobh tréimhsí tiomána agus sosa. I gcomhthéacs chur chun feidhme an Rialacháin seo tabharfaidh de chumhacht d'oifigigh údaraithe chigireachta:

(a) 

na leabhair agus an doiciméadú eile a bhaineann le hoibriúchán an ghnóthais iompair a sheiceáil;

(b) 

cóipeanna a dhéanamh agus sleachta a bhaint as na leabhair agus as an doiciméadú ar an áitribh;

(c) 

teacht a bheith acu ar áitribh, ar shuímh agus ar fheithiclí uile an ghnóthais iompair;

(d) 

a éileamh go dtabharfaí ar aird aon fhaisnéis i leabhair, i ndoiciméadú nó i mbunachair shonraí.

Airteagal 20

Cúnamh frithpháirteach

Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus faireachán air a áirithiú. Malartóidh siad faisnéis trí na pointí teagmhála náisiúnta a bhunaítear de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh 1071/2009.

Airteagal 21

Tarraingt siar ceadúnas agus údaruithe Comhphobail

1.  Is iad na húdaráis inniúla sa Bhallstát ina bhfuil an t-iompróir bunaithe a tharraingeoidh siar an ceadúnas Comhphobail:

(a) 

mura mbeidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1) á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an sealbhóir; nó

(b) 

má tá faisnéis mhíchruinn curtha ar fáil ag an sealbhóir maidir leis na sonraí a éilíodh le linn eisiúint an cheadúnais Comhphobail.

2.  Is é an t-údarás um údarú a tharraingeoidh siar an t-údarú nuair nach mbeidh na coinníollacha ar a mbonn a eisíodh an ceadúnas faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an sealbhóir, go háirithe má iarrann an Ballstát ina bhfuil an t-iompróir bunaithe amhlaidh. Déanfaidh an t-údarás sin údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann a chur ar an eolas láithreach.

Airteagal 22

Smachtbhannaí a fhorchur ag an mBallstát bunaíochta i leith sáruithe

1.  I gcás ina ndéantar nó ina bhfionntar sárú tromchúiseach in aon Bhallstát ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar, go háirithe i dtaca leis na rialacha atá infheidhme i leith feithiclí, i leith tréimhsí tiomána agus sosa tiománaithe agus i leith soláthair sheirbhísí comhthreomhara nó sealadacha gan údarú, dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d'Airteagal 5(1), déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát bunaíochta an iompróra a rinne an sárú an ghníomhaíocht iomchuí maidir leis an ábhar, lena bhféadfaí foláireamh a áireamh má fhoráileann an dlí náisiúnta dó sin, óna bhféadfaidh, inter alia, forchur na bpionós riaracháin a leanas a leanúint:

(a) 

roinnt cóipeanna dílse deimhnithe den cheadúnas Comhphobail nó iad go léir a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó buan;

(b) 

an ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó buan.

Déanfar na pionóis sin a chinneadh nuair a bheidh an cinneadh críochnaitheach déanta faoin ábhar agus tabharfar aird ar a thromchúisí a bhí an sárú a rinne sealbhóir an cheadúnais Chomhphobail agus ar líon iomlán na gcóipeanna dílse deimhnithe den cheadúnas sin a bheidh ina sheilbh maidir le trácht idirnáisiúnta.

2.  A luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí laistigh de sé seachtaine óna gcinneadh críochnaitheach maidir leis an ábhar, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta in iúl d'údaráis inniúla an Bhallstáit inar fionnadh na sáruithe na pionóis dá bhforáiltear i mír 1 a gearradh i gcás inar gearradh aon cheann díobh.

Mura bhforchuirfear pionóis den sórt sin, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit bunaíochta na cúiseanna a lua.

3.  Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfuil na pionóis a ghearrtar ar an iompróir lena mbaineann, tríd is tríd, i gcomhréir leis an sárú nó leis na sáruithe as ar eascair na pionóis sin agus leo aon phionós as an sárú céanna a forchuireadh sa Bhallstát ina ndearnadh an sárú a fhionnadh á chur san áireamh.

