EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhchórais chánach: cumaisc, rannta, aistriú sócmhainní, malartú scaireanna agus aistriú oifig chláraithe SE nó SCE

Comhchórais chánach: cumaisc, rannta, aistriú sócmhainní, malartú scaireanna agus aistriú oifig chláraithe SE nó SCE

Cuirtear ar bun faoin treoir seo comhchóras cánach le haghaidh oibríochtaí trasteorann athstruchtúraithe.

ACHT

Treoir 2009/133/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 maidir le comhchóras cánach is infheidhme i ndáil le cumaisc, le rannta, le rannta páirteacha, le haistriú sócmhainní agus le malartú scaireanna a bhaineann le cuideachtaí i mBallstáit éagsúla agus le haistriú oifig chláraithe SE nó SCE ó Bhallstát amháin go dtí Ballstát eile.

ACHOIMRE

Cuirtear an treoir seo i bhfeidhm maidir le:

Na rialacha a bhaineann le cumaisc, le rannta, le rannta páirteacha, le haistriú sócmhainní agus le malartú scaireanna

I gcás cumaisc, roinnte nó roinnte páirtí, ní ghearrtar cáin ar ghnóthachain chaipitiúla - ríomhtar an cháin seo trí thagairt a dhéanamh don difríocht idir luachanna réadacha na sócmhainní agus na ndliteanas a aistrítear agus a luachanna chun críocha cánach - tráth na hoibríochta i dtrácht. Ní ghearrtar cáin ach amháin nuair a bhaintear amach gnóthachain dá leithéid.

Éilítear ar Bhallstáit AE na bearta riachtanacha a dhéanamh lena chinntiú gur féidir forálacha nó cúlchistí atá díolmhaithe go páirteach nó go hiomlán ó cháin a thabhairt anonn ag bunaíochtaí buana na cuideachta glactha, bunaíochtaí atá suite in mBallstát na cuideachta aistrithe.

Leithroinnt urrúis a léiríonn caipiteal na cuideachta glactha nó fála ar scairshealbhóir cuideachta aistrithe nó faighte, níor cheart go ngearrfaí cáin ar ioncam, ar bhrabúis nó ar ghnóthachain chaipitiúla an scairshealbhóra i leith na leithroinnte sin.

Na rialacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le haistriú oifig chláraithe SE nó SCE

Nuair a aistríonn SE nó SCE a oifig chláraithe ó Bhallstát AE amháin go dtí Ballstát AE eile, nó má dhéantar cónaitheoir de i mBallstát AE eile, ní ghearrfar cáin ar ioncam, ar bhrabúis nó ar ghnóthachain chaipitiúla na scairshealbhóirí i leith an aistrithe sin. Ach féadfaidh Ballstáit AE cáin a ghearradh ar ghnóthachan a eascraíonn as na hurrúis a aistriú ina dhiaidh sin a léiríonn caipiteal an SE nó SCE a aistríonn a oifig chláraithe.

Ar an chaoi chéanna, glacfaidh Ballstáit AE le bearta riachtanacha, i gcás ina bhfuil na forálacha nó na cúlchistí, arna gcomhdhéanamh i gceart ag an SE nó SCE sular aistríodh an oifig chláraithe, díolmhaithe go páirteach nó go hiomlán ó cháin agus nach gcinneann siad ó bhunaíochtaí buana thar lear, lena chinntiú gur féidir forálacha nó cúlchistí dá leithéid, lena mbaineann an díolúine chánach chéanna, a thabhairt anonn ag bunaíocht bhuan an SE nó SCE atá suite i gcríoch Ballstáit AE, Ballstát ónar aistríodh an oifig chláraithe.

Aisghairtear Treoir 90/434/CE leis an treoir seo.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2009/133/CE

15.12.2099

-

IO L 310, 25.11.2009, lgh. 34-46

Treoir 2013/13/AE

01.7.2013

-

IO L 141, 28.5.2013, lgh. 30-31

ACHTANNA GAOLMHARA

2012/772/AE : Moladh ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2012 maidir le pleanáil ionsaitheach chánach [IO L 338, 12.12.2012, lgh. 41-43].

Is pleanáil ionsaitheach chánach ann ná leas a bhaint as mionsonraí teicniúla chóras canach nó as neamhréireachtaí idir phéire chóras cánach nó níos mó chun dliteanas cánach a laghdú. Féachtar leis an mholadh Ballstáit AE a spreagadh lena chinntiú nach mbeidh neamhchánachas mar thoradh ar choinbhinsiúin a bhfuil mar aidhm acu cánachas dúbailte a sheachaint agus go nglacfar le comhriail ghinearálta fhrithmhí-úsáide chun gníomhú in aghaidh cleachtais amhail socruithe saorga.

Nuashonrú is déanaí: 21.04.2014

Top