EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aicmiú, pacáistiú agus lipéadú substaintí ceimiceacha agus meascán

Aicmiú, pacáistiú agus lipéadú substaintí ceimiceacha agus meascán

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 – aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar síos leis ceanglais aonfhoirmeacha maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú (CLP) substaintí ceimiceacha agus meascán de réir chóras comhchuibhithe domhanda (GHS) na Náisiún Aontaithe. Ceanglaítear leis ar chuideachtaí ceimiceáin ghuaiseacha a aicmiú, a lipéadú agus a phacáistiú sula gcuirfear ar an margadh iad.

Is iad na príomhréimsí nach gcumhdaítear leis an rialachán seo: substaintí agus meascáin radaighníomhacha, cosmaidí, cógais agus feistí leighis áirithe, bia agus iompar earraí contúirteacha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Aicmiú

Déantar substaintí agus meascáin a aicmiú in aicmí guaise faoi leith (cineál guaise) agus i gcatagóirí faoi leith (leibhéal guaise):

  • guais fhisiciceimiceach (e.g. leacht inlasta)
  • guais sláinte (e.g. géarthocsaineacht, carcanaigineacht)
  • guais chomhshaoil (e.g. don chiseal ózóin, don timpeallacht uisceach).

In Iarscríbhinn, I leagtar síos na critéir maidir le haicmiú agus lipéadú substaintí agus meascán guaiseach.

Lipéadú

Ní mór substaintí agus meascáin a lipéadú leis an bhfaisnéis seo a leanas:

  • aitheantas an tsoláthraí
  • ainm na substainte nó an mheascáin agus/nó an uimhir aitheantais
  • cainníocht ainmniúil an táirge sa phacáiste
  • picteagraim ghuaise (comhshuíomhanna grafacha ar a bhfuil siombail agus gnéithe amhairc eile comhcheangailte)
  • focail chomhartha le haghaidh leibhéal na guaise (“Rabhadh” nó “Dainséar”)
  • frásaí riosca (“Guais dóiteáin nó teilgin”, “Marfach má shlógtar é”, etc.)
  • comhairle sábháilteachta (“Coinnigh sa bhunghabhdán amháin”, “Cosain ar thais”, “Coinnigh ar shiúl ó leanaí”, etc.).

Pacáistiú

Ní mór pacáistiú substaintí guaiseacha agus meascán guaiseach an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

  • cosc a chur ar éalú na n–ábhar;
  • a bheith déanta d’ábhair atá frithsheasmhach nuair a dhéanann siad teagmháil lena bhfuil sa phacáistiú;
  • a bheith láidir daingean; agus
  • ceanglóirí is féidir a shéalú a bheith orthu.

I roinnt cásanna, tá ceanglóirí sábháilteachta leanaí agus rabhaidh tadhaill riachtanach.

Comhchuibhiú

Ba chóir don tionscal teacht ar chomhaontú maidir le haicmiú gach substainte (féinaicmiú). Maidir le guaiseacha tromchúiseacha, áfach, (e.g. i gcás substaintí atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh), féadfaidh Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) aicmiú comhchuibhithe a mholadh a ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach éigeantach le dlí ansin iad.

Fógra

Ní mór aicmiú agus lipéadú substaintí cláraithe nó guaiseacha REACH ar bith atá le díol a chur in iúl don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) lena gcuimsiú san fhardal um aicmiú agus um lipéadú a thugann an Ghníomhaireacht cothrom le dáta ar bhonn rialta.

Aighneachtaí faisnéise le haghaidh lárionaid nimhiúcháin

Ceanglaítear ar na Ballstáit comhlachtaí ceaptha (ar a dtugtar lárionaid nimhiúcháin go minic) a bhunú chun faisnéis a fháil faoi chomhdhéanamh meascán guaiseach (glantaigh, péinteanna, greamacháin, etc.). Ní mór do sholáthraithe táirgí ceimiceacha guaiseacha faisnéis a sholáthar do na lárionaid náisiúnta nimhiúcháin le haghaidh freagairtí sláinte éigeandála.

Iarscríbhinní

Gabhann ocht n–iarscríbhinn leis an rialachán:

  • Iarscríbhinn I – ceanglais aicmithe agus lipéadaithe le haghaidh substaintí guaiseacha agus meascán;
  • Iarscríbhinn II – rialacha speisialta le haghaidh substaintí agus meascáin áirithe a aicmiú agus a lipéadú;
  • Iarscríbhinn III – liosta de ráitis ghuaise, faisnéis bhreise ghuaise agus eilimintí lipéad/faisnéise breise;
  • Iarscríbhinn IV – liosta de ráitis réamhchúraim;
  • Iarscríbhinn V – picteagraim ghuaise;
  • Iarscríbhinn VI – aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe le haghaidh substaintí guaiseacha áirithe;
  • Iarscríbhinn VII – tábla aistrithe ó aicmiú faoi Threoir 67/548/CEE go haicmiú faoin Rialachán seo;
  • Iarscríbhinn VIII – faisnéis chomhchuibhithe i ndáil le práinnfhreagairt sláinte agus bearta coisctheacha.

Athbhreithnithe ar an rialachán

Ó glacadh an rialachán in 2008, rinneadh é a leasú gach bliain a bheag nó a mhór, trína ndearnadh aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe substaintí guaiseacha a nuashonrú trí oiriúnú don ascnamh teicniúil (ATP). Glacann an Coimisiún oiriúnú don ascnamh teicniúil i ndiaidh tuairim eolaíoch Choiste ECHA um Measúnú Riosca. Féadfar athruithe eile ar an téacs dlíthiúil a chur chun feidhme trí oiriúnú don ascnamh teicniúil chomh maith, amhail na hathruithe lena gcuirtear leasuithe ar an gcóras comhchuibhithe domhanda chun feidhme agus Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an rialachán a chur leis (féach freisin an leagan comhdhlúite de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008). Baineann formhór na leasuithe a rinneadh le hiarscríbhinní an rialacháin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 20 Eanáir 2009. Tá feidhm éigeantach aige maidir le substaintí ón 1 Nollaig 2010 agus maidir le meascáin ón 1 Meitheamh 2015.

CÚLRA

Comhlánaíonn an Rialachán an córas REACH maidir le clárú, meastóireacht, údarú agus srianadh ceimiceán. Aisghairtear leis Treoir 67/548/CEE maidir le substaintí ceimiceacha agus Treoir 1999/45/CE maidir le hullmhóidí contúirteacha agus cuirtear in ionad na dtreoracha sin é.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lgh. 1-1355).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2014/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ina leasaítear Treoracha 92/58/CEE, 92/85/CEE, 94/33/CE, 98/24/CE ón gComhairle agus Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, d’fhonn iad a ailíniú le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 65, 5.3.2014, lgh. 1–7).

Rialachán (AE) Uimh. 440/2010 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2010 maidir leis na táillí atá iníoctha leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 126, 22.5.2010, lgh. 1–5).

Nuashonraithe 31.07.2023

Top