EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Muca a shainaithint agus a chlárú

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Dlí AE maidir le sláinte ainmhithe' for an updated information about the subject.

Muca a shainaithint agus a chlárú

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2008/71/CE maidir le muca a shainaithint agus a chlárú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé d’aidhm léi inrianaitheacht* muc a áirithiú trí iarraidh ar thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) córas uilíoch aitheantais agus cláraithe a chur i bhfeidhm.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do thíortha AE córas a chur i bhfeidhm chun grúpaí muc a shainaithint ionas gur féidir a mbunús agus a gcuid gluaiseachtaí idir gabháltais a rianú.
  • Níl feidhm leis an treoir i gcás muc fiáin, agus féadfar maolú a dheonú ar ghabháltais a choinníonn muc aonair dá n-úsáid féin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an t-ainmhí forálacha tréidliachta, fisiceacha agus riaracháin Threoir 90/425/CEE.
  • Éilítear na nithe seo a leanas leis an gcóras sainaitheanta agus cláraithe:
    • clib chluaise nó tatú ina sainaithnítear an grúpa muc chun an gabháltas inar rugadh iad agus aon ghabháltais ina dhiaidh sin a dhearbhú, curtha i bhfeidhm chomh luath agus is féidir, agus sula bhfágann ainmhithe an gabháltas inar rugadh iad;
    • clárag gach gabháltas de mhuca agus a gcuid gluaiseachtaí, a bheidh le coinneáil ar feadh 3 bliana ar a laghad;
    • bunachar sonraí láraithe náisiúnta ar ríomhaire ina mbeidh sonraí faoi ghabháltais muc, sainaithint na ngrúpaí muc agus a gcuid gluaiseachtaí.
  • Ní mór aon fhaisnéis maidir le gluaiseachtaí muc nach bhfuil teastas nó doiciméad ag gabháil leis a éilítear i reachtaíocht tréidliachta nó zóiteicniúil a chur ar fáil do na húdaráis ar iarraidh, ar feadh íostréimhse atá le cinneadh.
  • Ní gá ainmhithe a sheolann tír neamh-AE le marú in AE a bheith sainaitheanta faoin treoir seo má éiríonn leo i seiceálacha tréidliachta AE maidir le hallmhairí beo agus go maraítear iad ansin laistigh de 30 lá.
  • Ní mór do thíortha AE pionóis a chur i bhfeidhm i gcás ina sáraítear an treoir.
  • Déanfar an treoir a aisghairm agus tiocfaidh Rialachán (AE) 2016/429 ina hionad le héifeacht ón 20 Aibreán 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Is gníomh nua é an leagan códaithe seo (Treoir 2008/71/CE) ina bhfuil an gníomh tosaigh (Treoir 92/102/CEE) agus a leasuithe comhleanúnacha. Tá sí i bhfeidhm ón 28 Lúnasa 2008. B’éigean do thíortha AE Treoir 92/102/CEE a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 1993.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Inrianaitheacht: an cumas aon bhia, aon bheatha, aon ainmhí nó aon substaint bia-ainmhithe a úsáidfear i gcomhair tomhaltais a rianú, trí gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den leithdháileadh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2008/71/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le muca a shainaithint agus a chlárú (Leagan códaithe) (IO L 213, 8.8.2008, lgh. 31-36)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair ainmhithe in-tarchurtha agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh 1-208)

Treoir 90/425/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir le seiceálacha tréidliachta agus zóiteicniúla atá infheidhme maidir le roinnt ainmhithe beo agus táirgí a thrádáil laistigh den Chomhphobal d’fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú (IO L 224, 18.8.1990, lgh. 29-41)

Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha a rinneadh ar Threoir 90/425/CEE sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 05.10.2016

Top