EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Luachanna an Aontais a chur chun cinn agus a chosaint

Luachanna an Aontais a chur chun cinn agus a chosaint

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE)

Airteagal 7 CFAE

Teachtaireacht ón gCoimisiún — An smacht reachta laistigh den Aontas a neartú: Treoirphlean gníomhaíochta

CAD É AIDHM AIRTEAGAIL 2 AGUS 7 CAE, AGUS NA TEACHTAIREACHTA?

  • De réir Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an tAontas Eorpach (AE) fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit AE na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir. In Airteagal 49 CAE, is coinníoll é an gealltanas na luachanna sin a chur chun cinn d’aon tír Eorpach a dhéanann iarratas ar dhul isteach san Aontas agus is réamhriachtanas é chun na cearta agus na hoibleagáidí uile a eascraíonn as na conarthaí agus as an dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh.
  • Is é is aidhm d’Airteagal 7 CAE a áirithiú go n-urramaíonn na Ballstáit uile luachanna coiteanna an Aontais, lena n-áirítear an smacht reachta.
    • Ceadaíonn a sásra coisctheach (Airteagal 7(1) CAE) do Chomhairle an Aontais Eorpaigh rabhadh a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann sula dtagann sárú tromchúiseach chun cinn.
    • Cuireann a sásra smachtbhannaí (Airteagal 7(2) CAE) ar chumas na Comhairle cearta áirithe a eascraíonn as na conarthaí a chur i bhfeidhm ar an mBallstát i dtrácht a chur ar fionraí, lena n-áirítear a chearta vótála sa Chomhairle. Sa chás sin, ní mór an sárú tromchúiseach a bheith fós ann le tamall anuas.
  • Cuirtear i láthair sa teachtaireacht sraith beart chun an smacht reachta san Eoraip a neartú a thuilleadh, ar réamhriachtanas iad chun go mbeidh saoránaigh in ann leas a bhaint as a gcearta faoi dhlí an Aontais agus chun muinín fhrithpháirteach i measc na mBallstát a bhaint astu.

PRÍOMHPHOINTÍ

Teachtaireacht 2019

I dteachtaireacht, a eisíodh i mí Iúil 2019, leagtar amach treoirphlean gníomhaíochta an Choimisiúin Eorpaigh — tionscnaimh nithiúla atá grúpáilte de réir trí théama.

  • Cultúr an smachta reachta a chur chun cinn chun comhar le Comhairle na hEorpa a neartú, lena n-áirítear Coimisiún na Veinéise agus an Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta, mar aon le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile amhail an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.
  • Fadhbanna an smachta reachta a chosc trí thimthriall athbhreithnithe ar an smacht reachta a bhunú, lena n-áirítear tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta lena gcumhdaítear na Ballstáit uile (féach thíos).
  • Freagairt éifeachtach a thabhairt ar sháruithe ar an smacht reachta trí leanúint d’úsáid iomlán a bhaint as cumhachtaí forfheidhmithe an Choimisiúin mar chaomhnóir na gconarthaí, chun a áirithiú go n-urramófar ceanglais dhlí an Aontais a bhaineann leis an smacht reachta. Saothróidh an Coimisiún cur chuige straitéiseach i leith imeachtaí um shárú a bhaineann leis an smacht reachta, ina n-iarrfar nósanna imeachta brostaithe agus bearta eatramhacha nuair is gá sin chun na caighdeáin a forbraíodh i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn.

Cuireann an teachtaireacht le creat chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sistéamacha ar an smacht reachta in aon cheann de na Ballstáit, a ghlac an Coimisiún in 2014. Tá an creat sin comhlántach le nósanna imeachta um shárú a seoladh nuair a sáraíodh dlí an Aontais agus le nós imeachta Airteagal 7 CAE, lena gceadaítear, ag an gceann is déine, cearta vótála a chur ar fionraí sa Chomhairle i gcás ina ndéanann Ballstát sárú tromchúiseach leanúnach ar luachanna an Aontais. Leagtar amach freisin an chaoi a dtéann an Coimisiún i mbun idirphlé leis an mBallstát lena mbaineann chun géarú na mbagairtí sistéamacha ar an smacht reachta a chosc. Agus a mheasúnú ar an gcás á ullmhú aige, is féidir leis an gCoimisiún leas a bhaint as saineolas institiúidí eile de chuid an Aontais agus as saineolas eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

Sásra an smachta reachta

Ag eascairt as an treoirphlean a leagtar amach in 2019, mar chuid den timthriall athbhreithnithe bliantúil ar an smacht reachta, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascálacha bliantúla maidir ar an smacht reachta in 2020, 2021 agus 2022. Is é cuspóir an timthrialla an smacht reachta a chur chun cinn sna Ballstáit uile agus dúshláin a chosc ó theacht chun cinn nó ó dhoimhniú. Dírítear i ngach tuarascáil ar cheithre phríomhghné:

  • córais cheartais (a neamhspleáchas, a gcáilíocht agus a n-éifeachtúlacht);
  • an creat frithéillithe (leagan amach dlíthiúil agus institiúideach, bearta coisctheacha agus diansmachtúla);
  • iolrachas na meán agus saoirse na meán (comhlachtaí rialála, trédhearcacht úinéireachta agus cur isteach rialtais, cosaint iriseoirí); agus
  • saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le seiceálacha agus ceartúcháin (próiseas reachtach, údaráis neamhspleácha, inrochtaineacht, athbhreithniú breithiúnach, eagraíochtaí na sochaí sibhialta).

caibidil do gach Ballstát i ngach ceann de na tuarascálacha agus déantar anailís ar fhorbairtí nua sa tréimhse tuairiscithe mar aon leis an obair leantach ar na dúshláin agus ar na forbairtí a sainaithníodh sa tuarascáil roimhe seo. Ag tosú le tuarascáil 2022, chuir an Coimisiún moltaí faoi bhráid na mBallstát.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal I — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 2 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 17).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal I — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 7 (sean-Airteagal 7 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 19-20).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An smacht reachta laistigh den Aontas a neartú: Treoirphlean gníomhaíochta (COM(2019) 343 final, 17.7.2019).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún — Tuarascáil ar an smacht reachta 2022 — Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach (COM(2022)500 final, 13.7.2022).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún — Tuarascáil ar an smacht reachta 2021 — Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach (COM(2021)700 final, 20.7.2021).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún — Tuarascáil ar an smacht reachta 2020 — Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach (COM(2020)580 final, 30.9.2020).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle — An smacht reachta laistigh den Aontas a neartú tuilleadh — An staid mar atá agus na chéad chéimeanna eile a d’fhéadfadh a bheith ann (COM(2019) 163 final, 3.4.2019).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontais Eorpach — Teideal VI — Forálacha deiridh — Airteagal 49 (sean–Airteagal 49 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 43).

Conclúidí ón gComhairle agus ó na Ballstáit ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le hurraim don smacht reachta ar 16 Nollaig 2014.

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Creat nua AE chun an smacht reachta a neartú (COM(2014) 158 final, 11.3.2014).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le hAirteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Meas agus cur chun cinn na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe (COM(2003) 606 final, 15.10.2003).

Nuashonraithe 13.07.2022

Top