EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Ionstraim Eorpach Aonair

An Ionstraim Eorpach Aonair

 

ACHOIMRE AR:

An Ionstraim Eorpach Aonair

CAD IS AIDHM LEIS AN IONSTRAIM?

  • D’fhéachadh leis an Ionstraim Eorpach Aonair (IEA) athbhreithniú a dhéanamh ar Chonarthaí na Róimhe lena mbunaítear Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.
  • Rinneadh é sin chun móiminteam úr a chur le comhtháthú Eorpach agus chun an margadh inmheánach a chomhlánú (limistéar nach bhfuil teorainneacha inmheánacha ar bith air agus ina bhfuil saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil) faoin 1 Eanáir 1993.
  • Leis an IEA leasaíodh na rialacha lena rialaítear oibriú na n-institiúidí Eorpacha agus lena leathnaítear cumhachtaí an Chomhphobail Eorpaigh i líon réimsí beartais.
  • Trí inniúlachtaí úra an Chomhphobail a chruthú agus na hinstitiúidí a athchóiriú, réitíodh an bealach leis an IEA le haghaidh tuilleadh comhtháthaithe pholaitiúil agus aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chuimseofaí sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht).

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

  • Bhain déshainordú leis an idirbheartaíocht idir-rialtasach a raibh an IEA mar thoradh air chun an méid seo a leanas a thabhairt i gcrích:

Struchtúr

  • Cuimsítear san IEA brollach agus 4 theideal agus áirítear leis sraith dearbhuithe arna nglacadh ag an gcomhdháil.
  • Sonraítear sa bhrollach spriocanna bunúsacha an chonartha agus cuirtear diongbháilteacht na sínitheoirí in iúl ann maidir le bunathrú chun feabhais a dhéanamh ar a gcaidreamh ina iomláine chun Aontas Eorpach a chruthú. Bunaítear sa bhrollach chomh maith carachtar uathúil na hionstraime, lena dtugtar le chéile na rialacha comhchoiteanna maidir le comhar sa réimse um beartas eachtrach agus na Comhphobail Eorpacha. Ar deireadh, dírítear air ar an dá chuspóir a bhaineann le hathbhreithniú na gconarthaí, .i. “feabhas a chur ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta trí chomhbheartais a leathnú agus féachaint do chuspóirí úra” agus “feidhmiú níos réidhe na gComhphobal a áirithiú”.
    • I dTeideal I tá rialacha is coiteann do chomhar polaitiúil agus don Chomhphobal Eorpach.
    • Baineann Teideal II le leasuithe ar na conarthaí lena mbunaítear na Comhphobail Eorpacha.
    • Baineann Teideal III le comhar Eorpach sa réimse maidir le beartas eachtrach.
    • Baineann Teideal IV le rialacha ginearálta agus deiridh.

Athruithe Institiúideacha

  • Chun go mbeifí ábalta an margadh aonair a chruthú faoi 1993, tugadh isteach leis an IEA líon méadaithe cásanna i gcás go bhféadfadh an Chomhairle cinntí a dhéanamh trí thromlach cáilithe seachas trí aontoilíocht. Rinneadh an chinnteoireacht níos simplí leis sin agus chiallaigh sé go bhféadfaí na moilleanna a tharlódh go minic mar gheall ar chuardach ar chomhaontú d’aon toil i measc na 12 Bhallstát a bhí ann ag an am a sheachaint. Ní theastódh aontoilíocht a thuilleadh le haghaidh dlíthe a ceapadh leis an margadh aonair a bhunú, seachas bearta maidir le cánachas, saorghluaiseacht daoine agus cearta agus leasanna daoine fostaithe.
  • Bunaíodh an Chomhairle Eorpach leis an IEA, lenar cuireadh bonn foirmiúil faoi chomhdhálacha nó faoi chruinnithe mullaigh Ceann Stáit nó Rialtais, cé nár sonraíodh inniúlachtaí an chomhlachta sin go dtí níos déanaí in Airteagal 15 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).
  • Rinneadh cumhachtaí na Parlaiminte a threisiú trí cheanglas dá toiliú a chuimsiú agus méadú agus comhaontuithe comhlachais á dtabhairt i gcrích. Tugadh isteach leis an IEA nós imeachta comhair, lenar neartaíodh staid na Parlaiminte in idirphlé idirinstitiúideach agus tugadh an fhéidearthacht di dhá dhréacht-dhlí atá beartaithe faoi líon teoranta bunús dlí a léamh — agus ar an gcaoi sin réiteofaí an bealach i dtreo ról na Parlaiminte amach anseo mar chomhreachtóir leis an gComhairle.
  • Soiléiríodh rialacha áirithe i ndáil le cumhachtaí cur chun feidhme leis an IEA. Cuireadh ar chumas na Comhairle le hAirteagal 10, mar riail ghinearálta, cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún le haghaidh na rialacha arna leagan síos ag an gComhairle. Ní fhéadfadh an Chomhairle an ceart a choimeád cumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú go díreach ach i gcásanna sonracha amháin. Cruthaíodh leis an IEA chomh maith na boinn le haghaidh na Cúirte Céadchéime — an Chúirt Ghinearálta anois.

Réimsí beartais

  • Faoin IEA, rinneadh gnáthrud de vótáil trí thromlach cáilithe i gceithre cinn de na réimsí a bhí ann arna gcumhdach faoi na conarthaí:
  • Tugadh isteach leis an IEA roinnt réimsí beartais nua trína ndéanfadh tromlach cáilithe cinntí. Áiríodh orthu sin:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA HIONSTRAIME?

Tá an IEA i bhfeidhm ón 1 Iúil 1987.

CÚLRA

Stair an Aontais Eorpaigh - 1980-1989 (Europa).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

An Ionstraim Eorpach Aonair (IO L 169, 29.6.1987, lgh. 1–28 (ES, DA, DE, EL, EN, FR, IT, NL, PT))

DOICIMÉID GHAOLMHARA

An Margadh Inmheánach a Chomhlánú — An Páipéar Bán ón gCoimisiún chuig an gComhairle Eorpach (Milano, 28-29 Meitheamh 1985) (COM(85) 310 críochnaitheach, 14.6.1985)

Nuashonraithe 04.04.2018

Top