EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Saoránacht an Aontais

Saoránacht an Aontais

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 20 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Airteagal 9 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS NA HAIRTEAGAIL?

Is ionann saoránacht an Aontais agus ceart dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus in Airteagal 9 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Duine ar bith atá ina náisiúnach de Bhallstát AE, is saoránach den Aontas go huathoibríoch é nó í chomh maith. Dá réir sin, tá an ceart seo cumhdaithe i gconarthaí an Aontais Eorpaigh (AE) agus is príomhthoisc é i dtaobh féiniúlacht Eorpach a fhorbairt. Ní thagann saoránacht an Aontais in ionad saoránacht náisiúnta. Tá sí de bhreis uirthi agus tugtar cearta sonracha do dhaoine dá barr. Sainítear na cearta sin a thuilleadh sna conarthaí chomh maith leis an gCairt um Chearta Bunúsacha

  • Le hAirteagal 20 CFAE bunaítear saoránacht an Aontais a bhfuil gach duine ag a bhfuil náisiúntacht Ballstáit ina teideal. Liostaítear ann freisin príomhchearta agus príomhdhualgais shaoránaigh an Aontais.
  • Athghairtear le hAirteagal 9 CAE gur saoránaigh de chuid an Aontais iad gach duine ag a bhfuil náisiúntacht Ballstáit. Ceanglaítear leis ar AE cloí le prionsabal chomhionannas a shaoránach, agus gheobhaidh siad cóir chomhionann óna chuid institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Le saoránacht an Aontais tugtar na cearta seo a leanas do dhaoine:

Faoi Chonradh Liospóin, tugadh isteach cineál breise rannpháirtíochta poiblí: an tionscnamh ó na saoránaigh. Tugtar an deis leis sin do mhilliún saoránach a thagann as seacht mBallstát ar a laghad a iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur isteach in aon réimse ina bhfuil sé de chumhacht aige gníomh dlíthiúil a mholadh.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a dó — Neamh–idirdhealú agus saoránacht an Aontais — Airteagal 20 (sean–Airteagal 17 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 56-57)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal II — Forálacha maidir leis na prionsabail dhaonlathacha — Airteagal 9 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 20)

Nuashonraithe 30.06.2021

Top