EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Deimhnithe forlíontacha cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte agus táirgí cosanta plandaí

Deimhnithe forlíontacha cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte agus táirgí cosanta plandaí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 — deimhniú forlíontach cosanta i gcomhair táirgí cosanta plandaí

Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 — deimhniú forlíontach cosanta i gcomhair táirgí cógaisíochta

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN SIN?

  • Foráiltear leo cosaint bhreise do tháirgí sonracha cógaisíochta agus cosanta plandaí paitinnithe atá ceadaithe lena ndíol
  • Tgadh isteach le Rialachán Leasaitheach (AE) 2019/933 tarscaoileadh déantúsaíochta maidir leis an gcosaint a thugtar le deimhniú forlíontach cosanta (SPC)* le haghaidh táirgí cógaisíochta a cheadóidh do chuideachtaí atá bunaithe in AE leagan cineálach nó comhchosúil de leigheas atá faoi chosaint SPC a mhonarú le linn théarma an deimhnithe:
    • lena onnmhairiú chuig margadh neamh-AE; nó
    • lena stoc-charnadh i rith 6 mhí dheireanacha SPC, sula gcuirtear isteach i margadh AE é.
  • Tá an chosaint seo ón Aontas Eorpach ceaptha chun aon éagothromaíochtaí agus easnaimh i gcórais phaitinne náisiúnta táirgí cógaisíochta agus cosanta plandaí a chothromú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Féadfaidh aon táirge cógaisíochta nó cosanta plandaí SPC a fháil, más rud é:
    • go bhfuil sé faoi chosaint ag paitinn náisiúnta (an phaitinn bhunúsach);
    • caithfidh sé údarú náisiúnta nó AE a bheith aige sula bhféadfar é a dhíol (údarú margaíochta); agus
    • nach bhfuil deimhnithe leis cheana féin.
  • Tugann an SPC na cearta céanna leis na cearta a sholáthraítear leis an bpaitinn bunúsach, seachas teorainneacha an tarscaoilte déantúsaíochta a mhínítear thuas.
  • Ní mór an t–iarratas SPC a thaisceadh leis an oifig náisiúnta maoine tionscail ábhartha:
    • laistigh de 6 mhí ón dáta a deonaíodh an phaitinn; nó
    • i gcás ina bhfuarthas an t–údarú chun é a chur ar an margadh sula ndeonaítear an phaitinn bunúsach, laistigh de 6 mhí ón dáta a deonaíodh an phaitinn
  • Tiocfaidh an deimhniú forlíontach cosanta i bhfeidhm nuair a rachaidh an phaitinn bhunúsach in éag, agus beidh sé bailí ar feadh tréimhse suas le 5 bliana. Ní mhairfidh an chosaint fhoriomlán is féidir a fháil faoi phaitinn agus faoin deimhniú forlíontach cosanta níos mó ná 15 bliana ó ndeonfar an chéad údarú margaíochta.
  • Féadfar an SPC a shíneadh uair amháin ar feadh 6 mhí le haghaidh táirgí cógaisíochta do leanaí sa chás ina bhfuil plean imscrúdaithe péidiatraiceach ullmhaithe. Is é 15,5 bliain an chosaint fhoriomlán a sholáthraítear dá réir sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

  • Tá Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 i bhfeidhm ón 8 Feabhra 1997, seachas sna tíortha sin nár cumhdaíodh paitinniúlacht táirgí cosanta plandaí ina ndlí náisiúnta, i gcás go bhfuil sé i bhfeidhm ón 2 Eanáir 1998.
  • Le Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 códaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1768/92 ón gComhairle. Tá sé i bhfeidhm ón 6 Iúil 2009.
  • Tá Rialachán Leasaitheach (AE) 2019/933 i bhfeidhm ón 1 Iúil 2019.

CÚLRA

  • Laghdaítear an tréimhse éifeachtach um chosaint paitinne mar gheall ar an tréimhse idir iarratas a dhéanamh ar phaitinn le haghaidh táirge nua cógaisíochta nó cosanta plandaí agus údarú a fháil chun é a chur ar an margadh. Tá sé mar aidhm ag an SPC an laghdú sin ar chosaint éifeachtach paitinne sna réimsí taighde seo a fhritháireamh chun nuálaíocht a spreagadh agus chun cosc a chur ar na tionscail sin bogadh ar shiúl ó thíortha AE.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Deimhniú forlíontach cosanta: ceart maoine intleachtúla i gcás táirge sonrach a fheidhmíonn mar shíneadh ar phaitinn.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le deimhniú forlíontach cosanta a chruthú i gcomhair táirgí cosanta plandaí (IO L 198, 8.8.1996, lgh. 30-35)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta i gcomhair táirgí íocshláinte (leagan códaithe) (IO L 152, 16.6.2009, lgh. 1-10)

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Rialachán (AE) 2019/933 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta i gcomhair táirgí íocshláinte (IO L 153, 11.6.2019, lgh. 1-10)

Nuashonraithe 10.10.2019

Top