EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Parlaimint na hEorpa

Parlaimint na hEorpa

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 14 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Airteagail 223-234 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — ról, comhdhéanamh agus feidhmiú Pharlaimint na hEorpa

Acht maidir le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach

Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994 lena leasaítear an acht maidir le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach

CAD IS AIDHM LEIS NA HAIRTEAGAIL A GHABHANN LE CONARTHAÍ AN AONTAIS EORPAIGH, LEIS AN ACHT AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Leagtar amach in Airteagal 14 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagail 223 go 234 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ról, inniúlachtaí, comhdhéanamh, sainordú agus nós imeachta toghcháin do Pharlaimint na hEorpa (an Pharlaimint anseo feasta).
  • Leagtar amach san acht toghcháin, a théann siar go 1976 ar dtús agus a leasaíodh arís agus arís eile (go háirithe de réir athbhreithnithe ar chonarthaí AE agus aontachas Bhallstáit nua AE), na rialacha maidir le toghadh Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) trí vótáil chomhchoiteann dhíreach.
  • Le Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994 (nach bhfuil i bhfeidhm go fóill) déantar acht toghcháin 1976 a nuashonrú agus féachtar le:
    • rannpháirtíocht saoránach a spreagadh;
    • gné Eorpach na dtoghchán a neartú;
    • na tairseacha toghcháin a oiriúnú; agus
    • feabhas a chur ar stiúradh toghchán, go háirithe trí mhodhanna vótála malartacha a cheadú agus an comhar idir údaráis náisiúnta a chuíchóiriú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is í an Pharlaimint aon institiúid amháin an Aontais Eorpaigh (AE) arna toghadh go díreach ag saoránaigh AE, do shaoránaigh AE. Dá réir sin, déanann sí ionadaíocht thar ceann breis agus 450 milliún saoránach AE agus sa chiall sin cuimsíonn sí cumhacht dhaonlathach. Tá a suíochán aici in Strasbourg, an Fhrainc. Toghtar baill FPEnna ar feadh téarma 5 bliana trí thoghchán díreach (ó 1979 i leith) i mballóid faoi shaoirse agus faoi rún, agus bíonn líon socraithe ann ó gach Ballstát. Tá an Pharlaimint, mar a thugtar uirthi sa lá atá inniu ann, mar thoradh ar chumasc de na trí iar-chomhthionól de chuid an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC), de chuid Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus de chuid an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Cumaisc 1965 — féach an achoimre).

Cumhachtaí

D’fhorbair cumhachtaí na Parlaiminte trí leasuithe comhleanúnacha ar chonarthaí an Aontais Eorpaigh. Áirítear orthu sin na nithe seo a leanas:

  • Cumhacht cinnteoireachta (cumhacht bhreithniúcháin):
    • cumhacht reachtach a fheidhmiú in éineacht leis an gComhairle thar fhormhór réimsí AE um inniúlacht;
    • an ceart a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach togra reachtach a thíolacadh (Airteagal 225 CFAE);
    • buiséad an Aontais Eorpaigh a chinneadh i dteannta leis an gComhairle;
    • Gníomhaíochtaí seachtracha AE (cinntí AE maidir le comhaontuithe seachtracha a chur i gcrích) lena dteastaíonn cead ón bParlaimint nó dul i gcomhairle léi.
  • Rialú cumhachta thar institiúidí feidhmiúcháin AE (an Coimisiún agus an Chomhairle) trí rialú polaitiúil thar an gCoimisiún a áirithiú go príomha (le tairiscint cáinte) nó trí cheisteanna ó bhéal nó i scríbhinn a chur ar an gComhairle. Féadfaidh an Pharlaimint a cumhacht a fheidhmiú thar institiúidí AE eile chomh maith amhail an Banc Ceannais Eorpach (Airteagal 284 CFAE).
  • Cumhacht cheapacháin trí pháirt a ghlacadh in ainmniú na gCoimisinéirí, Chomhaltaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Ombudsman.

Inniúlachtaí

Reachtaíocht

  • Faoin ngnáthnós imeachta reachtach (Airteagal 294 CFAE), tá an Pharlaimint ar comhchéim leis an gComhairle. Baintear úsáid as an nós imeachta seo i bhformhór na réimsí beartais, lena n–áirítear:
    • iompar
    • comhshaol
    • talmhaíocht
    • slándáil fuinnimh
    • imirce
    • ceartas
    • sláinte phoiblí.
  • Déanann an Pharlaimint idirghabháil maidir le hachtanna a glacadh faoi nósanna imeachta reachtacha speisialta, trína tuairim a thabhairt (nós imeachta comhairliúcháin) nó trína cead a thabhairt (an nós imeachta formheasa).
  • Teastaíonn cead ón bParlaimint le haghaidh a lán cineálacha comhaontaithe le tíortha neamh–AE nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail comhaontuithe comhlachais nó comhaontuithe i réimsí arna gcumhdach faoin ngnáthnós imeachta reachtach (mar shampla, comhaontuithe trádála). Ní mor dul i gcomhairle chomh maith leis an bParlaimint do gach cineál eile comhaontaithe idirnáisiúnta (Airteagal 218 CFAE).

