EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dea-chleachtas saotharlainne: tástálacha ar shubstaintí ceimiceacha

Dea-chleachtas saotharlainne: tástálacha ar shubstaintí ceimiceacha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán 2004/10/CE — rialacha maidir le prionsabail an dea-chleachtais saotharlainne a chur i bhfeidhm agus maidir le fíorú ar a gcur i bhfeidhm i dtaca le tástálacha ar shubstaintí ceimiceacha

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Códaítear léi reachtaíocht AE maidir le prionsabail an dea-chleachtais saotharlainne a chur i bhfeidhm agus maidir le fíorú ar a gcur i bhfeidhm i dtaca le tástálacha ar shubstaintí ceimiceacha agus aisghairtear léi Treoir 87/18/CEE.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ceanglaítear leis an treoir ar thíortha AE na bearta uile is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcomhlíonann na saotharlanna ina ndéantar tástálacha ar tháirgí ceimiceacha, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus a meascán, prionsabail an dea-chleachtais saotharlainne arna leagan síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoir.
  • Tá feidhm aici chomh maith i gcás go ndéantar foráil i rialacha eile AE i leith chur chun feidhm phrionsabail an dea-chleachtais saotharlainne i dtaca le tástálacha ar tháirgí ceimiceacha chun measúnú a dhéanamh ar a sábháilteacht do shláinte an duine agus/nó don chomhshaol.
  • Déantar na tástálacha ar tháirgí ceimiceacha chun sonraí a fháil faoina n-airíonna agus faoina sábháilteacht i dtaca le sláinte an duine agus leis an gcomhshaol.
  • Agus torthaí á gcur isteach acu, ní mór do shaotharlanna a dheimhniú go ndearna na tástálacha i gcomhréir le prionsabail an dea-chleachtais saotharlainne.
  • Ní mór do thíortha AE na bearta is gá a ghlacadh chun comhlíonadh phrionsabail an dea-chleachtais saotharlainne a fhíorú, lena n-áirítear, go sonrach, cigireachtaí agus seiceálacha a dhéantar i gcomhréir le prionsabail ábhartha na hEagraíochta um Chomhar Eacnamaíochta agus Forbartha.
  • Ní dhéanfaidh tíortha AE, ar fhorais a bhaineann le prionsabail an dea-chleachtais saotharlainne, cur ar an margadh táirgí ceimiceacha a thoirmeasc, a shrianadh nó a bhacadh, má chomhlíonann na prionsabail atá curtha i bhfeidhm ag na saotharlanna lena mbaineann an treoir seo.
  • Féadfaidh tír AE cosc sealadach a chur ar chur ar an margadh táirge cheimicigh ar a críoch nó é a chur faoi réir coinníollacha speisialta, i gcás go dtaispeántar le cur i bhfeidhm phrionsabail an dea-chleachtais saotharlainne agus le fíorú a gcur chun feidhme i dtaca le tástálacha ar shubstaintí ceimiceacha, cé gur scrúdaíodh é i gcomhréir le ceanglais na treorach, go bhfuil sé contúirteach do shláinte an duine nó don chomhshaol.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhme léi ón 11 Márta 2004. Le Treoir 2004/10/CE códaítear Treoir 87/18/CEE agus a leasuithe ina dhiaidh sin agus cuirtear in ionad na Treorach sin í. B’éigean dlí a dhéanamh de Threoir bhunaidh 87/18/CEE i dtíortha AE faoin 30 Meitheamh 1988.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2004/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhchuibhiú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le prionsabail an dea-chleachtais saotharlainne a chur i bhfeidhm agus maidir le fíorú a gcur i bhfeidhm ar thástálacha ar shubstaintí ceimiceacha (leagan códaithe) (IO L 50, 20.2.2004, lgh. 44-59)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir Uimh. 2004/10/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lgh. 1-1355).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lgh. 1-849). Téacs arna athfhoilsiú mar cheartúchán (IO L 136, 29.5.2007, lgh. 3-280)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2004/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le hiniúchadh agus fíorú am dea-chleachtais saotharlainne (Leagan códaithe) (IO L 50, 20.2.2004, lgh. 28-43)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 06.09.2018

Top