EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Truailliú uisce ó fhoinsí talmhaíochta a chomhrac

Truailliú uisce ó fhoinsí talmhaíochta a chomhrac

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 91/676/CEE maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú níotráití ó fhoinsí talmhaíochta

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Dá ngairtear an treoir maidir le níotráití, féachtar léi truailliú uisce ó níotráití, a úsáidtear chun críocha talmhaíochta, a laghdú agus truailliú breise a chosc.
  • Tá sí ina cuid lárnach de chreat–treoir uisce (Treoir 2000/60/CE — féach an achoimre) an Aontais Eorpaigh (AE) agus tá dlúthnasc aici le beartais eile AE lena dtugtar aghaidh ar cháilíocht an aeir, ar an athrú aeráide agus ar thalmhaíocht.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do Bhallstáit AE an méid a leanas a dhéanamh.

  • Na cinn uile a shileann isteach in uiscí nó a bhféadfadh ardleibhéil níotráite nó eotrófú* a bheith iontu a shainiú mar limistéir leochaileacha . Déantar an sainiú sin a athbhreithniú agus b’fhéidir a leasú gach 4 bliana ar a laghad chun athruithe a tharla a chur san áireamh.
  • Cláir gníomhaíochta éigeantaí a chur ar bun le haghaidh na limistéar sin, ina gcuirtear san áireamh na sonraí eolaíochta agus teicniúla atá ar fáil agus na coinníollacha ginearálta comhshaoil.
  • Faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht na gclár gníomhaíochta.
  • an cion níotráite i screamhuisce úr agus in uisce dromchla úr a thástáil ag stáisiúin shamplála, uair sa mhí ar a laghad agus níos minice má tá tuillte ann.
  • Clár uileghabhálach faireacháin a chur i gcrích agus — gach 4 bliana — tuarascáil mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme na treorach a chur isteach. Áirítear leis an tuarascáil faisnéis faoi chriosanna atá i gcontúirt ó níotráití, torthaí an fhaireacháin uisce agus achoimre ar ghnéithe ábhartha na gcód dea–chleachtais feirmeoireachta agus na gclár gníomhaíochta.
  • Cód dea–chleachtais feirmeoireachta a dhréachtú a chuirfidh feirmeoirí i bhfeidhm go deonach. Leagfar dea–chleachtais éagsúla amach sa chód sin, amhail cathain nár cheart leasachán a úsáid.
  • Oiliúint agus faisnéis a chur ar fáil do na feirmeoirí, más iomchuí.

Foilsíonn an Coimisiún Eorpach tuarascáil gach 4 bliana atá bunaithe ar an bhfaisnéis náisiúnta a fhaigheann sé. Téann an tuarascáil is déanaí siar go 2021.

Maolú

Leagtar síos leis an treoir uasteorainneacha maidir leis an méid nítrigine ó aoileach is féidir a chur i bhfeidhm go bliantúil ag 170 kg/ha. I gcás go n–iarrann na Ballstáit amhlaidh, agus ar an gcoinníoll gur féidir leo údar eolaíoch a thabhairt nach mbeidh truailliú níos airde mar thoradh air sin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh (cinntí dá ngairtear maoluithe chun eisceachtaí a cheadú) lena gceadaítear uasteorainneacha nítrigine níos airde ó aoileach a chur i bhfeidhm i limistéar ar leith agus faoi choinníollacha áirithe. Ní dhíolmhaítear leis na maoluithe sin na Ballstáit lena mbaineann ó chuspóirí cáilíochta uisce na treorach, ná ó aon cheann eile dá bearta.

Tá na cinntí um maolú seo a leanas i bhfeidhm faoi láthair:

  • Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/696 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Éirinn — bailí ar feadh 3 bliana, an 31 Nollaig 2025;
  • Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1074 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag an Danmhairg — bailí ar feadh 4 bliana, go dtí an 31 Iúil 2024;
  • Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1325 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann — bailí ar feadh 4 bliana, go dtí an 31 Nollaig 2022;
  • Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1205 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag an mBeilg i ndáil le réigiún Fhlóndras — bailí ar feadh 4 bhliain, go dtí an 31 Nollaig 2022.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 19 Nollaig 1993.

CÚLRA

Is cothaitheach ríthábhachtach í an nítrigin agus cabhraíonn sí le plandaí agus le barra fás. Déanann cionta arda nítrigine dochar do dhaoine agus don dúlra, áfach, agus is féidir le níotráití a úsáidtear i leasacháin orgánacha agus i leasacháin cheimiceacha cur go mór leis an truailliú uisce. An fheirmeoireacht is cúis le breis is 50% den nítrigin iomlán a théann isteach in uiscí dromchla.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Eotrófú. Saibhriú uisce trí chomhdhúile nítrigine, a bhíonn ina chúis le fás luathaithe algaí agus foirmeacha níos airde beatha plandaí, chun suaitheadh neamh–inmhianaithe ar chothromaíocht na n–orgánach atá san uisce agus ar cháilíocht an uisce lena mbaineann a chruthú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lgh. 1-8).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 91/676/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2022/696 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2022 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Éirinn de bhun Threoir 91/676/CEE maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (arna fhógairt faoi dhoiciméad C(2022) 2596) (IO L 129, 3.5.2022, lgh. 37-45).

Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1074 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag an Danmhairg de bhun Threoir 91/676/CEE maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 234, 21.7.2020, lgh. 29-35).

Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1325 ón gCoimisiún an Dé Luain 27 Bealtaine 2019 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann de bhun Threoir 91/676/CEE maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 206, 6.8.2019, lgh. 21-26).

Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1205 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag an mBeilge i ndáil le réigiún Fhlóndras de bhun Threoir 91/676/CEE maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 190, 16.7.2019, lgh. 1-10).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme Threoir 91/676/CEE ón gComhairle maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú níotráití ó fhoinsí talmhaíochta bunaithe ar thuarascálacha Ballstáit don tréimhse 2016-2019 (COM(2021) 1000 final, 11.10.2021).

Nuashonraithe 19.05.2022

Top