EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aitheantas frithpháirteach i margadh aonair AE

Aitheantas frithpháirteach i margadh aonair AE

ACHOIMRE AR:

COM(1999) 299 deiridh - Aitheantas frithpháirteach i margadh aonair AE

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?

Mínítear inti an tábhacht a bhaineann le haitheantas frithpháirteach — ceann de na príomhphrionsabail lena gcuirtear taca faoin margadh aonair. Cumasaítear léi saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí ar fud AE gan gá a bheith leis an reachtaíocht náisiúnta a chomhchuibhiú. Sainítear fadhbanna sa teachtaireacht ina chur chun feidhme agus bealaí inar féidir dul i ngleic leo sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ciallaíonn an prionsabal gur féidir táirge ar bith a dhíoltar go dleathach i dtír AE amháin a dhíol i gceann eile, fiú mura gcloíonn sé lena rialacha teicniúla ar fad — ach amháin i gcúinsí diansainithe.

Tugtar chun suntais na fadhbanna seo a leanas sa teachtaireacht:

easnamh faisnéise iontaofa ar chur chun feidhme an aitheantais fhrithpháirtigh;

costais agus moilleanna i ngeall ar eagrú inmheánach lag i roinnt riarachán náisiúnta;

aimhleisceas oifigeach maidir le táirge a fhaomhadh nach bhfuil eolas acu faoi, lena ngabhann deimhnithe i dteangacha nach labhraíonn siad.

Bíonn ceanglais náisiúnta sláinte, sábháilteachta agus cosaint tomhaltóirí le sásamh maidir le roinnt táirgí, go sonrach na táirgí níos casta. Tá sé seo fíor go háirithe san earnáil bia, san earnáil leictreach, san earnáil feithiclí, in earnáil na miotal lómhar, san earnáil tógála agus san earnáil ceimiceán.

Déantar seirbhísí i réimsí amhail cumarsáid ghnó, tógáil, paitinní agus slándála a mheas go minic i gcoinne critéir de “leas coiteann” do phobal na tíre sin.

Moltar na bearta seo a leanas sa teachtaireacht:

monatóireacht níos láidre trí thuarascáil mheasúnaithe dhébhliantúil an Choimisiúin Eorpaigh, agus anailís eacnamaíoch ag dul léi ar chur chun feidhme phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. D’fhéadfaí réimsí a shainaithint leis sin sa chás go bhféadfadh gá a bheith le comhchuibhiú iomlán;

caingean dlí fhéideartha i gcoinne rialtais AE a dteipeann orthu an prionsabal a chur i bhfeidhm;

faisnéis níos cuimsithí maidir leis an bprionsabal do phríomhimreoirí amhail riaracháin náisiúnta agus réigiúnacha, gnóthais, dlíodóirí agus cónaidhmeanna gairmiúla;

oiliúint d’údaráis náisiúnta agus d'ionadaithe comhlachtaí gairmiúla ó na hearnálacha is mó atá bainteach, le seimineáir náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a thionóltar ag an am céanna;

bealaí níos éifeachtúla chun déileáil le fadhbanna trí laghdú ar an méid ama a ghlactar chun déileáil le gearáin aonair.

Tá ról tábhachtach le déanamh ag tíortha AE trí:

aitheantas frithpháirteach a leabú sa dlí náisiúnta;

freagra a thabhairt gan mhoill mhíchuí ar iarratais maidir lena úsáid;

comhar idir ranna rialtais a neartú;

leas níos fearr a bhaint as pointí teagmhála náisiúnta.

Le Comhaontuithe maidir le haitheantas frithpháirteach cuirtear trádáil chun cinn idir AE agus na príomh-mhargaí amhail an Astráil, Ceanada, Iosrael, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn agus na Stáit Aontaithe.

Leagtar síos na rialacha agus na nósanna imeachta i Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 nach mór d’údaráis náisiúnta a chur i bhfeidhm má tá sé beartaithe acu diúltú d’iarratas ar aitheantas frithpháirteach do tháirge, nó coinníollacha breise a chur i bhfeidhm ina leith.

CÚLRA

Aitheantas frithpháirteach

GNÍOMH

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Aitheantas frithpháirteach i gcomhthéacs na hoibre leantaí ar an bplean gníomhaíochta don mhargadh aonair (COM(1999) 299 deiridh an 16 Meitheamh 1999)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rún ón gComhairle an 24 Meitheamh 1999 maidir le bainistíocht na gComhaontuithe maidir le haitheantas frithpháirteach (IO C 190, 7.7.1999, lch. 2)

Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le cur chun feidhme rialacha náisiúnta teicniúla áirithe maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 3052/95/CE (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 21-29)

Nuashonraithe 04.01.2016

Top