4.  Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar don fhéidearthacht go dtionscnódh údaráis inniúla an Bhallstáit bunaíochta an iompróra imeachtaí os comhair cúirte náisiúnta nó binse náisiúnta. Má thionscnaítear imeachtaí den sórt sin, cuirfidh an t-údarás inniúil lena mbaineann údaráis inniúla na mBallstát inar fionnadh na sáruithe ar an eolas fúthu.

5.  Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go mbeidh de cheart ag iompróirí achomharc a dhéanamh in aghaidh aon phionóis riaracháin a fhorchuirfear orthu de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 23

Smachtbhannaí a fhorchur ag an mBallstát bunaíochta i leith sáruithe

1.  I gcás ina bhfuil údaráis inniúla Ballstáit ar an eolas faoi shárú tromchúiseach ar an Rialachán seo nó ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar a dhéanann iompróir neamhchónaithigh, déanfaidh an Ballstát arb ina chríoch a fionnadh an sárú an fhaisnéis seo a leanas a tharchur chuig údaráis Bhallstáit bhunaíochta an iompróra, a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí laistigh de sé seachtaine óna gcinneadh críochnaitheach:

(a) 

cur síos ar an sárú agus ar an dáta agus ar an am a rinneadh é;

(b) 

catagóir, cineál agus tromchúiseacht an tsáraithe; agus

(c) 

na pionóis a forchuireadh agus na pionóis a fhorghníomhú.

Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a iarraidh go bhforchuirfeadh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tarlóir bunaithe pionóis riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 22.

2.  Gan dochar d'ionchúiseamh coiriúil, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh pionóis a fhorchur ar iompróirí neamhchónaitheacha a rinne sáruithe ar an Rialachán seo nó ar reachtaíocht náisiúnta nó reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar ina gcríoch i ndáil le hoibríocht iompair chabatáiste. Is ar bhonn neamh-idirdhealaitheach a fhorchuirfear na pionóis agus féadfaidh, inter alia, gur rabhadh a bheidh iontu, nó, i gcás ina ndéanfar sárú tromchúiseach, cosc sealadach ar oibríochtaí cabatáiste laistigh de chríoch an Bhallstáit óstaigh ina ndearnadh an sárú.

3.  Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go mbeidh de cheart ag iompróirí achomharc a dhéanamh in aghaidh aon phionóis riaracháin a fhorchuirfear orthu de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 24

Iontráil ar na cláir leictreonacha náisiúnta

Maidir le sáruithe tromchúiseacha ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar atá inchurtha i leith iompróirí atá bunaithe ina gcríoch, agus ba chúis le pionós a ghearr aon Bhallstát, agus leis an gceadúnas Comhphobail nó an chóip dhílis dheimhnithe de a tharraingt siar go sealadach nó go buan, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a thaifeadadh ar an gclár leictreonach náisiúnta de ghnóthais iompair de bhóthar. Déanfar na hiontrálacha sa chlár a bhaineann le ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar go sealadach nó go buan a choinneáil sa bhunachar sonraí ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a laghad ón uair a n-éagfaidh an tréimhse tarraingthe siar, i gcás ceadúnas a tharraingt siar go sealadach nó ón dáta ar tarraingíodh siar é, i gcás ceadúnas a tharraingt siar go buan.



CAIBIDIL VII

CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 25

Comhaontuithe idir Ballstáit

1.  Féadfaidh Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha maidir le breis léirscaoilte ar sheirbhísí arna gcumhdach ag an Rialachán seo a thabhairt i gcrích, go háirithe maidir leis an gcóras údaraithe agus le simpliú nó díothú doiciméad rialaithe, go háirithe i réigiúin teorann.

2.  Cuirfidh Ballstáit aon chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích faoi mhír 1 in iúl don Choimisiún.

Airteagal 26

An nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste arna bhunú le hAirteagal 18(1) de Rialachán (CEE) 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar ( 5 ) cúnamh don Choimisiún.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 27

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór go mbeadh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha sin faoin 4 Nollaig 2011 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach beart den sórt sin gan idirdhealú i dtaca le náisiúntacht ná le háit bhunaíochta an iompróra.

