EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dálaí córa margaidh maidir le sásanna láimhe teileafóin agus trealamh cumarsáide eile

Dálaí córa margaidh maidir le sásanna láimhe teileafóin agus trealamh cumarsáide eile

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2008/63/CE maidir le hiomaíocht sna margaí i dtrealamh teirminéil teileachumarsáide

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Is é is aidhm leis margaí teirminéil teileachumarsáide* a oscailt d’iomaíocht.
  • Is é aidhm leis léi chomh maith feabhas a chur ar an bhfaisnéis atá ar fáil do thomhaltóirí ar chineálacha éagsúla trealaimh ionas go mbainfidh úsáideoirí leas as an dul chun cinn teicneolaíoch agus roghanna eolasacha a dhéanamh mar thomhaltóirí.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní fhéadfaidh tíortha AE cearta speisialta nó eisiacha a dheonú a bhaineann le hiompórtáil, margaíocht, nascadh, tabhairt i seirbhís nó cothabháil an trealaimh teirminéil teileachumarsáide.
  • Ní fhéadfaidh tíortha AE diúltú do nascadh trealamh teirminéil le líonra teileachumarsáide poiblí nó tabhairt i seirbhís trealamh stáisiún talún* ina dtír, ach mura shásaíonn an trealamh seo ceanglais riachtanacha.
  • Ón 13 Meitheamh 2016 i leith, tá na ceanglais um shábháilteacht agus um chomhoiriúnacht leictreamaighnéadach do threalamh teirminéil raidió leagtha síos i dTreoir 2014/53/AE (agus gníomhartha tarmligthe ar bith a glacadh i ndiaidh na treorach seo) ina soláthraítear idirthréimhse 1 bliana.
  • Tá na ceanglais um shábháilteacht do threalamh teirminéil líne fostaithe (neamh-raidió), ag brath ar na saintréithe, leagtha síos sa Treoir maidir le hÍsealvoltas 2014/35/AE. Má tá rátáil voltais idir 50 agus 1000 V ag an trealamh do shruth ailtéarnach nó idir 75 agus 1500 V do shruth díreach, tá na ceanglais maidir leis an gcomhoiriúnacht leictreamaighnéadach leagtha síos sa Treoir maidir le Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach (2014/30/AE).
  • Ionas go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar an trealamh teirminéil is rogha leo, is gá a bheith eolach faoi shaintréithe phointí comhéadain an líonra poiblí lena bhfuil an trealamh teirminéil le nascadh (go díreach nó go hindíreach) agus iad a dhéanamh trédhearcach. Ní mór do thíortha AE a chinntiú go bhfoilsíonn oibreoirí na saintréithe sin agus go bhfuil rochtain ag úsáideoirí ar phointí comhéadain an líonra phoiblí.
  • Ní mór do na comhlachtaí a gcuirfear an cúram orthu monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na sonraíochtaí arna n-ainmniú ag tíortha AE a bheith neamhspleách ó eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha a thairgeann earraí agus/nó seirbhísí in earnáil na teileachumarsáide.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá an treoir seo i bhfeidhm ón 11 Iúil 2008. Bhí sé le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 8 Lúnasa 1995, an dáta atá curtha in iúil i dTreoir 88/301/CEE, atá códaithe* le Treoir 2008/63/CE.

CÚLRA

Ba í an treoir seo an chéad chéim de bheartas chun margaí teileachumarsáide a léirscaoileadh agus a raibh léirscaoileadh iomlán na margaí sin an 1 Eanáir 1998 mar thoradh uirthi.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Trealamh teirminéil: trealamh atá nasctha go díreach nó go hindhíreach le comhéadan líonra teileachumarsáide poiblí chun faisnéis a sheoladh, a phróiseáil nó a fháil, lena n-áirítear trealamh satailíte do stáisiúin talún.

Trealamh satailíte do stáisiúin talún: trealamh is féidir a úsáid do tharchur amháin (“tarchur amháin”), do ghlacadh amháin (“glacadh amháin”) nó do tharchur agus do ghlacadh (“tarchur/glacadh”), de chomharthaí cumarsáide raidió trí shatailítí nó trí chórais spásbhunaithe eile.

Códú: gníomh dlíthiúil úr a thagann in ionad gnímh eile ar a ndearnadh leasú suntasach. Sa ghníomh úr coimeádtar na rialacha sa ghníomh atá á chódú agus dá bhrí sin téann sé tríd an bpróiseas cinnteoireachta go tapa trí bhíthin nós imeachta luathaithe.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2008/63/CE ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2008 maidir le hiomaíocht sna margaí i dtrealamh teirminéil teileachumarsáide poiblí (leagan códaithe) (IO L 162, 21.6.2008, lgh. 20-26)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhógasú dhlíthe na mBallstát i dtaca le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lgh. 79–106)

Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le trealamh leictreach atá deartha lena úsáid laistigh de theorainneacha voltais áirithe a chur ar fáil ar an margadh (OI L 96, 29.3.2014, lgh. 357–374)

Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lgh. 62–106)

Nuashonraithe 14.11.2016

Top