EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ligean isteach agus cónaí taighdeoirí ó thíortha neamh-AE

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Náisiúnaigh neamh-AE — ligean isteach agus cónaí i gcomhair taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, meánoideachais agus obair au pair' for an updated information about the subject.

Ligean isteach agus cónaí taighdeoirí ó thíortha neamh-AE

ACHOIMRE AR:

Treoir 2005/71/CE maidir le nós imeachta sonrach chun taighdeoirí eolaíocha ó thíortha neamh-AE a ligean isteach

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Tugtar isteach nós imeachta speisialta ann maidir le ligean isteach agus cónaí náisiúnach a thagann as tíortha neamh-AE chun tionscadal taighde a dhéanamh in AE ar feadh tréimhse níos faide ná 3 mhí.
  • Bunaítear leis an nós imeachta eagraíochtaí taighde formheasta mar phríomhghníomhairí sa nós imeachta inimirce, toisc go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le measúnú téamach a dhéanamh ar an iarrthóir agus ar a thionscadal/a tionscadal taighde.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an treoir maidir le náisiúnaigh neamh-AE, ach amháin nuair atá forálacha níos fabhraí i bhfeidhm faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha a cuireadh i gcrích idir AE, nó AE agus a thíortha comhpháirtíochta, agus tír neamh-AE amháin nó níos mó.

Níl feidhm aige maidir le:

  • lucht iarrthóra tearmainn nó cosanta coimhdí nó iarratasóirí atá faoi scéimeanna cosanta sealadaí;
  • mic léinn dochtúireachta a bhfuil taighde á dhéanamh acu maidir lena dtráchtas mar mhic léinn (cumhdaithe faoi Threoir 2004/114/CE maidir leis na coinníollacha faoina ligtear náisiúnaigh neamh-AE isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, gairmoiliúna nó seirbhíse deonaí);
  • náisiúnaigh neamh-AE ar cuireadh a ndíbirt ar fionraí ar chúiseanna fíorais nó dlí;
  • taighdeoirí atá ar iasacht ag eagraíocht taighde le heagraíocht taighde eile i dtír AE eile.

Eagraíochtaí taighde

Ní mór d’eagraíocht taighde ar bith ar mian leo taighdeoir a óstáil a bheith formheasta ar dtús ag an tír AE ina bhfuil sí lonnaithe. Bíonn na húdaruithe sin bailí ar feadh 5 mbliana ar a laghad de ghnáth. Gach bliain, ní mór do thír AE liosta eagraíochtaí taighde formheasta a fhoilsiú.

Ní mór d’eagraíochtaí taighde “comhaontú óstála”, conradh dlíthiúil, a shíniú leis an taighdeoir. Ceanglaítear ann:

  • go ngeallann an taighdeoir an tionscadal taighde a chur i gcrích;
  • go gcomhaontaíonn an eagraíocht an taighdeoir a óstáil, faoi réir cead cónaithe a bheith eisithe chuig an taighdeoir.

Ligean isteach taighdeoirí

Ní mór do thíortha AE taighdeoirí a ligean isteach:

  • má thaispeánann siad pas bailí nó doiciméid choibhéiseacha taistil;
  • má thaispeánann siad comhaontú óstála a síníodh le heagraíocht taighde;
  • má thaispeánann siad ráiteas um fhreagracht airgeadais arna eisiúint ag an eagraíocht taighde;
  • má cheaptar nach mbeidh siad ina mbagairt ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tsláinte phoiblí.

Ní mór do thíortha AE cead cónaithe a eisiúint ar feadh 1 bhliain nó níos mó agus é a athnuachan gach bliain. Má tá sé beartaithe go mairfidh an tionscadal taighde níos lú ná 1 bhliain, ní mór an cead cónaithe a eisiúint ar feadh thréimhse an tionscadail. Féadfar ceadanna a eisiúint chuig baill teaghlaigh taighdeora ar feadh na tréimhse céanna.

Beidh sealbhóirí cead cónaithe i dteideal an chaithimh chéanna a thugtar do náisiúnaigh maidir le:

  • aitheantas dioplómaí, teastas agus cáilíochtaí gairmiúla eile;
  • dálaí oibre, lena n-áirítear pá agus dífhostú;
  • árachas sóisialta arna shainiú leis an reachtaíocht náisiúnta;
  • lamháltais chánach;
  • rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus an soláthar earraí agus seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal.

Nós imeachta

Cinneann gach tír AE cibé an bhfuil iarratais ar cheadanna cónaithe le déanamh ag an taighdeoir nó ag an eagraíocht taighde.

Ní mór iarratais a chur isteach i dtír chónaithe an taighdeora trí údaráis taidhleoireachta nó chonsalacha na tíre AE inar mian leis/léi an taighde a dhéanamh.

Féadfaidh tíortha AE, ina reachtaíocht náisiúnta, socrú a dhéanamh chomh maith gur féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh óna gcríoch.

Aisghairm

Aisghairtear Treoir (AE) 2005/71/CE le Treoir 2016/801 agus gabhann sí ina hionad ón 24 Bealtaine 2018 i leith.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 23 Samhain 2005. Bhí sé le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 12 Deireadh Fómhair 2007

CÚLRA

Tá soghluaisteacht taighdeoirí ina gné thábhachtach maidir le heolas a fháil agus a chomhroinnt. Trí nósanna imeachta um ligean isteach agus um chónaí do thaighdeoirí ó lasmuigh den Aontas Eorpach a shimpliú, d’fhéadfaí é sin a bhaint amach.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

GNÍOMH

Treoir 2005/71/CE ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2005 maidir le nós imeachta sonrach chun taighdeoirí eolaíocha ó thíortha neamh-AE a ligean isteach (IO L 289, 3.11.2005, lgh. 15-22)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2004/114/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir leis na coinníollacha faoina ligtear náisiúnaigh neamh-AE isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, gairmoiliúna nó seirbhíse deonaí (IO L 375, 23.12.2004, lgh. 12-18)

Moladh ón gCoimisiún an 11 Márta 2005 maidir leis an gCairt Eorpach do Thaighdeoirí agus an Cód Iompair maidir le Taighdeoirí a Earcú (IO L 75, 22.3.2005, lgh. 67-77)

Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coinníollacha ligean isteach agus cónaí náisiúnaigh neamh-AE chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí, tionscadal oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lgh. 21-57)

Nuashonraithe 09.08.2016

Top