EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Trealamh cosanta pearsanta

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Trealamh cosanta pearsanta sábháilte d’úsáideoirí a chinntiú' for an updated information about the subject.

Trealamh cosanta pearsanta

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 89/686/CEE — Trealamh cosanta pearsanta

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Cumhdaítear ann trealamh cosanta pearsanta (TCP). Leagtar síos inti na coinníollacha lena rialaítear a chur ar an margadh agus a shaorghluaiseacht laistigh den Aontas Eorpach (AE), agus na buncheanglais lena bhfuil TCP le cloí chun an tsláinte a chosaint agus sábháilteacht úsáideoirí a chinntiú.
  • Ceanglaítear léi ar thíortha AE bearta a ghlacadh lena chinntiú go bhfuil an tsláinte á cosaint agus sábháilteacht úsáideoirí á cinntiú le TCP a chuirtear ar an margadh, gan dochar do shláinte ná do shábháilteacht daoine, ainmhithe clóis nó earraí eile.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sainmhíniú agus raon feidhme

Gaireas nó fearas ar bith is ea TCP:

  • atá ceaptha lena chaitheamh nó lena iompar ag duine ar mhaithe le cosaint a fháil ar riosca amháin nó níos mó maidir le sláinte nó le sábháilteacht (e.g. spéaclaí gréine);
  • atá ceaptha ar mhaithe le húsáid ghairmiúil agus phríobháideach araon (amhail úsáid spóirt, caitheamh aimsire nó tí)

Níl feidhm ag an treoir maidir leo seo a leanas:

  • TCP atá cumhdaithe cheana faoi threoir eile lena bhfuil na cuspóirí céanna is atá leis an treoir seo maidir le cur ar an margadh, saorghluaiseacht earraí agus sábháilteacht;
  • TCP a cheaptar agus a mhonaraítear lena úsáid sna fórsaí armtha nó le cúrsaí dlí agus oird a chaomhnú;
  • TCP le haghaidh féinchosanta;
  • TCP atá ceaptha chun daoine atá ar bháid nó ar aerárthaí, agus nach gcaitear an t-am ar fad é, a chosaint nó a tharrtháil;
  • Clogaid agus scáthláin atá ceaptha dóibh siúd a mbíonn mótarfheithiclí dhá nó trí roth á n-úsáid acu.

Ceanglais riachtanacha

  • Tá ceapadh agus monarú TCP faoi réir ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta.
  • Is iad seo a leanas na ceanglais riachtanacha nach mór cloí leo agus TCP á mhonarú agus sula gcuirtear ar an margadh é:
    • ceanglais ghinearálta a bhaineann le gach cineál TCP;
    • ceanglais bhreise a bhaineann go sonrach le cineálacha áirithe TCP (e.g. is gá dáta monaraithe a chur le TCP atá faoi réir dhul in aois sa chás go dtéann aois i bhfeidhm ar a fheidhmíocht);
    • ceanglais bhreise a bhaineann go sonrach le rioscaí faoi leith (e.g. áiseanna snámhachta – i ndálaí beartaithe úsáide, ní féidir srian a chur ar shaoirse úsáideoirí gluaiseacht leis an TCP seo ach ní mór dóibh bheith ábalta snámh nó gníomh a dhéanamh le héalú ó chontúirt nó daoine eile a tharrtháil leis).

Caighdeáin chomhchuibhithe

  • Déanann comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha a dhréachtú ar bhonn na gceanglas riachtanach. Is iad na comhlachtaí sin an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec).
  • I gcás TCP ar bith a mhonaraítear i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, glactar leis go gcloíonn sé le ceanglais riachtanacha na gcaighdeán lena mbaineann.

Measúnú comhréireachta agus comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh

  • Is orthu seo a leanas atá an fhreagracht as measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht TCP maidir le ceanglais riachtanacha agus rialacha eile na treorach seo:
    • na comhlachtaí a dtugann tíortha AE fógra dóibh de réir íoschritéar áirithe um measúnú;
    • nó na monaróirí iad féin.

Dearbhú comhréireachta agus an marc CE

Ní chuirfidh tíortha AE cosc, srian ná bac ar chur ar an margadh nó ar chur i seirbhís TCP ar a bhfuil an marc CE sa chás:

  • go bhfuil an monaróir ábalta dearbhú comhréireachta CE a thabhairt ina leith;
  • maidir le TCP a chuireann cosaint ar fáil i gcoinne rioscaí beaga, go dtaispeánann an monaróir an chomhréireacht é féin leis an dearbhú comhréireachta CE;
  • gur cheart go mbeadh gach TCP eile a bheith faoi réir scrúdú cineáil CE* arna dhéanamh ag comhlacht a dtugtar fógra dó;
  • go bhfuil roinnt earraí TCP a chuireann cosaint ar fáil i gcoinne rioscaí an-tromchúiseach faoi réir nós imeachta chomh maith ina ndírítear ar chomhréireacht cineál táirgthe, amhail trealamh riospráide, a chinntiú. Teastaíonn deimhniú um scrúdú cineáil CE le haghaidh TCP dá leithéid chomh maith le
    • monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar chomhlíonadh trí iniúchtaí lena chinntiú go bhfuil córais bainistíochta cáilíochta i bhfeidhm chun táirge a dhéanamh comhlíontach
    • nó samplaí a chur ar fáil gach bliain do thástáil ar chomhlíonadh.

An monaróir nó a ionadaí atá bunaithe in AE a cheanglaíonn an marc comhréireachta CE.

Aisghairm

Déanfar Treoir 89/686/CEE a aisghairm le Rialachán (AE) 2016/425 agus cuirfear ina hionad é le héifeacht ón 21 Aibreán 2018.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 1991. Tá sé i bhfeidhm ón 1 Iúil 1992.

CÚLRA

Tá an treoir seo forlíonta le treoracha maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe, go sonrach Treoir 89/656/CEE maidir le húsáid TCP ag oibrithe ag an láthair oibre.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Scrúdú cineáil: nuair a dhearbhaíonn agus a dheimhníonn comhlacht cigireachta go gcomhlíonann an tsamhail TCP lena mbaineann forálacha ábhartha na treorach seo.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 89/686/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i dtaca le trealamh cosanta pearsanta (IO L 399, 30.12.1989, lgh. 18–38)

Tá leasuithe leantacha ar Threoir 89/686/CEE curtha san áireamh sa bhuntéacs. Is do thagairt amháin an leagan comhdhlúite seo.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena aisghairtear Treoir 89/686/CEE (IO L 81, 31.3.2016, lgh. 51–98)

Nuashonraithe 20.09.2016

Top