EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht' for an updated information about the subject.

An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) a chruthú, a bhfuil mar chuspóir aici cumas nuálaíochta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) a neartú trí ardoideachas, taighde agus nuálaíocht a chomhtháthú agus trí shineirgíochtaí agus comhar idir eatarthu a chur chun cinn, i gcomhréir leis na caighdeáin is airde.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Marta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht.

ACHOIMRE

Cuirtear comhtháthú, sineirgíochtaí agus comhar idir na trí eilimint de thriantán an eolais (oideachas, taighde agus nuálaíocht) chun cinn buíochas le EIT, agus déantar é seo trí shármhaitheas a chur chun cinn, bunaithe ar na líonraí straitéiseacha a chuirtear ar bun ar an chaoi sin.

I measc nithe eile, cuidíonn EIT le “pobail eolais agus nuálaíochta”, (nó PENanna), a mhaoiniú, a bhfuil bunaíochtaí ardoideachais, cuideachtaí, institiúidí taighde agus páirtithe eile iontu a oibríonn le chéile ar thionscadail nuálacha.

Príomhchuspóirí

Is iad seo a leanas príomhchuspóirí EIT:

  • a príomhréimsí agus a príomhghníomhaíochtaí a aithint;
  • feasacht a mhúscailt i measc eagraíochtaí ionchasacha comhpháirtíochta;
  • PENanna a roghnú, a dhearadh agus a chomhordú;
  • cistí riachtanacha a bhailiú ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha;
  • aitheantas a chur chun cinn in AE do theidil agus dioplómaí a eisíonn bunaíochtaí comhpháirtíochta ardoideachais sa chás go n-eisíonn EIT dioplómaí na mbunaíochtaí sin;
  • scaipeadh dea-chleachtas a chur chun cinn chun comhchultúr um nuálaíocht agus um aistriú eolais a chur ar bun;
  • bheith ina phointe cóimheasa domhanda mar chomhlacht sármhaitheasa sna réimsí seo a leanas: ardoideachas, taighde agus nuálaíocht;
  • dul ar iontaoibh cur chuige ildisciplíneach i leith na nuálaíochta a spreagadh;
  • comhlántacht agus sineirgíochtaí idir a cuid gníomhaíochtaí agus cláir AE eile a áirithiú;
  • fóram páirtithe leasmhara a chur ar bun.

Rialachas

Is comhlacht pobail neamhspleách EIT, atá bunaithe i mBúdaipeist, an Ungáir, a cuireadh ar bun sa bhliain 2008. Gníomhaíonn EIT ar leibhéal réigiúnach, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal idir-rialtasach. Tá pearsantacht dhlítheanach aici. Tá a reacht féin aici lena leagtar síos a cuid oibríochtaí mar aon le freagrachtaí a príomhghníomhairí, lena n-áirítear an coiste bainistíochta, an stiúrthóir agus feidhm an iniúchta inmheánaigh.

Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna)

Braitheann EIT ar PENanna nó ar chomhpháirtíochtaí neamhspleácha bunaíochtaí ardoideachais, institiúidí taighde, cuideachtaí agus páirtithe leasmhara eile, sa phróiseas nuálaíochta, i bhfoirm líonraí straitéiseacha.

Áirítear le príomhfhreagrachtaí PENanna:

  • gníomhaíochtaí agus infheistíochtaí nuálacha lena mbaineann breisluach Eorpach;
  • taighde eolaíochta nuálach (“ardteicneolaíochta”) chun dul i ngleic le leasanna riachtanacha an gheilleagair (amhail amhábhair) nó na sochaí (amhail sláinte);
  • gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna ar leibhéal ollscoile (leibhéil máistir agus leibhéal dochtúireachta) agus oiliúint ghairmiúil;
  • múscailt feasachta agus scaipeadh dea-chleachtas.

Roghnaítear PENanna trí bhíthin gairmeacha tograí agus maoinítear ag EIT iad. Tá cuid mhaith saoirse ag PENanna chun a bhfoirm dlí agus a mballraíocht a shainmhíniú.

I bprionsabal, gníomhaíonn PEN ar feadh tréimhse 7 mbliana go 15 bliana, agus is féidir cur leis an tréimhse sin.

Ní mór trí eagraíocht chomhpháirtíochta ar a laghad a bheith i PEN, gach ceann díobh neamhspleách ó na cinn eile agus iad bunaithe i dtrí Bhallstát éagsúil den Aontas Eorpach ar a laghad. Ní mór dhá thrian ar a laghad de na heagraíochtaí comhpháirtíochta i PEN a bheith bunaithe i mBallstáit AE. Bíonn bunaíocht ardoideachais amháin mar aon le cuideachta phríobháideach amháin i PEN ar a laghad.

Clár straitéiseach um nuálaíocht 2014-20 de chuid EIT

Leagtar amach i gcláir straitéiseacha um nuálaíocht seacht mbliana tosaíochtaí EIT mar aon lena straitéis fhadtéarmach agus a riachtanais airgeadais, i measc nithe eile. Bunaithe ar na cláir straitéiseacha sin, glacann EIT le clár oibre trí bliana, lena n-áirítear measúnú ar a riachtanais chistiúcháin agus ar fhoinsí an chistiúcháin.

Sainmhínítear cuspóirí agus táscairí feidhmíochta EIT don tréimhse 2014-20 sa chlár Fís 2020.

Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar láithreán gréasáin EIT.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 294/2008

29.4.2008

-

IO L 97, 9.4.2008, lgh. 1-12

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 1292/2013

1.1.2014

-

IO L 347, 20.12.2013, lgh. 174-184

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh 2008/634/CE arna ghlacadh de thoil a chéile idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát an 18 Meitheamh 2008 maidir le suíomh shuíochán na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) (IO L 206, 2.8.2008, lgh. 16-16).

Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i “Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-20)” agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 16-16).

Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 104-173).

Cinneadh Uimh. 1312/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT): obair an EIT ar mhaithe le hEoraip níos nuálaí (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 892-923).

Nuashonraithe 25.11.2014

Top