EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Foirne comhpháirteacha um imscrúdú

Foirne comhpháirteacha um imscrúdú

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH RÉIME?

Leagtar amach ann rialacha chun foirne comhpháirteacha um imscrúdú (FCIanna)a chur ar bun agus a fheidhmiú. Is é an réasúnaíocht gur féidir leis na FCIanna a bunaíodh ar feadh tréimhse shocraithe i ndiaidh comhaontaithe idir thíortha AE imscrúdú níos éifeachtaí a dhéanamh ar chineálacha áirithe coireachta laistigh den Aontas Eorpach (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Freagairt ba ea an cinneadh réime ar chruinniú de chuid thíortha AE i 1999 inar iarradh go gcuirfí foirne dá leithéid ar bun gan mhoill le drugaí agus gáinneáil ar dhaoine, chomh maith le sceimhlitheoireacht a chomhrac.
  • Déanfar foráil sa Choinbhinsiún Eorpach ar Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla a glacadh i mí na Bealtaine 2000 maidir leis na FCIanna a chur ar bun. I ngeall ar an ráta moill daingnithe, áfach, glacadh an cinneadh réime seo agus tá a chur chun feidhme le bheith curtha i gcrích faoin 1 Eanáir 2003. Scoirfear le héifeacht an chinnidh réime, a luaithe is a chuirfear an coinbhinsiún i bhfeidhm i ngach tír AE.
  • Sa chás go dteastaíonn gníomhaíocht chomhordaithe agus chomhpháirteach d’imscrúdú coiriúil laistigh den Aontas Eorpach, féadfaidh dhá thír AE FCI a chur ar bun. Chun na críche sin, téann údaráis inniúla thíortha ábhartha AE isteach i gcomhaontú ina gcinntear na nósanna imeachta atá le leanúint ag an bhfoireann. Ní mór an fhoireann chomhpháirteach a chur ar bun le haghaidh:
    • cuspóir faoi leith; agus
    • tréimhse theoranta (a fhéadfar a athnuachan le comhaontú gach páirtí lena mbaineann).
  • Cinneann tíortha AE a chuireann an fhoireann ar bun a comhdhéanamh, a cuspóir agus cén fad a bheidh sí ann. Bíonn an fhoireann faoi cheannas duine ó cheann de thíortha AE ina bhfuil an imscrúdú ar siúl. Féadfaidh siad cead a thabhairt chomh maith d’ionadaithe Europol, Eurojust, OLAF agus d’ionadaithe ó thíortha neamh-AE páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na foirne. Ní mór do gach ball den fhoireann a ndualgais a chomhlíonadh laistigh de dhlíthe na tíre ina bhfuil siad ag oibriú.
  • Féadfar FCIanna a chur ar bun le tíortha agus idir tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach chomh maith ar an gcoinníoll go bhfuil bonn dlíthiúil, amhail comhaontú idirnáisiúnta nó reachtaíocht náisiúnta, ann.
  • Ar an 1 Nollaig 2014, chuir an Ríocht Aontaithe in iúl don Choimisiún Eorpach gur mhaith léi páirt a ghlacadh sa chinneadh réime. Dearbhaíodh é sin le Cinneadh 2014/858/AE ón gCoimisiún. Ar an 11 Márta 2016, chuir an Iodáil in iúl don Choimisiún gur chorpraigh sí an cinneadh réime ina dlí náisiúnta. Ciallaíonn sé sin go bhfuil bonn dlíthiúil AE ag tíortha AE eile anois ar a gcuirfear foirne comhpháirteacha um imscrúdú ar bun.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH RÉIME?

Tá sé i bhfeidhm ón 20 Meitheamh 2002. Bhí sé le corprú ag tíortha AE ina ndlí náisiúnta faoin 1 Eanáir 2003.

CÚLRA

  • I Iúil 2005, bunaíodh an gréasán saineolaithe náisiúnta maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú (gréasán FCIanna) chun “Clár na Háige” agus a thiomantas gur cheart do gach tír AE saineolaí náisiúnta a ainmniú “chun úsáid FCIanna a spreagadh agus chun taithí ar an dea-chleachtas a mhalartú” a chur chun feidhme (Doiciméad 11037/05 ón gComhairle).
  • Ó 2005 i leith, tháinig an gréasán FCIanna le chéile uair amháin gach bliain agus ó lár mhí Eanáir 2011 i leith, tá rúnaíocht ag an ngréasán FCIanna — arna óstáil ag Eurojust — a chuireann gníomhaíochtaí an ghréasáin FCIanna chun cinn agus a thacaíonn leis na saineolaithe náisiúnta ina gcuid oibre. Chuige sin, ó bhí 2012 ann, thug rúnaíocht an ghréasáin FCIanna le forbairt foirme a dearadh chun cuidiú le cleachtóirí maidir le measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht FCIanna, lena n-áirítear na torthaí a baineadh amach, na ceisteanna dlíthiúla agus na deacrachtaí praiticiúla a bhí ann. Forbraíodh an chéad leagan den fhoirm um measúnú FCI agus cuireadh ar fáil do chleachtóirí FCI í in Aibreán 2014.
  • Léirítear le líon atá ag dul i méid go leanúnach d’fhoirne comhpháirteacha um scrúdú a bhfuiltear ag cur ar bun gur príomhuirlisí iad lenar féidir imscrúduithe a chomhordú agus go méadaíonn siad an muinín frithpháirteach i measc údaráis forfheidhmiúcháin dlí agus údaráis breithiúnacha AE.
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú (IO L 162, 20.6.2002, lgh. 1-3)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 2014/858/AE ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2014 maidir le fógra ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann dá mian páirt a ghlacadh i ngníomhartha de chuid an Aontais sa réimse um chomhar póilíneachta agus um chomhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla a glacadh sular tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm agus nach bhfuil ina gcuid de Schengen acquis (IO L 345, 1.12.2014, lgh. 6-9)

Nuashonraithe 12.01.2017

Top