EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Feithiclí faoi thiomáint hidrigine — rialacha cineálcheadaithe

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Ceanglais chineálcheadaithe chun sábháilteacht ghinearálta feithiclí agus cosaint úsáideoirí soghonta bóithre a áirithiú' for an updated information about the subject.

Feithiclí faoi thiomáint hidrigine — rialacha cineálcheadaithe

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Bunaítear ceanglais déantúsaíochta ann maidir le feithiclí faoi thiomáint hidrigine a úsáidtear le paisinéirí agus earraí a iompar agus maidir lena gcomhpháirteanna agus lena gcórais.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do mhonaróirí
    • a thaispeáint go gcloíonn gach feithicil nua faoi thiomáint hidrigine a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís san Aontas Eorpach (AE) agus a gcomhpháirteanna leis an reachtaíocht;
    • an fhaisnéis iomchuí faoi shonraíochtaí na bhfeithiclí agus faoi na coinníollacha tástála a chur ar fáil do na húdaráis formheasa;
    • an fhaisnéis is gá a chur ar fáil sa chás go ndéantar cigireacht ar na comhpháirteanna agus na córais hidrigine le linn seirbhísiú feithiclí.
  • Ní mór do mhonaróirí an méid seo a leanas a chinntiú maidir leis na comhpháirteanna agus na córais hidrigine:
    • go seasfaidh siad dálaí oibriúcháin leictreacha, meicniúla, teirmeacha agus ceimiceacha gan sceitheadh agus gan éirí dífhoirmithe;
    • go bhfuil siad cosanta i gcoinne brúnna ró-ard;
    • go seasfaidh siad go hiontaofa in aghaidh an raoin teochta agus brú a mbeifí ag súil leis ar feadh a saolré;
    • go bhfuil siad deartha ar shlí ina bhféadfar iad a shuiteáil agus a chosaint i gcoinne damáiste.
  • Tá nósanna imeachta tástála sainiúla sa reachtaíocht le haghaidh cineálacha éagsúla coimeádán agus comhpháirteanna hidrigine.
  • Tá an t-údarás ag an gCoimisiún Eorpach chun bearta cur chun feidhme a ghlacadh amhail na rialacha mionsonraithe do na tástálacha éagsúla agus an fhaisnéis nach mór do mhonaróirí a chur ar fáil.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 24 Feabhra 2011.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE (IO L 35, 4.2.2009, lgh. 32-46)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 406/2010 ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2010 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine (IO L 122, 18.5.2010, lgh. 1-107). Rinneadh na leasuithe agus an ceartúcháin chomhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 406/2010 ón gCoimisiún a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 630/2012 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008, maidir le ceanglais chineálcheadaithe le haghaidh mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine agus meascáin de hidrigin agus de ghás nádúrtha i dtaca le hastaíochtaí, agus áireamh faisnéise sonraí i ndáil le feithiclí atá feistithe le gléasra cumhachta leictreach sa doiciméad faisnéise chun críocha chineálcheadú CE (IO L 182, 13.7.2012, lgh. 14-26)

Nuashonraithe 21.03.2016

Top