Buiséad

Feidhmíonn an Pharlaimint ar comhchéim leis an gComhairle le haghaidh an nós imeachta iomláin maidir le buiséad bliantúil AE a ghlacadh. Cuimsítear sa nós imeachta buiséadach léamh amháin ón bParlaimint agus ón gComhairle, nó seachas sin tionóltar coiste idir–réitigh chun teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach (Airteagal 314 CFAE).

Maoirseacht feidhmiúcháin

Féadfaidh an Pharlaimint líon rialuithe a fheidhmiú ar an gCoimisiún, brainse feidhmiúcháin AE:

  • toghfaidh an Pharlaimint Uachtarán an Choimisiúin i ndiaidh togra ón gComhairle Eorpach, ach ní mór torthaí toghcháin Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh;
  • tá insealbhú an Choimisiúin ag brath ar fhormheas na Parlaiminte — baineann an formheas sin freisin le ceapadh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, arb é Leas–Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh é ag an am céanna.
  • is féidir leis an bParlaimint iallach a chur ar an gCoimisiún éirí as trí thairiscint cáinte.

Athbhreithniú ar na Conarthaí

  • Le cead tionscnaimh na Parlaiminte is féidir léi athbhreithniú ar na conarthaí a mholadh (Airteagal 48 CAE).
  • Glacann sí páirt sa choinbhinsiún ina ndéantar scrúdú ar na dréachtaí a cuireadh isteach le haghaidh gnáthphróiseas athbhreithnithe ar na conarthaí.
  • Ní mór dul i gcomhairle léi le haghaidh modhnuithe ar na conarthaí laistigh den nós imeachta um athbhreithniú simplithe.

Rialacha toghcháin

Tá acht toghcháin AE, 1976 bunaithe ar chomhphrionsabail AE ach aithnítear léi freisin an tábhacht a bhaineann le rialacha náisiúnta i réimse na nósanna imeachta toghcháin.

  • Caithfidh Ballstáit AE córas vótála comhréireach a úsáid ach tá cead acu córas liostavóta inaistrithe aonair a úsáid.
  • Caithfidh toghcháin a dhéanamh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach agus ní mór iad a bheith faoi shaoirse agus faoi rún. Féadfaidh daoine vótáil uair amháin i dtoghchán ar leith don Pharlaimint.
  • Féadfaidh gach Ballstát AE uasteorainn a shocrú do chostais feachtais iarrthóirí.
  • Tá saoirse ag na Ballstáit dáilcheantair a bhunú nó cinneadh a dhéanamh ar conas an toghlimistéar a fhoroinnt, ar choinníoll go gcoinnítear nádúr comhréireach an chórais vótála. Tá saoirse acu freisin tairseacha a shocrú le haghaidh suíocháin a leithdháileadh nach airde iad ná 5%.
  • Caitheann FPEnna vóta ar bhonn aonair agus pearsanta. Ní mór nach mbeidh siad faoi cheangal ag aon treoracha ná sainordú ceangailteach a fháil.
  • Ó thoghcháin 2004 i leith, ní cheadaítear do FPEnna a bheith ina mbaill dá bparlaimint náisiúnta ag an am céanna (seachas eisceachtaí sealadacha a rinneadh don Ríocht Aontaithe agus d’Éirinn, atá imithe in éag anois). Meastar go bhfuil oifig FPE neamh–chomhoiriúnach freisin le comhalta de rialtas Ballstáit, comhalta den Choimisiún, breitheamh ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, comhalta de Bhord an Bhainc Cheannais Eorpaigh nó den Bhanc Eorpach Infheistíochta, comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa nó comhalta de Choiste Eorpach na Réigiún, nó leis an Ombudsman.
  • Tá a nósanna imeachta féin ag na Ballstáit maidir le suíochán a líonadh nuair a bheidh sé folamh mar thoradh ar éirí as, bás nó tarraingt siar an tsainordaithe.

