EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cuideachtaí príobháideacha teoranta aonbhaill

Cuideachtaí príobháideacha teoranta aonbhaill

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/102/CE — dlí na gcuideachtaí maidir le cuideachtaí príobháideacha teoranta aonbhaill

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Cruthaítear léi ionstraim dhlíthiúil lena gceadaítear teorainn ar dhliteanas an fhiontraí aonair laistigh den Aontas Eorpach (AE).
  • Bunaítear léi na rialacha is infheidhme maidir le cuideachtaí príobháideacha teoranta aonbhaill.
  • Códaítear agus aisghairtear léi Treoir 89/667/CEE, an Dara Treoir Déag maidir le Dlí na gCuideachtaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • D’fhéadfadh aonbhall a bheith i gcuideachta de thairbhe gur chruthaigh duine aonair í, nó de thairbhe go dtagann a scaireanna ar fad chun bheith i seilbh duine aonair (cuideachta aonbhaill).
  • I gcás go dtagann cuideachta chun bheith ina cuideachta aonbhaill de bharr gur tháinig a scaireanna chun bheith i seilbh duine aonair, ní mór an fhíric sin, mar aon le haitheantas an aonbhaill, a iontráil i gclár arna choinneáil ag an gcuideachta agus atá inrochtana don phobal nó a thaifeadadh sa chomhad nó a iontráil sa chlár lárnach nó i gclár na gcuideachtaí.
  • Feidhmíonn an t–aonbhall cumhachtaí chruinniú ginearálta na cuideachta. Ní mór cinntí a dhéanfaidh an t–aonball agus conarthaí idir an duine sin agus an chuideachtaí arna gcur i láthair aigesean ó aicisean a thaifeadadh sna miontuairiscí nó a dhréachtú i scríbhinn.
  • I gcás go gceadaíonn tír AE cuideachtaí aonbhaill i gcás cuideachtaí teoranta poiblí chomh maith, beidh feidhm ag na rialacha sa treoir seo.

Rinneadh an treoir a oiriúnú le Treoir 2013/24/AE, lena gcuireadh an Chróit leis an liosta tíortha in Iarscríbhinn I léi i ndiaidh aontachas na tíre sin le ballraíocht AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 21 Deireadh Fómhair 2009. Le Treoir 2009/102/CE códaítear Treoir 89/667/CEE agus a leasuithe ina dhiaidh sin agus gabhann sí in ionad na Treorach sin. B’éigean dlí a dhéanamh de Threoir 89/667/CEE i dtíortha AE faoi 1992.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le dlí cuideachtaí AE, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/102/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 i réimse dhlí na gcuideachtaí maidir le cuideachtaí príobháideacha teoranta aonbhaill (IO L 258, 1.10.2009, lgh. 20-25)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/102/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 03.04.2019

Top