Airteagal 28

Tuairisciú

1.  Gach dhá bliain cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún líon na n-údaruithe le haghaidh seirbhísí tráthrialta a eisíodh an bhliain roimhe sin agus líon iomlán na n-údaruithe a bhí bailí ag deireadh na tréimhse tuairiscithe sin. Tabharfar an fhaisnéis sin ar leithligh do gach tír is ceann scríbe don tseirbhís tráthrialta. Ina theannta sin, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún na sonraí a bhaineann le hoibríochtaí cabatáiste, i bhfoirm seirbhísí tráthrialta speisialta agus seirbhísí ócáideacha, a chuir iompróirí cónaitheacha i gcrích i gcaitheamh na tréimhse tuairiscithe.

2.  Gach dhá bhliain déanfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát óstach staidreamh a sheoladh chuig an gCoimisiún faoi líon na n-údaruithe a eisíodh le haghaidh oibríochtaí cabatáiste i bhfoirm na seirbhísí tráthrialta dá dtagraítear in Airteagal 15(c).

3.  Bunóidh an Coimisiún an fhormáid a bheidh ar an tábla a úsáidfear chun an staidreamh dá dtagraítear i mír 2 a chur in iúl. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

4.  Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain líon na n-iompróirí a bhfuil ceadúnas Comhphobail ina seilbh acu an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin agus líon na gcóipeanna dílse deimhnithe a chomhfhreagraíonn do líon na bhfeithiclí atá i saorchúrsaíocht an dáta sin.

Airteagal 29

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006

In Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh 561/2006, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘6a.  De mhaolú ar mhír 6, féadfaidh tiománaí a bhíonn ag gabháil do sheirbhís aonair ócáideach d'iompar idirnáisiúnta paisinéirí, faoi mar a shainmhínítear í i Rialachán (CE) Uimh.1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir leis na rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta um sheirbhísí cóiste agus bus ( *1 ), an sos seachtainiúil a chur siar ar feadh suas go dtí 12 thréimhse 24-uair an chloig i ndiaidh a chéile i ndiaidh sosa seachtainiúil rialta roimhe sin, ar an gcoinníoll:

(a) 

go maireann an tseirbhís ar feadh 24 uair an chloig as a chéile i mBallstát nó i dtríú tír a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo seachas an Ballstát nó an tír inar cuireadh tús leis an seirbhís;

(b) 

tar éis úsáid an mhaolaithe, go dtógann an tiománaí:

(i) 

dhá shos seachtainiúla rialta: nó

(ii) 

sos seachtainiúil amháin agus sos amháin a bheidh laghdaithe de 24 uair an chloig ar a laghad. Cúiteofar, áfach, don laghdú trí shos coibhéiseach a thógfar en bloc roimh dheireadh an tríú seachtain tar éis úsáid an mhaolaithe; agus

(c) 

tar éis an 1 Eanáir 2014, má tá an fheithicil feistithe le trealamh taifeadta i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85; agus

(d) 

tar éis an 1 Eanáir 2014, sa chás go dtiománfar idir an tréimhse ó 22.00 go 06.00, go mbeidh níos mó ná tiománaí amháin san fheithicil nó go laghdófar an tréimhse tiomána dá dtagraítear in Airteagal 7 go trí uair an chloig.

Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar an úsáid a bhainfear as an maolú seo d'fhonn a áirithiú go gcaomhnaítear na coinníollacha fíordhochta maidir leis an tsábháilteacht ar bhóithre, go háirithe trína sheiceáil nach mbeidh an méid uaireanta an chloig tiomána i gcaitheamh na tréimhse a chlúdaíonn an maolú seo iomarcach. Faoin 4 Nollaig 2012, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil ina ndéanfar iarmhairtí an mhaolaithe a mheas i dtaobh na sábháilteachta ar bhóithre mar aon leis na gnéithe sóisialta. Má cheapann sé é a bheidh iomchuí, beartóidh an Coimisiún an Rialachán seo a leasú i dtaca le seo.



CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 30

Aisghairmeacha

Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 agus Rialachán (CE) Uimh. 12/98.

