EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Allmhairiú sábháilte bainne agus táirgí déiríochta

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Allmhairiú sábháilte bainne agus táirgí déiríochta

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 ón gCoimisiún lena leagtar síos coinníollacha um shláinte ainmhithe agus shláinte an phobail agus coinníollacha deimhniúcháin tréidliachta i ndáil le hallmhairiú isteach in AE bainne amh agus táirgí déiríochta atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN SEO?

  • Tugtar cosaint ann do shláinte ainmhithe in AE trína n-áirithiú go gcomhlíonann bainne agus táirgí bainne arna n-allmhairiú bunchritéir áirithe um shláinte ainmhithe.
  • Leagtar síos ann na coinníollacha agus na ceanglais deimhniúcháin um shláinte ainmhithe agus shláinte an phobail i dtaobh bainne amh agus táirgí déiríochta a allmhairiú isteach in AE, lena n-áirítear aon teaschóireáil a cheanglaítear a dhéanamh.
  • Liostaítear ann na tíortha óna bhfuil allmhairí údaraithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá allmhairí táirgí déiríochta ó bhainne amh ó thíortha neamh-AE ceadaithe ó thíortha údaraithe, ach tá feidhm ag cineálacha éagsúla teaschóireála ag brath ar an staid um shláinte ainmhithe sa tír thionscnaimh.

Tá catagóirí difriúla na dtíortha údaraithe liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán.

  • Tá allmhairí bainne amh agus táirgí déiríochta údaraithe ó thíortha atá sa liosta i gColún A den Iarscríbhinn gan aon ghá dul faoi theaschóireáil.
  • Allmhairí a dhíorthaítear ó bhainne amh bó, caorach, gabhar nó buabhall ó thíortha atá liostaithe i gColún B agus Colún C den Iarscríbhinn, ní mór cóireáil a bheith curtha orthu trí phaistéaradh, trí phaistéaradh ardteochta gearrthréimhse (ATGT) nó trí chóireáil teochta ultra-ard, ag brath ar an gColún (B nó C) ina bhfuil an tír liostaithe.
  • Ní mór paistéaradh a dhéanamh nó cóireáil teochta ultra-ard a chur ar bhainne nó ar tháirgí déiríochta ó ainmhithe seachas ba, caoirigh, gabhair nó buabhaill.

Níor chóir bainne nó táirgí déiríochta a bheith de thionscnamh limistéar ina bhfuil baol galair crúb is béil.

Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le tíortha atá liostaithe i gcolún A den Iarscríbhinn. Ní mór teaschóireáil a chur ar bhainne nó ar tháirgí déiríochta, áfach, más rud é go bhfuil siad de thionscnamh tíre ina raibh ráig den ghalar crúb agus béil, nó ina ndearnadh vacsaíniú le 12 mhí anuas.

Ní mór deimhniú sláinte arna shíniú ag tréidlia a bheith ag gabháil le gach allmhaire. Tá coinníollacha sláinte ainmhithe maidir le hallmhairí bainne agus táirgí déiríochta leagtha síos i dTreoir 2002/99/CE.

Ní dhéanfar coinsíneachtaí bainne amh agus táirgí déiríochta atá ag gabháil trí AE chuig tír neamh-AE a údarú faoin rialachán seo ach amháin má tá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • tagann siad ó thír údaraithe agus tá teaschóireáil curtha orthu mar is cuí, de réir chatagóir (Colún A nó Colún B) na tíre tionscnaimh;
  • comhlíonann siad na coinníollacha sonracha um shláinte ainmnithe sna rialacha deimhnithe agus is ann do dheimhniú sláinte ina leith;
  • tá siad údaraithe i ndáil le bheith ar idirthuras, lena n-áirítear i gcomhair stórála mar is cuí, tar éis scrúdú tréidliachta ag trasphointe teorann.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO?

Tháinig sé i bhfeidhm an 30 Iúil 2010.

CÚLRA

Allmhairiú Bainne agus Táirgí Bainne lena gCaitheamh ag an Duine ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2010 lena leagtar síos coinníollacha um shláinte ainmhithe agus shláinte an phobail agus coinníollacha deimhniúcháin tréidliachta i ndáil le hallmhairiú isteach in AE bainne amh agus táirgí déiríochta atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine (IO L 175, 10.7.2010, lgh. 1-24)

Rinneadh leasuithe agus ceartuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 a ionchorprú sa bhuntéacs. Úsáidtear an leagan comhdhlúite seo le haghaidh tagartha amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2002/99/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena leagtar síos na rialacha sláinte ainmhithe a rialaíonn táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus tabhairt isteach táirgí de bhunadh ainmhíoch lena gcaitheamh ag an duine (IO L 18, 23.1.2003, lgh. 11-20). Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 25.11.2015

Top