EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Úsáid shábháilte as fóin phóca ar aerárthaí

Úsáid shábháilte as fóin phóca ar aerárthaí

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2008/294/CE — na coinníollacha maidir le húsáid speictrim chun seirbhísí cumarsáide móibíleacha a fheidhmiú ar aerárthaí (seirbhísí MCA)

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH SEO?

  • Leagtar síos rialacha coiteanna ann maidir le húsáid shábháilte fón póca ar aerárthaí (seirbhísí MCA) d’fhonn ligean d’aerphaisinéirí glaonna a dhéanamh agus teachtaireachtaí a sheoladh agus a fháil (mód GSM) fad is atá siad ag eitilt os cionn na hEorpa.
  • Leasaíodh é ina dhiaidh sin le Cinneadh 2013/654/AE chun go mbeifí ábalta fearais mhóibíleacha paisinéirí a nascadh le glacadóir/tarchuradóir aerárthaigh trí theicneolaíocht teileachumarsáide móibílí 3G agus 4G. Leis sin bítear in ann seirbhísí leathanbhanda, amhail rochtain Idirlín a úsáid, ar aerárthaí a bhfuil an fearas MCA orthu.

PRÍOMHPHOINTÍ

Braitheann an chreatlach ghinearálta maidir le fóin phóca a úsáid ar aerárthach ar dhá thoisc:

Beidh an ceadúnas arna sheachadadh ag tír amháin a bhaineann le comhlíontacht an trealaimh MCA bailí i ngach tír AE. Leis sin beifear in ann seirbhísí MCA a sholáthar gan bhriseadh d’aerphaisinéirí thar chríoch iomlán AE.

Scóip

  • Ní bhaineann an cinneadh sin ach leis na ceanglais theicniúla a theastaíonn le haghaidh an naisc idir fearais mhóibíleacha na bpaisinéirí féin agus glacadóir/tarchuradóir an aerárthaigh atá suiteáilte laistigh de chábán na bpaisinéirí.
  • Ní rialaíonn sé an chaoi a seoltar an comhartha idir an t-aerárthach agus an talamh ná aon cheist ceadúnaithe, tráchtálaaerloingseoireachta.
  • Níl gá le suiteáil an chórais MCA ach amháin má tá sé i gceist ag an aerlíne seirbhísí MCA a sholáthar i gcás den sórt sin is féidir leis an aerlíne a chinneadh cibé, ar mhaithe le compord agus príobháideacht na bpaisinéirí, an gceadóidh siad díreach seirbhísí sonraí nó glaonna gutha freisin.

Feidhmiú

  • Tá fearais mhóibíleacha paisinéirí nasctha le líonra ceallach ar bord (stáisiún trasghlacadóra i gcomhair bunáit aerárthaigh), atá dá réir sin i mbun cumarsáide leis an domhan, de ghnáth le satailít.
  • D’fhonn cosc a chur ar fhóin aerphaisinéirí ó bheith ag cur isteach ar líonra cumarsáide raidió trastíre, ní féidir an córas a chur i ngníomh ach amháin nuair atá an t-aerárthach os cionn 3,000m/10,000tr ar airde.
  • Idir leibhéal na talún agus 3,000m, ní mór na teirminéil mhóibíleacha a choinneáil i mód eitilte.
  • Os cionn 3,000m, cuirfidh an criú paisinéirí ar an eolas in aerárthach ina bhfuil an trealamh MCA gur féidir leo é a aistriú go dtí an “gnáthmhód” agus glaonna a dhéanamh agus a fháil, etc. díreach mar a dhéanfaidís ar an talamh.
  • Soláthraítear an tseirbhís fánaíochta ar tháille a chinneann an aerlíne agus/nó an soláthraí seirbhíse teileachumarsáide

Sábháilteacht

Sula gceadaítear iad a shuiteáil ar bord aerárthaigh, ní mór do gach comhbhall deimhniú aeracmhainneachta a fháil arna sheachadadh ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta. Dá bhrí sin, tá an córas MCA sábháilte ó thaobh na haerloingseoireachta de.

Féadfaidh tíortha AE srianta teicniúla a ghearradh ionas nach gcuirfear isteach agus nach suaitear na gréasáin teileachumarsáide trastíre de bharr comharthaí a sheoltar chuig fearais mhóibíleacha aerphaisinéirí agus uathu.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 7 Aibreán 2008.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

GNÍOMH

Cinneadh 2008/294/CE an 7 Aibreán 2008 ón gCoimisiún maidir le coinníollacha comhchuibhithe d’úsáid speictrim le haghaidh feidhmiú seirbhísí cumarsáide móibíleacha ar aerárthaí (seirbhísí MCA) sa Chomhphobal (IO L 98, 10.4.2008, lgh. 19-23)

Tá leasuithe leanúnacha ar Threoir 2008/294/CE ionchorpraithe sa bhuntéacs. Is luach doiciméadach amháin atá ag an leagan comhdhlúite.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Moladh ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2008 maidir le seirbhísí cumarsáide móibíleacha ar aerárthaí a údarú (seirbhísí MCA) sa Chomhphobal Eorpach (arna fhógairt faoi uimhir doiciméid C(2008) 1257) (IO L 98, 10.4.2008, lgh. 24-27)

Nuashonraithe 28.06.2016

Top