Déanfar tagairtí do na Rialacháin a aisghairtear a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 4 Nollaig 2011, ach amháin Airteagal 29, a mbeidh feidhm aige ón 4 Meitheamh 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

Tréithe slándála an cheadúnais Comhphobail

Caithfidh ar a laghad dhá thréith de na tréithe slándála seo a leanas a bheith sa cheadúnais Comhphobail:

— 
holagram,
— 
snáithíní speisialta sa pháipéar atá sofheicthe faoi sholas ultraivialait,
— 
líne micreachló amháin ar a laghad (cló atá sofheicthe le gloine formhéadúcháin amháin agus nach atáirgtear ag meaisíní fótachóipeála),
— 
carachtair thadhlacha, siombailí tadhlacha nó patrúin thadhlacha,
— 
uimhriú dúbailte: sraithuimhir agus uimhir eisiúna,
— 
cúlra a bhfuil dearadh slándála aige maille le mín-phatrúin ghuilloche agus priontáil tuar ceatha ann.




IARSCRÍBHINN II

Múnla cheadúnas an Chomhphobail

AN COMHPHOBAL EORPACH

(a)

▼M1

Colour Pantone light blue 290, or as close as possible to this colour, format DIN A4 cellulose paper 100 g/m2 or more

▼B

(Céad leathanach an cheadúnais)

(Téacs sa teanga oifigiúil nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit atá ag eisiúint an cheadúnais)

image

►(1) M2  

(b)

(Dara leathanach an cheadúnais)

(Téacs i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit atá ag éisiúint an ceadúnais)

FORÁLACHA GINEARÁLTA

1. 

Eisítear an ceadúnas seo de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009.

2. 

Tá an ceadúnas seo eisithe ag na húdaráis inniúla sa Bhallstát ina bhfuil an t-iompróir ar fruiliú nó ar airgead bunaithe, iompróir:

(a) 

atá údaraithe i mBallstát na bunaíochta chun iompar a chur i gcrích trí mheán seirbhísí tráthrialta, lena n-áirítear seirbhísí tráthrialta speisialta, nó seirbhísí ócáideacha ar chóiste agus ar bhus;

(b) 

má chomhlíonann sé na coinníollacha arna leagan síos de réir rialacha an Comhphobail maidir le ligean isteach do ghairm an oibreora iompair paisinéirí de bhóthar in oibríochtaí iompair náisiúnta agus idirnáisiúnta;

(c) 

a chomhlíonann ceanglais dlí maidir leis na caighdeáin i leith tiománaithe agus feithiclí.

3. 

Ceadaítear leis an gceadúnas seo iompar idirnáisiúnta paisinéirí ar chóiste agus ar bhus ar fruiliú nó ar airgead ar naisc iompair uile i dtaca le turais a dhéantar i gcríoch an Chomhphobail:

(a) 

má tá an pointe tosaigh agus an pointe is ceann scríbe suite in dhá Bhallstát éagsúla, bíodh idirthuras i gceist trí Bhallstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin nó trí thríú tír amháin nó níos mó ná sin nó ná bíodh;

(b) 

nuair is sa Bhallstát céanna atá an pointe tosaigh agus an pointe ceann scríbe, agus má dhéantar paisnéirí a bhailiú nó a scaoileadh amach i mBallstát eile nó i dtríú tír;

(c) 

ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa é, le hidirthuras nó gan idirthuras trí cheann nó níos mó de Bhallstáit nó de thríú tíortha;

(d) 

idir tríú tíortha ag trasnú críoch cheann nó níos mó de Bhallstáit san idirthuras,

agus turais gan paisnéirí i dtaca le hoibríochtaí iompair faoi na coinníollacha arna leagan síos le Rialachán (EC) Uimh. 1073/2009.

I gcás oibríocht iompair ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa beidh Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 infheidhme i dtaca leis an gcuid sin den turas a dhéanfar ar chríoch na mBallstát a thrasnaítear in idirthuras. Níl feidhm aige i leith an chuid sin den turas a dhéantar laistigh de chríoch an Bhallstáit ina mbailítear nó ina scaoiltear amach paisinéirí fad nach bhfuil an comhaontú is gá idir an Comhphobal agus an tríú tír lena mbaineann tugtha chun críche.