Le Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994, arna fhaomhadh ag gach ceann de na Ballstáit de réir a gceanglas bunreachtúla faoi seach, tugtar isteach na hathruithe seo a leanas:

  • sa chás go n–úsáidtear an córas liosta, chaithfeadh na Ballstáit atá i gceist íostairseach idir 2% agus 5% de na vótaí bailí a leagan síos chun suíocháin a leithdháileadh i dtoghcheantair ag a bhfuil níos mó ná 35 shuíochán;
  • bheadh spriocdháta íosta ann chun liostaí toghcháin a dhréachtú de 3 seachtaine ar a laghad roimh an dáta a shocróidh an Ballstát ábhartha chun toghcháin na Parlaiminte a reáchtáil;
  • D’fhéadfadh na Ballstáit cead a thabhairt do thaispeáint, ar pháipéir bhallóide, ainm nó lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh a bhfuil an páirtí polaitíochta náisiúnta nó an t–iarrthóir aonair ina leith cleamhnaithe;
  • an fhéidearthacht chun córas vótála leictreonach agus vóta poist a thabhairt isteach chomh maith agus chun go nglacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cead a thabhairt do shaoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad vótáil i dtoghcháin na Parlaiminte;
  • na pionóis as vótáil dhúbailte;
  • údarás teagmhála a ainmniú i ngach Ballstát a bheadh freagrach as sonraí faoi vótálaithe agus iarrthóirí a mhalartú lena gcomhghleacaithe i mBallstáit eile.

Comhdhéanamh

Cuirtear líon tosca san áireamh maidir le leithdháileadh na suíochán idir na Ballstáit:

  • cion sásúil a choimeád idir na suíocháin a leithdháiltear ar na Ballstáit agus ar a ndaonraí;
  • deis a thabhairt don Pharlaimint machnamh a dhéanamh ar cheisteanna polaitiúla tábhachtacha, fiú le haghaidh na mBallstát a bhfuil líon níos lú daoine iontu.
  • ní mór nach sáróidh líon iomán FPEnna teorainn áirithe, ionas nach dtéitear i gcion ar éifeachtúlacht obair na Parlaiminte.

Ar thionscnamh na Parlaiminte agus lena cead, glacann an Chomhairle Eorpach d’aon toil cinneadh lena mbunaítear comhdhéanamh na Parlaiminte (Airteagal 14(2) CAE). Leagtar amach na bunrialacha maidir lena comhdhéanamh sna conarthaí:

  • tá an Pharlaimint comhdhéanta d’ionadaithe shaoránaigh AE;
  • is é 750 uaslíon FPEnna, agus Uachtarán na Parlaiminte ina theannta sin;
  • tá íoslíon na suíochán in aghaidh an Bhallstáit socraithe ag 6 cinn;
  • tá uaslíon na suíochán in aghaidh an Bhallstáit socraithe ag 96 cinn;
  • tá leithdháileadh na suíochán bunaithe ar phrionsabal na “comhréireachta céimlaghdaithí”, rud a chiallaíonn dá mhéad líon daonra an Bhallstáit, is ea is mó FPEnna a bheidh aici — ansin, áfach, déanann gach FPE i mBallstát níos mó ionadaíochta do chion níos mó saoránach ar bhonn comhréireach ná mar a bheadh an cás i mBallstát níos lú.

TÁBLA ACHOMAIR

Conradh

Airteagail

Ábhar

An Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE)

14

Ról agus comhdhéanamh na Parlaiminte

Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

223, 224, 225, 226, 227, 228, 229, 230, 231, 232, 233, 234

Feidhmiú Pharlaimint na hEorpa

CÚLRA

Ón 31 Eanáir 2020, nuair a d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach (Brexit) go hoifigiúil, tá 705 FPE inti, laghdú 46 ar an líon roimhe seo.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal III — Forálacha maidir leis na hinstitiúidí — Airteagal 14 (IO C 202, 7.6.2016, lgh 22-23)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 1-388)

Acht maidir le hionadaithe an Tionóil a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (IO L 278, 8.10.1976, lgh. 5-11)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 lena leasaítear an tAcht maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC ón gComhairle, CEE, Euratom an 20 Meán Fómhair 1976 (IO L 178, 16.7.2018, lgh. 1-3)

Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ó ionadaithe na mBallstát ag teacht le chéile dóibh sa chomhairle a bhaineann leis an Acht maidir le hionadaithe an Tionóil a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (IO L 278, 8.10.1976, lgh. 1-4)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Prótacal (Uimh. 6) maidir le suíomh shuíocháin na n–institiúidí agus chomhlachtaí, oifigí, ghníomhaireachtaí agus ranna áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch. 265)

Cinneadh 2018/937 ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 28 Meitheamh 2018 lena mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa (IO L 165I, 2.7.2018, lgh 1-3)

Nuashonraithe 13.01.2021

Top