EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cuótaí agus ceadúnais allmhairithe agus onnmhairithe an Aontais Eorpaigh a leithdháileadh

Cuótaí agus ceadúnais allmhairithe agus onnmhairithe an Aontais Eorpaigh a leithdháileadh

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 717/2008 — cuótaí cainníochtúla a riaradh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Cuirtear rialacha ar bun sa rialachán seo maidir le cuótaí allmhairithe agus onnmhairithe an Aontais Eorpaigh (AE) a riaradh.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní chumhdaíonn an rialachán táirgí áirithe, lena n-áirítear na táirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
  • Is iad seo a leanas cuid de na prionsabail ghinearálta a úsáidtear chun cuótaí AE a riaradh:
    • ba cheart cuótaí a leithdháileadh ar iarrthóirí a luaithe is féidir;
    • is féidir cuótaí a riaradh trí mhodhanna ar leith nó meascán de mhodhanna ar leith a úsáid, e.g. bunaithe ar shreafaí traidisiúnta trádála nó “gach duine ar a sheal féin”;
    • ní mór na cuótaí a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
  • Leagtar amachrialacha ar leith maidir leis na modhanna difriúla chun cuótaí a riaradh. Mar shampla, don mhodh:
    • atá bunaithe ar shreafaí traidisiúnta trádála, cuirtear cuid amháin den chuóta i leataobh d’allmhairithe nó onnmhairithe traidisiúnta, i.e. na hallmhairithe nó onnmhairithe ar féidir leo a thaispeáint go ndearna siad an táirge atá cumhdaithe ag an gcuóta a allmhairiú isteach in AE nó a onnmhairiú amach as roimhe sin;
    • atá bunaithe ar “gach duine ar a sheal féin”, leagann an Coimisiún Eorpach amach an chainníocht a leithdháiltear ar allmhairithe nó ar onnmhairithe go dtí go n-úsáidtear iomlán an chuóta;
    • ina léithdháiltear cuótaí bunaithe ar na cainníochtaí iarrtha, leagann an Coimisiún Eorpach cainníocht an chuóta amach bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear ó thíortha AE faoi líon na n-iarratas ceadúnais atá faighte acu.
  • Maidir leis an modh “gach duine ar a sheal féin”, ní mór ceadúnais allmhairithe agus onnmhairithe a eisiúint ar an bpointe chun na táirgí ábhartha a allmhairiú nó a onnmhairiú. I ngach cás eile, eisítear ceadúnais laistigh de 10 lá ón bhfógra a fháil maidir le cinneadh ábhartha an Choimisiúin nó laistigh den tréimhse ama a leagtar amach ag an gCoimisiún.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Is é Rialachán (AE) 717/2008 an leagan códaithe de ghníomh bunaidh (Rialachán (CE) Uimh 520/94), agus dá leasuithe comhleanúnacha. Tá sé i bhfeidhm ón 15 Lúnasa 2008 i leith.

CÚLRA

Tá méadú tagtha le himeacht ama ar líon na dtíortha atá ina mbaill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus, mar sin, ní bhaineann an rialachán seo i ndáiríre ach le hallmhairithe ó líon teoranta tíortha. Faoi láthair, baineann sé le hallmhairithe teicstílí ó Bhéalarúis agus ó Chóiré Thuaidh. Níl cuótaí cainníochtúla curtha i bhfeidhm maidir le honnmhairithe AE.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 717/2008 an 15 Iúil 2008 lena mbunaítear nós imeacht Comhphobail chun cuótaí cainníochtúla a riar (leagan códaithe) (IO L 198, 26.7.2008, lgh. 1-7)

Nuashonraithe 27.02.2017

Top