EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cóir leighis ar bord soithí

Cóir leighis ar bord soithí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 92/29/CEE maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte i dtaca le cóir leighis níos fearr ar bord soithí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm léi a áirithiú go bhfuil córais íosta sábháilteachta agus sláinte i bhfeidhm chun cóir leighis ar bord soithí a fheabhsú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ba cheart do gach Ballstát den Aontas Eorpach (AE) a áirithiú go bhfuil soláthairtí leighis á n–iompar ar shoithí atá cláraithe sa tír sin, nó a bhfuil a bratach ar foluain acu. Braitheann na ceanglais mhionsonraithe ar chatagóir an tsoithigh agus ar na sonraí atá liostaithe sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an treoir. Ina theannta sin:

  • ba chóir do gach soitheach cófra cógas uiscedhíonach a iompar maidir le gach ceann dá chuid bád tarrthála;
  • gach soitheach ina bhfuil níos mó ná 500 olltonnáiste, agus ag a bhfuil criú de 15 dhuine nó níos mó, ar thuras farraige níos mó ná 3 lá, ní mór otharlann chuí loinge a bheith ann inar féidir cóir leighis a thabhairt;
  • gach soitheach ag a bhfuil criú de 100 duine nó níos mó, agus atá ar thuras idirnáisiúnta farraige níos mó ná 3 lá, ní mór dochtúir a bheith ar a bhord.

ní mór dó frithnimheanna cuí a bheith á n–iompar ar gach soitheach ar a n–iompraítear substaintí contúirteacha. I ngach cás, ní mór do bháid farantóireachta íosmhéid frithnimheanna (mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II) a iompar chun a chur san áireamh go bhféadfadh sé nach mbeadh eolas ar fáil roimh ré faoi iompar substaintí contúirteacha, mura rud é go dtógann an trasnú níos lú ná 2 uair an chloig de ghnáth. Ní mór sonraí gach frithnimhe agus soláthar leighis atá ar fáil a bheith ar sheicliosta.

Oibleagáidí eile

  • Is é nó í an t–úinéir atá freagrach as na soláthairtí leighis a chur ar fáil. Tá an captaen, nó ionadaí ainmnithe, freagrach as bainistiú na soláthairtí, nach mór iad a choinneáil i ndea-riocht agus a athsholáthar go córasach ar chostas an úinéara féin amháin.
  • Ní mór treoracha a bheith ag gabháil leis na soláthairtí leighis i dtaobh a n–úsáide, lena n–áirítear faisnéis a bhaineann le húsáid na bhfrithnimheanna is gá.
  • Ní mór go gcuimseofaí in oiliúint ghairmiúil mhuirí bunoiliúint leighis chéadfhreagartha i gcás tionóisce nó i gcás éigeandáil thromchúiseach leighis. Ní mór oiliúint speisialta a chur ar an gcaptaen agus ar an oibrí ainmnithe atá freagrach as soláthairtí leighis, a nuashonrófar gach 5 bliana ar a laghad.

Comhairlí leigis ar an raidió

Ní mór do na Ballstáit lárionaid a ainmniú chun comhairle leighis ar an raidió, a bheidh saor in aisce, a chur ar fáil d’oibrithe, lena n–áirítear comhairle ó dhochtúirí a bhfuil oiliúint orthu sna dálaí speisialta a bhíonn ar bord loinge.

Cigireachtaí bliantúla

Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar cigireachtaí bliantúla lena sheiceáil go gcomhlíonann soláthairtí leighis an treoir.

Gníomhartha tarmligthe

Leasaítear Treoir 92/29/CEE le Rialachán (AE) 2019/1243,lena dtugtar cumhachtaí don Choimisiún, ón 26 Iúil 2019 i leith, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasuithe dochta teicniúla a dhéanamh ar a hIarscríbhinní chun dul chun cinn teicniúil nó athruithe ar rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus torthaí nua maidir le cóir leighis ar bord soithí a chur san áireamh.

Leasuithe

  • Leasaítear le Treoir 2007/30/CE Treoir 92/29/CEE maidir leis an tuarascáil um chur chun feidhme atá le hullmhú ag na Ballstáit.
  • Le Treoir (AE) 2019/1834 leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 92/29/CEE maidir le hoiriúnuithe teicniúla amháin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm le Treoir 92/29/CEE ón 10 Aibreán 1992 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 31 Nollaig 1994.

CÚLRA

I ndiaidh ráig COVID-19 agus an gá a bhí le bearta a thabhairt isteach chun dul i ngleic le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún treoirlínte maidir le socruithe cosanta sláinte, aisdúichithe agus taistil do mharaithe, do phaisinéirí agus do dhaoine eile ar bord long.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 92/29/CEE ón gComhairle an 31 Márta 1992 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte i dtaca le cóir leighis níos fearr ar soithí (IO L 113, 30.4.1992, lgh. 19-36)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 92/29/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 12.11.2021

Top