EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tarlú de bhóthar agus cuideachtaí iompair paisinéirí: rialacha oibriúcháin

Tarlú de bhóthar agus cuideachtaí iompair paisinéirí: rialacha oibriúcháin

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1071/2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh

Rialachán (AE) 2020/1055 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 lena chur in oiriúint d’fhorbairtí in earnáil an iompair de bhóthar

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009:

  • leagtar amach leis rialacha do chuideachtaí ar mian leo tabhairt faoin ngnó iompair de bhóthar (i.e. iompar earraí de bhóthar) agus iompar paisinéirí agus bheith gníomhach ann;
  • tá feidhm aige maidir le gach cuideachta a bunaíodh san Aontas atá gníomhach (nó atá beartaithe a bheith gníomhach) in iompar earraí nó daoine ar íocaíocht.

Le Rialachán leasaitheach (AE) 2020/1055 nuashonraítear na rialacha maidir le tabhairt faoi cheird mar oibreoir iompair de bhóthar chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na gcuideachtaí caocha* agus ar an iomaíocht éagórach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do chuideachtaí atá gníomhach sa ghnó um oibreoirí iompair de bhóthar:

  • a bheith bunaithe go héifeachtúil agus go seasmhach i dtír AE;
  • dea-cháil a bheith orthu;
  • staid airgeadais chuí a bheith acu; agus
  • an inniúlacht ghairmiúil riachtanach a bheith acu.

Bainisteoir iompair

Ní mór do gach cuideachta iompair de bhóthar bainisteoir iompair a bheidh freagrach as bainistíocht leanúnach a dhéanamh ar a gníomhaíochtaí iompair a ainmniú. Ní foláir go bhfuil cónaí ar an mbainisteoir sin san Aontas Eorpach agus nasc dáiríre a bheith aige nó aici leis an ngnóthas, mar shampla, mar fhostaí, mar riarthóir nó mar scairshealbhóir.

Conas bheith i d’oibreoir iompair de bhóthar

  • Ní mór do chuideachta ar mian léi bheith gníomhach sa ghnó um oibreoir iompair de bhóthar bheith bunaithe i dtír AE agus áitreabh a bheith aici sa tír sin de chuid an Aontais, inar féidir léi na doiciméid uile a theastaíonn dá gnó (cuntais, doiciméid bainistíochta phearsanta agus sonraí a bhaineann le haga agus sos tiomána, etc.) a choinneáil.
  • Ba chóir don chuideachta feithicil chláraithe amháin ar a laghad a bheith aici sa tír sin de chuid an Aontais (nuair a dheonaítear údarú) agus ionad oibriúcháin ina bhfuil an trealamh teicniúil agus na saoráidí cuí chun an fheithicil/na feithiclí a oibriú a bheith aici sa tír sin.
  • Ina theannta sin:
    • níor ciontaíodh an chuideachta ná an bainisteoir as sárú ar bith ar rialacha áirithe náisiúnta agus AE maidir le hiompar de bhóthar;
    • ní mór don chuideachta bheith ábalta a hoibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh;
    • ní mór don bhainisteoir scrúdú scríofa éigeantach lena bhféadfadh scrúdú béil bheith mar chuid de a bheith bainte amach aige/aici.

Údarú agus faireachán

  • Ní mór do thíortha AE údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú a bheidh freagrach as an méid a leanas:
    • iarratais a dhéanann cuideachtaí a scrúdú;
    • ceadanna a thabhairt chun tosú mar oibreoir iompair de bhóthar;
    • a dhearbhú go bhfuil duine oiriúnach/neamh-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair cuideachta a bhainistiú;
    • a sheiceáil go gcloíonn an chuideachta leis na ceanglais ábhartha go léir.
  • Tá na húdaráis inniúla freagrach chomh maith as iarratais na gcuideachtaí ar chlárú a fhiosrú laistigh de 3 mhí. Chomh maith leis sin, is féidir leo a dhearbhú go bhfuil cuideachta neamhoiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair a bhainistiú.

