EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Éifeachtúlacht breosla, cumas coscánaithe agus leibhéil torainn bonn a fheabhsú (go dtí Aibreán 2021)

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Faisnéis ar éifeachtúlacht breosla bonn, cumas coscánaithe agus leibhéil torainn' for an updated information about the subject.

Éifeachtúlacht breosla, cumas coscánaithe agus leibhéil torainn bonn a fheabhsú (go dtí Aibreán 2021)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlachta breosla agus paraiméadar riachtanach eile

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Féadann boinn ar ardchaighdeán ídiú breosla a laghdú go suntasach agus dá bhrí sin astaíochtaí CO2 a laghdú freisin. D’fhonn cabhrú le tomhaltóirí táirge atá níos éifeachtúla ó thaobh breosla de a roghnú, a bhfuil fliuch–choscánú fliuch níos fearr ag baint leis agus nach bhfuil chomh torannach, teastaíonn faisnéis shoiléir ábhartha uathu faoi cháilíocht na mbonn.

Tá sé mar aidhm leis an rialachán seo faisnéis a chomhchuibhiú maidir le feidhmíocht fuinnimh bonn, agus maidir le fliuch–choscánú agus torann rollta seachtrach.

Aisghairtear é le Rialachán (AE) 2020/740 agus cuirtear an Rialachán sin ina ionad (féach an achoimre) ón 30 Aibreán 2021 amach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an rialachán maidir le Boinn C1, C2 agus C3* agus ní áirítear:

  • boinn atráchtaithe;
  • boinn ghairmiúla easbhóthair;
  • boinn atá deartha le bheith feistithe le feithiclí a cláraíodh den chéad uair roimh an 1 Deireadh Fómhair 1990 amháin;
  • Boinn spártha úsáide sealadaí de chineál T*;
  • boinn a bhfuil a rátáil luais faoi bhun 80 km san uair;
  • boinn nach bhfuil trastomhas ainmniúil an fhonsa orthu níos mó ná 254 mm nó atá 635 mm nó níos mó;
  • boinn atá feistithe le gléasanna breise chun feabhas a chur ar airíonna tarraingthe (mar shampla, boinn le stodaí);
  • boinn nach dearadh ach lena bhfeistiú ar fheithiclí atá beartaithe do rásaíocht amháin.

Freagrachtaí soláthróirí bonn

Ní mór do sholáthraithe bonn monatóireacht a dhéanamh ar lipéadú bhoinn C1, C2 agus C3 a sheachadtar chuig dáileoirí agus tomhaltóirí. Áirítear greamán ar an lipéadú sin nach mór an méid seo a leanas a thaispeáint air:

  • aicme na héifeachtúlachta breosla (litir A go G);
  • aicme an fhliuchghreama (litir A go G) — déantar na tástálacha ar fheidhmíocht fliuchghreama ar na haicmí éagsúla bonn a leasú agus a fhorlíonadh le Rialachán (AE) Uimh. 228/2011 agus Rialachán (AE) Uimh 1235/2011;
  • luach tomhaiste an torainn rollta sheachtraigh (i ndeicibeilí).

Ní mór do sholáthraithe an fhaisnéis a dhearbhú go poiblí, amhail ar a suíomh gréasáin nó i gcatalóga.

Freagrachtaí dáileoirí bonn

Ní mór do dháileoirí a áirithiú go bhfuil na lipéid a sheachadann soláthraithe le feiceáil go soiléir ar na boinn a chuirtear i láthair nó a stóráiltear ag an bpointe díola. Mura féidir le tomhaltóir na boinn a fheiceáil, ní mór do dháileoirí iad féin an fhaisnéis seo a chur ar fáil do na tomhaltóirí.

Freagrachtaí soláthróirí gluaisteán agus dáileoirí gluaisteán

Más féidir le tomhaltóirí a mboinn féin a roghnú, ní mór do sholáthraithe gluaisteán agus do dháileoirí gluaisteán faisnéis maidir le feidhmíocht a chur ar fáil dóibh i dtéarmaí éifeachtúlacht breosla, fliuch-choscánaithe agus torainn rollta do gach rogha.

Aisghairm

Aisghairfear Rialachán (AE) 2020/740 le Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 agus cuirfear an Rialachán sin ina ionad ón 30 Aibreán 2021 amach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Samhain 2012.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Boinn C1, C2 agus C3: mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 (féach an achoimre):
  • Boinn C1 — do ghluaisteáin go príomha;
  • Boinn C2 — d’fheithiclí éadroma tráchtála go príomha, amhail veaineanna;
  • Boinn C3 — d’fheithiclí troma go príomha (trucailí agus busanna).
Boinn spártha úsáide sealadaí de chineál T: atá saindeartha le húsáid ag brúnna teannaidh níos airde ná iad siúd le haghaidh boinn chaighdeánacha agus boinn threisithe.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlachta breosla agus paraiméadar riachtanach eile (IO L 342, 22.12.2009, lgh. 46-58)

Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál–cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 200, 31.7.2009, lgh. 1-24)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 22.10.2020

Top