4. 

Tá an ceadúnas seo pearsanta agus neamh-inaistrithe.

5. 

Féadfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát a d'eisigh é an ceadúnas seo a tharraingt siar, go háirithe:

(a) 

mura bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an iompróir;

(b) 

má tá faisnéis mhíchruinn curtha ar fáil ag an iompróir maidir leis na sonraí a éilíodh le haghaidh eisiúint nó athnuachan an cheadúnais;

(c) 

má tá sárú tromchúiseach nó sáruithe tromchúiseacha déanta in aon Bhallstát ag an iompróir ar an reachtaíocht Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar, go háirithe i dtaca le rialacha atá infheidhme i leith feithiclí, tréimhsí tiomána agus sosa tiománaithe agus i dtaca le seirbhísí comhthreomhara nó sealadacha a sholáthar gan údarú, dá dtagraítear sa cúigiú fomhír d'Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh.1073/2009. Féadfaidh na húdaráis inniúla i mBallstát bunaíochta an iompróra a rinne an sárú, inter alia, an ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar nó tarraingt siar shealadach nó bhuan a dhéanamh ar roinnt cóipeanna dílse deimhnithe den cheadúnas Comhphobail nó orthu go léir.

Cinnfear na pionóis sin i gcomhréir le tromchúis an tsáraithe a rinne sealbhóir an cheadúnais Comhphobail agus i gcomhréir le líon iomlán na gcóipeanna dílse deimhnithe atá ina sheilbh aige i ndáil lena sheirbhísí idirnáisiúnta iompair.

6. 

Ní mór don iompróir bunchóip an cheadúnais a choinneáil. Ní mór go mbeidh cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail á iompar san fheithicil a dhéanann oibríocht iompair idirnáisiúnta.

7. 

Ní mór an ceadúnas sin a thabhairt ar aird ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta údaraithe.

8. 

I gcríoch gach Ballstáit ní mór don sealbhóir cloí leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm sa Stát sin, go háirithe maidir le hiompar agus le trácht.

9. 

Ciallaíonn ‘seirbhísí tráthrialta’ seirbhísí a sholáthraíonn d'iompar paisinéirí ag eatraimh shainithe feadh bealaí sonraithe, ag bailiú paisinéirí agus á scaoileadh amach ag pointí stad atá réamhshocraithe, agus atá oscailte do chách, faoi réir áirithinte éigeantaí i gcás inarb iomchuí.

Coigeartú ar bith a dhéantar ar choinníollacha oibriúcháin na seirbhíse ní dhéanfaidh sé aon difear do shaintréith thráthrialta na seirbhíse

Teastaíonn údarú ó sheirbhísí tráthrialta.

Ciallaíonn ‘seirbhísí tráthrialta speisialta’ seirbhísí tráthrialta cibé ag a mbeidh siad eagraithe, lena ndéantar foráil d'iompar catagóirí sainithe paisinéirí agus lena n-eisiatar paisinéirí eile nach iad, ag eatraimh shainithe ar feadh bealaí sonraithe, ag bailiú paisinéirí agus á scaoileadh amach ag pointí stad atá réamhshocraithe.

Folóidh seirbhísí tráthrialta:

(a) 

iompar oibrithe idir baile agus ionad oibre;

(b) 

iompar do dhaltaí scoile agus do mhic léinn go dtí an institiúid oideachais agus uaithi.

Ní dhéanfaidh sé aon difear dá rangú mar sheirbhís thráthrialta go bhféadfaidh seirbhís speisialta bheith athraithe de réir riachtanais na n-úsáideoirí.

Ní bheidh údarú ag teastáil ag seirbhísí tráthrialta speisialta má tá siad cumhdaithe ag conradh arna dhéanamh idir an t-eagraí agus an t-iompróir.

Ní mór údarú le haghaidh eagrúchán seirbhísí comhfhreagracha nó sealadacha a dhéanann freastal ar an bpobal céanna agus seirbhísí tráthrialta atá ann cheana.

