EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Scrúduithe éigeantacha ar bháid farantóireachta tiomána isteach, tiomána amach agus árthaí paisinéirí ardluais gnácha

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Sábháilteacht long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais' for an updated information about the subject.

Scrúduithe éigeantacha ar bháid farantóireachta tiomána isteach, tiomána amach agus árthaí paisinéirí ardluais gnácha

ACHOIMRE AR:

Threoir 1999/35/CE — córas suirbhéanna éigeantacha chun seirbhísí bád farantóireachta tiomána isteach, tiomána amach agus árthaí paisinéirí ardluais gnácha a oibriú go sábháilte

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR SEO?

Foráiltear sa treoir seo gur cheart suirbhéanna éigeantacha a dhéanamh ar na báid farantóireachta tiomána isteach, tiomána amach* agus árthaí paisinéirí ardluais gnácha a úsáideann calafoirt an Aontais Eorpaigh (AE), chun a áirithiú go gcloíonn siad leis na caighdeáin sábháilteachta is infheidhme.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Cuirtear an reachtaíocht i bhfeidhm ar na báid farantóireachta tiomána isteach, tiomána amach agus árthaí paisinéirí ardluais a úsáideann calafoirt AE, beag beann ar an mbratach atá ar foluain acu, nuair a théann siad ar thurais idirnáisiúnta nó intíre.
  • Ní mór a áirithiú i dtíortha AE, sula gcuirtear tús le seirbhís:
    • go bhfuil deimhnithe bailí fíoraithe ag na báid farantóireachta agus árthaí;
    • go gcloíonn siad leis na caighdeáin ábhartha aicmithe;
    • go bhfuil siad feistithe le taifeadán sonraí turais;
    • go gcloíonn siad le ceanglais sonracha cobhsaíochta.
  • Na cuideachtaí a bhfuil seirbhísí á n-oibriú acu, bíonn orthu a áirithiú go bhfuil bearta, amhail faisnéis faoi threoirchórais loingseoireachta ar an gcladach, ar fáil ar bord na n-árthaí.
  • Bíonn ar thíortha AE:
    • iniúchadh tosaigh a dhéanamh sula gcuirtear tús le seirbhís ghnách chun a áirithiú go bhfuil na caighdeáin riachtanacha sábháilteachta á gcomhlíonadh;
    • iniúchtaí a dhéanamh ina dhiaidh sin dhá uair sa bhliain agus i ndiaidh deisiúchán nó nuair a thagann athrú ar an lucht bainistíochta, agus ceann den dá iniúchadh bhliantúla a dhéanamh le linn gnáthsheirbhíse;
    • oibriú árthaigh a chosc mura gcloíonn an t-árthach sin leis na caighdeáin sábháilteachta;
    • i gcás timpiste nó taismeach a bhaineann le hárthach atá cumhdaithe ag an treoir seo, comhoibriú le haon tír a bhfuil suim thábhachtach ag a húdaráis san imscrúdú.

Féachtar sa reachtaíocht ghaolmhar maidir le rialú Stáit ar chalafoirt le seachadadh faoi bhun chaighdeáin in AE a chosc. Bíonn ar na hárthaí go léir cloí le caighdeáin sábháilteachta AE agus idirnáisiúnta, mar atá sonraithe sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS) mar shampla.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 1 Meitheamh 1999. Bhí ar thíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 1 Nollaig 2000.

PRÍOMHTHÉARMA

* bád farantóireachta tiomána isteach, tiomána amach: árthach paisinéirí farraige atá feistithe chun ligean d’fheithiclí bóthair nó iarnróid tiomáint isteach agus tiomáint amach, a bhfuil breis is 12 phaisinéir á n-iompar aige.

GNÍOMH

Treoir 1999/35/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir le córas suirbhéanna éigeantacha chun seirbhísí bád farantóireachta tiomána isteach, tiomána amach agus árthaí paisinéirí ardluais gnácha a oibriú go sábháilte (IO L 138, 1.6.1999, lgh. 1-19)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Threoir 1999/35/CE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lgh. 57-100). Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 19.04.2016

Top