EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comharchumann Eorpach

Comharchumann Eorpach

ACHOIMRE AR:

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN AGUS AN TREOIR SEO?

  • Cuirtear stádas dlíthiúil Comharchumainn Eorpaigh (SCE) ar bun iontu, rud a bhfuil mar aidhm aige cabhrú le comharchumainn a théann i mbun gníomhaíochtaí i roinnt tíortha den Aontas Eorpach (AE).
  • Cuirtear bonn dlíthiúil ar bun iontu freisin do chuideachtaí eile ar mian leo grúpa a chruthú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cur ar bun

Is féidir SCE a chur ar bun:

  • ag cúigear nó ag cúig chuideachta nó níos mó:
    • bunaithe in dhá thír sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE, i.e. AE, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) ar a laghad,
    • faoi dhlí thír AE, agus
    • faoi rialú an dlí in dhá thír éagsúla de chuid AE;
  • trí chumasc idir comharchumainn faoi dhlí thír AE, tír ina bhfuil oifigí cláraithe agus ceannoifigí na gcomharchumann, ar an gcoinníoll go bhfuil dhá cheann díobh nó níos mó á rialú ag dlí thíortha éagsúla de chuid AE;
  • trí chomharchumann a thiontú a cuireadh ar bun faoi dhlí thír AE, a bhfuil a oifig chláraithe agus a cheannoifig in LEE, más rud é go bhfuil gnólacht nó fochuideachta ag an gcomharchumann atá á rialú ag dlí thír AE eile ar feadh dhá bhliain ar a laghad.

D’fhéadfadh tír AE cead a thabhairt do chuideachta, nach bhfuil a ceannoifig in LEE, chun páirt a ghlacadh in SCE a chur ar bun sa chás:

  • go gcuirtear ar bun é faoi dhlí thír AE;
  • go bhfuil oifig chláraithe aige sa tír AE sin;
  • go bhfuil fíornasc leanúnach aige le geilleagar na tíre AE sin.

Caipiteal

Ní mór íosmhéid caipitil de €30000 a bheith ag SCE, á léiriú ag scaireanna na mball. Is féidir “líon teoranta de bhaill infheisteora” a bheith ag SCE. Ní bhaineann siad úsáid as seirbhísí an chomharchumainn agus tá cearta vótála teoranta acu.

Cáin

Tá an stádas cánach céanna ag SCE agus atá ag cuideachta ilnáisiúnta agus, mar sin, ní mór dó cáin a íoc sna tíortha ina bhfuil sé bunaithe go buan.

Oifig chláraithe

Is féidir oifig chláraithe SCE a aistriú chuig tír eile de chuid AE gan SCE a dhíscaoileadh nó cuideachta nua a chruthú. Ní mór don oifig chláraithe agus don cheannoifig a bheith san áit chéanna.

Díscaoileadh, leachtú, dócmhainneacht,agus íocaíochtaí a chur ar fionraí

Is féidir SCE a dhíscaoileadh:

  • trí chinneadh a dhéanamh ag cruinniú ginearálta, go háirithe nuair atá deireadh tagtha leis an tréimhse atá leagtha amach sna rialacha nó nuair atá an caipiteal tite faoin íosleibhéal;
  • nó tríd an gcúirt, mar shampla má aistrítear oifig chláraithe SCE go dtí áit eile lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

I gcás leachtaithe, dócmhainneachta, nó íocaíochtaí a chur ar fionraí, bíonn SCE faoi réir ag dlíthe na tíre ina bhfuil a oifig chláraithe lonnaithe.

Rannpháirtíocht fostaithe

Ní mór socruithe a leagadh amach i ngach SCE maidir le rannpháirtíocht fostaithe (faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirteachas). Agus na socruithe sin á leagadh amach, cuirtear rialacha náisiúnta na tíre ina bhfuil an cheannoifig lonnaithe i bhfeidhm maidir le SCEanna:

  • a chuirtear ar bun go heisiach ag daoine nádúrtha nó ag eintiteas aonair dlíthiúil agus daoine nádúrtha; agus
  • a bhfuil níos lú ná 50 fostaí acu, ar an iomlán, nó a bhfuil 50 fostaí nó níos mó acu in aon tír amháin de chuid AE.

Tuarascáil

Fuarthas i dtuarascáil ón gCoimisiún in 2012, atá bunaithe ar comhairliúchán poiblí, nár bunaíodh mórán SCEanna. Gheall an Coimisiún go n-iarrfaí ar pháirtithe leasmhara cibé an ceart an reacht a shimpliú agus conas ar cheart é sin a dhéanamh.

Ag Comhdháil maidir le hUachtaránacht AE sa Chipir le linn Bhliain Idirnáisiúnta na gComharchumann in 2012, cinneadh nach ndéanfaí an reacht a leasú agus go ndéanfaí iarracht ina ionad a fháil amach cén fáth nár cuireadh SCE i bhfeidhm i gceart ag oibreoirí margaidh.

Grúpa oibre

Cuireadh Grúpa Oibre na gComharchumann ar bun in 2013 chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais shonracha na gcomhfhiontar maidir le raon leathan ceisteanna, amhail creat rialála AE is iomchuí, bacainní a aithint ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnú na gcomharchumann. (Féach an tuarascáil maidir le díospóireachtaí an ghrúpa oibre agus miontuairiscí na gcruinnithe).

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN AGUS AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 18 Lúnasa 2003. Bhí ar thíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 18 Lúnasa 2006.

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 18 Lúnasa 2006.

CÚLRA

Comharchumann Eorpach.

GNÍOMHARTHA

Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 ón gComhairle an 22 Iúil 2003 i ndáil leis an Reacht maidir le Comharchumann Eorpach (SCE) (IO L 207, 18.8.2003, lgh. 1-24)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

Treoir 2003/72/CE ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena bhforlíontar an Reacht maidir le Comharchumann Eorpach i ndáil le rannpháirtíocht fostaithe (IO L 207, 18.8.2003, lgh. 25-36)

Féach an leagan comhdhlúite.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Cur i bhfeidhm Rialacháin (CE) Uimh. 1435/2003 ón gComhairle an 22 Iúil 2003 i ndáil leis an Reacht maidir le Comharchumann Eorpach (SCE) (COM(2012) 72 final an 23.2.2012)

Nuashonraithe 16.03.2016

Top