Ciallaíonn ‘seirbhísí ócáideacha’ seirbhísí nach dtagann faoin sainmhíniú ar sheirbhísí tráthrialta, lena n-áirítear seirbhísí tráthrialta speisialta, agus arb é a bpríomhthréith go n-iompraíonn siad grúpaí a bhailítear ar thionscnamh an chustaiméara nó an iompróra féin. Beidh eagrúchán seirbhísí comhthreomhara nó sealadacha atá inchomparáide le seirbhísí tráthrialta atá ann cheana agus a dhéanann freastal ar an bpobal céanna faoi réir údaraithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Ní scoirfidh na seirbhísí sin de bheith ina seirbhísí ócáideacha ar an aon chúis amháin gur ag eatraimh áirithe a chuirtear ar fáil iad.

Ní bheidh údarú ag teastáil le haghaidh seirbhísí ócáideacha.




IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL



Rialachán (CEE) Uimh. 684/92

Rialachán (CE) Uimh. 12/98

An Rialachán seo

Airteagal 1

 

Airteagal 1

Airteagal 2, pointe 1.1.

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(2), Airteagal 5(1)

Airteagal 2, pointe 1.2.

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(3), Airteagal 5(2)

Airteagal 2, pointe 1. 3.

 

Airteagal 5(1), cúigiú fomhír

Airteagal 2, pointe 3.1.

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(4), Airteagal 5(3)

Airteagal 2, pointe 3.3.

 

Airteagal 5(3)

Airteagal 2, pointe 3.4.

 

Airteagal 5(3)

Airteagal 2, pointe 4.

 

Airteagal 2(5), Airteagal 5(5)

Airteagal 3

 

Airteagal 3

Airteagal 3a

 

Airteagal 4

Airteagal 4

 

Airteagal 5

Airteagal 5

 

Airteagal 6

Airteagal 6

 

Airteagal 7

Airteagal 7

 

Airteagal 8

Airteagal 8

 

Airteagal 9

Airteagal 9

 

Airteagal 10

Airteagal 10

 

Airteagal 11

Airteagal 11

 

Airteagal 12

Airteagal 12

 

Airteagal 13

Airteagal 13

 

Airteagal 5 (5)

 

Airteagal 1

Airteagal 14

 

Airteagal 2(4)

 

 

Airteagal 3

Airteagal 15

 

Airteagal 4

Airteagal 16

 

Airteagal 5

Airteagal 4(3)

 

Airteagal 6

Airteagal 17

 

Airteagal 7

Airteagal 28(3)

 

Airteagal 8

Airteagal 26

 

Airteagal 9

 

Airteagal 14

 

Airteagal 18

Airteagal 15

 

Airteagal 19

 

Airteagal 11(1)

Airteagal 20

Airteagal 16(1)

 

Airteagal 21(1)

Airteagal 16(2)

 

Airteagal 21(2)

Airteagal 16(3)

 

Airteagal 22(1)

Airteagal 16(4)

 

Airteagal 23(1)

Airteagal 16(5)

 

Airteagal 22(2)

 

Airteagal 11(2)

Airteagal 23(2)

 

Airteagal 11(3)

Airteagal 23(2)

 

Airteagal 11(4)

 

 

Airteagal 12

Airteagal 22(5), Airteagal 23

 

Airteagal 13

 

Airteagal 16a

Airteagal 10

Airteagal 26

Airteagal 17

 

 

Airteagal 18

 

Airteagal 25

Airteagal 19

Airteagal 14

Airteagal 27

Airteagal 20

 

 

Airteagal 21

 

Airteagal 30

Airteagal 22

Airteagal 15

Airteagal 31

Iarscríbhinn

 

Iarscríbhinn II



( 1 ) IO L 57, 2.3.1992, lch. 27.

( 2 ) IO L 235, 17.9.1996, lch. 59.

( 3 ) IO L 226, 10.9.2003, lch. 4.

( 4 ) IO L 315, 3.12.2007, lch. 1.

( 5 ) IO L 370, 31.12.1985, lch. 8.

( *1 ) IO L 300, 14.11.2009, lch. 88’.

Top