EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sábháilteacht innealra

Sábháilteacht innealra

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2006/42/CE maidir le hinnealra

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Faoin treoir seo, féadfar innealra a chloíonn le ceanglais sláinte agus sábháilteachta an Aontais Eorpaigh (AE) a bhogadh faoi shaoirse ar fud an Aontais Eorpaigh. Is ionann sin agus go mbíonn oibrithe agus baill an phobail dea–chosanta nuair a úsáideann siad innealra nó nuair a thagann siad i dteagmháil leis.
  • Tá na ceanglais sláinte agus sábháilteachta éigeantach, ach tá na caighdeáin lena dtugtar toimhde comhréireachta* leis na ceanglais, a bhfuil a dtagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, deonach.
  • Níl feidhm ag an treoir ach maidir le táirgí a chuirtear ar mhargadh AE den chéad uair.
  • Cuireann an treoir le nuálaíocht, le héifeachtúlacht agus le hiomaíochas AE.
  • Rinneadh é a aisghairm le Rialachán (AE) 2023/1230 (féach an achoimre), ach beidh sé i bhfeidhm go dtí an 19 Eanáir 2027.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Cumhdaítear leis an treoir innealra, trealamh inmhalartaithe, comhpháirteanna sábháilteachta, gabhálais ardaithe, slabhraí, téada agus caolrabhaisc, gléasanna inbhainte traiseolta mheicniúil agus innealra nach bhfuil críochnaithe go hiomlán.
  • Ní chumhdaítear leis an treoir cineálacha eile innealra, amhail innealra a úsáidtear i bpáirceanna aonaigh, sa tionscal núicléach, i saotharlanna agus i mianaigh nó ag an arm nó na póilíní.

Oibleagáidí na monaróirí

Ní mór do mhonaróirí:

  • measúnú riosca a dhéanamh chun na ceanglais sláinte agus sábháilteachta a bhaineann lena n–innealra a shainaithint;
  • an measúnú riosca a chur san áireamh agus innealra á dhearadh agus á thógáil acu;
  • na teorainneacha a bhaineann le húsáid an innealra a shocrú;
  • guaiseacha féideartha ar bith a shainaithint;
  • an baol go mbeadh gortú trom nó damáiste trom mar thoradh ar a n–innealra a mheas, agus bearta a dhéanamh chun é a dhéanamh níos sábháilte.
  • a áirithiú go gcloíonn a n–innealra leis na ceanglais bhunúsacha sláinte agus sábháilteachta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoir;
  • doiciméad teicniúil a sholáthar ina dtaispeántar go gcloíonn an t–innealra le ceanglais na treorach;
  • a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta maidir le measúnú um chomhlíonadh á gcur i bhfeidhm acu agus go bhfuil an fhaisnéis riachtanach go léir á cur ar fáil acu, lena n–áirítear treoracha cóimeála agus úsáide;
  • an dearbhú comhréireachta a líonadh amach agus a áirithiú go bhfuil marcáil comhréireachta CE curtha ar an innealra ionas gur féidir é a úsáid áit ar bith san Aontas Eorpach.

Cumhachtaí an Choimisiúin Eorpaigh gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

Faoi Rialachán leasaitheach (AE) 2019/1243, tugtar an chumhacht don Choimisiún Eorpach gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun liosta táscach de na comhpháirteanna sábháilteachta in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2006/42/CE a leasú.

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme Threoir 2006/42/CE, tugtar cumhachtaí don Choimisiún bearta riachtanacha a thabhairt isteach chun déileáil le hinnealra a d’fhéadfadh a bheith guaiseach trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Ní mór na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (féach an achoimre).

Aisghairm

Aisghaireadh Treoir 2006/42/CE le Treoir (AE) 2023/1230 agus cuireadh an treoir sin ina hionad (féach an achoimre) ón 20 Eanáir 2027 i leith.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

B’éigean Treoir 2006/42/CE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 29 Meitheamh 2008. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha nua sin ón 29 Nollaig 2009.

CÚLRA

Leasaíodh Treoir 98/37/CE (agus a leasuithe ina dhiaidh sin) le Treoir 2006/42/CE agus cuireadh in ionad na Treorach sin í.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Toimhde na comhréireachta. I gcás ina gcloíonn monaróirí le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le dearadh agus monarú a dtáirgí, meastar go bhfuil a dtáirgí i gcomhréir le rialacha ábhartha an Aontais.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (athmhúnlú) (IO L 157, 9.6.2006, lgh. 24–86).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2006/42/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí lenar féidir le Ballstáit feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a rialú (IO L 55, 28.2.2011, lgh. 13–18).

Teachtaireacht ón gCoimisiún i gcreat chur i bhfeidhm na Treorach 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (Foilseachán teideal agus tagairtí de chaighdeán chomhchuibhithe faoi reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú) (IO C 54, 13.2.2015, lgh. 1–79).

Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat coiteann le haghaidh margaíocht táirgí, agus lena n–aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 82–128).

Nuashonraithe 14.07.2023

Top