Simpliú agus comhoibriú riaracháin

  • Ní mór do gach tír AE clár leictreonach náisiúnta cuideachtaí atá údaraithe bheith gníomhach sa ghnó um oibreoirí iompair de bhóthar a choinneáil. Tá na húdaráis náisiúnta inniúla freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na sonraí sa chlár sin.
  • Táthar leis na cláir náisiúnta a idirnascadh ionas go mbeidh údaráis inniúla as tír AE ar bith ábalta féachaint ar chlár leictreonach náisiúnta thír AE ar bith eile.

Rialachán Leasaitheach (AE) 2020/1055

Áirítear an méid a leanas ar na príomhathruithe a tugadh isteach i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 trí Rialachán leasaitheach (AE) 2020/1055.

  • Airteagal eile a chur in aonad an airteagail maidir le coinníollacha a bhaineann le ceanglas maidir le gnóthas iompair a bhunú (Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009) chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na gcuideachtaí caocha. Déantar an nasc idir áit bhunaíochta an oibreora iompair de bhóthar agus a ghníomhaíochtaí a neartú leis dá réir sin.
  • Na rialacha a shíneadh chun veaineanna a úsáidtear in iompar idirnáisiúnta (feithiclí tráchtála éadroma a bhfuil a meáchan os cionn 2.5 tona) a chlúdach.
  • A iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar síos liosta catagóirí, cineálacha agus méideanna tromchúise na sáruithe tromchúiseacha ar rialacha AE.
  • Nósanna imeachta riaracháin úra a thabhairt isteach i gcás go ndearna bainisteoir nó cuideachta iompair sárú tromchúiseach ar rialacha AE.
  • Rialacha úra a thabhairt isteach maidir le dea-cháil tarlóirí is é 1 bhliain an íostréimhse ina féidir le bainisteoirí iompair a chaill a ndea-cháil d’fhonn í a fháil ar ais. Ní mór do bhainisteoirí a chaill a ndea-cháil a chruthú go ndearna siad íosleibhéal oiliúna nó gur éirigh leo i scrúdú ina léirítear eolas faoi na hábhair atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar Iarscríbhinn IV de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ina soiléirítear na sáruithe is tromchúisí.
  • A cheangal ar chuideachtaí iompair a léiriú, ar bhonn cuntais bhliantúla arna ndeimhniú ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe go cuí, go bhfuil leibhéil shonracha chaipitil agus cúlchistí ar fáil di i gcomhair gach bliana.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ón 4 Nollaig 2011.
  • Beidh feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2020/1055 ón 21 Feabhra 2022.

CÚLRA

Le haghaidh faisnéise breise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cuideachtaí caocha: cuideachtaí a bunaíodh chun tairbhe a bhaint as bealaí éalaithe sa reachtaíocht agus nach gcuireann aon tseirbhís ar fáil do chliaint iad féin. Seachas sin soláthraíonn siad éadan le haghaidh seirbhísí a sholáthraíonn a n–úinéirí (COM(2013) 122 críochnaitheach).

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bhfuiltear le cloí leo chun tabhairt faoi cheird mar oibreoir iompair ar bóthar agus lena n–aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lgh. 51-71)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 a ionchorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2020/1055 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí in earnáil an iompair de bhóthar (IO L 249, 31.7.2020, lgh. 17-32)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme, sa tréimhse ón 4 Nollaig 2011 go dtí an 31 Nollaig 2012, forálacha áirithe Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 lena mbunaítear na rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bhfuiltear le cloí leo chun tabhairt faoi cheird mar oibreoir iompair de bhóthar (An chéad tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe ag Ballstáit maidir le rochtain ar cheird mar oibreoir iompair de bhóthar) (COM(2014) 592 críochnaitheach an 25.9.2014).

Nuashonraithe 09.10.2020

Top