EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sciúradh airgid: cosaint trí chomhar custaim

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach in AE nó ag dul amach as' for an updated information about the subject.

Sciúradh airgid: cosaint trí chomhar custaim

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 — rialuithe ar airgead atá ag teacht isteach in AE nó ag dul amach as

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tá sé mar chomhlánú le rialacha Threoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta laistigh de AE a chosc.

PRÍOMHPHOINTÍ

Oibleagáid um dhearbhú

  • Cuirtear oibleagáid leis an rialachán ar dhuine aonair ar bith a théann isteach i dtír AE nó a fhágann í agus airgead tirim* á iompar acu dar luach EUR 10 000 nó níos mó an tsuim sin a dhearbhú do na húdaráis inniúla*. Ní mór don fhaisnéis a bheith ceart agus iomlán, agus mura mbeidh beidh an dearbhú neamhbhailí.
  • Soláthraítear an dearbhú i scríbhinn, ó bhéal nó ar mhodh leictreonach, a chinnfidh tír AE, agus ní mór faisnéis a bheith ann maidir le:
    • an dearbhóir, lena n–áirítear an t–ainm iomlán, dáta agus áit na breithe agus náisiúntacht;
    • an t-úinéir agus suim agus cineál an airgid thirim;
    • faighteoir beartaithe an airgid thirim;
    • foinse agus úsáid bheartaithe an airgid thirim.
  • Ní mór an fhaisnéis a fhaightear, ón dearbhóir nó mar thoradh ar rialuithe, a thaifeadadh agus a phróiseáil. Cuirtear ar fáil í do na húdaráis atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag dul isteach i dtír AE nó ag teacht amach as tír AE a chomhrac Féadfaidh tíortha AE nó an Coimisiún Eorpach an fhaisnéis a chuirtear ar fáil a chur in iúl do thíortha neamh-AE, faoi réir chead na n–údarás inniúil. Ní mór cloí leis na rialacha náisiúnta agus le rialacha AE maidir le haistriú sonraí pearsanta.
  • Cumhdaítear faoi rúndacht ghairmiúil an fhaisnéis ar fad atá rúnda de réir a cineáil nó a sholáthraítear ar bhonn rúnda. Níl cead í a nochtadh gan cead sainráite an duine nó an údaráis a bheidh á soláthar. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé a bheith mar oibleagáid le dlí ar na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin a nochtadh, mar shampla faisnéis i ndáil le himeachtaí dlíthiúla. I gcás dá leithéid, ní foláir nó go gcloífidh nochtadh nó cumarsáid faisnéise ar bith go hiomlán leis an reachtaíocht um chosaint sonraí atá i réim.

Comhlíonadh maidir leis an oibleagáid um dhearbhú a sheiceáil

  • Féadfaidh oifigigh na n–údarás inniúil comhlíonadh maidir leis an oibleagáid um dhearbhú a sheiceáil trí rialuithe a dhéanamh ar na daoine aonair. Áirítear leis sin rialuithe ar na daoine aonair iad féin, ar a mbagáiste agus ar a modh iompair. Ní mór na rialuithe ar fad maidir leis an reachtaíocht náisiúnta sa réimse sin a chomhlíonadh.
  • Mura gcomhlíonfar an oibleagáid um dhearbhú, féadfar an t-airgead tirim a choinneáil le cinneadh riaracháin i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.
  • Féadfar an fhaisnéis a fhaightear a chur ar fáil do thíortha AE eile, go háirithe i gcás go bhfuil fianaise ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha ann. I gcásanna dá leithéid, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 515/97 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin thíortha AE agus comhar idir AE agus an Coimisiún lena áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart. I gcás nach bhfuil comharthaí ar bith ann go ndearnadh dochar do leasanna airgeadais AE, ní mór an fhaisnéis a tharchur chuig an gCoimisiún.
  • I gcás go ndealraítear leis na rialuithe go bhfuil an duine aonair ag dul isteach in AE nó ag teacht amach as le suimeanna níos lú ná EUR 10 000 agus i gcás go bhfuil fianaise ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha ann a bhaineann le gluaiseacht airgid thirim, féadfar an fhaisnéis sin a thaifeadadh agus a phróiseáil chomh maith.

Pionóis

Faoin 15 Meitheamh 2007, ceanglaíodh ar thíortha AE pionóis éifeachtacha agus chomhréireacha a thabhairt isteach ar díspreagadh iad i gcás nach gcomhlíonfar an oibleagáid um dhearbhú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 15 Meitheamh 2007.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Airgead tirim: cumhdaítear faoi airgeadra (nótaí bainc agus boinn), ach cumhdaítear faoi chomh maith ionstraimí airgeadaíochta eile amhail seiceanna, nótaí gealltanais, orduithe airgid, etc.
Údaráis inniúla: údaráis chustaim thíortha AE nó údaráis ar bith eile atá cumhachtaithe ag tíortha AE chun an rialachán seo a chur i bhfeidhm.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le rialuithe ar airgead tirim a thagann isteach sa Chomhphobal nó a imíonn as (IO L 309, 25.11.2005, lgh. 9-12)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin thíortha AE agus comhar idir AE agus an Coimisiún lena áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lgh. 1–16)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.

Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lgh. 73-117)

Féach an leagan comhdhlúite.

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an measúnú ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a théann i gcion ar an margadh inmheánach agus a bhaineann le gníomhaíochtaí trasteorann (COM(2017) 340 críochnaitheach, 26.6.2017)

Nuashonraithe 06.12.2017

Top