EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cumaisc idir cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta i dtír aonair AE

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí maidir le cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta' for an updated information about the subject.

Cumaisc idir cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta i dtír aonair AE

ACHOIMRE AR:

Threoir 2011/35/AE — Cumaisc idir cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta i dtír aonair AE

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?

Leagtar amach faoin treoir seo na rialacha lena rialaítear cumaisc idir cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta* i dtír aonair den Aontas Eorpach (AE), .i. cumaisc intíre. Pléitear sa treoir le cosaint do scairshealbhóirí, do chreidiúnaithe agus d’fhostaithe. Cuirtear an treoir in ionad Threoir 78/855/CEE (an Tríú Treoir maidir le Dlí na gCuideachtaí roimhe seo).

PRÍOMHPHOINTÍ

Pléitear sa treoir le cineálacha difriúla cumasc intíre.

Maidir le cumasc trí éadáil* agus cumasc trí chuideachta nua a chur ar bun*, ní mór faisnéis shonrach a chur san áireamh i ndréacht-théarmaí an chumaisc, cumasc arna dhréachtú ag an mbord riaracháin nó bainistíochta, lena n-áirítear:

  • cineálacha na gcuideachtaí, a n-ainmneacha agus a n-oifigí cláraithe;
  • cóimheas mhalartú na scaireanna (.i. líon réasúnta na scaireanna nua a thabharfar do scairshealbhóirí cuideachta, cuideachta a bhfuarthas seilbh uirthi nó a rinneadh a chumasc le cuideachta eile);
  • téarmaí a bhaineann le scaireanna a leithdháileadh sa chuideachta fhála;
  • na cearta a cuireadh ar fáil ag an gcuideachta fhála.

Ní mór faisnéis dá leithéid a chur ar fáil go poiblí mí amháin nó níos mó roimh an dáta atá roghnaithe don chruinniú ginearálta, cruinniú ag a ndéanfar cinneadh maidir leis an gcumasc.

Ní mór cead a fháil le haghaidh gach cumaisc ag cruinniú ginearálta na gcuideachtaí atá á gcumasc. Is féidir an riachtanas sin a tharscaoileadh áfach, sa chás:

  • go bhfoilsítear an cumasc mí amháin nó níos mó roimh an dáta atá roghnaithe don chruinniú ginearálta;
  • go bhfuil cead ag scairshealbhóirí uile na cuideachta fála iniúchadh a dhéanamh ar dhoiciméid áirithe, mar shampla dréacht-théarmaí an chumaisc agus na cuntais bhliantúla, mí amháin nó níos mó roimh an dáta atá roghnaithe don chruinniú ginearálta;
  • go bhfuil cead ag duine amháin nó níos mó de scairshealbhóirí na cuideachta fála, a bhfuil íoschéatadán den chaipiteal suibscríofa (5 % nó níos lú) i seilbh acu, cruinniú ginearálta a éileamh chun cinneadh a dhéanamh faoi cibé an nglacfar nó nach nglacfar leis an gcumasc.

cead ag na scairshealbhóirí iniúchadh a dhéanamh ar dhoiciméid (ach amháin doiciméid a foilsíodh ar an suíomh gréasáin cheana), mí amháin nó níos mó roimh an dáta atá roghnaithe don chruinniú ginearálta. Áirítear leis na doiciméid sin dréacht-théarmaí an chumaisc, na cuntais bhliantúla agus tuairiscí ó chomhlachtaí riaracháin.

Ní mór cearta fhostaithe na gcuideachtaí atá á gcumasc a chosaint, i gcomhréir leis an Treoir maidir le cearta fostaithe a chosaint i gcás aistrithe gnóthas. Ní mór creidiúnaithe a chosaint freisin maidir lena riocht airgeadais.

D’fhéadfadh go dtarlódh roinnt rudaí i ndiaidh cumaisc, lena n-áirítear:

  • aistriú na sócmhainní agus na ndliteanas uile;
  • scairshealbhóirí den chuideachta fhála a dhéanamh de scairshealbhóirí na cuideachta a bhfuil seilbh á fáil uirthi; agus
  • an chuideachta a bhfuil seilbh á fáil uirthi ag dul ar ceal.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 1 Iúil 2011. Déantar códú leis an treoir ar an reachtaíocht reatha (Treoir 78/855/CEE), reachtaíocht a bhí le hionchorprú ina ndlí náisiúnta ag tíortha AE faoin 13 Deireadh Fómhair 1981.

CÚLRA

Dlí na gcuideachtaí ar láithreán Gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Cuideachta phoiblí theoranta:cuideachta a chuir scaireanna ar fáil don phobal i gcoitinne, agus a bhfuil dliteanas teoranta ag a scairshealbhóirí, maidir leis an méid a íocadh as a gcuid scaireanna de ghnáth .

* Cumasc trí éadáil:nuair a dhéanann cuideachta/cuideachtaí a bhfuil seilbh á fáil uirthi/orthu a sócmhainní agus freagrachtaí a aistriú chuig an gcuideachta fhála agus nuair a fhaigheann na scairshealbhóirí seilbh ar scaireanna na cuideachta sin.

* Cumasc trí chuideachta nua a chur ar bun: nuair a dhéantar na sócmhainní agus dliteanais a thiontú i scaireanna na cuideachta nua agus in íocaíocht airgid arb ionann agus 10 % nó níos lú de luach ainmniúil na scaireanna.

GNÍOMH

Treoir 2011/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le cumaisc cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta (IO L 110, 29.4.2011, lgh. 1-11)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Threoir 2011/35/AE. Is chun críocha tagartha amach an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 16.02.2016

Top