EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Scientific and technological cooperation with Jordan
Comhar eolaíoch agus teicneolaíochta leis an Iordáin
Comhar eolaíoch agus teicneolaíochta leis an Iordáin
Comhar eolaíoch agus teicneolaíochta leis an Iordáin
ACHOIMRE AR:
AE-an Iordáin maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíochta
Teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe AE-an Iordáin maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíochta
CAD IS AIDHM LEIS NA GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?
Údaraítear le cinneadh na Comhairle síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe.
Bunaítear leis an gcomhaontú struchtúr foirmiúil maidir le comhar i dtaighde eolaíoch agus teicneolaíochta idir na páirtithe chun gníomhaíochtaí comhoibrithe leasa choitinn sa réimse seo a spreagadh, a fhorbairt agus a éascú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá an comhair idir AE agus an Iordáin san eolaíocht agus sa teicneolaíocht bunaithe, go sonrach, ar na prionsabail a bhaineann le tairbhe fhrithpháirteach agus cur chun cinn sochaí atá bunaithe ar eolas. Tá sé beartaithe freisin cur le forbairt shocheacnamaíoch an dá pháirtí.
Déanann Comhchoiste feidhmiú an chomhaontaithe a bhainistiú.
Conas a oibríonn an comhar
Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha gníomhaíochtaí comhoibritheacha a dhéanamh. Maidir leis seo, ní mór don AE agus don Iordáin saorghluaiseacht agus cónaí oibrithe taighde a chumasú ina gcríocha faoi seach, agus gluaiseacht earraí atá beartaithe lena n–úsáid sna gníomhaíochtaí seo, faoina reachtaíocht is infheidhme a chumasú.
Féadfaidh rannpháirtithe atá lonnaithe san Iordáin páirt a ghlacadh i ngníomhartha indíreacha faoin gCreatchlár AE um Thaighde agus Nuálaíocht (Fís 2020) i gcomhréir lena rialacha agus téarmaí agus coinníollacha.
Féadfaidh rannpháirtithe atá lonnaithe san AE páirt a ghlacadh i gcláir agus i dtionscadail thaighde san Iordáin ar an mbonn céanna le rannpháirtithe na hIordáine, faoi réir na rialacha náisiúnta is infheidhme agus téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe.
Féadfaidh gníomhaíochtaí comhoibrithe, mar shampla, na foirmeacha seo a leanas a ghlacadh:
Ina theannta sin, roinneann údaráis na hIordáine agus an Coimisiún Eorpach faisnéis faoi chláir reatha agus deiseanna nua comhair.
Cearta maoine intleachtúla
Tá rialacha maidir le cosaint ar chearta maoine intleachtúla agus scaipeadh eolais, a eascraíonn as na gníomhaíochtaí taighde a rinneadh faoin gcomhaontú, leagtha síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gcomhaontú. Tá na rialacha sin ag teacht leis na rialacháin náisiúnta agus idirnáisiúnta.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOMHAONTAITHE?
Síníodh an comhaontú an 30 Samhain 2009 agus bhí sé infheidhme go sealadach (éifeachtaí dlíthiúla ag éirí as) óna shíniú. Tá feidhm leis ón 29 Márta 2011.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉID
Cinneadh ón gComhairle 2011/348/CE an 10 Samhain 2009 maidir le síniú, thar ceann an Chomhphobail, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht Haisimíte na hIordáine ar Chomhar Eolaíoch agus Teicneolaíochta (IO L 159, 17.6.2011, lch. 107)
Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine maidir le Comhar Eolaíoch agus Teicneolaíochta (IO L 159, 17.6.2011, lgh. 108-114)
Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine ar chomhar eolaíoch agus teicneolaíochta (IO L 116, 28.4.2012, lch. 1)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Cinneadh 2011/343/AE ón gComhairle an 9 Márta 2011 ar chríochnú an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine maidir le Comhar Eolaíoch agus Teicneolaíochta (IO) L 159, 17.6.2011, lch. 1)
Nuashonraithe 08.02.2018