EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhchuibhiú teicniúil domhanda feithiclí

Comhchuibhiú teicniúil domhanda feithiclí

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 97/836/CE — aontachas an Chomphobail Eorpaigh le Comhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le glacadh saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha d’fheithiclí rothacha, do threalamh agus do pháirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus na coinníollacha maidir le ceadanna arna ndeonú ar bhonn na saintreoracha sin a aithint go frithpháirteach (“Comhaontú Leasaithe 1958”)

Cinneadh 2000/125/CE — tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i dtaca le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú d’fheithiclí rothacha, do threalamh agus do pháirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“Comhaontú Comhthreomhar”)

Comhaontú i dtaca le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú d’fheithiclí rothacha, do threalamh agus do pháirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ?

  • Le Cinneadh 97/836/CE tugtar údarú do AE chun ballraíocht a ghlacadh i gcomhaontú 1958 Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip lena gcomhchuibhítear caighdeáin theicniúla le haghaidh feithiclí rothacha*, a dtrealaimh nó páirteanna. Is é an aidhm fáil réidh le bacainní teicniúla ar thrádáil mótarfheithiclí idir tíortha a chláraigh leis an gcomhaontú.
  • Le Cinneadh 2000/125/CE tugtar cead AE i leith comhaontú comhthreomhar, a tugadh i gcrích i mí an Mheithimh 1998. Is é an aidhm rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú maidir le sábháilteacht, cosaint an chomhshaoil, éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht frithghadaíochta le haghaidh feithiclí, trealaimh agus páirteanna.
  • Le rannpháirtíocht AE sa dá chomhaontú áirithítear comhsheasmhacht ina ngníomhaíochtaí éagsúla um chomhchuibhiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir le Cinneadh 97/836/CE

  • liostaítear ann rialacháin Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (os cionn 100) a chuirfidh AE chun feidhme. Tá raon ann ó cheannsoilse agus coscáin go criosanna sábhála agus feistis frithghadaíochta;
  • sonraítear ann go bhféadfaidh AE aistarraingt ó rialachán nó clárú le rialachán mar is mian leis;
  • leagtar amach ann na socruithe praiticiúla maidir le rannpháirtíocht AE in obair Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip, maidir le rialacháin agus tosaíochtaí úra do chlár oibre na heagraíochta;
  • dearbhaítear ann go bhféadfaidh tíortha AE a chláraíonn le rialacháin na Náisiún Aontaithe, nach bhfuil AE ina iomláine ina pháirtí iontu, iad a chur i bhfeidhm ar an gcoinníoll nach bhfuil siad neamh-chomhoiriúnach le reachtaíocht AE maidir le cineálcheadú* le haghaidh mótarfheithiclí.

Maidir le comhaontú 1958 Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip:

  • bunaítear leis coiste riaracháin ina bhfuil ionadaithe ó na tíortha sínithe ar fad chun rialacháin theicniúla a sholáthar i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna;
  • leagtar síos leis comhdhéanamh agus rialacha nós imeachta an choiste riaracháin:
    • teastaíonn go mbeidh leath de na ballstáit i láthair le haghaidh córaim;
    • teastaíonn tromlach dhá thrian chun rialachán úr a fhaomhadh nó leasú a ghlacadh;
    • tagann rialachán i bhfeidhm gach 6 mhí tar éis a ghlacadh, mura n–easaontaíonn os cionn trian amháin de na baill;
  • leagtar síos ann go gcumhdaítear an méid seo a leanas sna rialacháin:
    • feithiclí rothacha, trealamh agus páirteanna;
    • ceanglais theicniúla;
    • modhanna tástála le haghaidh ceanglais feidhmíochta;
    • coinníollacha maidir le cineálcheadú a dheonú;
    • dáta theacht i bhfeidhm;
  • leagtar amach ann na nósanna imeachta lena áiritheofar go gcomhlíonfaidh feithiclí agus páirteanna na caighdeáin riachtanacha sula ngeofar cineálcheadú ina leith;
  • féadfaidh tíortha sínithe cineálcheadú a dheonú leis le haghaidh feithiclí, trealaimh agus páirteanna a chomhlíonann rialacháin éagsúla agus dearbhaítear leis go gcaithfidh siad na cinn a eisíonn a gcomhpháirtithe a ghlacadh;
  • ceanglaítear leis go ndéanfar díospóidí ar bith idir na baill a réiteach trí idirbheartaíocht agus, má theipeann air sin, trí eadráin.

Maidir leis an gComhaontú Comhthreomhar:

  • bunaítear leis coiste feidhmiúcháin chun an comhaontú a chur chun feidhme;
  • leagtar amach na critéir ann atá le comhlíonadh leis na rialacháin theicniúla;
  • soláthraítear ann 2 nós imeachta, in aonad aitheantas frithpháirteach an chórais chineálcheadaithe, chun rialacháin theicniúla dhomhanda a chomhaontú:
    • lena gcomhchuibhítear rialacháin nó caighdeáin náisiúnta reatha atá cuimsithe i gcuasach mar iarrthóirí ar chomhaontú domhanda;
    • lena ndréachtaítear rialacháin úra a liostálfaí i gclárlann dhomhanda;
  • dearbhaítear leis go ndéanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht ar son AE maidir le:
    • rialacháin theicniúla dhomhanda a ghlacadh agus fógra a thabhairt ina leith;
    • páirt a ghlacadh i réiteach díospóidí;
    • an comhaontú a leasú.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Rinneadh páirtí conarthach de AE i gconradh 1958 an 24 Márta 1998.

Tháinig comhaontú comhthreomhar 1998 i bhfeidhm an 25 Lúnasa 2000.

CÚLRA

Cuireann an 2 chomhaontú le haidhmeanna chomhbheartas tráchtála AE trí dheireadh a chur leis na bacainní teicniúla ar an trádáil agus trí rochtain ar mhargaí neamh-AE a éascú.

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Feithicil rothach: feithicil a ghluaiseann ar rothaí agus ina bhfuil coimeádán de ghnáth chun daoine nó rudaí a iompar.
Cineálcheadú: an próiseas a chuireann na húdaráis náisiúnta i bhfeidhm lena dheimhniú go gcomhlíonann leagan feithicle ceanglais uile AE maidir le sábháilteacht, comhshaol agus comhréireacht táirgthe sula n–údaraíonn sé iad a chur ar mhargadh AE.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 ag féachaint le haontachas an Chomphobail Eorpaigh le Comhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le glacadh saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha d’fheithiclí rothacha, do threalamh agus do pháirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus na coinníollacha maidir le ceadanna arna ndeonú ar bhonn na saintreoracha sin a aithint go frithpháirteach (“Comhaontú 1958 leasaithe”) (IO L 346, 17.12.1997, lgh. 78-94)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 97/836/CE a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i dtaca le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú d’fheithiclí rothacha, do threalamh agus do pháirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“Comhaontú Comhthreomhar”) (IO L 35, 10.2.2000, lgh. 12-13)

Féach an leagan comhdhlúite.

Comhaontú i dtaca le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú d’fheithiclí rothacha, do threalamh agus do pháirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha — Comhdhéanamh agus rialacha nós imeachta an choiste feidhmiúcháin (IO L 35, 10.2.2000, lgh. 14-27)

Nuashonraithe 23.07.2019

Top