EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí

Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2007/36/CE maidir le feidhmiú ceart áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe

Treoir (AE) 2017/828 lena leasaítear Treoir 2007/36/CE

CAD É AIDHM LEIS NA TREORACHA?

  • Bunaítear leis rialacha lena gcuirtear chun cinn feidhmiú ceart scairshealbhóirí ag cruinnithe ginearálta de chuid cuideachtaí a bhfuil oifigí cláraithe acu in AE agus a ligtear scaireanna isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte in AE.
  • Tá sé mar aidhm le hathbhreithniú 2017 (Treoir (AE) 2017/828) rannpháirtíocht fhadtéarmach scairshealbhóirí a spreagadh chun a áirithiú go ndéanfar cinntí maidir le cobhsaíocht fhadtéarmach cuideachta agus go gcuirfear ceisteanna comhshaoil agus sóisialta san áireamh. Leis an Treoir athbhreithnithe:
    • éascaítear sainaithint agus faisnéis na scairshealbhóirí idir na scairshealbhóirí agus an chuideachta;
    • feabhsaítear maoirseacht luach saothair na stiúrthóirí;
    • rialaítear idirbhearta le páirtithe gaolmhara*; agus
    • tugtar níos mó trédhearcachta isteach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do chuideachta faisnéis a thabhairt do scairshealbhóirí maidir le cruinnithe ginearálta, lena n–áirítear fógra 21 lá, agus ní mór na nósanna imeachta maidir le dáta, suíomh, clár oibre, vótáil agus rannpháirtíocht a liostú ar a láithreán gréasáin.

Ní mór do chuideachtaí faisnéis eile a sholáthar freisin amhail:

  • líon iomlán na scaireanna agus na gceart vótála;
  • doiciméid atá le cur isteach;
  • dréachtrún le haghaidh gach míre den chlár oibre don chruinniú; agus
  • foirmeacha a úsáidfear chun vótáil trí sheachvótáil (nuair a údaraíonn scairshealbhóir duine nó gnólacht eile chun ionadaíocht a dhéanamh ar a son).

Tá an ceart ag scairshealbhóirí chun:

  • míreanna a chur ar chlár na gcruinnithe ginearálta agus rúin a mholadh (má tá sealúchas 5% acu i gcaipiteal na cuideachta);
  • ceisteanna a chur maidir leis na míreanna ar an gclár oibre nach mór don chuideachta freagra a thabhairt orthu; agus
  • páirt a ghlacadh agus vótáil gan teorainneacha seachas an dáta cáilitheach arna shocrú ag cuideachta chun scaireanna a shealbhú.

Ní mór do thíortha AE deireadh a chur le haon srianta ar scairshealbhóirí atá rannpháirteach i gcruinnithe trí mheán leictreonach, agus glacadh le ceapacháin seachvótálaí trí mheán leictreonach. Ní mór do chuideachtaí líon na vótaí do gach rún a chomhaireamh de ghnáth agus na torthaí a fhoilsiú laistigh d’uasmhéid de 15 lá. Féadfaidh tíortha AE rogha a dhéanamh spriocdhátaí níos giorra a shocrú.

Leasaítear le Treoir (AE) 2017/828 Treoir 2007, ag cur cearta breise leis mar a leanas:

