EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (PRTR Eorpach)

An Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (PRTR Eorpach)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Bunaítear leis an rialachán an Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (PRTR Eorpach).
  • Is ionann é sin agus bunachar sonraí leictreonach a bhfuil fáil ag an bpobal air de phríomhshonraí comhshaoil ó shaoráidí tionsclaíocha san Eoraip.
  • In 2019, rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 a leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1010/2019 chun na ceanglais tuairiscithe i reachtaíocht um chomhshaol an Aontais Eorpaigh a ailíniú agus a chuíchóiriú. I measc nithe eile, tugtar cumhachtaí leis an rialachán leasaitheach don Choimisiún Eorpach gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina sonraítear cineál, formáid agus minicíocht na faisnéise a thuairisceofar faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006.
  • Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741 tugadh isteach athruithe a bhaineann le PRTR Eorpach de thoradh Rialachán (AE) Uimh. 1010/2019.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá PRTR Eorpach ar fáil don phobal saor in aisce ar an idirlíon. Is féidir an fhaisnéis atá ann a chuardach ag baint úsáid as critéir éagsúla (cineál truailleáin, suíomh geografach, comhshaol atá buailte, saoráid foinsí, etc.).

Ábhar an PRTR Eorpach

  • Tá faisnéis sa chlár maidir le scaoileadh truailleán san aer, san uisce agus sa talamh, chomh maith le haistrithe as an láithreán de thruailleáin a fhaightear i bhfuíolluisce agus i ndramhaíl. Clúdaítear 91 truailleán sa chlár mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, lena n–áirítear gáis cheaptha teasa, miotail throma, lotnaidicídí, agus substaintí orgánacha clóirínithe.
  • Tá sé ceangailte scaoileadh a thuairisciú i gcás go sáraíonn sé tairseach áirithe agus go dtagann sé as ceann de na 65 ghníomhaíocht atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006. Tá formhór na ngníomhaíochtaí sin rialaithe faoi Threoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha chomh maith (féach an achoimre) agus cuimsítear leo, go sonrach, na saoráidí atá clúdaithe sna hearnálacha a leanas:
    • táirgeadh fuinnimh,
    • táirgeadh agus próiseáil miotal,
    • an tionscal mianraí,
    • an tionscal ceimiceán,
    • bainistíocht uisce agus fuíolluisce,
    • táirgeadh agus próiseáil páipéir agus adhmaid,
    • diantáirgeadh beostoic agus dian-dobharshaothrú,
    • táirgí ainmhithe agus glasraí ón earnáil bia agus deochanna, agus
    • gníomhaíochtaí eile e.g. teicstílí a tháirgeadh, súdaireacht.
  • Nuair atá fáil uirthi, soláthraítear faisnéis sa chlár chomh maith maidir le scaoileadh ó fhoinsí idirleata aeir agus ó fhoinsí idirleata uisce.

An dóigh a n-oibríonn PRTR Eorpach

  • Le Rialachán leasaitheach (AE) 2019/1010:
    • ceanglaítear ar oibreoirí gach saoráide tionsclaíche faisnéis a chur chuig a n–údarás náisiúnta inniúil maidir leis na truailleáin a scaoileann agus a aistríonn siad gach bliain. Clúdaítear san fhaisnéis sin truailleáin san aer, san uisce agus sa talamh, chomh maith le haistrithe as an láithreán de thruailleáin a fhaightear i bhfuíolluisce agus i ndramhaíl.
    • ceanglaítear ar thíortha AE ar an leibhéal náisiúnta an fhaisnéis sin a thiomsú agus a sheiceáil;
    • ceanglaítear ar údaráis náisiúnta an fhaisnéis sin a chur trí aistriú leictreonach chuig an gCoimisiún laistigh de 11 mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe;
    • ceanglaítear ar an gCoimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Comhshaoil Eorpach, an fhaisnéis a thuairiscíonn tíortha AE, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, an tSeirbia agus an Eilvéis a chuimsiú sa PRTR Eorpach laistigh de 1 mhí.
  • Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741:
    • sonraítear an fhormáid leictreonach a fhorbróidh tíortha AE don phróiseas tuairiscithe sin, chomh maith leis an bhfaisnéis a chuirfidh tíortha AE ar fáil;
    • mura sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn leis an gcinneadh, bhí an fhaisnéis le cur isteach ar dtús le haghaidh na tréimhse tuairiscithe 2019;
    • ní foláir go bhfaighidh an Coimisiún an fhaisnéis atá in Ailt 1 go 4 den Iarscríbhinn, tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair den bhliain tuairiscithe ina dhiaidh sin;
    • ní foláir go bhfaighidh an Coimisiún an fhaisnéis atá in Ailt 5 go 10 den Iarscríbhinn, tráth nach déanaí ná an 30 Samhain den bhliain tuairiscithe ina dhiaidh sin;
    • ní mór athbhreithniú a dhéanamh uirthi faoin 31 Nollaig 2024 chun measúnú a dhéanamh ar indéantacht an dul chun cinn i dtreo cuspóir sonraí PRTR Eorpaigh a bhí ar fáil don phobal níos luaithe.
  • Leis na leasuithe sin laghdaítear cuimsiú na faisnéise a thuairiscíonn tíortha AE sa PRTR Eorpach ó 16 mhí go 12 mhí, agus ar an tslí sin is féidir leis an bpobal rochtain níos tapa a fháil ar an bhfaisnéis sin.

Rannpháirtíocht phoiblí

Príomhionstraim is ea an rialachán maidir le ceanglais choinbhinsiún Aarhus a sholáthar toisc go gcuirtear deis ar fáil don phobal leis bheith páirteach i gcinnteoireacht.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 24 Feabhra 2006.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE (IO L 33, 4.2.2006, lgh. 1-17)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena mbunaítear formáid agus minicíocht na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil chun críocha tuairiscithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus 96/61/CE (IO L 267, 21.10.2019, lgh. 3-8)

Rialachán (AE) 2019/1010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le hailíniú oibleagáidí tuairiscithe i réimse na reachtaíochta a bhaineann leis an gcomhshaol, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 agus Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/49/CE, 2004/35/CE, 2007/2/CE, 2009/147/CE agus 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 338/97 agus (CE) Uimh. 2173/2005, agus Treoir 86/278/CEE ón gComhairle (IO L 170, 25.6.2019, lgh. 115-127)

Prótacal maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (IO L 32, 4.2.2006, lgh. 56-79)

Cinneadh 2006/61/CE ón gComhairle an 2 Nollaig 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Phrótacal UNECE maidir le Cláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (IO L 32, 4.2.2006, lgh. 54-55)

Nuashonraithe 08.05.2020

Top