EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú leis an mBangladéis maidir le comhpháirtíocht agus forbairt

Comhaontú leis an mBangladéis maidir le comhpháirtíocht agus forbairt

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú Comhair idir an tAontas agus an Bhanglaidéis maidir le comhpháirtíocht agus forbairt

Cinneadh 2001/332/CE — tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhair idir an tAontas agus an Bhanglaidéis maidir le comhpháirtíocht agus forbairt

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Féachtar leis an gcomhaontú an caidreamh idir an Comhphobal Eorpach (an tAontas Eorpach anois) agus an Bhangladéis a neartú. Dírítear ann ar an bhfíorthábhacht a bhaineann leis an bhforbairt shóisialta sa Bhangladéis, i gcomhthráth lena forbairt eacnamaíoch agus le cosaint a comhshaoil.
  • Leis an gcinneadh tugtar an comhaontú i gcrích thar ceann an Aontais.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an comhar idir an tAontas agus an Bhangladéis ceaptha chun cur le forbairt inbhuanaithe na Bangladéise agus leis an gcomhrac in aghaidh na bochtaineachta. Tá an Bhangladéis ar cheann de na Tíortha is Lú Forbairt ar Domhan (LDCanna).

Réimsí comhair

  • Tugann na comhpháirtithe aird ar leith don chomhrac in aghaidh drugaí agus in aghaidh VEID/SEIF. Cuimsítear an méid a leanas ina ngníomhaíochtaí:
    • bearta coisc, faireachán a dhéanamh ar SEIF agus é a chomhrac;
    • gníomhaíochtaí faisnéise agus oideachais;
    • feabhas a chur ar sheirbhísí sláinte agus ar chóir leighis do dhaoine breoite;
    • athshlánú andúileach drugaí.
  • Tá sé mar aidhm le comhar trádála trádáil a leathnú agus margaí a oscailt. Tá sé i bhfeidhm i gcomhréir le comhaontaithe na hEagraíochta Domhanda Trádála. Dá réir sin, ní mór do na comhpháirtithe dul chun cinn a dhéanamh i dtreo fáil réidh le bacainní ar thrádáil agus ceisteanna maidir le hiompar agus athonnmhairiú a réiteach, chomh maith le feabhas a chur ar chomhar custaim agus ar chomhroinnt faisnéise.
  • Lena chois sin, ní mór don Bhangladéis dul chun cinn a dhéanamh ina gealltanais maidir le cearta maoine intleachtúla, tionsclaíche agus tráchtála a chosaint.
  • Díríonn comhar eacnamaíoch ar an méid a leanas go príomha:
    • teagmhálacha a éascú idir oibreoirí eacnamaíocha, pobail ghnó, fiontair agus infheisteoirí;
    • feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus ar choinníollacha le haghaidh infheistíochta, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide;
    • aistriú teicneolaíochta a chur chun cinn.
  • Cumhdaítear sa chomhaontú prionsabal na rochtana cómhalartaí ag na comhpháirtithe ar a gconarthaí oibreacha poiblí faoi seach. Cuireann siad prionsabal na rochtana cómhalartaí i bhfeidhm maidir le conarthaí idirnáisiúnta iompair mhuirí.
  • I réimse an chomhshaoil, leis an gcomhar ní foláir nó go mbeidh an méid a leanas go sonrach indéanta:
    • baol tubaistí nádúrtha a chosaint, agus aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú ithreach go háirithe;
    • beartas comhshaoil agus oiliúint oibrithe a fhorbairt;
    • fuinneamh inbhuanaithe agus neamhthruaillitheach a chur chun cinn;
  • Aontaíonn na comhpháirtithe go roinnfidh siad eolas sa réimse um eolaíocht agus teicneolaíocht agus go gcomhoibreoidh siad maidir le haghaidh a thabhairt ar tháirgeadh drugaí agus sciúradh airgid.
  • Príomhphointe den chomhpháirtíocht is ea forbairt chearta agus scileanna na n–oibrithe. Tá ionstraimí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair le cur chun feidhme (sna réimsí maidir le saothar leanaí, saothar éignithe, saoirse comhlachais, cearta ceardchumann, etc.). Tá bearta le glacadh chomh maith chun cáilíochtaí oideachais agus gairmoiliúna a chothú, go háirithe don sciar is boichte den phobal.

Comhar réigiúnach

Féadfar gníomhaíochtaí comhair a dhéanamh le tíortha eile sa réigiún, mar thosaíocht sna réimsí a leanas:

  • cúnamh teicniúil agus oiliúint oibrithe;
  • trádáil laistigh den réigiún a chur chun cinn;
  • tacaíocht d’eagraíochtaí comhair réigiúnaigh (amhail Comhlachas na hÁise Theas um Chomhar Réigiúnach);
  • scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna lena bhfuil gné réigiúnach, go háirithe san earnáil iompair, san earnáil cumarsáide, in earnáil an chomhshaoil agus san earnáil sláinte.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar an 1 Márta 2001.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus Daon–Phoblacht na Banglaidéise maidir le comhpháirtíocht agus forbairt (IO L 118, 27.4.2001, lgh. 48-56)

Cinneadh 2001/332/CE ón gComhairle an 26 Feabhra 2001 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus Daon–Phoblacht na Banglaidéise maidir le comhpháirtíocht agus forbairt (IO L 118, 27.4.2001, lch. 47)

Nuashonraithe 28.04.2020

Top