  • Cead aighnis a bheith acu ar phá stiúrthóirí
    • Beidh sé de cheart ag scairshealbhóirí vótáil ar bheartas luach saothair stiúrthóra gach 4 bliana ar a laghad.
    • D’fhéadfadh an vóta a bheith ceangailteach nó comhairleach, ag rogha thír an Aontais Eorpaigh.
    • Ba cheart don bheartas tacú le straitéis na cuideachta. Ba chóir go ndéanfaí cur síos ann ar chomhpháirteanna seasta agus athraitheacha phá na stiúrthóirí, lena n–áirítear príomhthréithe an phinsin agus na n–íocaíochtaí atá nasctha le foirceannadh conartha.
    • I gcás luach saothair athraitheach, ba chóir feidhmíocht stiúrthóra a mheasúnú ar chritéir airgeadais agus ar chritéir neamhairgeadais, nuair is infheidhme. Ba chóir a shonrú sa bheartas má tá aisghlámadh nó aon tréimhse iarchurtha nó tréimhse choinneála i bhfeidhm.
    • Beidh sé de cheart ag scairshealbhóirí vótáil ar thuarascálacha luach saothair bliantúla ina soláthraítear faisnéis ar phá stiúrthóirí aonair i rith na bliana airgeadais roimhe sin. Féadfaidh tíortha AE cead a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide plé a dhéanamh ag an gcruinniú ginearálta mar mhalairt ar vóta.
    • Ní mór an beartas luach saothair agus na tuarascálacha a nochtadh go poiblí freisin.
  • Scairshealbhóirí a shainaithint
    • Tá sé de cheart ag cuideachtaí a scairshealbhóirí a shainaithint agus faisnéis a fháil maidir le sainaithint scairshealbhóirí ó aon idirghabhálaí a mbeidh fhaisnéis sin ina seilbh. Ní mór d’idirghabhálaithe (amhail bainc) an fhaisnéis sin a tharchur gan mhoill.
    • Is féidir le tíortha AE tairseach íosta gabháltais 0.5% de scaireanna nó de chearta vótála a chur chun feidhme sular féidir le cuideachta aitheantas scairshealbhóra a iarraidh.
  • Cearta scairshealbhóirí a éascú
    • Tá sé mar aidhm le rialacha nua é a dhéanamh níos éasca do scairshealbhóirí a bhfuil cónaí orthu i dtír eile AE a bheith rannpháirteach i gcruinnithe ginearálta agus vótáil.
    • Ní mór d’idirghabhálaithe feidhmiú ceart scairshealbhóirí, lena n–áirítear an ceart chun páirt a ghlacadh agus vótáil i gcruinnithe ginearálta, a éascú.
    • Ní mór d’idirghabhálaithe an fhaisnéis uile ón gcuideachta a thabhairt do scairshealbhóirí lenar féidir le scairshealbhóirí a gcearta a fheidhmiú i gceart agus an fhaisnéis a fhaightear ó scairshealbhóirí i ndáil le feidhmiú a gceart a tharchur chuig an gcuideachta.
  • Idirbhearta le páirtithe gaolmhara
  • Maidir le haon idirbhirt ábhartha (atá le sainiú ag gach tír AE) idir cuideachta liostaithe agus páirtí gaolmhar:
    • ní mór an t–idirbheart a fhógairt go poiblí;
    • ag brath ar an tír AE, d’fhéadfadh go gcaithfí tuarascáil neamhspleách a fhoilsiú ina meastar má tá an t–idirbheart cothrom agus réasúnach ó dhearcadh na cuideachta agus ó thaobh na scairshealbhóirí eile de;
    • ní mór do na scairshealbhóirí nó don bhord an t–idirbheart a cheadú. D’fhéadfadh go dteastódh ceadú scairshealbhóirí ó thíortha AE freisin.
  • Trédhearcacht d’infheisteoirí institiúideacha, do bhainisteoirí sócmhainne agus do chomhairleoirí seachvótala
    • Ní mór d’infheisteoirí institiúideacha agus do bhainisteoirí sócmhainní beartas maidir le rannpháirtíocht scairshealbhóirí a fhoilsiú, nó míniú a thabhairt ar an bhfáth ar roghnaigh siad gan é sin a dhéanamh. Ní mór dóibh freisin faisnéis a nochtadh go bliantúil ar conas a chuir siad an beartas sin chun feidhme, go háirithe conas a vótáil siad ag vótaí suntasacha.
    • Ceanglaítear ar infheisteoirí institiúideacha míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil príomhghnéithe a straitéise infheistíochta cothromais ag teacht le próifíl agus tréimhse a ndliteanas agus conas a chuireann na gnéithe sin le feidhmíocht mheántéarmach go feidhmíocht fhadtéarmach a gcuid sócmhainní.
    • Ní mór do bhainisteoirí sócmhainní a nochtadh d’infheisteoirí institiúideacha faoi conas a chuidíonn a straitéis infheistíochta agus a cur chun feidhme le feidhmíocht mheántéarmach agus fhadtéarmach shócmhainní an infheisteora institiúidigh nó an chiste.
    • Tá sé d’aidhm le ceanglais bhreise trédhearcachta d’infheisteoirí institiúideacha agus do bhainisteoirí sócmhainní forbairt straitéisí infheistíochta níos fadtéarmaí a chur chun cinn agus tiomantas a thabhairt do na bainisteoirí sócmhainní gníomhú ar mhaithe leis an infheisteoir institiúideach agus lena thairbhithe deiridh ar mhaithe le leas meántéarmach agus fadtéarmach.
    • Tá comhairleoirí seachvótala (a sholáthraíonn taighde, comhairle agus moladh maidir le conas vótáil) faoi réir riachtanais trédhearcachta. Ní mór dóibh tuairisciú ar chur i bhfeidhm an chóid iompair a chuireann siad i bhfeidhm a thuairisc nó a mhíniú don phobal cén fáth nach gcuireann siad cód dá leithéid i bhfeidhm.
  • Le Rialachán cur chun feidhme (AE) 2018/1212 leagtar síos íoscheanglais maidir le:
    • scairshealbhóirí a shainaithint;
    • faisnéis a tharchur; agus
    • feidhmiú chearta na scairshealbhóirí a éascú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHM NA DTREORACHA?

Tá feidhm le Treoir 2007/36/CE ón 3 Lúnasa 2007. Tá rialacha leasaithe Threoir (AE) 2017/828 i bhfeidhm ón 9 Meitheamh 2017 agus b’éigean dlí a dhéanamh dóibh i dtíortha AE faoin 10 Meitheamh 2019.

CÚLRA

Féach freisin:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Idirbheart le páirtithe gaolmhara: idirbheart idir an chuideachta agus duine aonair nó eintiteas dlítheanach eile a raibh nasc aici leis roimhe sin. Samplaí de sin is ea idirbhearta le scairshealbhóirí rialaithe, príomhbhainisteoirí nó cuideachtaí ar leis an ngrúpa céanna iad.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le feidhmiú ceart áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe (IO L 184, 14.7.2007, lgh. 17-24)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2007/36/ CE a chorprú sa bhundoiciméad. Is de luach doiciméadach amháin an leagan comhdhlúite seo.

Treoir (AE) 2017/828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leasaítear Treoir 2007/36/CE a mhéid a bhaineann le spreagadh rannpháirtíocht scairshealbhóirí fadtéarmacha (IO L 132, 20.5.2017, lgh. 1-25)

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1212 ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2018 lena leagtar síos ceanglais íosta lena gcuirtear chun feidhme forálacha Threoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainaithint scairshealbhóirí, tarchur faisnéise agus feidhmiú chearta na scairshealbhóirí a éascú (IO L 223, 4.9.2018, lgh. 1-18)

Nuashonraithe 06.05.2019

Top